Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chothú to promote
" Deiseanna breise d'úsáid na Gaeilge, ar nós Dháil Bia, a chothú nó a spreagadh.
ag cothú sustaining
" Tá sé íorónta gur meáin chumarsáide "náisiúnta" na hÉireann atá ag cothú na deighilte thuaidh/theas seo.
cothú nutrition
" Rinneadh dhá staidéar cúpla bliain ó shin ar shláinte agus nósanna saoil, dearcadh agus cothú - ceann ar 8,500 páiste agus ceann eile ar 6,500 duine fásta.
cothú nourishment
"cothú de chineál eile ag teastáil uainn.
chothú aontais promoting of unity
" I ndiaidh blianta de phleanáil, d'ullmhú, de chothú aontais agus d'fhógraíocht - caitheadh €5 milliún ar fheachtas margaíochta na hÉireann - tógadh isteach bancnótaí agus boinn euro in dhá thír déag Eorpacha.
a chothú promote, maintain
" Chím go bhfuil rogha againn: is féidir linn an teanga a chothú nó ligean di dul i léig.
a chothú foster
" "Déanann muid pearsantacht agus pobal a chothú chun saol na Laidineach i DC a fheabhsú.
ag cothú cultúir preserving a culture
" Tá na sléibhte mar scáth ag pobail scaipthe an cheantair, ag cothú cultúir agus traidisiún atá ann leis na glúnta.
ag cothú nascanna fostering links
" Thosaigh an Cumann sin ag cothú nascanna leis an eastát náisiúnaíoch agus le heastát eile, Carnany, mar a maraíodh na deartháireacha Quinn.
chothú agus cur chun cinn na teanga the preservation and the advancement of the language
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh dearcadh comhaontaithe bródúil ag pobal na Gaeilge agus na hÉireann faoi chothú agus cur chun cinn na teanga.
a chothú to foster
" " Tá Gearóidín páirteach i scéim le labhairt na Gaeilge a chothú i measc páistí bunscoile le roinnt blianta anuas, scéim, dar léi, a bhfuil ag éirí go maith léi.
scoilt a chothú foster division
" Tá daoine áirithe ag rá go bhfuil an grúpa "frith-Chaitliceach", agus dream eile (Daily ina measc, de réir tuairiscí) ag maíomh go bhféadfadh siad scoilt a chothú sna paróistí ina bhfuil siad.
ag cothú creating
" '" Ag mealladh daoine ======= Is duine é Hector atá spleodrach agus spontáineach, agus tá sé ag cothú go leor spéise i TG4 agus sa teanga.
ag cothú trioblóide causing trouble
" Cad é a bhí mar phríomhscéal acu sin??? Inseoidh mé daoibh: May Mac Ránais ag cothú trioblóide idir Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus An Seanadóir Navid Doris ar mhaithe lena leabhar úr a dhíol; scéal a bhí chomh mórchúiseach gur dhíbir sé Géarchéim na hIaráice isteach in aice leis na leathanaigh spóirt.
ag cothú mioscaise fostering ill will
" " Bhí na cleasa uilig ag Nuala: an chúlchaint, an feannadh is an scianú, í i gcónaí ag cothú mioscaise.
ag cothú deighilte causing a divide
" Ach dealraíonn sé gur seo rud eile atá ag cothú deighilte idir an dá champa.
ag cothú fadhbanna cheana féin creating problems already
" De réir Phríomhfheidhmeannach Chumann Easpórtálaithe na hÉireann, John Whelan, tá an cogadh ag cothú fadhbanna cheana féin do chomhlachtaí atá ag trádáil leis an taobh seo den domhan.
le m'andúil sa Ghaeilge a chothú to support my addiction to Irish
" Dúirt mo bhean chéile liom go raibh mé ag obair ar mhaithe le m'andúil sa Ghaeilge a chothú.
téama nua a chothú to promote a new theme
" Sa bpáipéar glas atá foilsithe ag an Rialtas le gairid, moltar stráitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm agus téama nua a chothú a bhainfeadh le gach gné den turasóireacht.
cothú slí mhaireachtála atá sláintiúil maintaining a healty lifestyle
" Tá dlúthbhaint ag cultúr na caoithiúlachta i Meiriceá leis na deacrachtaí maidir le cailleadh meáchain agus cothú slí mhaireachtála atá sláintiúil.
agus gur gá iad a chothú and that they must be sustained
" Tá an nós ann bia a roinnt le daoine eile ag tórramh nó sochraid, in ainneoin duine a rabhthas ceanúil air a bheith marbh, chun cur i gcuimhne do gach duine go bhfuil an dream atá i láthair fós beo, agus gur gá iad a chothú.
