Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chosmhuintir ordinary people
" Is cinnte go bhfágann siadsan pingin nó cent maith ina ndiaidh! Ní cúis náire nó clamhsáin é a bhfuil d'airgead tugtha ar ais ag an Rialtas don CLG - tá sin tuillte go maith ag an gCumann mar atá léirithe thuas, agus go mór mór de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an gcumann do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre ó bunaíodh é - tacaíocht phraiticiúil agus spreagúil don chosmhuintir a thugann le fios go bhfuil fiúntas leis an gcaitheamh aimsire dúchasach agus leis an gcultúr Gaelach agus nach gá dóibh aithris a dhéanamh ar éinne eile.
chosmhuintir poor people
" Tá Rúnaí Ginearálta na heagraíochta sin, Kofi Annan, den tuairim gur ionsaí mídhleathach atá ar siúl ag an Bhreatain agus ag Meiriceá agus go gcothófar fadhbanna uafásacha sláinte agus beatha do chosmhuintir na tíre sin.
an chosmhuintir the ordinary people
" Thuig an chosmhuintir go maith nach fada go mbeadh seansálaithe, amhais anaithnide agus murdaróirí modarthacha an treo ar thóir seod, óir agus vótaí.
an chosmhuintir the ordinary people
" Mar is gnách, is iad an chosmhuintir a bheas thíos leis an sprionlaitheacht seo.
chosmhuintir ordinary members
" Léiriú soiléir ar chomh láidir agus bhí an dearcadh seo i measc chosmhuintir Fhianna Fáil is ea an comóradh caoga bliain a d'eagraigh an páirtí i 1966 in onóir laochra na Cásca.
ón chosmhuintir from the ordinary people
" Tá sé “ró-eisiach”, dar leo, agus scarann sé baill an pháirtí ón chosmhuintir.
cosmhuintir ordinary people
" Tháinig maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann le chéile arís ina sluaite líonmhara i mbliana sa pháirc ollmhór sin cois locha i Milwaukee chun an cúigiú *Irish Fest* is fiche a cheiliúradh.
chosmhuintir ordinary people
" I dtuilleamaí an chórais ======= Is beag ball den chosmhuintir a bhfuil teacht aige ar chara sa chúirt.
fhearg na cosmhuintire Caitlicí the anger of the ordinary Catholic people
" Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime.
a chosmhuintir his hangers-on
" Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht leis: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Níor thuig muid cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo.
i measc na cosmhuintire. among the ordinary people.
" Nílim cinnte an raibh an oiread sin tóra ar an gceol i measc na cosmhuintire.
roinnt mhaith de chosmhuintir na háite a lot of the ordinary people in the place
" Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
an chosmhuintir the ordinary people
" Tá sé deacair ag an chosmhuintir a thug tacaíocht don fhoireann sular bhain siad Corn an FA den chéad uair i 1965, agus a lean Liverpool FC nuair a bhain siad Corn na hEorpa ceithre huaire idir 1976 agus 1984 nuair a bhí siad in ard a réime, tá sé deacair acu sin a thuiscint gur “saincheadúnas idirnáisiúnta” is ea a bhfoireann áitiúil anois agus nach bhfuil aon spás ann dóibh in Anfield níos mó.
an chosmhuintir Phoblachtánach the ordinary Republicans
" Ba léir ón díospóireacht teilifíse eatarthu le déanaí cad a cheapann an chosmhuintir Phoblachtánach de McCain cheana féin.
an chosmhuintir. the ordinary people.
