Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chothabhála maintenance
" Tá cothú na bpáirceanna an-daor agus íoctar costais taistil agus chothabhála le foirne, réiteoirí, etc.
chothabháil maintenance
" Ghlac Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge freagracht as urraíocht a dhéanamh ar threalamh agus ar chothabháil na seirbhíse.
cothabháil maintenance
" Lena chois sin, táimid ag tairiscint tacaíocht leanúnach sa dóigh gur féidir cothabháil agus aíocht a dhéanamh ar an suíomh.
íseal-chothabhála low-maintenance
" Cosnaíonn tithe The Villages idir $70,000 - $300,000, agus is é an cur síos a thugtar orthu ná "tithe íseal-chothabhála i stíl *villa*", rud a thugann am breise do na háitritheoirí "sult a bhaint as stíl mhaireachtála The Villages.
costais arda chothabhála high maintenance costs
" Is féidir le daoine a chaith blianta fada ag tógáil páistí tithe móra teaghlaigh a fhágáil ina ndiaidh, agus faoiseamh a fháil ó na costais arda chothabhála a bhaineann leo.
obair chothabhála maintenance work
" Bhíodh an t-athair ag obair do Con Ed i rith na seachtaine agus ansin dheineadh sé obair chothabhála i roinnt foirgneamh ag an deireadh seachtaine.
chothabháil maintenance
" Dá ainneoin sin, le fanacht taobh istigh de laincisí an rialtais, tá beartaithe ag Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Dheiscirt pasanna bus a bhaint de pháistí áirithe, ní cheannófar leabhair úra do scoileanna ná do leabharlanna, ní bheidh oiread airgid ann le caitheamh ar mhúinteoirí sealadacha, agus gearrfar siar ar chothabháil.
a chothabháil to maintain
" Bunaíodh Wikipedia - a dtagann a ainm ón fhocal Haváíoch "wikiwiki", a chiallaíonn "gasta" - sa bhliain 2000, agus is ciclipéid saor in aisce í a dhéanann lucht a úsáidte, nó na "*Wikipedians*", a scríobh, a chur in eagar, agus a chothabháil.
cothabháil maintenance
" “Anois, tá na vilí measartha saor le ceannach, mar go bhfuil cothabháil chostasach i gceist.
a gcothabháil their maintenance
" Cé go raibh dlí ann a dúirt nach mbeadh ar sheandaoine íoc as a gcothabháil agus iad istigh i dtithe altranais an Stáit, ní mar sin a bhí.
cothabháil maintenance
" Déanann Fearghal taifeadadh, logáil agus eagarthóireacht ar na cláracha agus déanann sé cothabháil ar an trealamh uilig.
an chothabháil maintenance
" Agus deireadh 2006 ag druidim linn, seo ceist shuimiúil: ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, cén chuma a bheidh ar eitleáin i gceann fiche nó tríocha bliain? Ar dtús, caithfimid a rá nach mbeidh cuma ródhifriúil ar roinnt mhaith acu! Bíonn saolré timpeall 25 nó 30 bliain ag aerlínéar nua-aimseartha mar an Airbus A320 nó Boeing 737 - tar éis na tréimhse sin éiríonn an chothabháil róchostasach.
ag cothabháil maintaining/servicing
" Bhí sé ag cothabháil feithiclí i gcomhair an airm in aice le teorainn na Liobáine a fhad is bhí Iosrael ag forgabháil deisceart na tíre sin.
cothabhála sustenance
" Gheobhaidh Comhairleoir Contae as Dún na nGall, mar shampla, luach €710 de chostas mhíoláiste agus €462 mar chostas cothabhála le freastal air.
cothabháil sustenance
" Cuimsíonn na costais bhreise seo taisteal agus cothabháil, liúntais Aireachta agus costais ghutháin.
gcothabháil upkeep, service
" Mar réiteach air sin, d’fhéadfaí na muilte a chrochadh amuigh ón gcósta, ach bíonn costas dhá oiread níos mó ar an obair agus ar an gcothabháil.
cothabháil maintenance
" Cuirtear iallach ar Rohingya, idir óg is aosta, obair gan íocaíocht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla cosúil le tógáil is cothabháil champaí an airm.
a bhaineann le cothabháil which pertain to the upkeep
" Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh in order to clear large maintanence costs
" Thosaigh an Veinéis ag díol spásanna fógraíochta roinnt blianta ó shin ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh agus feictear toradh an chinnidh sin inniu sna fógraí móra, ag díol só-earraí atá le feiceáil fud fad Piazza San Marco.
beag cothabháil a bhíonn de dhíth ar need little maintenance
" Ach is postanna gearrthréimhseacha a bhíonn i gceist mar gur beag cothabháil a bhíonn de dhíth ar na tuirbíní nuair a bhíonn siad tógtha.
freagrach as tógáil agus cothabháil responsible for erecting and maintaining
" Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta freagrach as tógáil agus cothabháil na gcomharthaí ar bhóithre náisiúnta an Stáit agus tá na húdaráis áitiúla freagrach as tógáil agus as cothabháil na gcomharthaí ar bhóithre áitiúla mar aon le bóithre réigiúnacha an Stáit.