le díospóireacht a chothú to foster debate
" "Sílim go bhfuil a chuid cláracha teilifíse suimiúil; choimheád mé iad, agus choimheádfainn arís iad, agus chuirfinn ar chlár léinn iad le díospóireacht a chothú.
comhoibriú cuimsitheach a chothú to foster comprehensive cooperation
" Bhí an bheirt cheannairí ag iarraidh comhoibriú cuimsitheach a chothú idir an dá chuid den oileán - ach bhí stair de shórt eile i ndán don Tuaisceart, faraor.
a chothú to feed
" An rud a dhéanann an scéal seo casta ná go raibh Asenath Nicholson sásta na hÉireannaigh a chothú chomh maith, agus gan an chaimiléireacht a bhí i gceist i gcás Tammany ó am go chéile.
le hathmhuintearas a chothú to foster reconciliation
" "Is dóigh amháin é le hathmhuintearas a chothú idir Caitlicigh agus Protastúnaigh mar is linne uilig an Ghaeilge," arsa Bríd.
conspóid a chothú to create controversy
" B'fhéidir nach saothair iad an pictiúr déanta as cac den Mhaighdean Mhuire le Chris Ofili (1998), cuid braillíní salaithe Tracey Emin (1999), agus cré-earraí pornagrafacha Grayson Perry (2003) a thabharfá mar bhronntanas do do mháthair, ach tá éirithe leo mar sin féin ní hamháin conspóid a chothú ach aird an phobail a tharraingt ar Dhuais Turner agus ar an ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain chomh maith.
Ag *Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh* Implementing The Information Society In Ireland: An Action Plan
" Sa cháipéis Ag *Cothú Shochaí an Eolais in Éirinn: Plean Gnímh*, a foilsíodh i 1999, mhaígh an Rialtas go mbeadh Éire sa deich faoin gcéad is airde i measc na dtíortha san Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip (ECFE) ó thaobh úsáid leathanbhanda roimh 2005.
le comhoibriú a chothú to foster cooperation
" Bhí an struchtúr bunaithe ar an scoilt stairiúil ó thuaidh le comhoibriú a chothú in áit na contrárthachta, ach le go bhfásfaidh "polaitíocht nádúrtha" is gá bogadh ar shiúl ón chóras sin atá bunaithe ar an seicteachas.
a chothú to foster
" Is rud an-tábhachtach é, an nasc sin le do dhúchas a chothú.
chothú scileanna cumarsáide fostering communication skills
" Grúpa deas bríomhar atá ann, gan leisce dá laghad orthu labhairt amach am ar bith! Is ar chothú scileanna cumarsáide agus ar chúlra cultúrtha na Gaeilge a chuirim an bhéim.
ag cothú neart díospóireachta giving rise to plenty of debate
" Tá an chaint seo ag cothú neart díospóireachta, gan trácht ar neart imní, i measc fhostaithe na n-ollscoileanna.
a bhféintuiscint a chothú to foster their self-knowledge
" Cruthaíonn an tAcht Teanga go bhfuil an Ghaeilge ag teastáil ó phobal na hÉireann, mar uirlis a chabhraíonn leo a bhféintuiscint a chothú.
chun naisc a chothú to foster links
" Míníonn **Pádraig Mac Éamoinn**, ar comhairleoir é in earnáil na heitlíochta, cad é go díreach a thiteann amach ag comhdháil bhliantúil a bhíonn ar siúl chun naisc a chothú idir na haerlínte agus na haerfoirt.
a bhféintuiscint a chothú to foster their self-knowledge
" Cruthaíonn an tAcht Teanga go bhfuil an Ghaeilge ag teastáil ó phobal na hÉireann, mar uirlis a chabhraíonn leo a bhféintuiscint a chothú.
a chothú to sustain
" Beidh sé deacair éiteas amaitéarach a chothú san atmaisféar sin.
