Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuir síolta na críochdheighilte that sowed the seeds of partition
" Ó 1911 ar aghaidh cuireadh ceisteanna faoi chreideamh agus ba é an daonáireamh sin a chuir síolta na críochdheighilte.
an chríochdheighilt partition
" " Dúnmharaíodh é fosta, ar ndóigh, de bharr gur tháinig sé ar chomhréiteach leis na Briotanaigh, rud a chruthaigh Éire nua-aimseartha agus an chríochdheighilt.
críochdheighilt partition
" Tá uathúlacht agus aontacht an náisiúnstáit á gcreimeadh i rith an ama; an t-iolrachas, an t-ilchineálachas, an t-ilchiníochas, an t-ilteangachas fiú, ag dul i dtreis taobh istigh d’fhormhór na náisiúnstát; deireadh ag teacht de réir a chéile le críochdheighilt na litríochta ina litríochtaí náisiúnta in institiúid na hollscoile; deireadh ag teacht leis na cúrsaí traidisiúnta litríochta; deireadh le príomhpháirt na litríochta in oiliúint na saoránach; agus deireadh le príomhaíocht an chló.
críochdheighilt partition
" Tá uathúlacht agus aontacht an náisiúnstáit á gcreimeadh i rith an ama; an t-iolrachas, an t-ilchineálachas, an t-ilchiníochas, an t-ilteangachas fiú, ag dul i dtreis taobh istigh d’fhormhór na náisiúnstát; deireadh ag teacht de réir a chéile le críochdheighilt na litríochta ina litríochtaí náisiúnta in institiúid na hollscoile; deireadh ag teacht leis na cúrsaí traidisiúnta litríochta; deireadh le príomhpháirt na litríochta in oiliúint na saoránach; agus deireadh le príomhaíocht an chló.
ath-chríochdheighilt repartition
" Tá focla nár chuala muid le fada ag teacht ar ais: claonroinnt, cuntas seicteach cloigne, ath-chríochdheighilt.
críochdheighilt partitition of territory
" ” Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.
críochdheighilt partition
" Le linn na mblianta a chaith mé le RTÉ, fuair mé tuiscint an-ghlé ar fad ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an gcríochdheighilt: ní chuireadh an pobal mór suim rómhór i gcúrsaí an Tuaiscirt agus bhídis ag gearán go minic go mbíodh an iomarca béime á leagan againne ar a raibh ag titim amach ann.
chríochdheighilt geilleagair commercial partition
" An chríochdheighilt geilleagair "Nach iontach chomh críochdheighilteach is atá Fianna Fail?" a fhiafraíonn fear eile ar bhlag Slugger.
críochdheighilte partition
" I ndiaidh na críochdheighilte, bhí siad sásta - dála Pháirtí an Lucht Oibre - neamhaird a dhéanamh de Sé Chontae agus a raibh de leatrom ann.
chríochdheighilte partition(ed)
" Chuir mé ceist ar chara de mo chuid cad é mar is féidir leis tacaíocht a thabhairt don fhoireann chríochdheighilte ó dheas.
chríochdheighilt partition
" Thit an oiread sneachta ar na Sé Chontae (agus glacaim leis nach n-aithníonn an aimsir an chríochdheighilt) go raibh an stát ina chiolar chiot.
chríochdheighilte partition
" Ach trí bliana i ndiaidh an Somme agus Cogadh na Saoirse ar bun, baineadh feidhm as Campa Bhaile Coinnleora mar ionad braighdeanais inar coinníodh náisiúnaithe idir 1919-1923, roimh an chríochdheighilte agus ina diaidh.
comharthaí den chríochdheighilt signs of partition
" Ach dúirt sé fosta go raibh a lán comharthaí den chríochdheighilt ag dul ar ceal: "Níl aon bhac ort anois ag dul trasna na teorann.
tháinig an chríochdheighilt isteach partition came into being
" Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire.
mbeadh cuma níos nádúrtha ar an chríochdheighilt partition would look more natural
" B'éigean toiseacht leis na Plandálacha don chuid is mó ach ní raibh eagla orthu amharc níos sia siar le go mbeadh cuma níos nádúrtha ar an chríochdheighilt.
am corrach na críochdheighilte troublesome times of partition
" Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.