Pota Focal Intergaelic
cap | ceap | ciap | cramp | crape
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
craptha crumpled
" Ach má d'imigh an duine go tobann an lá roimhe sin, agus é nó í ag screadach nó ag caoineadh, agus má tá an deasc lán píosaí beaga craptha páipéir, seans maith go mbeidh fadhbanna móra romhat.
craptha leis an aois shrunken with age
" Agus, mar sin, nuair a thóg an píobaire (fear ard tanaí, beagáinín craptha leis an aois agus ag an saol) na píobaí amach bhíodar uilig faoi dhraíocht.
crapadh shrinking
" Deir na meáin go léir, nach mór, go mbeidh geilleagar Mheiriceá, agus an domhain, ag crapadh níos faide, agus is cosúil, mar sin, nach bhfuil i mBernard Madoff agus a chomhshnámhaithe eile ach an dream a bhí ag snámh ina gcraiceann dearg ar an tanaí is a chuaigh i bhfastó sa snáth mara.
geilleagar ag crapadh economy contracting
" Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
crapadh folding up
" com/watch?v=FezsFM5AEsM&feature=related)"Ceart go leor," arsa mise liom féin, ag crapadh mo chulaith snámha chugam faoi m'ascaill.
ag crapadh to beat it
" Moltar do Mandaean nach ndiúltóidh dá gcreideamh a bheith ag crapadh as an tír.
chrap wizened
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
chrapadh chreidmheasa credit shrink
" Mar thoradh ar an chrapadh chreidmheasa, bíonn deacrachtaí ag na bainc in Éirinn cistiú a fháil ó bhainc eile le freastal ar a gcuid iasachtaí ollmhóra.
craptha bent up
" Bhí cuma neamhdhaonna air ar bhealach: é ina chraiceann dearg, an dath liathghorm air, agus a cholainn saolta fliuch agus craptha.
crapfaidh shall retract
" Tá matáin ana-bheaga ag rialú na dtrí chnámh agus má thagann fuaim ró-ard a fhad leis na cnámha seo, crapfaidh na matáin leis na cnámha a tharraingt siar ón dtiompán mar chosaint dúinn ionas nach mbodharófar sinn.
ár muinchillí a chrapadh suas to roll up our sleeves
" Tá bosca mór uirlisí ann, líon é chomh maith agus is féidir más fiú an chúis, ach arís tagann an chúis ón gcroí agus “níl a fhios agam, ní fheicim an racht láidir sin i ndaoine in ainneoin an méid atá ráite sna suirbhéanna, ní fheicim daoine ag rá gur rud luachmhar atá á chailleadh againn agus sula gcaille muid é, caithfidh muid ár muinchillí a chrapadh suas agus aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.
srón craptha snub nose
" Leis an rón beag, ní bhreathnaíonn sé cosúil leis an madra céanna! De ghnáth, bíonn aghaidh bheag ghleoite air gan smut, ach le srón craptha agus an-chosúil le spáinnéar shéarlais san aghaidh i ndáiríre.
crapfaidh siad leo they’ll hotfoot it
" Muna mbíonn daoine óga sásta in Éirinn agus leis na deiseanna atá acu sa tír, crapfaidh siad leo agus cén sórt tíre a fágfar gan aos óg oilte chun oibre? Deirtear go ‘maireann croí éadrom i bhfad’.
bhfuil na líonraí ag crapadh the network 's are diminishing
" Freagracht ar gach Éinne Againn ================= **CMacS: Céard tá i ndán don Ghaeilge amach anseo dar leat mar theanga phobail?** AÓC: Feictear dom go bhfuil pobal Gaeilge ann i gcónaí ach go bhfuil na líonraí ag crapadh is ag cúngú agus is í an Ghaeltacht féin an cás is measa.
ar cheann de na huirlisí is mó a chrap one of the greatest tools which shrank (the world)
" Rinneadh domhan beag den domhan mór, agus ar ndóigh, tá an t-eitleán féin ar cheann de na huirlisí is mó a chrap an domhan ó tháinig ann dó.
chrap sí chun bealaigh she took off
" Tháinig bean álainn as an Ghearmáin leis chun an bhaile, ach chrap sí chun bealaigh blianta ina dhiaidh sin.