á gcothú i gcoinne a dtola being fed against their will
" Taispeánadh bean amháin ceangailte do chathaoir, daoine eile á maslú agus á gcothú i gcoinne a dtola.
ceangal a chothú to make a link
" Más foghlaimeoir thú, ceapaim go bhfuil sé tábhachtach ceangal a chothú leis na daoine eile timpeall a bhfuil Gaeilge acu, nó a bhfuil suim acu sa teanga – tá sé deacair aon teanga a fhoghlaim i d’aonar.
ceangal a chothú to make a link
" Más foghlaimeoir thú, ceapaim go bhfuil sé tábhachtach ceangal a chothú leis na daoine eile timpeall a bhfuil Gaeilge acu, nó a bhfuil suim acu sa teanga – tá sé deacair aon teanga a fhoghlaim i d’aonar.
a chothú to foster
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Go ndéanfaí an Ghaeilge a neartú i measc phobal Ghaeltacht Chonamara, agus go ndéanfaí na healaíona dúchasacha agus nuálacha a chothú.
iad a chothú to feed them
" Tá cineálacha éagsúla cúlra acu ar fad; tá roinnt acu gan tuismitheoirí, roinnt acu a bhfuil tuismitheoir amháin acu, roinnt a bhfuil teaghlach iomlán acu nach bhfuil in ann iad a chothú, agus roinnt a bhí tar éis seal a chaitheamh ag maireachtáil ar na sráideanna.
a chothú to promote
" Bronnfar pacáistí d’áiseanna teagaisc, urraithe ag Gael Linn, ar an dá choiste is fearr a dhéanfaidh úsáid na Gaeilge a chothú.
iad a chothú to feed them
" Tá cineálacha éagsúla cúlra acu ar fad; tá roinnt acu gan tuismitheoirí, roinnt acu a bhfuil tuismitheoir amháin acu, roinnt a bhfuil teaghlach iomlán acu nach bhfuil in ann iad a chothú, agus roinnt a bhí tar éis seal a chaitheamh ag maireachtáil ar na sráideanna.
ag cothú na mbraistintí seo promoting these feelings
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
a chothú to preserve
" Thugamar cuairt ar láthair seandálaíochta de chuid *the Diggers,* grúpa deonach a oibríonn chun láithreacha de chuid an Chéad Chogadh Domhanda a chothú.
chun an geilleagar áitiúil a chothú to support the local economy
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
a chothú to cause
" Cé gur mionlach iad na ciníochaithe i Learpholl, is fadhb mhillteanach iad mar is féidir le mionlach trioblóid mhór a chothú.
chun an geilleagar áitiúil a chothú to support the local economy
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
a chothú to foster
" Is iad aidhmeanna na ceardlainne do na daltaí scoile ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, éisteacht a thabhairt dóibh agus eolas agus tacaíocht a thabhairt a chabhróidh leo ina gcuid staidéir.
a chothú to foster
" Is iad aidhmeanna na ceardlainne do na daltaí scoile ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, éisteacht a thabhairt dóibh agus eolas agus tacaíocht a thabhairt a chabhróidh leo ina gcuid staidéir.
a chothú to foster
" Is iad aidhmeanna na ceardlainne do na daltaí scoile ná dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú, éisteacht a thabhairt dóibh agus eolas agus tacaíocht a thabhairt a chabhróidh leo ina gcuid staidéir.
plé polaitiúil a chothú to promote political discussion
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
ag cothú conspóide causing controversy
" Is scannán sách teagascach é *The Wind That Shakes the Barley*, ach dalta *Michael Collins*, saothar Neil Jordan, is cúis lúcháire é – dá lochtach é – scannán a fheiceáil ina bhfuil dearcadh na nÉireannach, “the wild Irish”, chun tosaigh agus is breá an rud go bhfuil sé ag cothú conspóide agus, níos tábhachtaí, díospóireachta ar ár stair féin.
trí fhéiniúlacht ar leith Éireannach a chothú through fostering a separate Irish identity
" Thuigeadar, trí fhéiniúlacht ar leith Éireannach a chothú, go músclófaí mórtas cine.
ag cothú na feirge seo stirring up this anger
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh promoting the strong teams more
" Ardaíonn sé an cheist arís: an bhfuil deireadh ré ag druidim le Craobhchomórtas Peile na Mumhan nó an bhfuil córas an chúldorais ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh seachas na contaetha laga a thabhairt chun cinn? Bealach éasca a fuair foireann Átha Cliath tríd go dtí an leathchraobh, gan aon fhoireann taobh amuigh de Chúige Laighean le himirt acu.
spéis daoine óga a chothú to foster the interest of young people
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
chun nasc níos láidre a chothú to foster a stronger link
" ” Tá Risteard ar bhord Colmcille chomh maith, an eagraíocht a bhunaigh rialtas na hÉireann agus na Breataine chun nasc níos láidre a chothú idir Gaeil na tíre seo agus na hAlban.
ag cothú tallann cheoil áitiúil. developing local music talent.
