Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d'ár gcrá tormenting us
" Is cinnte go mbeidh ceisteanna ag baint le ciní agus le ciníochas d'ár gcrá go ceann i bhfad in Éirinn agus go mbeidh siad mar chnámh spairne, díreach mar atá anseo sna Stáit Aontaithe.
cráite tormented
" Seán bocht Ó Ríordáin, bhí sé cráite againn.
a gcrá their torment, distress
" D'éirigh leis an rialtas diabhail a dhéanamh de na teifigh agus sochar a bhaint as a gcrá.
crá croí heart-break, annoyance
" Ba mhór an crá croí a fuair mé ó mo chuid cairde nuair a d'fhógair mé go raibh mé chun aghaidh a thabhairt ar an bPolainn chun an Ghaeilge a mhúineadh.
ag crá bothering
" Cuireann na *magnacci *seo cosaint ar fáil i gcoinne daoine a bhíonn ag crá na striapach, ach, os a choinne sin, buailtear iad mura dtugann siad go leor airgid dá máistrí gach oíche.
dod' chrá tormenting you
" 'Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,' a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: 'Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod' chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d'aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean.
Chráigh cuid acu mé. Some of them tormented me.
cráite tormented
" "Bhí mé cráite leis an ocras," a dúirt Prolain Delarre mar chosaint ag a triail i 1912, "agus chuir an bhean óg (i bpictiúr de chuid Boucher) leis an mhiongháire agus na héadaí galánta mórchostais as mo mheabhair mé.
mar chrá croí as a nuisance
" Go dtí seo, is minic a caitheadh le lucht na Gaeilge mar chustaiméirí den dara grád, agus ar féachadh orainn mar chrá croí nuair a d'éiligh muid bunseirbhísí inár dteanga dhúchais.
á gcrá féin tormenting themselves
" Creideann scoláirí sa lá atá inniu ann gur freagra a bhí sa mhórbhéim seo a chuir muintir na meánaoiseanna ar phianta agus ar chéasadh Chríost ar na huafáis - an galar dubh agus mórán tubaistí eile - a bhí á gcrá féin.
cráite tormented
" Sa saothar seo, léirítear Íosa mar dhuine cráite a bhful cathú air, agus dírítear ar na dualgais atá le comhlíonadh aige.
dúil chráite torturous desire
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
cráite tormented
" Uaireanta bím rud beag cráite ag an smaoineamh nach bhfuil ar siúl agam ach spraoi - ach caithfear an cheist a chur: céard a dhéanfaimis gan an ealaín? Muide an t-aon ainmhí amháin a chruthaíonn rudaí ar mhaithe le háilleacht.
crá croí a great inconvience
" Cé gur féidir grianghraif a bhogadh ón gcárta go dtí ríomhaire go héasca, agus na cinn nach maith leat a scrios, is crá croí é a bheith ag iarraidh é sin a dhéanamh faoi bhrú nó faoi dheifir.
an íomhá chráite the tormented image
" " Tá an íomhá chráite atá lárnach sa phictiúr chomh haitheanta céanna le carachtar i "mórphictiúr" ar bith eile ar nós *Lus na gréine *le Van Gogh nó *Elizabeth Taylor *le hAndy Warhol.
ár ngaolta a chrá to annoy our relations
" Leis na háiseanna seo ar fad, is cinnte go mbeimid in ann ár ngaolta a chrá le grianghraif leadránacha ónár gcuid laethanta saoire go ceann tamaill eile! Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel ((www.
cráite tormented
" Ach an gciallaíonn sé sin go mbeidh muid cráite ag freagraí nua ar nós: "No, tá mé ar eitleán"? Na laethanta seo, is beag rud atá ceadaithe ar eitleáin.
crá torment, distress
" Fuair mé léargas an-suimiúil ansin ar shaol an inimircigh - agus mise ó thír atá mar bhall den Aontas Eorpach! Níor mhaith liom a shamhlú cén crá a bhíonn i gceist i gcás lucht lorgtha oibre ó thíortha eile.
cráite tormented
" In áit na ndathanna tarraingteacha geala a d'úsáid sé chun na hógánaigh leis na súile mealltacha a léiriú ina shaothar luath, thiontaigh sé ar dhathanna mar dhubh agus donn le saol duine croíbhrúite agus cráite a chur in iúl.
