Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chreidiúint credit
" Is deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaelainn i gcúinne beag torthúil agus tá an-chreidiúint ag dul do mhuintir na Rinne as ucht an teanga a choimeád ina beatha.
creidiúint credibility
" Is díospóireacht shuimiúil agus chasta í - an fíorealaín é saothar a chruthaítear go speisialta do chomhlacht idirnaisiúnta le táirge dá chuid a dhíol agus íomhá a chruthú dó? An gcailleann an saothar agus an t-ealaíontóir creidiúint de bharr go bhfuil siad ag tacú le fógraíocht nó an bhfuil an dá thaobh ag baint tairbhe as? D'fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh.
na creidiúna sin that credit
" Ach thairis sin, mheas muid gur uirlis fhíorthairbheach í do ghnó Éireannach agus nach bhfuiltear ag tabhairt na creidiúna sin di i láthair na huaire.
creidiúna credibility
" Fear é Haseler a bhfuil a lán creidiúna aige agus is minic a bhíonn sé ar na meáin ag labhairt faoin easpa tacaíochta atá ag an mhonarcachas sa lá atá inniu ann - cuir i gcas an easpa suime atá ag daoine san Iubhaile Órga i gcomparáid leis an cheiliúradh a bhí ann tríocha bliain ó shin ag am na hIubhaile Airgid.
chreidiúint credit
" Is mór an chreidiúint don Ghúm gur chuir siad an t-ábhar ar fáil mar seo.
creidiúintí credits
" Íocfaidh na comhlachtaí scoláireacht leis na daltaí agus gheobhaidh siadsan creidiúintí as an taithí oibre seo a dhéanamh.
an-chreidiúint a lot of credit
"an-chreidiúint ag dul don Aire as na céimeanna atá glactha aige go dtí seo.
le creidiúintí a bhaint amach to gain credits
" Ba dhaoine go leor acu seo a d'fhág an scoil luath agus a raibh orthu cúrsaí de chuid an Léinn Éireannaigh a dhéanamh ar mhaithe le creidiúintí a bhaint amach.
an-chreidiúint a lot of credit
" Má théimid timpeall na gCúigí agus tosú le Cúige Uladh, is cóir a rá i dtosach go bhfuil an-chreidiúint ag dul do mhuintir Aontroma as ucht caighdeán na hiomána a choinneáil ard i gCúige Uladh bliain i ndiaidh bliana.
chreidiúint credit
" Tá Cúram na nAosach freagrach as ionad lae do na seanóirí agus is mór an chreidiúint dóibh an t-áras atá acu.
creidiúint credibility
" Is beag creidiúint atá ag an bPríomh-Aire Berlusconi ó thosaigh an uachtaránacht i mí Iúil.
creidiúint credit
"creidiúint mhór ag dul do na gardaí - ar deireadh thiar thall, a deir tú, agus an ceart ar fad agat - as fiosrúchán mall a dhéanmah chomh foighdeach sin.
a chreidiúint to believe
" Nuair a thug mé cuairt air ina theach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ba dheacair dom a chreidiúint go bhfuil an fear ard, leathan, díreach a d'fháiltigh romham go maith os cionn ceithre scór bliain d'aois.
creidiúint credit
" Tugann Nioclás creidiúint do Ghael Linn as na hamhráin as Conamara a bheith chomh mór sin i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann.
creidiúint credibility
" "Nuair atá an tArm ag caitheamh amach saighdiúirí as marijuana a chaithamh, ní chuireann sé le creidiúint an Airm nach ndearna siad tada i dtaobh na beirte seo," arsa an tUasal McDonald ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh ag deireadh mhí an Mheithimh.
a chreidiúint to believe
" Ba dheacair dom é seo a chreidiúint, agus dóbair gur bhris mo ghol orm nuair a chuala mé an scéal uafásach seo.
an-chreidiúint a lot of credit
" Fuair an bheirt seo an-chreidiúint agus moladh as teacht ar lear mór ábhar pléascach i Ros Neamhlach i 1994.
an-chreidiúint a lot of credit
" Fuair an bheirt seo an-chreidiúint agus moladh as teacht ar lear mór ábhar pléascach i Ros Neamhlach i 1994.
creidiúint to believe
" In agallamh a bhí mar chuid de thionscadal staire béil mar gheall ar Lyndon Johnson, bhí an méid seo le rá ag O’Brien faoin theaghlach agus a chúlra Éireannach: “Is dóigh liom gur gnáthdhuine mé a bhfuil an ghnáthshuim aige sa teaghlach agus ina thír agus sna rudaí a dúradh gur cheart duit creidiúint iontu.
a chreidiúint to believe
" Is deacair a chreidiúint gur thit rudaí uafásacha amach ann.
a chreidiúint to believe
" An cuimhin libh cá raibh sibh deich mbliana ó shin, i mí na Samhna 2005? An mhí ar cailleadh George Best; an mhí a d’fhág Roy Keane Manchester United (agus, féach, níor bhuaigh siad comórtas ar bith ó shin!); an mhí ar ceiliúradh an céadú ócáid de chuid an chlub Sult (rud atá deacair a chreidiúint, anois agus muid chun freastal ar an 250ú ceann i mBaile Átha Cliath, agus Sult ina bhranda idirnáisiúnta na laethanta seo); agus an mhí ar foilsíodh Transport21, plean straitéiseach an Rialtais do chóras iompair na hÉireann.
a chreidiúint to believe
" Is deacair a chreidiúint go mbeidh TG4 deich mbliana ar an aer agus i mbun craolacháin i mí na Samhna i mbliana agus is iontach mar atá an cainéal tar éis cur leis an tseirbhís chraolacháin spóirt sa tír seo ó bunaíodh é, agus is sampla an-mhaith den tseirbhís sin an tsraith “Laochra Gael”.
a chreidiúint to believe
" Dár ndóigh, ní maith le daoine a chreidiúint go bhféadfadh a leithéid a bheith fíor.
a chreidiúint to believe
" Is deacair a chreidiúint gur cúig bliana déag ó shin a dhein Dee taifeadadh leis an mbanna den chéad uair – stiúideo Bow Lane ar chúl ionad siopadóireacht Fhaiche Stiabhna.
a chreidiúint to believe
" Dár ndóigh, ní maith le daoine a chreidiúint go bhféadfadh a leithéid a bheith fíor.
chreidiúint credit
" Dream faoi leith iad muintir Bhaile Átha Cliath atá níos cairdiúla agus níos cineálta ná mar a thugtar de chreidiúint dóibh, ceapaim.
a chreidiúint to believe
" Ach tá nithe ag baint le bás tragóideach Denis Donaldson a thugann ar go leor a chreidiúint nach iad a iarchomrádaithe a bhí freagrach as a dhúnmharú.
creidiúint credit
" Agus thug Adams creidiúint dó dá bharr.
deacair a chreidiúint hard to believe
" Le fírinne, bhí níos mó *Dubs* ar fhoireann iománaíochta Laighean sna blianta úd ná mar a bhí ar an bhfoireann pheile, rud atá deacair a chreidiúint anois, i bhfianaise stádas íseal Átha Cliath ag an leibhéal sinsearach.
creidiúint charbóin carbon credit
" Rinne an rialtas cinneadh creidiúint charbóin a cheannach in áit dul i ngleic leis an fhadhb agus athruithe a chur ar bun.
a chreidiúint to believe
" Is deacair a chreidiúint go bhfuil dhá bhliain déag imithe ó d’ardaigh Antaine Ó Dálaigh Corn Mhic Cárthaigh go caithréimeach os comhair slua mhóir, ríméadaigh de mhuintir an Chláir i bPáirc an Chrócaigh.
a chreidiúint to believe
" Is deacair a chreidiúint go bhfuil bliain go leith fágtha sa bhfeachtas go fóill, ach tuigeann na hiarrthóirí chomh tábhachtach is atá sé an t-airgead a bhailiú go luath.
an chreidiúint is mó, the greatest credit,
" Sin an chreidiúint is mó, b’fhéidir, atá ag dul do Joe Éinniú.
an-chreidiúint a lot of credit
" Measann Liam go bhfuil an-chreidiúint ag dul chomh maith do Mháire Nic Fhinn, a thug seal ag obair do Ghael Linn fosta, as caitheamh chomh maith sin le Ó hÉanaí le linn a shaoil, nuair a bhí go leor eile ag tabhairt neamhairde air.
Tá an-chreidiúint ag dul dó he deserves a lot of credit
" Tá an-chreidiúint ag dul dó agus dá mhodh oibre mar gur cheansaigh sé mo smaointe duairce – mar a dúirt mé, is léiritheoir an-oilte é.
Ní fhéadfainn a chreidiúint I couldn't believe
" Ní fhéadfainn a chreidiúint gur seo an áit a cheap mé a bheith chomh hiontach sin, mar níl ann ach ceantar an-bheag.
chreidiúint to believe
" Ag Oireachtas na bliana seo i gCorcaigh, ba dheacair dom an radharc a bhí os mo chomhair i gClub na Féile a chreidiúint: na céadta daoine ag damhsa is ag pocléimneach thart, mar a bheidís ag club oíche, ach amháin gur ceol gaelach a bhí á chasadh.
An Cheist Chreidiúna the matter of credibility
" An Cheist Chreidiúna: A nó B? Tús déanta i nglanadh suas na Dála, ach ní leor fós é.
chreidiúint (to) believe
" Níl siad in ann na scéalta uafáis a chreidiúint, ar dhonacht na scéalta.
teidil chreidiúna credits
" ’ Tá caint chomh maith ar thrálaeirí, faoileáin agus ar shaláin, ach bíonn ort fanacht ar na teidil chreidiúna do sin.
chreidiúint to believe
" Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú? Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí.
chreidiúint credit
" Tugtar an chreidiúint do Cholm Cille agus don 12 manach a bhunaigh an mainistir ar Í in éindí leis, as leathnú na Críostaíochta i measc na gCruithean agus tugtar ómós dá réir ar fud na hAlban do ‘Cholumba’, an bunainm Laidine a thugtar in Albain ar Cholm Cille sin againne.
chreidiúint to believe
" Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
chreidiúint believe
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
creidiúna credit
" Bhí an dream polaitíochta agus na dreamanna a bhí i gceannas na mbanc ag brath ar a chéile chun fás a choinneáil faoin mbaothgheilleagar, a cruthaíodh ar bhonn neart creidiúna a dháileadh ar na forbróirí le praghas tithe agus talaimh a ardú is a ardú is a ardú tuilleadh.
réamhtheideal creidiúna lead-in credit
" Is cuimhin liom fós cumhacht na réamhtheideal creidiúna.
an-chreidiúint great credit
"an-chreidiúint ag dul d’fheidhmeannaigh agus do bhord an Fhorais mar gur léirigh siad spéis agus tacaíocht don mholadh agus, tar éis dúinn dul tríd an phróiseas a bhí leagtha síos, rinne siad an conradh a thairiscint dúinn.
chreidiúint to believe
" ” Go deimhin nuair a liostálfaí na buanna agus na deiseanna oifigiúla atá ag an Ghaeilge anseo, dar leis, ba dheacair a chreidiúint go bhféadfadh sí a bheith faoi bhrú nó i mbaol ar bhealach ar bith; idir aitheantas Eorpach, aitheantas bunreachtúil mar phríomhtheanga oifigiúil, Acht Teanga, Aire agus Roinn Rialtais a bhfuil an teanga mar chúram ar leith orthu, stáisiún teilifíse is raidió agus dhá nuachtán.
chreidiúint to believe
" Má théinn ócáid na breithe go mór i bhfeidhm ar an tuismitheoir, áfach, ní doiligh a chreidiúint gur mór (agus b’fhéidir gur uafásach) an suaitheadh a fhaigheann an leanbán agus é ag teacht ar an tsaol.
chreidiúna credit
" Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.
chreidiúint to believe
" Bíodh go bhfuil sé an-deacair é a chreidiúint faoi láthair, fiú amháin, méadaíonn an teocht chomh maith, agus bíonn an chréafóg ag téamh timpeall orainn.
Is deacair dom a chreidiúint I find it hard to believe
" Is deacair dom a chreidiúint go bhfuil cúig mhí istigh ó fuair mé an iPad agus nach bhfuil alt scríofa agam daoibh fúithi (Lilah an t-ainm atá uirthí; is í Ella an iPhone).
an ghráin a creidiúint believe the hatred
" Dúirt Sandra McLellan nach bhfaca sí a leithéid riamh: "Ní thiocfadh liom an ghráin a creidiúint.
creidiúint i rud éicint believe in something
" Agus mé á rá sin, ní haon mhairtíreach ná aingeal mise, ach is dóigh go gcaithfidh tú creidiúint i rud éicint.
Is doiligh a chreidiúint it’s hard to believe
" Is doiligh a chreidiúint, ach bhí sé níos éasca siúl ar an ghaineamh te gan iad.
Is deacair liom a chreidiúint I find it hard to believe
" Is deacair liom a chreidiúint nach dtiocfadh feirm mhór ghaoithe salach ar áilleacht na tíre nuair a thógfaí méid áirithe muilte.
Ba dheacair a chreidiúint it’d be hard to believe
"Ba dheacair a chreidiúint go dtarlódh a leithéid le linn ré an tíogair cheiltigh” dar le Kathleen Byrne atá ina saorálaí ag dojo i mBré i gCill Mhantáin.
is deacair a chreidiúint it’s hard to believe
" Ach má tá líon na gCaitliceach ag fás in áiteanna ar nós Dheisceart Mheiriceá is deacair a chreidiúint nach n-imreoidh an nua-aoiseachas, agus an liobrálachas, a dtionchar ar iompar agus ar aigne na ndaoine sna críocha sin ar an dóigh chéanna is a d’imir siad ar mhuintir na hEorpa.
Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna no sooner were the first credit titles
" Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna le feiceáil ar an scáileán nuair a thosaigh leath den lucht féachana ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu a bhí le cloisteáil in ainneoin an bualadh bos a bhí á thabhairt ag an leath eile den slua a bhí bailithe le chéile i Sala Grande i bPálás an Chineama ar Lido na Veinéise.
Is deacair a chreidiúint it’s hard to believe
" Is deacair a chreidiúint go bhfuil an leibhéal inniúlachta chomh íseal sin.
leis an chreidiúint go dtiocfaidís ar iarsmaí an Naoimh in the belief that they’d find the saint’s remains
" D’ordaigh Pápa Pius XII tochailt seandálaíochta ann sa bhliain 1939 leis an chreidiúint go dtiocfaidís ar iarsmaí an Naoimh.
An féidir é a chreidiúint can it be believed
" An féidir é a chreidiúint? B’fhéidir.
Ní thiocfadh liom é a chreidiúint I couldn’t believe it
"Ní thiocfadh liom é a chreidiúint i ndáiríre, is breá liom gnóthaí pócair, níl mé á rá gur tháinig sé gan stró ach ní raibh ann ach caitheamh aimsire ag an tús.
creidiúint ag dul do bheirt credit was due to two (other)
" (Chomh fada le mo chuimhne, bhí creidiúint ag dul do bheirt Sheanadóirí eile as an méid oibre a rinne siad ag cíoradh an Bhille chéanna: Joe O Toole agus Brendan Ryan, beirt a raibh neart Gaeilge acu.