" Thosaigh sé ionad ceoil, The Flying Picket, san ionad do lucht dífhostaithe i lár na cathrach sna 1980í, áit a ndearna sé sárobair ag cothú tallann cheoil áitiúil.
ag iarraidh mailís a chothú trying to cause trouble
" ” “Ní fios cé a chum,” a d’fhreagair an t-aire, agus í ag cuimilt sú dá smiog le cúl a doirn, “ach ar nós go leor eile de na dánta atá curtha síos do *ní fios cé a chum*, is *Brit* inteacht a scríobh – mac mioscaise inteacht a bhí ag iarraidh mailís a chothú i measc fheirmeoirí na hÉireann.
cothú, fostering,
" “Grá do nithe Ceilteacha” an chiall atá le “Philo-Celtic” agus is é cuspóir Chumann Carad na Gaeilge ná "tacaíocht, neartú, cothú, cleachtadh, craobhscaoileadh, fairsingiú, múineadh agus athbheochan na Gaeilge mar theanga bheo i measc Chlann na nGael agus charad na nGael, i Meiriceá agus ar fud an domhain.
Cothú anama nourishment of the soul
" Cothú anama domsa a bheith ag breathnú orthu.
iad féin a chothú, to feed themselves,
" Toisc nach mbíonn siad in ann iad féin a chothú, faigheann siad bás den ocras tar éis trí nó ceithre lá (ach bíonn seans acu uibheacha a bhreith sula gcailltear iad).
chun mo chlann a chothú, to feed my children,
" “Murach go raibh go leor airgid agam chun mo chlann a chothú, ní bheinn ag obair go deonach.
ar an tslí chun caidreamh a chothú about the way to maintain a relationship
" Tá taithí ag Bob Corcoran nach bhfuil ag mórán daoine, agus tuiscint faoi leith aige ar an tslí chun caidreamh a chothú le deontóir nó le daonchara.
a chothú to feed
" Tugadh bia as an tír le saighdiúir na Breataine a chothú sa Mheánoirthear nuair a bhí Indiaigh ag fail bháis den ocras.
a chothú. to feed.
" Shaothraigh sé idir thalamh agus mhuir lena chuid páistí a chothú.
chun comhpháirtíocht a chothú to foster partnership
" Pearsa shuntasach i saol na Gaeilge ab ea Riobard Mac Góráin agus rinne sé mórán chun comhpháirtíocht a chothú idir eagrais.
De bhrí go raibh sé á chothú leis an gcíoch, because he was being breast-fed,
" De bhrí go raibh sé á chothú leis an gcíoch, d’fhan sé lena mháthair.
ag cothú nirt istigh iontu féin. maintaining strength inside themselves.
" D’fhan siad ciúin, ag cothú nirt istigh iontu féin.
cothú an dearcaidh sin, the propagation of that view,
" Bhí baint láidir ag na ceardchumainn le cothú an dearcaidh sin, agus beidh caidreamh tionsclaíoch anois ag croílár fheachtas toghchánaíochta an fhreasúra.
ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, as regards job creation and the promotion of the arts,
" Níor airigh siad go bhféadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le hacht, dá reachtófaí é, ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, agus ó thaobh na mbuntáistí a eascraíonn as oideachas dátheangach a bheith bainte amach ag duine, agus go leor eile fosta.
gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, that he enjoyed creating intimacy with the people of Belfast
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
ag cothú easaontais creating discord
" Cáineadh Pauline Hanson go forleathan de bharr go raibh sí ag cothú easaontais idir grúpaí éagsúla san Astráil, ach bhí leisce ar John Howard ionsaí a dhéanamh uirthi.
conspóid a chothú whip up controversy
" “*Look,* níl mise ag iarraidh conspóid a chothú ar fud na háite.
Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú. They was an effort to bring and the next generation
" Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.
an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, how important it is to bring on new talent
" Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh.
cothú aontas an phobail, promotion/maintenance of community unity
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
ag cothú troda looking for a fight
" Tugadh le fios go raibh an triúir ag cothú troda sa chlub oíche.
le teagmháil níos láidre a chothú to encourage stronger contact, communication
" Beidh siad ag reáchtáil comhdhála, Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, i Nua-Eabhrac i lár na míosa seo le lucht labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh a thabhairt le chéile agus le teagmháil níos láidre a chothú idir pobail na teanga ar an dá thaobh den Atlantach.
thiocfadh leis sin deacrachtaí a chothú that could give rise to difficulties
" ***Míbhuntáistí:*** Tá easpa téagair agus státaireachta ag baint leis agus thiocfadh leis sin deacrachtaí a chothú i gcomhchainteanna san Aontas Eorpach.