cráite grieving
" Spreag a phictiúr *To the Unknown British Soldier *conspóid mar gur léirigh sé cónra clúdaithe le bratach agus beirt saighdiúirí cráite ar an dá thaobh agus iad gléasta i mblaincéid ghioblacha.
crá croí pain in the neck
" Ach is crá croí dom féin téacs a sheoladh go fóill.
cholúnaí crá croí agony aunt
" Mar sin, b’fhéidir gur cheart dom bheith i mo cholúnaí crá croí agus comhairle a chur ar dhaoine.
Ná cráigh tú féin don't torment yourself
" “Ná cráigh tú féin anois lena leithéid de cheisteanna,” arsa an bangharda.
de chrá croí of torment
" Agus beidh cúpla bliain eile de chrá croí le fulaingt ag muintir Átha Cliath Theas mar gheall ar an socrú a rinne an Rialtas nua le déanaí Líne Ghlas an Luas a aistriú ar ais go gnáthiarnród, ar féidir traenacha móra a chur air agus i bhfad níos mó paisinéirí a iompar.
cráite ag dogged by
" Is mó ceoltóir atá cráite ag fadhbanna dáileacháin, ach le cúnamh Dé sáróimid na fadhbanna san.
Crá torment
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
cráite tormented
" Ach le tamall anuas tá siad cráite ag scannal airgeadais a d’eascair as scéim urraíochta i Québec chun íomhá Cheanada a chur chun cinn agus an bonn a bhaint as an ghluaiseacht neamhspleáchais.
crá croí heartbreak
" Bhíos suaite – crá croí orm mar gheall ar chúrsaí grá agus bhí teannas sa ghrúpa –bhí deireadh tréimhse fada taistil tagtha agus bhíomar uilig spíonta.
Crá torment
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
chrá gan mhaolú torment without alleviation
" Ach fiú sin ní raibh sí chomh nimhneach leis an chrá gan mhaolú a bhí air anois.
cráite tormented
" Le tamall anuas, is geall le fear cráite é Gretzky a bhfuil cúraimí an domhain mhóir uilig ar a ghuailní aige.
chráigh na póilíní daoine the police harrassed people
" I gcónaí, chráigh na póilíní daoine a bhí ar pharáidí de cuid na nÉireannach am ar bith a raibh an JLRFB páirteach iontu (cf.
agus cuma bhriste chráite air with a broken, tormented appearance
" Nuair a thaispeáin mé an pictiúr *Tom Trubert’s Blues* ar an “Late Late Show” dúirt mé, mar mhíniú air, go bhfaca mé an bheirt seanfhear seo ina seasamh ar an phromanáid i mBré – duine amháin acu agus cuma an-ghléasta shnasta air agus an duine eile, i gcodarsnacht leis, agus cuma bhriste chráite air.
ag crá bothering
" Agus ansin beidh siad féin, i gcuideachta na bpáirtithe eile, ábalta dul i ngleic leis na fadhbanna geilleagracha atá ag crá cuid mhór de bhunadh an tuaiscirt.
fulaingt agus crá suffering and torment
" D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
le cloisteáil sna nótaí cráite. to be heard in the tortured notes.
" Gach tuisle is taisme dá shaol is dá thinneas le cloisteáil sna nótaí cráite.
imní agus crá croí worry and heartache
" Is daoine daonna a thagann amach as an chanbhás chugat, daoine nach bhfuil fuarchúiseach ach a mhothaíonn paisean, imní agus crá croí ar nós aon duine eile sa saol.
an t-ealaíontóir cráite the tormented artist
" Le gairid, cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath saothar suntasach a rinne an t-ealaíontóir cráite Vincent Van Gogh.
cráite ag an tart, tormented by thirst,
" Ba mhinic iad cráite ag an tart, ar ndóigh.
crá croí a nuisance
" Mar shampla, cé gur crá croí iad cadhnraí agus an tslí ina n-ídítear iad go tapa de ghnáth, ní bheadh siad chomh maith is atá siad gan an taighde a rinne an tOirmhinneach Nicholas Callan i Má Nuad fadó (féach www.
crá mhuintir na Sé Chontae. bothering the people of the Six Counties.
