Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag craoladh broadcasting
" Is minic a chloistear na stáisiúin Bhéarla ag craoladh go hard i siopaí agus i mbialanna na Gaeltachta, gan aird á tabhairt ag an lucht bainistíochta ar cheol agus ar chaint RnaG.
ag craoladh beo broadcasting live
" Coinníodh an cheist beo ach ní raibh mórán daoine, go leor Gaeilgeoirí san áireamh, a shíl go dtiocfadh an lá (nó an oíche) riamh a mbeadh stáisiún teilifíse Gaeilge ag craoladh beo.
ag craoladh ag na buaicamanna broadcasting during peak times
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Aonad? Ar na laigí a bhaineann leis an Aonad tá go bhfuil an soláthar teoranta ó thaobh uaireanta craolta agus nach mbíonn muid ag craoladh ag na buaicamanna - ach amháin ar an idirlíon.
craoladh broadcast
" Comhad, ní beoshruth atá i gceist sa gcás seo, ach cén dochar i gcás teanga atá marbh? Ghlac mé scannal gan Raidió na Vatacáine a bheith ag craoladh i Súlú, ach faoiseamh ab ea *Deutsche Welle *sa nGearmáin a bheith ag craoladh sa tSanscrait (diabhal bréige é sin).
craoladh broadcasting
" Beo ar an teilifís ======= Rud eile a chuidigh go mór le cúpla bliain anuas le híomhá na gcluichí Gaelacha ná craoladh na gcluichí craoibhe beo ar an teilifís agus sluaite móra i láthair ag cruthú atmaisféar speisialta.
a chraoltaí which used to be broadcast
" Bhí Tadhg ag obair ar chlár teilifíse darbh ainm "Cúrsaí Ealaíne", a chraoltaí ar RTÉ, agus chuir sé agallamh ar Pheadar faoina dhlúthdhiosca nua.
ag craoladh broadcasting
" Tá muid ag craoladh ceithre uair is fiche sa lá, tá ardchaighdeán ag baint le cuid de na cláracha agus tá muid ag saothrú go leor airgid chun roinnt daoine a fhostú - fiú más ar bheagán airgid atá siad ag obair.
agus a craoladh and which was broadcast
" Léirigh staidéar a choimisinigh an clár "Prime Time", agus a craoladh ar RTÉ le gairid, go bhfuil úsáid cócaoin i measc aos óg meánaicmeach na tíre níos forleithne ná riamh.
á craoladh being broadcast
" Nuair a éiríonn leat é sin a fháil, bíonn sé éasca ceirníní a chur amach, ceapaim!" Tá sraith nua teilifíse faoin gceol comhaimseartha Éireannach, "Other Voices: Songs From a Room" á craoladh ar RTÉ ó bhí 25 Feabhra ann.
Craoladh clár a programme was broadcast
" Craoladh clár a rinne *Léargas *ar an bhfear léannta seo le déanaí chomh maith ar RTÉ.
a craoladh which was broadcast
" Bhreathnaigh saighdiúirí na hIaráice air, agus chreid siadsan an bholscaireacht a craoladh.
ag craoladh eolais broadcasting information
" Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad.
Craoladh an clár the programme was broadcast
" Craoladh an clár deireanach ag deireadh mhí an Mheithimh.
a craoladh beo which was broadcast live
" An mhí seo caite, mar shampla, sheinn sé beo os comhair 40,000 ag na Proms in the Park i mBéal Feirste, ceolchoirm a craoladh beo ar an BBC.
Craoladh an clár the programme was broadcast
" Craoladh an clár deireanach ag deireadh mhí an Mheithimh.
réitigh siad an leagan críochnúil le craoladh they prepared the finished version for broadcast
" Rinne Telegael an eagarthóireacht ar na pictiúirí, chuir siad fuaimrian leis, mheasc siad an fhuaim agus réitigh siad an leagan críochnúil le craoladh.
a chraoltaí which used to be broadcast
" Bhíodh sí ag dul timpeall le téipthaifeadán, ag ullmhú pacáistí a chraoltaí ar Raidió na Gaeltachta.
craoladh broadcast
"craoladh le linn an Oireachtais ======= Chuaigh Teilifís na Gaeltachta ar an aer ag Oireachtas na nGael i Ros Muc i 1987.
chraoltaí ócáidí móra spóirt beo big sports occasions used to be broadcast live
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
craoladh é it was broadcast
" “Ceird an Cheoil” an teideal a bhí air agus craoladh é ag tús na bliana seo.
craoladh é it was broadcast
" Bhuamar duais agus craoladh é thar an *intercom *sa scoil!” Ach is deacair ag aois chomh hóg sin cinneadh a dhéanamh faoin todhchaí.