nasc cultúrtha a chothú to foster a cultural link
" Nasc cultúrthaBhí teorainn lena raibh siad ábalta a rá lena chéile i mBéarla nó in Araibis; ba trí na leabhair agus na pictiúir a d'éirigh leo nasc cultúrtha a chothú agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
tá cothú sa phráta bocht féin there's feeding in the old potato itself
" B’fhéidir go bhfuil muid uilig cleachta ar phasta agus ar núdal in Éirinn ár linne, ach tá cothú sa phráta bocht féin go fóill.
chothú maintain
" Agus bheadh orthu na tithe a chothú freisin.
nasc a chothú to forge a link
" Chuir siad béim ar a lárainm Hussein chomh maith, ag iarraidh nasc a chothú i meon an lucht féachana aineolach idir Obama agus Saddam Hussein.
a chothú ionam engendered in me
" Mar fhocal seirise Is glas-stócach fós mé sna cúrsaí seo, gan aon agó, ach rinne ar fhoghlaim mé fonn foghlama breise a chothú ionam, rud a dhéanfaidh mé a luaithe a bheidh an chéad chúrsa eile ar siúl ag an bhfoireann fíona is fearr, Colm McCan is John McDonnell.
cothú sustenance
" Tugann sí cosaint agus cothú dó.
taighde a chothú to sustain research
" Tá fís fhadtéarmach acu – taighde a chothú, infheistíocht Mheiriceánach a mhealladh, ardléann a chur ar dhaoine óga agus bonneagar den scoth a thógáil.
chothú to nourish
" Is cinnte go gcabhródh sé seo go mór chun stádas Brú Ború a chothú agus forbairt bhreise a dhéanamh air a bheadh ar leas na Gaeilge san timpeallacht,” a scríobh Ard-Stiúrthóir Chomhaltais, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú ina iarratas chuig an Aire Ó Cuív ar an 12 Eanáir 2008.
chothú to maintain
" ’??? Ní stráinséir é an Seiceach dána seo (41) maidir le conspóidí a chothú lena chuid oibre.
chothú sustain
" Ba é an aidhm a bhí ag an rialtas, an fhorbairt a chothú, bíodh sé olc, maith, nó dona.
cothú na suime feeding the interest
" Thig liom féin a dhearbhú, áfach, nach neamhláithreacht an chultúir atá ag cothú na suime doshásaithe seo.
chothú propagate
" Tchítear dom go mbeadh sé go maith againne an aigne chéanna seo a chothú inár measc féin.
chothú propagate
" fm freisin agus is féidir cairde a chothú agus éisteacht lena gceol siúd atá sa chomharsain chéanna cheoil leat féin leis.
ag cothú míshuaimhnis causing upset
" Bhí sé ag cothú míshuaimhnis i measc lucht tacaíochta Bhriain agus thosaigh daoine ag ceistiú a chumais agus a inniúlachta agus a fhóirsteanachta don phost a bhí aige.
chothú encourage
" Tuigeann formhór den daonra anseo gur páirtí nuafhaisisteach atá sa BNP, d'ainneoin iarrachtaí Nick Griffin íomhá 'mheasúil' a chothú don eagraíocht.
chothú encourage
" Nuair a chuirtear aidhm amháin roimh an uile ní, is deacair caidreamh fiúntach, cneastacht idir dhaoine ná suaimhneas intinne a chothú.
chothú to cultivate
" Nuair a chonaic mé post an eagarthóra fógartha in The Sunday Times agus in The Washington Post, chinn mé ar chairdeas a chothú leis na daoine a mbeadh tionchar acu ar cé a gheobhadh an post, bail ó Dhia orthu mar dhaoine maithe córa.
chothú replenish, sustain
" ’Sé an Club Peile/Iománaíochta an áisínteacht is tábhachtaí chun féinaitheantas pobail a mhunlú is a chothú.
chothú sustain
" com/watch?v=vMiYAzDVGKU) Chomh maith leis seo rinne siad athdhearadh ar chur i láthair Leathanaigh Facebook agus ar an gcaidreamh a d’fhéadfadh tarlúint idir comhlacht agus an duine priodháideach, rud a lig dúinn ar fad caidreamh níos idirgníomhaí a chothú leis na comhlachtaí is leis na brandaí is mó is speis linn.
cothú maintenance
" I measc critéir an chomórtais, tá cothú pobail agus ní gá ach roinnt de na tráchtaireachtaí a léamh agus tuigfear gan mhoill go bhfuil pobal cothaithe ar an mblag seo, pobal a phléann leis an mblagadóir gach a bhfuil faoin spéir.