" Tá 63% de gheilleagar an tuaiscirt bunaithe ar an earnáil phoiblí i gcomparáid le 43% sa “chuid eile den Ríocht Aontaithe”; de réir *Bare Necessities*, tuairisc a d’fhoilsigh an Economic and Social Research Centre i Sasana, tá corradh le 500,000 duine ó thuaidh ag maireachtáil faoi “líne na bochtaineachta” agus tá lear mór fadhbanna eile ag crá mhuintir na Sé Chontae.
cuma chráite a look of torment
" Bhreathnaigh muid ar a chéile agus cuma chráite ar an mbeirt againn.
cráite tormented
" Ach go minic, tar éis dom tamall fada a chaitheamh i gceann de na siopaí sin, siúlaim amach as agus mé cráite – gan rud ar bith ceannaithe agam.
cráite tormented
" Ag an deireadh, dhá bhliain ó shin agus í nócha bliain d’aois, bhí muid cráite aici, ag cur na gceisteanna céanna orainn arís agus arís eile.
an crá croí atá i ndán dóibh the heart-break that is in store for them
" Agus ansin an crá croí atá i ndán dóibh toisc go bhfuil an dóchas sin acu.
cráite agus caillte tormented and lost
" ” Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
chrá croí. annoyance, menace
" Áááááá! Micí bocht Mac Dúill, iar-aire, iar-theachta, iar-thánaiste, iar-thaoiseach-le-bheith-am-éigin-amach-anseo, iar-chrá croí.
Is crá croí é It's a real pain, it's a menace
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
crá croí bother, distress
" Ach ní léiríonn na hargóintí dlí an crá croí a bhíonn le fulaingt ag roinnt mhaith dídeanaithe agus iad ag fanacht go bhfeicfidh siad a dteaghlach arís.
crá. worrying
" ’ Bhí cruinniú dí-choimisiúnaithe ag lucht UDA Nó bhí Paisley is McGuinness dá gciapadh dá gcrá.
á gcrá tormenting them
" Is rud amháin é bheith ag streachailt le hÉire Aontaithe a bhaint amach, ach scéal eile é níos mó airgid a chur i bpócaí daoine bochta, jabanna fiúntacha a chur ar fáil dóibh agus cosaint a thabhairt dóibh ó na bligeaird óga atá á gcrá gach lá den tseachtain.
ba chrá croí it was heartbreak
" Dá bharr sin, ba chrá croí a bhí sa rud ar fad go minic – ag dul i mbun camchuairteanna agus ag teacht abhaile gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat.
an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá. the way in which the media can hound somebody
" Deir sé nach bhfuil fonn air labhairt ar an taifead faoi Ó Searcaigh agus an chonspóid ar fad a bhí ann maidir lena iompar i Neipeal ach deir sé go dtuigeann sé féin go maith an tslí ar féidir leis na meáin chumarsáide duine a chrá.
á crá. tormenting her.
" Bíonn idir fhrídíní agus phléascáin – más fíor do chur síos Cowen i dtaca leis an Roinn Sláinte a bheith cosúil le hAngóla mar gheall ar líon na mianach talún atá scaipthe ar fud na háite – á crá.
go raibh sé cráite i ndeireadh a shaoil ag lucht na dtéipthaifeadán. that he was dogged at the end of his life by people with taperecorders
" Deirtear go raibh sé cráite i ndeireadh a shaoil ag lucht na dtéipthaifeadán.
crá beag small annoyance
" Is crá beag é sin, is dócha, ach tá cúrsaí éirithe casta go leor ar an M50.
ag crá an chórais polaitíochta dogging the political system
" D'impigh Alex Maskey ar an DUP tús a chur le dian-idirbheartaíocht a fhuasclódh na fadhbanna uilig atá ag crá an chórais polaitíochta ó tháinig Peter Robinson i gcomharbacht ar Ian Paisley.
Cráite pained
" Cráite ag athrú sa sceideal oibre? Raiméis.