ag craoladh broadcasting
" Ag an am céanna thosaigh RTÉ ag craoladh an chláir “Anois is Arís”.
craoladh nuachta news broadcast
" D’éist muid le gach craoladh nuachta, ag dúil le go dtiocfadh imalartú ag an bhomaite deireanach.
a craoladh which was broadcast
" Bhí PC Craig ar aon intinn leis sa chlár a craoladh ar an BBC.
na craoltaí páirtí polaitíochta the party political broadcasts
" “Bhí orm na craoltaí páirtí polaitíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge – thosaigh sé mar sin.
ag craoladh broadcasting
" Go mbeadh an oiread sin fonn ar cholúnaithe an drochrud a rá, cuid acu gan an stáisiún a bheith feicthe acu, cuid acu sular thosaigh an stáisiún ag craoladh.
ag craoladh broadcasting
" Tríocha bliain ó shin ba stáisiún páirtaimseartha é Raidió na Gaeltachta a bhí ag craoladh ar feadh dhá uair is ceathrú in aghaidh an lae.
craoladh na cláracha gan stad the programmes were broadcast continually
" Rinneadh an tsraith *The Flintstones* in ómós don scannán mór a bhí ag Jackie Gleason, *The Honeymooners,* agus craoladh na cláracha gan stad ó 1960 go dtí 1966 agus arís sna seachtóidí, rith nár sáraíodh roimhe sin nó ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig *The Simpsons* ar an fhód i 1989.
nuair a craoladh clár when a programme was broadcast
" Bhíos ag féachaint ar chláracha teilifíse do leanaí le déanaí nuair a craoladh clár a chuir iontas agus alltacht orm – treoir ab ea an clár do pháistí a raibh tuismitheoirí acu i bpríosún.
craoladh na taifeadtaí the recordings were broadcast
" Rinne Hamish Jeannie a thaifeadadh agus craoladh na taifeadtaí ar an raidió.
ag craoladh broadcasting
" (Cheannaigh cumainn dhílseacha aeróga speisialta nuair a thosaigh TG4 ag craoladh chluichí sacair na hAlban ar an stáisiún.
craoladh é it was broadcast
" Bhíothas i mbun léirithe ar an tsraith Ghaeilge seo, atá dírithe ar dhaoine óga agus ar dhéagóirí, ar feadh an tsamhraidh, agus craoladh é ar TG4 ina dhiaidh sin.
a craoladh which was broadcast
" ” Agus nach mbíonn tochailt i gceist i mbeathaisnéisí de ghnáth? “B’fhéidir go raibh an t-ádh liomsa go raibh roinnt áirithe tochailte déanta ag fear eile romham, ag Michael Davitt (i gclár faisnéise a craoladh ar RTÉ i 1996).
a craoladh which was broadcast
" I ndiaidh an chúrsa, roghnaíodh triúr againn le tabhairt faoin bpuipéadóireacht sa tsraith teilifíse “The Hoobs”, a craoladh ar TG4, mise ina measc.
Craoladh clár faisnéise den teideal céanna a documentary of the same name was broadcast
" Craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.
taispeánfar an clár a craoladh ar TG4 the programme broadcast on TG4 will be shown
" Cé nach mbeidh na saothair iad féin ar fáil, cuirfidh Hilary Pyle roinnt sleamhnán i láthair don lucht freastail a mbeidh pictiúir de chuid Trench le feiceáil orthu agus taispeánfar an clár a craoladh ar TG4 chomh maith.
a craoladh ar TG4 broadcast on TG4
" Bhain sí an-sult as a bheith páirteach sa tsraith ceithre pháirt “The Running Mate”, a craoladh ar TG4 san fhómhar anuraidh.
a chraoltaí which used to be broadcast
" Manainnise, a chraoltaí tráthnóna Domhnaigh an uair sin.
craoladh clár faisnéise den teideal céanna a documentary of the same title was broadcast
" Tá an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin agus craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.
craoladh beo live broadcast
" “Rinne muid craoladh beo ón bpuball.
craoladh seachtrach outside broadcast
" Ba éacht suntasach dúinne é sin mar nach ndearnadh craoladh seachtrach ó bhí Rónán Ó Dubhthaigh ina bhainisteoir ar an tseirbhís sna blianta tosaigh.
