Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chreatlach frame
" Bhí corp an fhir fuascailte ó chreatlach an chairr faoi seo agus a chos fuascailte óna chorp.
creatlach shell
" Níl ach creatlach ann anois, agus ní féidir dul isteach ann.
chreatlach frame-work
" Nuair, ó am go ham, a thiteann an brat de chreatlach na scáthlán, bíonn sé deacair creidbheáil i scigdhráma an tsaoil, fiú dá mbeifeá ag iarraidh, agus cé go bhfuil na haisteoirí uilig ag déanamh a ndíchill tú a mhealladh leo.
creatlach iomlán a full skeleton
" Soilsithe faoi ghrátáil san urlár, tá adhlacadh ciste, agus creatlach iomlán taobh istigh.
creatlach skeleton
" Baineann siad gach ribe éide den bhfonn agus ní mórán níos mó ná creatlach a bhíonn fágtha, ach ar nós na seinnteoirí *jazz* is fearr sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua agus ansin chuig an gcéad fhonn eile.
ag tarraingt na ribí deireanacha de chreatlach an turcaí, pulling the last bristles from the turkey's skeleton,
" Fad is a bhí sibhse uilig ag tarraingt na ribí deireanacha de chreatlach an turcaí, bhí mise sáite sa stiúideo ag obair.
creatlach skeleton
" Is creatlach de charachtar é gach duine ach ní hionann sin agus a rá nach gcuirtear inár láthair iad ar bhealach mothálach; cuirtear agus ar bhealach gonta bríomhar leis.
creatlach duine de na coilínithe the skeleton of one of the colonists
" I measc na n-iarsmaí tá creatlach duine de na coilínithe a lámhachadh le piostal, agus giuirléidí beaga a thóg na coilínithe leo ó Shasana.
creatlach reachtúil statutory framework
" Bhí a leithéid de dhíth le fada agus tá moladh tuillte ag an iar-Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell, as creatlach reachtúil den chineál seo a chur ar bun.
chreatlach skeleton
" Déanann an taispeántas scagadh cuimsitheach ar an chorp agus tú ag bogadh ó sheomra go seomra, ag tosú leis an chreatlach, na matáin, an córas lioga, an córas fola, díleá, análú, fual agus an córas athghiniúna.
creatlach framework
" Ba é Michael Dwyer a leag síos, don gcéad uair in Éirinn, creatlach tomhais léirmheastóireachta scannáin ar an uaschaighdeán is foirfe amuigh.
creatlach framework
" Conradh na nOibrithe Imirce ============= Is é atá sa Chonradh seo ná creatlach leathan a thugann treoir do stáit chun cearta imirceach a urramú le linn do bheartais imirce a bheith á bhforbairt is á gcur i bhfeidhm.
gcreatlach thuasluaite the abovementioned framework
" Cuir barra ar an gcreatlach thuasluaite mar choimhlint le réiteach.
creatlach bones
" Más Ozzie Osbourne ar an mall-luas é, lúide na heascainí, ach le gruaig, feisteas, dreachadh súl agus beol Robert *‘The Cure’* Smith, níl ansin ach creatlach fisiciúil an charachtair.
an chreatlach oibre atá luaite agam cheana the basic work program I’ve mentioned already
" “Tá sé de rún againn ollionad pobail a thógáil le sainchuspóir chun riar ar an chreatlach oibre atá luaite agam cheana.
sula n-itheann sí creatlach bhur dteanga before it eats your language structure
" Teachtaireacht ó na Creachadóirí do na comharsana mar sin: ligigí don dá theanga meascadh ina chéile más mian libh, ach coinnigí súil ar ollphéist na Denglische sula n-itheann sí creatlach bhur dteanga.
péire creatlach aitheantais two identity frameworks
" Ach conas is féidir linn a dhóthain muiníne a bheith againn i dteicneolaíocht chun an saol só sin a ghealluint do gach mac is iníon máthar? Táimid fós i bhfad uaigh sin go háirithe nuair a dtuigeann tú an comhrac inmheánach agus an lámhacán cúl scéithe a bhaineann le, mar shampla amháin, OAuth agus OpenID, péire creatlach aitheantais atá in úsáid, nó nach bhfuil in úsáid i gceart ag a leithéid *Facebook, Microsoft, Google* agus *Twitter*.
Ligeann an creatlach seo this framework allows
" Ligeann an creatlach seo úsáid frithchuimilte a dhéanamh dá seirbhísí i dteannta le suíomhanna idirlín eile.