á gcrá pestering them
" Gabh mo leithscéal! Sin an bheirt nach cóir a bheith á gcrá.
gach cnámh cráite every anguished bone
" Ní raibh aon ghá le bubble-shobal d’aon shaghas – ba leor teas an uisce le gach matán tuirseach agus gach cnámh cráite a mhealladh ar ais chun sláinte go mall, réidh.
chrá annoy
" Bhailigh sé a chuid cairde uilig le chéile agus mhionnaigh siad go sollúnta faoi bhratach na Léine Goirme go ndéanfaidís Brian a chrá go dtí go n-éireodh sé as.
céasta cráite tortured tormented
" Bhí Brian bocht céasta cráite go leor cheana féin ag na francaigh, agus anois ag lucht na léine goirme chomh maith.
cráite pestering
" Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogall ná doicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur.
mo chreach is mo chrá my woe of woes
" Eagarthóir: Ó mo chreach is mo chrá a Bhaloir na gcarad, ní bhfuair muid i mbliana ach trí scór milliún Euro.
cráite pestered
" Bhíos beagánín cráite.
chrá croí annoyance
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.
chráite tormented
" Agus cad é a fuair siad rompu? Muintir bhocht chaite chráite bhriste bhrúite na hÉireann níos aimléisí agus níos anóití agus níos dramhsaí agus níos donasaí ná mar a bhí nuair a daoradh iad.
crá croí heartbreak
" com/watch?v=Qlt6RGYvg_o&NR=1) agus crá croí dóibh sin nach Protastúnaigh iad.
crá croí a great nuisance
á chrá torturing him
" Mar a mbeifí ag súil leis, tháinig an lá gur thosaigh fiosracht faoi chúrsaí móra an tsaoil á chrá agus á chiapadh.
chráite tormented
" Tá oifigigh ón dá stát ag maíomh gur ar mhaithe le muintir bhocht bhrúite chráite dhealbh na hÉireann a dhéanfar an géilleadh agus an ghabháil.
crá croí torment
" Líon na Sibhialtach ========== Ba é buamadóir féinmharfach a shíob an carr agus a d’fhág an choscairt chnáimhe, caillteanais agus crá croí ina dhiaidh.
ina gcrá chroí a matter of annoyance
" ”* Ach má tugadh an t-eiteachas don mholadh sin, ba léir ó mheamram a d’ullmhaigh an Lár-Choiste Forbartha don rialtas go raibh fadhbanna fuinnimh ina gcrá chroí ag na hoileánaigh a bhí ina gcónaí amach ó chósta an iarthair.
chránn bother
" 
“Feicim an PUP agus gnéithe de Shinn Féin chomh maith le guthanna sóisialacha sa Workers Party agus Northern Ireland Labour ag teacht le chéile ar na ceisteanna a chránn an aicme oibre agus é mar aidhm againn páirtí aontaithe sóisialach a bhunú,” Bealach Amach don UVF ============ Agus an chaint seo uilig faoin Chríostaíocht agus faoin tsóisialachas, tá eilifint (mheafarach) sa seomra, an UVF, eagraíocht atá freagrach as 400 éigin dúnmharú le linn na dtrioblóidí.
chránn pesters, bothers
" Gortaithe iad seo a chránn imreoirí agus a chuireann srian ar a gcuid imeartha ar feadh tréimhsí fada go minic.
chráite tortured
" Cúpla lá ina dhiaidh sin thug sé dúshlán cheannairí an Aontais Eorpaigh agus shealbhóirí na mbannaí, agus d’éirigh leis aon ochtú cuid d’aon faoin gcéad a bhaint d’ualach na bhfiach atá ar mhuintir bhocht chráite na tíre seo.
d’inseoidís scéal cráite they’d recite a tale of desparation
" ‘Dá mbeadh scéal ag na clártha, d’inseoidís scéal cráite.
chráite bhuartha tormented and bothered
" ” Déan Dearmad de Straitéis na Dea-Teangan ==================== Agus le linn do na mílte d’fhíréin na hÉireann a raibh súile acu le hamharc leo agus a raibh cluasa acu le héisteacht leo a bheith ag ithe agus ag ól le Dinnius Mac Ginlicus, sheas Dinnius suas agus labhair i nguth a bhí lán d’fhearg agus de shéimhe, lán de mhórtas agus d’umhlaíocht, agus dúirt: “Anois go bhfuil rás an Árais rite agus rás an Uachtaráin rite, is ceart agus is cóir dúinn aire mhuintir bhocht chráite bhuartha na hÉireann a dhíriú ar rudaí níos tábhachtaí agus níos mórchúisí, mar atá staid na Gaeilge sa tír seo.
