Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá cothromaíocht leochaileach delicate balance
" Gan dabht, tá cothromaíocht leochaileach idir saoirse trádála agus sláinte ainmhithe.
cothromaíocht cine racial balance
" iachall ar na húdárais scoile i 1974 gasúir ó Roxbury (geiteo de chuid na ndaoine dubha) a thógáil go South Boston High School ("Southie" - geiteo Éireannach) mar chuid d'fheachtas le cothromaíocht cine a bhaint amach sna scoileanna poiblí.
cothromaíocht balance
" " D'admhaigh David go raibh air a bheith cúramach agus cothromaíocht agus mothálacht a thaispeáint ina shaothar.
cothromaíocht balance
" Bhí cothromaíocht níos fearr ann roimhe sin.
ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta fulfilling their responsibilities as regards equality
" Ach is ar mhaithe *linne *ba cheart dóibh í a fhoghlaim, d'fhonn is go mbeadh sé ar a gcumas ar deireadh thiar thall feidhmiú mar shaoránaigh chóra chearta na Poblachta, ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta i leith chlann na tíre go léir.
cothromaíocht balance
" cothromaíocht ======= Deirtear i dtuarascáil an choiste: "Seanad Éireann should be a consultative body where people with knowledge, experience and judgment over the whole spectrum of public affairs should be available in a broadly non partisan way to help the Dáil.
clár cothromaíochta equality programme
" Leasuithe ======= Tá leasuithe ag dul ar aghaidh ag baint le póilíneacht, dímhíleatú agus an clár cothromaíochta, mar a thugtar air, a mbeidh náisiúnaithe sásta leo.
cothromaíocht balance
" Tá an chosúlacht ar an scéal go mb'fhéidir go bhfuil baint ag figiúirí féachana agus ag brú lucht fógraíochta le roghnú na gcluichí seachas cothromaíocht idir peil agus iomáint.
cothromaíocht leochaileach an dátheangachais the fragile bilingual balance
" Tugann an staidéar seo le tuiscint go bhféadfaí cothromaíocht leochaileach an dátheangachais a chur i gcontúirt sa gharthodhchaí muna nglactar céimeanna sa réiteach seo chun aghaidh a thabhairt ar na castachtaí a bhaineann le teanga agus cultúr na Gaeilge a chosaint laistigh de theorainneacha na Gaeltachta.
cothromaíocht balance
" " In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha, deir Whitaker nach raibh sé chomh deacair sin cothromaíocht a fháil idir saol an teaghlaigh agus cúraimí stáit.
cothromaíocht balance
" "An rud lárnach ná cothromaíocht," a dúirt Buckley.
cothromaíocht balance
" Mar a deir sí féin, "Is é an rud is tábhachtaí i mo shaol ná cothromaíocht".
cothromaíocht na cumhachta the balance of power
" Bhí tíortha eile na hEorpa ag feitheamh chun greim a fháil ar chuid den impireacht sin ach, ag an am céanna, níor theastaigh uathu cothromaíocht na cumhachta a chailliúint.
cothromaíocht balance
" Glac "Salmon", mar shampla, dán ina bhfaigheann sé cothromaíocht idir an mothú ar thaobh amháin go bhfuil an saol gan bhrí agus, os a choinne sin, go bhfuil brí ag baint leis: "We are only but the salmon / In the stream / Fighting the currents of life / So that we may provide only / The Initial Breath for our / offspring.
cothromaíocht na cumhachta balance of power
" Ag cur mhórchúrsaí an tsaoil faoi chaibidil atá siad: cothromaíocht na cumhachta ar domhan, na huimhreacha Lotto, Meánscoil Feirste.
cothromaíocht balance
" "Cur chuige nua a theastaíonn agus feictear dom má dhéanann an tÚdarás (Údaráis na Gaeltacht) iarracht mhacánta agus fhónta an beartas forbartha a fógraíodh le gairid a chur i bhfeidhm, agus tacaíocht a fháil ó na pobail Ghaeltachta, go b'fhéadfaí an creimeadh a stopadh agus cothromaíocht nua teanga idir an Ghaeilge agus an Béarla a bhaint amach.
chothromaíocht balance
" Más iarracht ar chothromaíocht a bhí ann deis a thabhairt do leithéidí Charlie Mc Creevy agus Albert Reynolds agus an staraí Tom Garvin malairt tuairime a nochtadh, níor oibrigh sé.
an chothromaíocht balance
" Amanntaí bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil, ach is rud an-mhór é an chothromaíocht a fháil.
cothromaíocht balance
" ” Deir sí go n-éiríonn léi cothromaíocht a bhaint amach ina saol féin idir an obair agus a saol pearsanta, cé go raibh sé deacair é sin a dhéanamh le bliain anuas.
an chothromaíocht chuí a aimsiú to find the appropriate balance
" Cothromaíocht Dúshlán eile atá le sárú ag na meáin Ghaeilge ná an chothromaíocht chuí a aimsiú idir áitiúlachas agus an freastal is gá a dhéanamh ar an náisiún i gcoitinne.
caithfear cothromaíocht a aimsiú balance must be found
" Ar ndóigh, caithfear cothromaíocht a aimsiú agus gan a bheith ag clúdach scéal beag gan úsáid ó iarthar na hÉireann fad is atá an saol mór ag titim as a chéile.
cothromaíocht balance
" Chun féiníomhá níos cruinne a chruthú, tá go leor den tuairim gur gá glacadh le traidisiún na Maorach, agus cothromaíocht a chothú idir é agus an ceann Anglach.
cothromaíocht balance
" Ní bheifí ag dúil ach an oiread le hoibiachtúlacht, cothromaíocht nó luachanna an chraoltóra seirbhíse poiblí uathu.
chun cothromaíocht na cumhachta a chosaint. to protect the balance of power.
" D’fhéadfadh sé tarlú do dtabharfadh muintir na tíre tacaíocht don dá pháirtí atá sa chomhrialtas reatha chun cothromaíocht na cumhachta a chosaint.
sa chothromaíocht ghlan in total (unquestionable) equality
" “Tá creideamh sa chothromaíocht ghlan *en vogue *sa lá atá inniu ann.
an chothromaíocht the balance
" Ba léir go dtiocfadh claochlú as cuimse ar an chothromaíocht idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla sa Ghaeltacht dá dtógfaí lear mór eastát tithíochta le freastal ar chomaitéirí as baile isteach.
an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach do you make an effort to achieve an equilibrium
" Aithním an dúshlán iriseoireachta a bhaineann le foilsiú nuachtáin i mionteanga: an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin nó an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir "gnáthscéalta" agus scéalta na teanga? D’fhéadfaí a rá gur maith liom an teoiric: gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin.
an chothromaíocht sin that balance
" Tá sé spéisiúil an chaoi a luíonn an chathair nua-aoiseach chomh éasca is chomh nádúrtha sin le seanghnéithe na cathrach, agus b’fhéidir gurb í an chothromaíocht sin a fhágann a rian ar mheon an chuairteora.
bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha the basic principle of language equality
" Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
cothromaíocht, balance
" Tá sé de dhualgas ar an duine a bhíonn ag scríobh do dhaoine óga cothromaíocht, seachas aicmíocht idé-eolaíoch róshimplí, a chur chun cinn.
chothromaíocht chuí right balance or equilibrium
" Dar léi, níor cheart don rialtas srian ar bith a chur ar ghnó agus ar an margadh nó aimseoidh siad an chothromaíocht chuí iad féin gan chúnamh.
chothromaíocht equality
" An Neamart Gan aird ar an anfa idirnáisiúnta, chuaigh geilleagar na hÉireann bealach na míchothromaíochta de dheasca na bpolasaithe a bhí á gcur i bhfeidhm le linn aimsir an tíogair.
cothromaíocht an choirp the body's balance
" Ní hamháin go ndéantar próiseáil ar fhuaimeanna ann, ach téann gach puinn eolas ó gach aon mhatán, teannán nó cnámh chuig an gcluais chomh maith mar is ann a rialaítear cothromaíocht an choirp.
cothromaíochta equality
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
cothromaíocht equality
" Braithim mar sin go bhfuil bonn lochtach faoin staidéar ón tús sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar an teoiric gur cheart go mbeadh ionannas agus cothromaíocht fostaíochta idir daoine le Gaeilge agus daoine le Béarla.
