Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciontach i gcoir guilty of crime
" 'Daltaí scoile a fhaightear ciontach i gcoir ar bith as seo amach, ní cóir iad a chaitheamh isteach sa phríosún ach isteach i gceardchumann.
Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo they American public condone their crimes
" Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo, ceadaíonn siad iad agus spreagann siad iad.
coireanna an-fhoréigneacha very violent crimes
" Ar an chéad amharc, déarfadh duine gur pionós ceart agus oiriúnach é an pionós báis i gcás coireanna an-fhoréigneacha agus gráiniúla - an dúnmharú, cuir i gcás.
an choireacht crime
" Tá daoine áirithe den tuairim chomh maith gur bac éifeachtach ar an choireacht é.
ciontach as coir éigin guilty of some crime
" Má bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.
coireanna crimes
" Ní raibh iontas ar dhaoine nuair a léirigh na figiúirí oifigiúla an mhí seo caite go raibh an GMP i measc na bhfórsaí is measa sa tír - níor éirigh leo ach níos lú ná 10% de na coireanna sa réigiún a réiteach.
coireanna crimes
" Le breis agus bliain anuas táim ag tabhairt cuairte ar phríosúnaigh eachtrannacha atá ag íoc go daor as na coireanna a dhein siad - mar is cóir.
coireacht crime
" Nuair a smaoinímid ar na fadhbanna a bhíonn ag an dream seo le halcól, le drugaí, le coireacht agus an méid acu a chuireann lámh ina mbás féin, feicimid an tábhacht a bhaineann leis an gcumasú a thugann obair agus gluaiseachtaí deonacha do dhaoine tionchar a bheith acu ar a dtodhchaí agus a saol féin.
beart frithchoireachta anti-crime measures
" Bhí siad araon ag iarraidh cánacha níos ísle, seirbhísí níos fearr, fás geilleagrach níos láidre, príobháidiú, níos mó beart frithchoireachta, agus polasaithe níos déine chun déileáil le hinimirce mhídhleathach.
coireanna crimes
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
coireanna tromchúiseacha serious crimes
" Ag deireadh na míosa seo caite, d'fhág cairteitleán Torino ar a raibh líon mór Nigéarach a bhíothas ag cur ar ais abhaile agus a raibh roinnt mhaith coireanna tromchúiseacha curtha ina leith.
coireachta crime
" Nuair a bhíonn daoine go mór faoi mhíbhuntáiste agus beo ar an ghannchuid, is minic a théann siad i dtuilleamaí na coireachta agus tá sé seo amhlaidh i gcás na nAlbánach go háirithe, a bhfuil a *mafia* gach pioc chomh dainséarach leis an cheann dúchasach Iodálach.
Aonad Coireachta Sráide Street Crime Unit
" Chaith sé tréimhse leis an Aonad Coireachta Sráide chomh maith.
choir crime
" Bhain an dóigh a ndearna sí mionchur síos ar an dúnmharú cúpla mí tar éis na heachtra geit as na póilíní: an tslí ar phleanáil siad é agus ar labhair siad faoi go minic roimh ré, agus a ndeachaigh siad i mbun an choir féin.
choireanna cogaidh war crimes
" Má tá plé le déanamh ar choireanna cogaidh na linne, beidh ceisteanna le freagairt ag polaiteoirí Meiriceánacha chomh maith le saighdiúirí na hIndinéise agus a gcairde.
choireanna crimes
" I 1981 dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am gur réitíodh 80% de choireanna an Stáit seo trí amhrastaigh a cheistiú.
coireachta crime
" Tá gach dealramh air gurb iad an leibhéal ard coireachta agus foréigin a eascraíonn as mí-úsáid alcóil an t-aon rud a bhfuil an Rialtas seo buartha faoi.
coireanna crimes
" De réir suirbhé a rinne Aonad Taighde na nGardaí sa bhliain 2000, bhí baint ag an deoch le 88% de na cásanna dlí agus síochána, le 54% de na cásanna ina raibh damáiste coiriúil i gceist agus le 48% de na cásanna a bhain le coireanna i gcoinne an duine.
gcoireanna foréigin violent crimes
" Idir 1996 agus 2000 mhéadaigh líon na gcoireanna foréigin ar na sráideanna beagnach 100%.
coireachta crime
" Is é sin le rá gurb iad na paramílitigh dhílseacha a bhí ag saothrú dóibh féin le linn na coimhlinte na daoine céanna atá ag cruinniú maoine ó dhrugaí agus ó chineálacha eile coireachta anois.
coir crime
" Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d'imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo.
coir crime
" Is coir é cabhrú le striapach (mar shampla, coiscíní a dhíol léi nó cupán caife a thabhairt di agus í i mbun oibre) nó teacht i dtír ar an striapachas.
sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit a lot of language crimes will slip into your head unbeknown to you
" Ní hamháin go méadóidh do stór focal, ach sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit.
coireacht crime
" "Is ionann foréigean dílseoirí cuid mhór agus caimiléireacht, agus daoine ag iarraidh talamh a chosaint ar mhaithe le coireacht s'acu féin.
chun coir a réiteach to solve a crime
" I *Terrible Angel*, cuirtear an reibiliúnach glic Éireannach ón saol eile chun coir a réiteach i Greenwich Village sna 1990í.
choireacht crime
" Is é an Garda Síochána an chosaint dheireanach atá ag an phobal ar an choireacht agus ar an chaimiléireacht.
ag fágáil na coire sin orm attributing that crime to me
" "Nach bhfuil tusa ar fad ag fágáil na coire sin orm.
choir crime
" Thug tuairisceoir amháin an choir ba mheasa ó d'ionsaigh na Stáit Aontaithe Hiroshima agus Nagasaki ar an ionsaí i Halabja.
coir crime
" Arís, go dtí seo, creideadh gur dílseoirí a bhí freagrach as an gcoir seo.
coireacht crime
" D'aimnigh an Rúnaí Gnóthaí Baile, an feisire David Blunkett, an ceantar seo mar cheann de na 30 áit is measa sa tír maidir le coireacht/drugaí an mhí seo caite agus dúirt sé go mbeadh níos mó airgid ar fáil chun na fadhbanna a réiteach.
ráta coireachta crime rate
" Is é an toradh a bheidh air seo ná go dtiocfaidh méadú ar an ráta coireachta freisin.
coireachta crime
" 11?" Dúirt Coimisinéir na bPóilíní, Ray Kelly, go rabhthas ag caitheamh na milliún dollar d'acmhainní na bpóilíní ar na hagóidí seo, airgead a bhíothas in ainm is a chaitheamh ag troid i gcoinne na coireachta agus ar oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta.
coireacht crime
" 5 billiún ar HIH nuair a theip air agus cé gur ar dhrochbhainistíocht is mó a chuir an coimisiún an milleán, bhí coireacht i gceist freisin.
déantóir coire commiter of crime
" Ach cad é mar is féidir *modus vivendi *a chothú má tá an chodarsnacht íospartach/déantóir coire beo beathaíoch? Caithfidh poblachtánaigh bheith ábalta níos mó ná "seo na fáthanna gur mharaigh muid do Dhaidí" nó "phléasc muid do chosa ó do cholainn mar rinne an RUC seo nó siúd" a rá.
coireanna tromchúiseacha serious crimes
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
choir crime
" Ní raibh aon choir déanta aige, ach mheas na húdaráis nach raibh a mháthair in ann (aire chuí) a thabhairt dó.
go mbeadh sé páirteach i gcoiriúlacht that he would take part in crimes
" Cuireadh Adair sa phríosún in athuair mar go raibh an dochúlacht air an scéal go mbeadh sé páirteach i gcoiriúlacht, mar a deir an téarmaíocht oifigiúil.
coireanna drugaí drug crimes
" Tugadh go hAlbain - le cosaint na bpéas - iad ach, an tseachtain seo, cuireadh coireanna drugaí i leith Gina Adair agus a mac Jonathan i mBolton Shasana.
á mhaoiniú ag cúrsaí coireachta being funded by crime
" Ach ina ionad sin, le seachtainí anuas tá an tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell ag craobhscaoileadh ar gach meán a thabharfaidh cuireadh dó go bhfuil Sinn Féin á mhaoiniú ag cúrsaí coireachta.
coireanna gan íospartaigh victimless crimes
" B'fhéidir gur scéal fíor nó finscéal atá anseo ach is léir go bhfuil paramílitigh ag saothrú airgid as "coireanna gan íospartaigh".
cur i bhfolach coireanna the cover-up of crimes
" Cuireann scéal Buckley i gcuimhne do dhaoine an chumhacht a bhaineann le creideamh, ag am nuair atá go leor ag ceistiú cuid d'airteagail bhunúsacha an Chaitliceachais; cuireann sé i gcuimhne do dhaoine chomh maith gurb é atá i gceist leis an Eaglais Chaitliceach ná friotháil ar na daoine breoite, na bochtáin agus na díbeartaigh, seachas líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach agus cur i bhfolach coireanna amháin.
fhormhór na gcoireanna most of the crimes
" Ach ar nós fhormhór na gcoireanna a rinne Saor Éire, ar chúis amháin nó ar chúis eile ní bhfuarthas riamh aon duine ciontach astu.