Craoladh was broadcast
" Craoladh an clár faoi Nollaig ar RTÉ agus fuarthas aiseolas an-dearfach isteach i ndiaidh an chláir.
craoladh was broadcast
" Mar fhreagra ar na ceisteanna a tháinig chun solais, mhínigh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, in agallamh fiche bomaite le Nuacht TG4 - ar craoladh na príomhphointí as i lár mí Eanáir - gur thar tréimhse de bhlianta a déanadh an t-iarratas seo agus gur dócha gur tríd an Roinn Airgeadais nó an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta a rinneadh é.
craoladh beo live broadcast
" Spórt an-fheiliúnach don teilifís ab ea é agus tháinig borradh faoin lucht féachana i ndiaidh craoladh beo Chraobh Snúcair an Domhain don chéad uair i 1978.
craoladh broadcasting
" An Saol Oibre SMM: Thoisigh tú ag craoladh le Raidió na Gaeltachta? RMAB: Níor thoisigh.
chraoltaí broadcasts
" Ní hamháin go bhfuil na meáin ag baint adhmaid as scéalta an fheachtais, tá dhá uair an chloig in aghaidh an lae curtha i leataobh do chraoltaí polaitiúla ar gach stáisiún raidió agus teilifíse – ag príomham.
craoladh was broadcast
" Níl a fhios agam cad é a déarfadh Robbo faoin chlár *Empire* a craoladh ar BBC an lá céanna a raibh a ráiteas ar an nuachtáin.
craoladh was broadcast
" Ag Treabhadh Leis ar an Dá Thrá =============== In agallamh a rinne sé i nGaeilge le Mícheál Ó Muircheartaigh sa bhliain 1986 agus é ina fhear óg scór bliain d’aois, agus ar craoladh cuid de ar RTÉ Raidió na Gaeltachta lá tar éis a bháis, labhair Jim go sceitimíneach faoina shaol san Astráil agus faoin dóchas a bhí aige go n-éireodh leis áit a fháil ar an bhfoireann an bhliain dár gcionn.
suíomh agus craoladh de chineál éigin a site and some type of broadcasting
" Beidh suíomh agus craoladh de chineál éigin agaibh.
léirmheasanna a scríobhadh agus a craoladh faoi reviews written and broadcast about him
" Ba scéal mór é dá bhrí sin ar na meáin in Éirinn nuair a d’éirigh Alex Ferguson as a phost mar bhainisteoir ar Manchester United agus caithfidh mé a rá gur chuir mé suim sna cuntais agus sna léirmheasanna a scríobhadh agus a craoladh faoi.
t-ábhar a craoladh material which was broadcast
" Níl aon amhras ach go bhfuil neart altanna ar fáil ó na foinsí áirithe sin ar an ábhar sin, ach ní dócha go bhfuil sé a leath chomh cuimsitheach is a bheadh an t-ábhar a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ag an am.
craoladh was broadcast
" Ach nuair a craoladh ina iomlán é go mall san oíche, bhain sé amach figiúirí lucht féachana i bhfad níos airde.
craoladh na the broadcasting of
" Chomh maith leis sin, chuidigh teacht chun na teilifíse daite agus craoladh na gcomórtas mór gailf beo ar an teilifís le suim an ghnáthdhuine a mhúscailt sa spórt áirithe seo.
á craoladh being broadcast
" Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil laigí móra ag baint leis an tsraith mar gheall ar an iar-Thaoiseach Cathal Ó hEochaidh atá á craoladh ar RTÉ an samhradh seo.
nuair a craoladh é when it was broadcast
" Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár “Ní Gaeilgeoir mé” nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis.
ag craoladh cláracha san fhormáid nua broadcasting programmes in the new format
" Tá teilifíseáin ardghléine ar díol sna siopaí anois ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, níl ach stáisiún amháin ag craoladh cláracha san fhormáid nua faoi láthair.
a craoladh which was broadcast
" Chuaigh an clár a craoladh ar an teilifís an mhí seo caite mar gheall ar mhuintir Ailpín as Corcaigh i gcion go mór ar lucht féachana na hÉireann, Colm Mac Séalaigh ina measc.
á craoladh being broadcast
" Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
ag craoladh broadcasting
" Thosaigh Lisa Nic an Bhreithimh ar thaithí oibre le Raidió na Life an samhradh seo caite agus tá sí fós chomh tógtha céanna leis an mbealach raidió príomhchathrach atá ag craoladh ar fud an domhain ar an idirlíon chomh maith.
craoladh was broadcast
" Dar le Donncha Ó hÉallaithe insíodh scéal na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann, le dhá scór bliain anuas, sa chlár faisnéise faoi Bhernadette Mac Aliskey (Devlin), a craoladh ar TG4 le gairid ach deir sé go bhféadfadh a dearcadh ar an bpróiséas síochána daoine óga a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.
ag craoladh broadcasting
" Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge.