Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
craobhacha branches
" **(a) agus (b)** Tá craobhacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Port Láirge, Inis, Ráth Cairn agus Béal Feirste.
craobhacha branches
" "Ní cheapann craobhacha mar seo polasaithe sa pháirtí.
an chraobh the championship
" Sa mullach air sin ar fad ní féidir ach le dhá fhoireann cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach agus ní thugann ach foireann amháin an chraobh leo.
craobh mionúr minor championship
" I mbliana is beag nár bhuaigh Gaillimh an tríú craobh mionúr as a chéile agus tá go leor craobhacha mionúr agus faoi 21 bainte acu ó thús na nóchaidí, a bhuíochas sin don iarracht mhór atá á déanamh i measc na n-óg.
craobh branch
" Bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge sa champa fosta - "craobh na Sróine Deirge" an t-ainm a bhí air, mar sin an Gaeilge atá ar Frongoch.
craobh branch
" Tá fianaise ann gur craobh de Chonradh na Gaeilge a bhí ann mar bhí an méid seo i gcló ar an *Irish Independent* ar an 16 Márta 1903: "For close on half a mile of the procession came an almost interminable line of little boys and little girls which at length culminated in the really striking muster of the members of St.
Craobh de Chumann na Máisiún a Freemasons lodge
" I 1981, fuarthas amach freisin go raibh Berlusconi ina bhall de P-2, Craobh de Chumann na Máisiún atá mar ghréasán rúnda ag póilíní, baill de na fórsaí slándála agus den rúnseirbhís, lucht gnó, baincéirí agus baill de na meáin chumarsáide.
cluichí craoibhe iomána agus peile hurling and football final games
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
craobh branch
" craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge atá ag eagrú na hócáide, agus b'as an chathair cuid de na príosúnaigh, ina measc Neil Kerr agus a mhac John, agus na deartháireacha John, Patrick agus George King.
chraobh branch
" Ghluais sé go gasta ó chraobh an Chéitinnigh go Coiste Gnó an Chonartha go Bráithreachas na Poblachta (IRB).
cé a bhuafaidh an chraobh who will win the title
" Tá Celtic ag imirt i gcoinne Manchester United in Old Trafford i gcluiche mór cinniúnach de chuid an Premiership, cluiche a shocróidh cé a bhuafaidh an chraobh.
chraobh championship
" Is aisteach ar bhealach méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobh ná corn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais.
Craobh branch
" com) Craobh Cooley-Keegan, Comhaltas Ceolteoirí Éireann (www.
craobh branch
" Ag deireadh na míosa seo caite sheol an t-aisteoir Gabriel Byrne craobh Mheiriceá d'fheachtas an Róistigh i Nua-Eabhrac.
bhuaigh Liverpool an chraobh Liverpool won the title
" Scóráil sé ina chéad chluiche ansin in aghaidh Southampton agus bhí sé go hiontach an chéad séasúr eile, 1987-88, nuair a fuair sé 26 cúl agus bhuaigh Liverpool an chraobh.
craobh branch
" Cúpla bliain ó shin bhog bean darbh ainm Clare Connors go Monterey ó Bhostún agus mhol sí dúinn craobh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo.
craobh an domhain world record
" (Fuair Colm amach le déanaí gur ghlac seanuncail leis, Denis Cousin, páirt sna Cluichí Oilimpeacha i 1928 mar reathaí agus gur bhain sé amach craobh an domhain sa rás 100 slat ar féar an bhliain roimhe sin.
craobh branch
" Cúpla bliain ó shin bhog bean darbh ainm Clare Connors go Monterey ó Bhostún agus mhol sí dúinn craobh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo.
chraobh championship
" Tharla sin i 1983 agus sa chraobhchomórtas an bhliain sin bhain an Mhí geit cheart as Áth Cliath nuair a bhí comhscór eatarthu.
Chraobh branch
" Cén uair a bunaíodh An Gaeláras agus cé a bhunaigh é? D'fhás An Gaeláras ó Chraobh Cholm Cille de Chonradh na Gaeilge.
chraobhacha branches
" An cóir dúinn a bheith ag plé le comórtaisí ceol uirlise nó an bhfuil an Comhaltas ag déileáil leis sin ar leibhéal i bhfad níos fearr agus foirfe ar aon chaoi? Agus an bhfuil muid ag caitheamh ama agus dua agus eile leis nuair nach bhfuil aon ghá? AÓF: Céard faoi chraobhacha Chonradh na Gaeilge? LÓM: Bhuel fógraítear go bhfuil breis agus 200 craobh ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre.
súnna craobh raspberries
" Tá gairdín ann do pháistí, a bhfuil torthaí ag fás ann is féidir leo a ithe, mar shúnna talún agus súnna craobh.
ar achan chraobh on every branch
" Ina dhiaidh sin ar fad, tagann *el castillo*, atá ar nós crainn a bhfuil tine ealaíne ar achan chraobh de agus atá ar tí pléascadh.
Craobh na hÉireann the All-Ireland
" Bhí beirt ón bparóiste, Seán Ó Domhnaill agus Seán Óg de Paor, ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1998 agus bhuaigh an dá Sheán Craobh Peile Éireann arís in 2000.
craobh áitiúil local branch
" I gcomhar le craobh áitiúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann thairg mé rang Gaeilge i mí Mheán Fómhair anuraidh.
Chraobh final
" Ceathrú-Chraobh Laighean idir Áth Cliath agus Laois, agus Leath-Chraobh Laighean idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath ar oíche Shathairn.
Craobh Iomána Uladh The Ulster Hurling Final
" Craobh Iomána Uladh a chur ar siúl oíche Shathairn seachas ar an Domhnach mar a bhí i gcónaí cheana.
an tríú craobh i ndiaidh a chéile the third championship in a row
" Tá sprioc cinnte insroiste, dar leo: an tríú craobh i ndiaidh a chéile.
craobh iomána na hÉireann the All-Ireland hurling final
" Ní gá ach breathnú ar ar fhoilsigh nuachtán áirithe Domhnaigh faoi shaol pearsanta an iománaí DJ Carey an mhaidin a bhí craobh iomána na hÉireann le himirt, lena aithint go bhfuil géarghá le struchtúr a dhéanfadh monatóireacht ar na meáin.
craobh branch
" Tá an ceol traidisiúnta láidir anseo (tá craobh mhór de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa chathair) agus nuair a chuala na ceoltóirí go raibh an bua ag Learpholl sa chomórtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008 bheartaigh siad ar fhéile a eagrú lenár gcultúr féin a thaispeáint os comhair an tsaoil.
ár gcraobh áitiúil our local branch
" Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh in 1896.
craobh branch
" Cathain a bunaíodh an tÁras agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh an tÁras i 1938, nuair a chuir craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge comhlacht teoranta ar bun chun airgead a bhailiú le hÁras a cheannach sa chathair do phobal na Gaeilge.
craobh title
" Le linn an 30 bliain atá caite aige mar bhainisteoir, tá 1,292 cluiche buaite ag Wilkins - an líon is mó i stair na sraithe - agus d'éirigh leis craobh an NBA a bhuachan leis na Seattle Supersonics i 1979.
an méid corn agus craobh the number of trophies and championships
" Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas.
craobh branch
" craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge a d'eagraigh an ócáid, agus b'as an chathair cuid de na príosúnaigh, ina measc Neill Kerr agus a mhac John, agus na deartháireacha John, Patrick agus George King.
sa chraobh in the final
" Ag dul i léig ======= Cé gur bhuaigh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann i 1992, 1993, 2002 agus 2003, agus go rabhadar sa chraobh i 1991, 1998 agus 1999, agus go raibh an bua ag Uíbh Fháilí i 1994 agus 1998, agus ag Loch Garman i 1996, tá an tuairim amuigh go bhfuil an iománaíocht i gCúige Laighean ag dul i léig.
Craobh na hÉireann the All-Ireland Title
" Seo fear a tháinig sa cheathrú háit sa chomórtas trí léim ("hop, step and jump" mar a thugtaí ag an am air) ag cluichí Oilimpeacha Los Angeles i 1932 agus bhí l01,000 duine sa lucht féachana! Ghnóthaigh an Gearaltach Craobh na hÉireann sa pheil le Ciarraí i l930 agus l931.
chraobh branch
" Cá huair a bunaíodh CGLC agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Cumann Gaelach Leath Chathail mar chraobh de Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1982.
cluichí iomána Chraobh na Mumhan the hurling matches in the Munster Championship
" Tá sé seo fíor go speisialta i gcás cluichí iomána Chraobh na Mumhan.
craobh branch
" Théimis amach tar éis an ranga i gcomhair comhrá agus craice, agus tar éis cúpla mí d'fhéadfainn comhrá ceart a dhéanamh; tar éis cúpla mí eile chuireamair craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun in Toronto.
craobh branch
" Conradh na Gaeilge Thrá Lí (Coiste Dúiche Chiarraí agus craobh Oirthear Dhuibhneach) a bhunaigh é le tacaíocht ó FÁS.