cothromaíocht balance
" Aiste bia a bhfuil cothromaíocht ag baint léi a bhíonn i gceist – a lán torthaí agus glasraí go mór mór.
cothromaíocht na cumhachta the balance of power
" D’éirigh go han-mhaith leis an bPáirtí Glas i dtoghchán an tSeanaid an iarraidh seo agus anois beidh cothromaíocht na cumhachta acu ann.
cothromaíocht equality
" “Agus an comhrialtas i Westminster ag caint ar “cothromaíocht” agus ar an ualach is mó a bheith á iompar acu sin is mó acmhainn, is fiú an £18bn sin a chur i gcomórtas leis an £2.
cothromaíocht inscne gender equality
" An tAire Turasóireachta agus Ealaíona: Deirdre Clune ====================== Beidh ar Fhine Gael cothromaíocht inscne agus tíreolaíochta a chur san áireamh nuair a bheas an chreach á dáileadh.
cothromaíocht equality
" An ceart go mbeadh daoine saor ó leatrom maidir le cúrsaí tithíochta, cúrsaí bia, cúrsaí sláinte, cúrsaí cultúir agus go mbeadh cothromaíocht i gceist.
easpa cothromaíochta lack of balance
" Is allagar é a bhain le cumhacht a chur i bhfeidhm, cumhacht síceach agus fisiceach a bhfuil easpa cothromaíochta agus an leatrom le sonrú ann.
chothromaíocht equilibrium
" Is doiligh an chothromaíocht a fháil idir an dá rud sin.
gcothromaíocht equality
" Síleann lucht an Údaráis, idir fheidhmeannaigh agus bhord, gurb é an cúram atá ar an eagraíocht ná postanna a chur ar fáil, beag beann ar cé na daoine a bheadh sna postanna nó cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfostaíocht nuachruthaithe ar an gcothromaíocht teanga sa phobal.
foirfe ó thaobh na cothromaíochta de proper from the point of equality
" (Cén cháin atá foirfe ó thaobh na cothromaíochta de).
cuma an easpa chothromaíochta an appearance of inequality
" Níor mhiste a rá go mbeadh cuma an easpa chothromaíochta ar shocrú a d’fhágfadh bainisteoir amháin atá ag déanamh na hoibre céanna foirne ar an ngannchuid ar fad agus bainisteoir eile á íoc.
cothromaíocht equality
" Cérbh í Bernadette? ========= Mar a deir sí féin, ba ghnáthdhuine í Bernadette Ní Dhoibhlin ón aicme oibre Caitliceach, a fáisceadh as an bhfeachtas a bhí ar bun ag NICRA (Gluaiseacht na gCearta Síbhialta i dTuaisceart Éireann), le cothromaíocht a fháil do Chaitlicigh/náisiúnaithe i dtaobh guthaíochta, i dtaobh fostaíochta agus i dtaobh tithíochta.
bainfear cothromaíocht chultúir amach cultural equality shall be achieved
" Glacfaidh sé tamall fada ach bainfear cothromaíocht chultúir amach luath nó mall agus tá difir an domhain idir stádas na gCaitliceach inniu agus a stádas le linn reiméas Stormont.
lán d’fhearg i ngeall ar an easpa cothromaíochta full of rage about the lack of equality
" ” An é go raibh an leaid óg seo an-aibí agus é ag tabhairt faoin chumadóireacht agus ag treabhadh gort nua an cheoil? “Bhí mé ag éisteacht cuid mhaith le Dylan agus ansin ag cumadh amhráin a bhí lán d’fhearg i ngeall ar an easpa cothromaíochta a bhain le sochaí Mheiriceá sna seascadaí! Ní raibh ciall ar bith leis,” a deir sé agus gáire ar a bhéal.
ar mhaithe le cothromaíocht na cumhachta for the sake of the balance of power
" Mar sin féin, de dhroim riachtanais is dócha go mbeadh ceannasaíocht an pháirtí toilteanach a gcuid prionsabal a chur ar leataobh ar feadh scaithimh ar mhaithe le cothromaíocht na cumhachta.
na cothromaíochta equality
" Pobal faoi leith é an pobal aerach atá ag dul ó neart go neart le deireanas agus cearta bunúsacha daonna bainte amach acu i dtaobh an stádais phósta agus na cothromaíochta dhe.