ag crá údaráis bothering the authorities
" Is deacair ar na saolta seo neamhaird a thabhairt ar cheist atá ag crá údaráis an Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta agus atá, ceal cluichí móra le tuairisciú, ag líonadh spás na gcluichí Gaelacha ar leathanaigh na nuachtán náisiúnta agus eile.
atá ina ábhar crá agus buartha which is the bane and bother
" Ní hamháin go bhfuil áras cónaithe éiceolaíoch tógtha aige, tá meafar cliste buan cruthaithe aige as an ábhar a bhí agus atá ina ábhar crá agus buartha ag mórán de phobal na tíre seo go fóill.
chráigh pestered
" Déanta na fírinne, ba shuarach m'aird ar an gcathair bheag chéanna murach gur thógas an seanghalar úd a chráigh daoine riamh anall, braistint an ghrá, rud a thug anseo mé tamaillín ó shin.
Saol Cráite a troublesome life
" Saol Cráite ==== **CF: An raibh daoine bocht, Pauline?** PNC: Ní dhéarfainn go rabhadar bocht.
cráite agus scaipthe distressed and scattered
" Bhíodar cráite agus scaipthe, na fuinneoga briste i gcuid des na scoileanna ann, agus na haithreacha ar teitheadh agus ní raibh a fhios ag na mná cá rabhadar agus ní raibh a fhios ag na páistí cá rabhadar, ach fuaireadar aire mhaith ón Rialtas, déarfainn é sin, agus ós na dochtúirí agus na haltraí.
a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain which pester a lot of the world’s population
" An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain.
ag crá daoine hurting the people
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
agus é ciaptha cráite mar while he was pained by being
" Tháinig na friotail loma galánta ó Lincoln ina slaoda agus é ciaptha cráite mar Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1861-5.
Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann who’ll see the heartfelt trauma
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
beidh mé cráite aige I’ll be pestered with him
" Agus é anois díomhaoin beidh mé cráite aige.
a staid chráite his desperate state
" Uimhir an Diabhail ======= Baineann a staid chráite, dar ndóigh, leis an uimhir dhiabhalta seo 13.
lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin the protestors in the east of that troubled tortured city
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach to settle the matters which pester them both
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
cuireann achan íobartach cráite i gcuimhne duit every single piteous sacrifice reminds one
" cuireann achan íobartach cráite i gcuimhne duit an t-iontas a bhí ar Lady Mac Beth faoin oiread fola is a bhí i sean-Duncan.
is crá croí amach is amach é an tarcaisne the insult (... ) really grates on us
" Ní mó linn é ná cáithnín faoi fhiacail an easpa aitheantais seo, ach is crá croí amach is amach é an tarcaisne a thugann muintir eile na tíre dá bpríomhchathair go rialta (Eagrán 86, Meitheamh 2008).
an deis dó fear cráite a tharraingt siar the chance to pull a troubled man back
" I gclár amháin a bhain úsáid as an ‘Lapadán Fir’ cáiliúil, ’sé sin Joseph Merrick bocht, thug scríbhneoirí Ripper Street an deis dó fear cráite a tharraingt siar ó staighrí nuair a bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin agus leanbh ina bhaclainn aige.
á gcrá go leanúnach being annoyed continually
" Bíonn úsáideoirí idirlín á gcrá go leanúnach ag fógraí a bhíonn ceangailte le suímh ghreásáin a dtugann siad cuairt ort, ach tá réiteach ar an bhfadhb seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
ag crá an chórais polaitíochta dogging the political system
" Tá go leor fadhbanna ag crá an chórais polaitíochta ó thuaidh faoi láthair.
cráite de shíor ag dogged constantly by
" Bíonn tuismitheoirí cráite de shíor ag coinní, cóisirí agus gníomhaíochtaí a bpáistí.