a bhuaigh Craobh na hÉireann which won the All-Ireland
" D'aistrigh muintir Mhéalóid go Ráth Cairn sna 40í agus d'imir Mícheál le foireann sinsear na Mí a bhuaigh Craobh na hÉireann i l967.
chraobh branch
" Tá tú thíos ansin ar d'oileáinín ar nós Mac Dara an naomh Ag siúl sa bhfaoch is fós ar glaoch ar aitinn is ar chraobh: Léaráid: Seán Ó Domhnaill ((www.
craobh Oilimpeach an Olympic title
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag moladh dul síos an bóthar áirithe sin ach aontaím leo sin a deir go bhfuil íomhá románsuil an spóirt millte de bharr úsáid drugaí agus de bharr amhrais i leith gach lúthchleasaí, geall leis, a bhuann craobh Oilimpeach.
craobh a gcúige their provincial title
" An bhfuil sé sin féaráilte nuair a fuair gach contae eile an dara seans i ndiaidh dóibh a bheith buailte? Cén fáth nach bhfuaireadar an dara seans? Is é an freagra ar an gceist sin is dóigh ná toisc gur bhuadar craobh a gcúige.
craobhacha i gcéin is i gcóngar branches far and near
" Bhí Pádraig Mac Piaras ina eagarthóir ar *An Claidheamh Soluis *ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar.
craobh branch
" Is craobh de chuid Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann é an Fóram, in ainneoin go bhfuil cosc ar an pháirtí sin seasamh i dtoghcháin taobh amuigh de na sé chontae fichead.
B'fhéidir go mbuafá an chraobh you might win the championship
" B'fhéidir go mbuafá an chraobh ach go gcaithfí amach as an tsraith thú.
craoibhe branch
" D'fhógair sé i 1999 go mbeadh sé ag tosú craoibhe den DUP i Learpholl agus go mbeadh siad ag iarraidh suíocháin a bhaint amach ar Chomhairle na Cathrach.
craobh branch
"craobh an-láidir de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann anseo, chomh maith le Cumann Lúthchleas Gael, mar sin bhíodar ar fad ag tacú liom.
craobh branch
" Tagann craobhacha náisiúnta na CC le chéile mar chomhdháil idirnáisiúnta uair sa bhliain chun na spriocanna sin a chur i gcrích.
chraobh branch
" Ach ansin, thug Comhaltas rialacha úra isteach a chiallaigh gurbh éigean d’iomaitheoir clárú mar bhall de chraobh an Chomhaltais nó óna sheoladh baile.
de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe because of the semi-final and final games
" Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann.
craobh branch
" Is dráma tábhachtach é dúinne i gConradh na Gaeilge i Learpholl, mar craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh anseo (bunaíodh í in 1896), in ómós an scoláire a bhí ag obair le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann idir 1830 agus 1842.
dhá chraobh ar leith to separate branches
" Ach tá ginealach níos faide ná sin aige agus tá dhá chraobh ar leith ag baint leis a léiríonn an ghné reiligiúnda den íomhá ar thaobh amháin agus an ghné shaolta ar an taobh eile.
craobh branch
" Roinnt blianta ó shin, chaith mé seacht mbliana i nDún Éidin, i ndeisceart na tíre, agus bhí scaifte againn ansin a chuir craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar bun.
nuair a thug sé an chraobh leis when he was victorious
" Fuair an bolgchainteoir Edgar Bergen Oscar déanta as adhmad a raibh béal inbhogtha air agus bronnadh deilbhín ar fhíormhéid chomh maith le seacht gcóip bheaga ar Walt Disney nuair a thug sé an chraobh leis lena scannán *Snow White and the Seven Dwarfs.
agus go mbéarfaimis an chraobh linn and that we would win the title
" Ar an stáitse agus seo ar siúl, bhraitheas go raibh linn (bhí muinín agus téagar ag baint linn nach mbíodh againn roimhe seo) agus nuair a tháinig nóiméad Liam bhíos cinnte go gcuirfeadh a sheinnt iontas ar na moltóirí agus go mbéarfaimis an chraobh linn.
craobhacha branches
" Tá iarrachtaí á ndeanamh faoi láthair maoiniú buan a fháil ionas gur féidir linn bheith níos gníomhaí agus craobhacha a bhunú ar fud na tíre.
craobh branch
" Ach tá craobh láidir de Chomhaltas anois ann agus a lán ceoltóirí óga.
coinnleoirí craobhacha candelabra
" tá a fhios agam an rud atá ar bharr do theanga agat: níl crann ar bith in Inis Meáin agus ní bheidh na moncaithe ábalta dreapadh? Bhail, beidh cead a gcinn acu ar dhíonta na dtithe ceann tuí agus ar na coinnleoirí craobhacha san Áras nua-thógtha.