" Chuir UEFA an locht ar na *Scousers*, ach is féidir le duine ar bith réasúnta a fheiceáil cá bhfuil an locht ó na figiúirí thuasluaite: ar UEFA as an dóigh ar chuir siad urraí agus brabús roimh an chosmhuintir.
an chosmhuintir the ordinary people
" Mura dtuigeann an chosmhuintir teanga duine sa Dáil nó sa Seanad glacann siad leis gur i nGaeilge atá an duine ag caint, agus mar is dothuigthe a bhíonn an teanga, bhuel dar leo gur fearr an cineál Gaeilge í.
do chosmhuintir na hAlban for the ordinary people of Scotland
" Seans gur praghas ró-ard a bheadh ansin do chosmhuintir na hAlban mar éiric ar neamhspleáchas ón sean-namhaid.
a chosmhuintir a chur ar an eolas to inform the grassroots
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
cosmhuintir na mballstát grassroots of the member-states
" Thiocfadh leat a rá, mar sin, gur leagan slítheánta den Bhunreacht é Conradh Liospóin, agus táthar ann a deir gur faoi thoghlach na hÉireann atá sé diúltú de rud nach bhfuil aon ionchur ag cosmhuintir na mballstát ann.
do chosmhuintir an pháirtí the grassroots of the party
" Ach is é an fhadhb a bhaineann leo siúd uilig, ámh, ná nach n-oireann siad go hiomlán do chosmhuintir an pháirtí.
cosmhuintir na Tibéide grassroots of Tibet
" Ní haon ionadh é, mar sin, nár thug cosmhuintir na Tibéide mórán tacaíochta don éirí amach ar tugadh faoi i gcoinne na Síneach i rith na gcaogaidí.
thuairim na cosmhuintire the grassroots opinion
" Léiríonn sé, b’fhéidir, nach bhfuil teacht acu a thuilleadh ar thuairim na cosmhuintire.
cosmhuintire of the man in the street
" Faoi dheireadh 2008, níorbh é an Iaráic an chloch ba mhó ar pháidrín na cosmhuintire níos mó, ach a bpócaí.
chosmhuintir gillies
" Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht a thabhairt dó, agus cé go raibh siad as dáta i dtaca le teideal an fhir, mhaithfí sin dóibh, nó is fada a bhí siad ag tacú leis mar aire: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Gaeltacht Milwaukee Níor thuig mé cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo.
chosmhuintir ordinary people
" Duine de chosmhuintir na tíre í, jaibín beag aici mar státsheirbhíseach, tigín beag aici cúpla míle ón leabharlann, fear céile a bhfuil fadhbanna croí aige, ach atá ag fáil cóireáil faoi Medicare, an córas sláinte d’aosaigh.
cosmhuintir ordinary folk
" Nó an amhlaidh gur ráiteas in éadan chóras lofa na mbancanna /an chaipiliteachais atá ann - sórt scread feirge daoscarshlua dífhostaithe Mheiriceá an Spealadh Mhóir, cosmhuintir John Steinbeck sna ‘*Grapes of Wrath*’, an é sin an fonn a chóirigh Penn dúinn as bunscéal Clyde Barrow agus Bonnie Parker? Nó ar cheart an bheirt seo a thaispeáint mar shraith-dhúnmharfóirí fuara, seachas i bhfoirm Dunaway agus Beatty, atá ar an mbeirt leannán retro-chic is mealltaí sa chanóin? D’ardaigh ceisteanna dá leithéid idir theas agus sholas nuair a phléasc obair Penn ar scáileáin an domhain tá dhá bhliain le cois an dá scór anois ann.
chosmhuintire ordinary folk
" Dhá imeacht chosmhuintire atá i Twestival agus Gradaim na mBlag a tharla ag deireadh mhí Mhárta.
chosmhuintir rank and file, ordinary folk
" Ag a gcomhdháil bhliantúil deir Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Trevor Sargent, go bhfuil faillí déanta ag Páirtí an Lucht Oibre sa chosmhuintir.
cosmhuintir ordinary people
" Is iad cosmhuintir na heite deise mórchuid na mball, agus leosan is mó, mar sin, a mbeifí ag súil a bheith ag agóidíocht in aghaidh mí-úsáid airgid.
cosmhuintir joe soap and jane suds
" Bhí maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann agus Mheiriceá cruinnithe le chéile arís ina sluaite líonmhara sa pháirc ollmhór chun an tríochadú Irish Fest a cheiliúradh.
chosmhuintir ordinary folk
" Tógadh an páirtí ar bhunshraith d'ionraiceas agus de bhá leis an chosmhuintir.
an chosmhuintir the ordinary people
" Agus leis sin, don chéad uair riamh i stair na Brasaíle, bhí an chosmhuintir i gceannas.
cosmhuintir na tíre seo the ordinary people of this country
" Tá súil agam go mbeidh sa chéad Dáil eile freasúra le prionsabal den eite chlé, fiú amháin más ceathrar, cúigear nó seisear athá ansan, chun freasúracht de shaghas eile ar fad a chur ar siúl agus chun malairt polaitíochta agus malairt eacnamaíochta a chur faoi bhráid na ndaoine agus ins an tslí sin, abair, agus gluaiseacht nua a thógaint i measc cosmhuintir na tíre seo, chun polasaí agus polaitíocht agus eacnamaíocht nua ar bhonn nua a chur chun cinn.
Urlabhra na Cosmhuintire peasant speech
" Urlabhra na Cosmhuintire ============= D’ainneoin an mhéid sin, an easpa stádais sin, labhraíodh an Bhriotáinis go forleathan i 90% de theaghlaigh na Briotáine ‘Ísle’, nó Thuaidh, go dtí 1914.
An Chosmhuintir the ordinary people
" An Chosmhuintir agus an Sóisialachas ================== Mar mhúinteoir scoile a theagasc i bpríosúin chomh maith, aithníonn Ervine an tábhacht atá leis an litearthacht.
sheasann an chosmhuintir an fód ordinary people stand their ground
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
chosmhuintir ordinary people
" Más fear thú agus tá tú ag caint le do chairde nó leis na ‘hísle’ - an chosmhuintir - glaofaidh tú ‘Ore’ ort féin.
an chosmhuintir the ordinary people
" Léiríonn borradh na bhfíor-Fhionlannach méid na deighilte atá idir ceannairí na hEorpa agus muintir na hEorpa agus go bhfuil an baol anois ann go rachaidh an chosmhuintir a mbealach féin.
cosmhuintir the ordinary people
" ”* Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
chosmhuintir na hÉireann ordinary Joe soaps of Ireland
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
cosmhuintir ordinary population
" Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
gcosmhuintir common folk
" ) Mhúscail Muirthéacht na Fraince mothúcháin éagsúla i samhlaíocht Foucault; meas ar an gcosmhuintir a tháinig aniar aduaidh ar Versailles i riocht jacquerie brúidiúil ach a chuir snas uasal orthu féin roimis dhúnmharú an rí, meas ar an fhuinneamh intleachtúil a gineadh, ach blaistear eagla agus amhras freisin.
na cosmhuintire groundlings
" Bheadh scáth fearthainne inmholta má sheasann tú i measc na cosmhuintire - na ‘groundlings’.
Is aoibhinn leis an gcosmhuintir ordinary folk love
" Is aoibhinn leis an gcosmhuintir, is cuma cén tír atá i gceist, scéal an reibiliúnaigh a chuireann “i gcoinne an chórais”, an duine sin a bhfuil crógacht ar leith ag baint leis nó léi.
cosmhuintir na gcath the basic foot-soldiers
" Toisc ná raibh na scileanna liteartha seo ag cosmhuintir na gcath, ’sé sin na saighdiúirí íosaicmeacha ach go háirithe, ní fhéadfaí a rá gur chuir siad claonadh liteartha ex post facto ar a gcuid scríbhinní.
chosmhuintir proletariat
" Is éachtach an bealach atá agat le hairgead a shú isteach ó chosmhuintir na Gearmáine, agus tá mé ag iarraidh a fháil amach caidé an dóigh a ndéanann tú é?” “Bhuel, a Edna Álainn,” a dúirt an Seansailéir go seascair, “tá a fhios ag an saol mór nach agamsa atá an cleas sin, ach agat féin.
chéadteanga na cosmhuintire the ordinary people’s first language
" Ach tá lúb ar lár sa chóras chumarsáide nuair nach bhfuil chéadteanga na cosmhuintire ag na Gardaí áitiúla.
cosmhuintir bhocht fhadfhulangach poor ordinary longsuffering people
" Fad is atá rialtas éillitheach Karzai i gcumhacht, áfach, nílim dóchasach go mbainfidh cosmhuintir bhocht fhadfhulangach na hAfganastáine an tairbhe chuí as an gcúnamh seo.
bhfuil tarraingt aige i measc na cosmhuintire have an attraction for the ordinary people
" Ach na coinbhinsiúin – is léir go bhfuil an Páirtí Poblachtach ag luascadh i dtreo na heite deise, ach is beag duine ón taobh sin a bhfuil tarraingt aige i measc na cosmhuintire, taobh amuigh de Chris Christie, rialtóir ramhar Nua-Gheirsí.
Is mian liom daoine coitianta cosmhuintireacha I want the ordinary down to earth people
" Is mian liom daoine coitianta cosmhuintireacha a bheith thart orm sa saol gach lá mar tá draíocht ansin fosta.
Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart did many of the ordinary people change
" Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart ó thaobh go taobh, mar feictear sloinnte Shasana agus na hAlban ar thaobh na bPoblachtach agus is dreamanna Náisiúnacha anois iad agus bíonn daoine ar thaobh na nDílseach a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte.
a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir who oppressed the ordinary people
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
meán ársa a breacadh i dteanga na cosmhuintire an ancient language which was written in the vernacular
" *” Thuig Joyce go glé glinn an chumhacht a bhain le meán ársa a breacadh i dteanga na cosmhuintire, agus thuig sé freisin gur Moses nua ab ea Dúbhghlás de hÍde agus a chomhghleacaithe athbheocana.
Bím ag caint le cosmhuintir I meet the ordinary rank and file
" Bím ag caint le cosmhuintir an Lucht Oibre i nGaillimh go rialta agus tá an-mheas a’m ar chuid mhaith acub.
is minic cosmhuintir an lae inniu ordinary people today often
" Cé nach n-admhaíonn siad go hoscailte é, is minic cosmhuintir an lae inniu ag freastal ar lucht feasa idir lucht asarlaíochta agus lucht dearnadóireachta.
cosmhuintir ordinary people
" Shíl na Poblachtánaithe go raibh tacaíocht mhór acu ón phobal, agus go gcuirfeadh cosmhuintir Mheiriceá an milleán ar Obama agus ar na Daonlathaigh as a bheith ródháigh idirbheartaíocht a dhéanamh leis na Poblachtánaigh san aighneas.
an gcosmhuintir the ordinary people
" Bhí an-mheas ag an gcosmhuintir ar cheol m’uncail agus mo shean-athar agus bhaineadar cáil mhór amach fud fad na tíre.
cosmhuintir common folk
" Níos measa fós, níorbh iad cosmhuintir an stáit ba mhó a bhí thíos leis an eachtra seo, ach na daoine sin a thiománann isteach go Nua-Eabhrac i gcomhair oibre.
tús le seilbh na cosmhuintire a start to the ordinary peoples’ possession
" In 1898 a fuair Gladstone bás, agus le linn na dtrí sheal a thug sé ina Phríomh-Aire, chuir sé deireadh nach mór le réim na seantiarnaí talún agus tús le seilbh na cosmhuintire ar an talamh.
laoch chosmhuintir the ordinary peoples’ hero
" Seapánach peileadóra le Western Sydney Wanderers is ea Shinji Ono – laoch chosmhuintir Iarthar Sydney.
scoite amach ón gcosmhuintir divorced from the ordinary people
" Tá ceannasaíocht an Lucht Oibre scoite amach ón gcosmhuintir le píosa.
bá na cosmhuintire the ordinary people's support
" Cad é tá ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil bá na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.
cosmhuintire ordinary peoples'
" Tá Tony Birtill den bharúil gur mithid do mhuintir na hÉireann amharc ina dtimpeall, brath i gceart a bhfuil de shaibhreas ailtireachta na cosmhuintire acu agus go gcaithfear cúram mar is ceart a dhéanamh de.
cosmhuintir na heaglaise the laity and lower echelons
" Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.