Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cró hovel, outhouse
" Ba bheag an mhaith bratach na hÉireann a bheith ar foluain os cionn gach cró agus sciobóil agus botháin ó Chóbh go Málainn.
chró shack
" Shínigh sé cóip dá leabhar filíochta *An Bealach 'na Bhaile *dom agus scríobh sé ar an chlúdach: "I ndiaidh a bheith ag amharc amach ó bharr an tí sílim go mbeidh mé níos sona i mo 'chró beag féin' ag bun na hEaragaile.
sa chró in the sty
" )" Tá Ian Mór an Páiseadóir chomh sásta le muc sa chró anois go bhfuil ceann dá chuid uaillmhianta móra comhlíonta aige.
i gcró na gcearc in the chicken shack
" Ní sa gcistin amháin a tharlaíodh sé, ach i gcró na gcearc, sa suanlios san oíche, agus i bhfoirgnimh eile de chuid na scoile.
Cró na mBuaiteoirí the Winners' Enclosure
" Lean mé í trasna an chlóis, thar Cró na mBuaiteoirí go dtí an foirgneamh nua, áit a raibh an fógra seo ar an doras: “Owners, trainers and jockeys only beyond this point”.
sa chró dornálaíochta into the boxing ring
" Thug sin faill do Paisley – naoi mbliana ina dhiaidh sin – bheith ag maíomh gur bua a bheas ann má dhéantar Céad Aire dó, ainneoin go mbeidh Martin McGuinness taobh leis! I bhfírinne, níl ann ach gur mealladh isteach sa chró dornálaíochta é.
sa chró. in the ring
" Agus Gorgeous George? Bhuel, bhí an-cháil go deo air mar iomrascálaí blianta fada sula raibh a leithéid de rud agus The World Wrestling Federation ann, Hulk Hogan agus an gheáitsíocht dhrámata ar a dtugtar iomrascáil inniu! Ba eisean a chuir tús an “iomrascáil” seo, lena iompar gáifeach sa chró.
cró na gcearc the hen coop
" “Na sionnaigh i gceannas cró na gcearc,” a dúirt na criticí.
Cró na Snáthaide the eye of a needle
" Cró na Snáthaide Bhí féith an ghrinn ann chomh maith.
chró feirme farm building
" Titeann bean aimsire dá bás ó áiléir chró feirme an Bharúin – sea go deimhin, tá an t-olc ligthe den éill is tá an saol camtha as a riocht.
chró dornálaíochta boxing ring
" tá sí ann!!” Cuireann an tráchtaire na ceisteanna atá ag déanamh scime don bhreathnóir: “Cad a dhéanfaidh an réiteoir? Cén dath ar an gcárta? An bhfuil an t-am caite?” Mar a Bhíodh is mar Atá Na craoltóirí is fearr ar nós Uí Aichir, Uí Mhuircheartaigh, McLaren, McGee tugann siad cuireadh don éisteoir/breathnóir páirt a ghlacadh sa dráma atá ar bun ar an bpáirc, sa chró dornálaíochta, ar an ngalfchúrsa; tarraingíonn siad pictiúr, ligeann siad don bhreathnóir a intinn féin a bheith aige ach tugann léargas breise ar a bhfuil ag tarlú.
gcró na dornálaíochta boxing ring
" Sa bhaile is é m’athair m’athair, ach sa halla gleacaíochta agus i gcró na dornálaíochta, is é mo thraenálaí é.
gcróite dornálaíochta boxing rings
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
chró nó gan aon mhiotóg boxing rings or bare-knuckle
" Más garbh féin mar shlat tomhais é an t-idirlíon, tá an chuma air ansiúd go samhlaítear amhlaidh é, gur gné ‘Éireannach’ í an trodaíocht, bíodh sé sa chró nó gan aon mhiotóg.
dul trí chró snáthaide to go through the eye of a needle
" ” Thiontaigh Íosa thart agus dúirt lena dheisceabail: “A chlann liom, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.
tugadh Seisear na Cróite orthu they were called the Croatian Six
" Seisear i nGéibheann ====== Ba de shliocht Crótach iad na fir Astrálacha go léir agus tugadh Seisear na Cróite orthu sna meáin abhus.
cró déanta a ring made
" Ar ócáid amháin, fuair duine éigin miotóga dornálaíochta mar bhronntanas agus bhí comórtas dornálaíochta againn, cró déanta le téad ó chrann go geata go cuaillí nó a leithéid sin.
i sáinn i gcró róbheag caught in a tiny ring
" Táimid mar a bheadh ainmhí i zú ann, i sáinn i gcró róbheag agus daoine ag síorfhaire air.
cró na mbeithíoch the cow byre
" Seo mar a labhair sé: “Scór bliain ó shoin ba é an iothlainn, an tom, nó ba é cró na mbeithíoch a bhí mar leithreas ag 95% den mhuintir an cheantair seo.
dul trí chró snáthaide to go through the eye of a needle
" Tá Balor ar tí a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh dá chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh dá chuaráin agus dul trí chró snáthaide.