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann the All-Ireland Senior Hurling Championship
" I mbliana, ba lá an-speisialta é ar chúis eile ar fad do mhuintir na hiomána i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh de, mar is ar an lá sin a bhuaigh Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann den chéad uair le cianta.
Craobh Laighean the Leinster Championship
" Chomhair mé trí cinn déag de chlubanna bainteach le foireann faoi 14 Choláiste Chiaráin a bhuaigh Craobh Laighean i gcoinne Choláistí Átha Cliath cúpla seachtain ó shin.
ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís winning two football championships in succession again
" Is fada go bhfeicfimid contae ar bith ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís, gan trácht ar thrí cinn.
dhá chraobh as a chéile two championships in a row
" Má tá sin fíor, is foireann thar barr ar fad í foireann Chorcaí tar éis dóibh dhá chraobh as a chéile a bhuachan in 2004 agus 2005 agus cáiliú do cheithre chluiche ceannais as a chéile.
an chraobh nach mór ina ghlac the prize nearly in his hand
" Bhí mí-ádh air i gcónaí, agus an chraobh nach mór ina ghlac.
mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin as Irish Language Leader of that branch
" Is ball an-ghníomhach í de le Chraobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall de bhlianta agus, mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin (agus Chraobh West Region), tá sé mar sprioc aici cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
a bhí páirteach sa chraobh ón tús who took part in the branch
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
mar bhaill den chraobh as members of the branch
" ***AÓF: Ainmnigh cuid de na ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí a bhí mar bhaill den chraobh thar na blianta.
mar chrann taca na craoibhe as a pillar for the branch
" Bhí Michael mar chrann taca na craoibhe i gcónaí.
ar bhallraíocht na craoibhe on the membership of the branch
" ***AÓF: Cén fáth, meas tú, an bhfuil fás chomh mór sin tar éis teacht ar bhallraíocht na craoibhe thar na blianta? An mbaineann na ranganna ceoil a eagraíonn sibh leis seo, meas tú?*** TÓU: Tá baint nach beag leis an gcaoi a mbíonn na ranganna eagraithe leis an méadú seo, ceapaim.
roghnaítear dhá fhoireann don chraobh. two teams are chosen for the final.
" Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha, roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
craobh branch
" Chuaigh sé féin isteach san IRSP go gairid ina dhiaidh sin agus thosaigh sé craobh anseo i Learpholl.
a chraobhacha agus cumainn neamhspleácha its branches and independent societies
" Idir 1872 agus 1893, spreagtha ag an iris *An Gaodhal*, d’fhás Cumann Carad na Gaeilge, a chraobhacha agus cumainn neamhspleácha ar fud Mheiriceá.
sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha. in the branch on the left, the Celtic languages.
" Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha.
a gcéad chraobh their first title
" An cluiche a bhí ar siúl le déanaí agus ar chuir mé an-suim ann ná cluiche ceannais iomána na hÉireann 1995 nuair a bhuaigh an Clár a gcéad chraobh le 70 bliain nó mar sin.
saothraítear sútha craobh agus sútha talún raspberries and strawberries are cultivated
" Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaint – saothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.
Craobh Laighean the Leinster Championship
" D’oibrigh plean Uí Ifearnáin agus as Roinn 2 den tSraith Náisiúnta Pheile bhuaigh Áth Cliath Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann i 1974.
Craobh na hÉireann All-Ireland Championship
" An chéad uair ar éirigh lena gcontae Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar shampla, nó duine aonair ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir.
ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir. winning a cup or league or big race.
" An chéad uair ar éirigh lena gcontae Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar shampla, nó duine aonair ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir.
i gCraobh Dornálaíochta an Domhain in the World Boxing Chamionship
" Bua Barry McGuigan i gCraobh Dornálaíochta an Domhain sa bhliain 1985 agus bonn óir Michael Carruth ag na Cluichí Oilimpeacha in Barcelona sa bhliain 1992.
craobhacha na hÉireann the All-Ireland championships
" Agus é seo á scríobh agam, ní fios cé bhuaigh craobhacha na hÉireann sa pheil agus san iománaíocht ach, cé nach fios, is féidir a rá go raibh an-bhliain ag cluichí na nGael.
an chraobh the championship
" Ar dtús, bhí muintir Melbourne an-sásta go raibh a spórtsan á imirt ar fud fad na tíre, ach ó thús an chéid seo, bhuaigh foirne as na stáit eile an chraobh gach babhta.
Craobh Peile na hÉireann All-Ireland Final
" Samhlaigh, mar sin, cluiche atá níos mó ná Craobh Peile na hÉireann a bheith ar siúl gach deireadh seachtaine san fhómhar, i ngach ollscoil mhór sna Stáit Aontaithe.
ar chraobh Londan CLG, of the GAA's London branch,
" Roimh i bhfad, bhí Ó Coileáin ina chisteoir ar chraobh Londan CLG, agus ina chisteoir ar chraobh Londan agus ar chraobh dheisceart Shasana an IRB.
Craobh Learphoill the Liverpool Branch
" Níl an bhainis seo luaite i leabhar Belchem, cé go bhfuair sí a lán poiblíochta nuair a nocht Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht cuimhneachán i Meán Fómhair 1993 san eaglais inar phós siad.
tríú craobh i ndiaidh a cheile third championship in a row
" Cén fáth a bhfuil an tuairim seo agam? Tá deis iontach ag an dá chontae sin an tríú craobh i ndiaidh a cheile a bhuachan – deis agus spreagadh atá ann nach mbeidh ag na himreoirí sin go brách arís.
de chluiche crua craoibhe. of a difficult championship match
" Is é an fáth go mbeidh sé amhlaidh ná go bhfuil bua ag na foirne seo a bhíonn mar bhua ag na foirne is fearr i gcoitinne – tuigeann siad conas cluiche a bhuachan sa deich nóiméad deireanach de chluiche crua craoibhe.
craobh na hiomána, the hurling championship
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge the Liverpool branch of Conradh na Gaeilge
" Leac chuimhneacháinNuair a d'iarr craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge ar Paul Nener, ar biocáire é in Tuebrook faoi láthair, cead a thabhairt dúinn leac chuimhneacháin a chur ar an fhoirgneamh, dúirt sé go mbeadh sé lánsásta dá ndéanfaimis amhlaidh.
craobhacha branches
" Lena cheart a thabhairt do Chonradh na Gaeilge, chuir sé craobhacha ar bun in áiteanna mar Bhaile Phit, Milwaukee, Boston agus Nua-Eabhrac.
craobh láidir strong branch
" Cé go bhfuil craobh láidir den eagraíocht faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath, tá tuairim is 25 craobh eile lonnaithe lasmuigh den ardchathair agus bíonn ranganna ar siúl in achan chontae in Éirinn – agus sa tSairdín! Eagraítear ceardlanna in áiteanna a raibh easpa dúile sa rince i gceist iontu go stairiúil.
craobhacha championships
" Ní de bharr tallainne amháin a bhuaitear duaiseanna agus craobhacha sa spórt, ach trí obair chrua agus uaireanta fada an chloig caite i mbun cleachtaidh agus traenála.
leis na craobhacha ar fad mad altogether
" “One more time” a deireadh Pádraig agus ghabhadh an slua leis na craobhacha ar fad le rithim na ríleanna a bhí ag tíocht as na callairí: damhsa ag an Oireachtas gan “Ionsaí na hInse”, gan “Fallaí Luimnigh”, gan seiteanna fiú amháin.
Craobh an Domhain The World Championship
" Beidh céim chun tosaigh sa bhreis á santú ag na cailíní i mbliana, an tríú háit sa Chomórtas Sé Náisiúin agus áit i gCraobh an Domhain i Sasana an bhliain seo chugainn, 2010.
craobh dhomhanda world championship
" Bhuaigh seisean gach craobh dhomhanda idir 1927 agus 1947 ach ba spórt an mhionlaigh é.
theid a chraobh-sgaoileadh shall be broadcast
" Thèid an tachartas a chlàradh airson telebhisean agus rèidio agus theid a chraobh-sgaoileadh beò air an eadar-lìon.
craoibhe championship
" Maidir le tuairim Bhabs, ní thagaim leis ar fad toisc nach bhfaca mé féin riamh foireann as Cill Chainnigh, foireann scoile ná faoi aois, sinsear na sóisear, nach raibh ar a míle dícheall chun cluiche a bhuachan, bíodh sé ina chluiche sraithe, craoibhe nó eile.
Craobh na hÉireann The Championship/Liam Mac Carthy Cup
" Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin.
chraobh champhionship
" Má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i nGaillimh, beidh muid ag dul san iomaíocht in aghaidh na mbuaiteoirí, as na contaethe eile i gConnachta, agus má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i gConnachta, beidh muid ag glacadh páirt i gCraobh na hÉireann le buaiteoirí na gcúigí eile.