úrscéal coireachta crime novel
" Is úrscéal coireachta é atá suite i mBéarra i gContae Chorcaí agus an chéad saothar cruthaitheach ón Bhleá Cliathach seo a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar stiúrthóir agus mar léiritheoir teilifíse.
coireanna crimes
" Is billiúnaí é an bailitheoir ealaíne Freidrich Christian Flick, agus garmhac agus oidhre Friedrich Flick (1883-1972), duine de phríomhdhéantóirí arm na Naitsithe, ar gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana air i 1947 as coireanna éagsúla a dhéanamh, ina measc sclábhaithe a úsáid ina chuid monarchana, agus seilbh a ghlacadh ar mhaoin Ghiúdach.
choireanna crimes
" Beidh cead ag na gardaí abairt amháin i nGaeilge a fhoghlaim: "Ní thuigim!" Shílfeadh duine ciallmhar nach bhfuil ciall ar bith leis an phlean seo, ach féach an laghdú a thiocfaidh ar choireanna a ndéanfar tuairisc orthu! Is slítheánta an mac é Micí.
choireacht crime
" Táthar ag súil go mbeidh tionchar acu ar choireacht, ar bhreabaireacht agus ar mhuinín an phobail sa stát.
choir crime
" Cé go raibh an tatú *"Ulster" *ar a lámh, agus go bhfuair na póilíní a lán paimfléad de chuid an UVF agus an Oird Oráistigh ina theach, agus gur admhaigh Forrest go raibh sé ag iarraidh an carr a chur trí thine, dúirt an Breitheamh Davies nach raibh aon fhianaise ann gur cúrsaí polaitíochta a spreag an choir agus ghearr sé téarma sé mhí *"youth custody" *air! Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire, etc.
an choireacht eagraithe Ghael-Mheiriceánach Irish-American organised crime
" Ní seo an chéad leabhar ó pheann English mar gheall ar an choireacht eagraithe Ghael-Mheiriceánach.
coir crime
" Bhí freagra simplí ag an AFP air sin – gur coir a tharla san Indinéis a bhí i gceist agus, mar sin, gur le póilíní agus cúirteanna na hIndinéise a bhain sé.
tugtha don choireacht given to crime
" Tar éis an tsaoil, mar a dúirt a mhac, ba “freelance Irish guy” é Jimmy McBratney, a raibh sé amuigh air go raibh sé tugtha don choireacht.
choireacht eagraithe organised crime
" Le cois a chuid oibre mar fhear gnó, tá sé ag cur le chéile clár faisnéise don teilifís mar gheall ar an choireacht eagraithe Éireannach, clár ina ndíreofar ar an dream mícháiliúil sin, na *Westies*, i Hell’s Kitchen, ach a dhéanfaidh iniúchadh fosta ar iarmhairtí na drongadóireachta i measc na nÉireannach i Meiriceá ar fad.
duine a chúiseamh as mionchoireanna to charge someone with minor crimes
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
mhórchúis serious crime
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
coir crime
" Má dhéantar coir, an chéad rud a dhéanfaidh na póilíní ná ceannfháth a chuartú.
coireanna cogaidh war crimes
" ” Is léir go gcuireann an forneart déistin ar Fisk agus is léir go gcreideann sé go bhfuil maitheas agus cneastacht i measc na saighdiúirí Meiriceánacha atá san Iaráic, ach go bhfuil coireanna cogaidh á ndéanamh acu fosta.
nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh never convicted of a crime
" Anuas air sin, má tá aon fhianaise ar chor ar bith ann go mbíonn lámh ag na heitleáin seo i bhfuadach daoine nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh, ba cheart cead a dhiúltú dóibh a gcuid umar a athlíonadh anseo.
duine a chúiseamh as mionchoireanna to charge someone with minor crimes
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
mhórchúis serious crime
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
coireanna poblachtánacha republican crimes
" Seans gurb í sin an chúis ar tharraing an freasúra siar i gcás McDowell ar eagla go gcuirfí ina leith nach mbíonn siad láidir a dhóthain ina seasamh i leith coireanna poblachtánacha.
choireacht crime
" Ach an mbeidh sé sásta dul i ngleic le híomhá nua Fhine Gael agus dúshlán Enda Kenny a thabhairt, seachas seasamh siar agus glacadh leis na hionsaithe mar gheall ar chur amú airgid, an córas sláinte agus an t-ardú sa choireacht? Tuigeann Bertie go bhfuil páirtí an Lucht Oibre lag faoi cheannaireacht Pat Rabbitte agus gur fearr an seans atá aige i mbliana ná fanacht go Bealtaine na bliana 2007.
mhionchoireacht petty crime
" Thuig mé gur fhadhb í an mhionchoireacht an uair sin, agus is cinnte go bhfuil an fhadhb sin imithe in olcas le cúpla bliain anuas.
coireachta crime
" Ní cóir go mbeadh ionadh ar aon duine faoi sin mar tá faillí déanta leis na blianta fada ag rialtas i ndiaidh rialtais sa bpobal lárchathrach agus toradh an neamairt sin le feiceáil le breis agus scór bliain i bhfoirm dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha, coireachta agus fadhbanna eile sóisialta.
mhionchoireacht petty crime
" Thuig mé gur fhadhb í an mhionchoireacht an uair sin, agus is cinnte go bhfuil an fhadhb sin imithe in olcas le cúpla bliain anuas.
coir crime
" Ni haon ionadh gur chuir an cabal coirpeach timpeall ar Milosevic corp an deachtóra le holagón agus deora fá scáth an chrainn teile ina ghairdín dúchais ag 41 Sráid Nemanjina, i Pozarevac, Dé Sathairn, an 18 Márta 2006.
gcoireanna cogaidh war crimes
" Beidh lá fada ann go mbeidh an deis arís ag aon duine Ceann Stáit a chiontú i gcinedhíothú, i gcoireanna cogaidh, ná i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
gcoireanna in aghaidh na daonnachta crimes against humanity
" Beidh lá fada ann go mbeidh an deis arís ag aon duine Ceann Stáit a chiontú i gcinedhíothú, i gcoireanna cogaidh, ná i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
Comhfhreagraí Coiriúlachta Crime Correspondent
" In ainneoin lasántacht na gceannlínte, tugann Comhfhreagraí Coiriúlachta an pháipéir, Michael O’Toole, anailís thomhaiste dúinn ar na príomhamhrasáin: “The Provos – Securocrats – Dissidents” agus, an aithním “srón” sheanchleachtaithe sa chéad chatagóir eile – “Ex-Comrades”? “Former IRA members may have been so angry at the betrayal that they decided to kill him without the knowledge or permission of the IRA leadership.
coireanna a dhéanamh to commit crimes
" Tá Haddock ina bhall seanbhunaithe den UVF ach tá líomhaintí láidre déanta go raibh sé ina spiaire de chuid na bpóilíní agus gur ligeadh do coireanna a dhéanamh, dúnmharú san áireamh, dá bharr.
coireanna uafásacha terrible crimes
" Ach níl sé claonta – deir sé go ndearnadh coireanna uafásacha “ar an dá thaobh” – ag tabhairt aspalóide don tríú “taobh”, na Sasanaigh.
mar gheall ar choir chiníoch because of a racist crime
" Gearradh téarma príosúin ar Mick i 1979 mar gheall ar choir chiníoch a rinne sé agus d’éirigh sé as an British Movement i 1983.
nár cúisíodh Haddock as coir ar bith that Haddock was no charged with any crime
" Dúirt an Teachta: “An líomhain lárnach atá ann ná nár cúisíodh Haddock as coir ar bith mar gur brathadóir ab éigean a chosaint a bhí ann.
an choiriúlacht gheilleagrach. economic crime.
" Tá costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais ag méadú chomh maith leis an choiriúlacht gheilleagrach.
coireanna an deachtóra the crimes of the dictator
" Mharaigh fórsaí Franco seanathair José Luis Zapatero, Príomh-Aire na Spáinne, agus tá a rialtas ag scrúdú coireanna an deachtóra go mion.
nuair a cuireadh coireanna ina leith. when he was accused of crimes.
" Bhí ar aire eile éirí as nuair a cuireadh coireanna ina leith.
coir crime
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
aon choir any crime
" Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh sé ciontach ón chéad lá, agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.
coireanna a thuairisciú. to report crimes.
" Tá fórsaí eile ar nós an PSNI ag baint úsáide as teicneolaíocht nua-aimseartha na ríomhaireachta le deis a thabhairt don phobal coireanna a thuairisciú.
i dtreo na coireachta towards crime
" Chuaigh cuid mhór acu i dtreo na coireachta le hairgead a fháil, agus thosaigh siad ag tógáil drugaí mar fhaoiseamh ón leamhthuirse agus ón dubhachas a bhain leis an dól.
ag fiosrú na coire. investigating the crime.
" Ach ba é ab iontaí faoin eachtra ná gur cháin Gerry Adams agus Martin McGuinness an dúnmharú agus gur iarr siad ar dhaoine cuidiú a thabhairt don PSNI agus iad ag fiosrú na coire.
coireanna ealaíne artistic crimes
" Pionós dianGearradh pionós ar bheirt fhear óga, a raibh na *tags *Krek agus Mers á n-úsáid acu, as a gcuid coireanna ealaíne in Manchester ar na mallaibh – dhá mhí dhéag agus cúig mhí dhéag príosúnachta faoi seach.
coir crime
" Ní féidir le *Beo!* breithiúnas a thabhairt maidir le cé acu an bhfuil coir – ceann morálta nó cion de réir an dlí – déanta ag Ó Searcaigh, nó nach bhfuil.
go raibh na coireanna seo fós ar siúl that the crimes were still going on
" Deirtear go raibh na coireanna seo fós ar siúl le linn na mblianta a chaith mise sa scoil sin.
a ciontaíodh Smith i gcoireanna éagsúla that Smith was convicted of various crimes
" Ba thimpeall an ama seo a ciontaíodh Smith i gcoireanna éagsúla ar nós iompar mí-ordúil agus feallaireacht.
rinneadh a gcoir a thaifeadadh, their crime was taped
" I ngan fhios dóibh, rinneadh a gcoir a thaifeadadh, agus nuair a taispeánadh an bascadh ar an teilifís, bhris círéibeacha – inar maraíodh 53 duine – amach ar fud na cathrach.
le fuathchoireanna a fhiosrú to investigate hate crimes
" " Maítear ansin go neamhbhalbh: "*Racial harassment is a hate crime*" agus tá sé ráite ar an suíomh go bhfuil foireann ar leith, ar a dtugtar Sigma, curtha ar bun le fuathchoireanna a fhiosrú agus go bhfuil oifigeach speisialta i ngach ceantar le dul i ngleic leo.
mionchoiriúlacht petty crime
" Níl sa saol acu ach dífhostaíocht, mionchoiriúlacht agus foréigean.
Chomhairle Náisiúnta um Choireacht The National Crime Council
" Cuireadh deireadh leis an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht agus leis an Chomhairle Náisiúnta um Míbhuntáiste Oideachasúil.
choireacht crime
" Beidh ar dhaoine maireachtáil ar an bheagán; beidh ar dhaoine dul thar lear le teacht ar ghléas beo dóibh féin; méadóidh ar an choireacht; beidh ar dhaoine a bheith ag súil le níos lú – níos lú airgead agus níos lú deiseanna.
gcoiriúlacht crime
" Fear eile a rinne go maith as an gcoiriúlacht sin ná Kemper Marley a bhí i gceannas ar shindeacáit Bronfman-Lansky i stát Arizona.
coireanna crimes
" Agus níorbh é sin an t-aon uair ar chosain John McCain coireanna Iosraelacha.
gcoirpeacht eagraithe organized crime
" Mar a chuir Gates é, caithfidh sé go raibh McCain “aineolach faoi - nó comhpháirteach i - gcoirpeacht eagraithe na Rúise.
coireanna crimes
" Bush go raibh an rás rite ag na tiarnaí cogaidh, ghríosaigh siad Meles Zenawi, deachtóir na hAetóipe nach bhfuil thar mholadh beirte ó thaobh cearta daonna de (ach ós rud é go dtéann sé i bpáirt leis an Iarthar, déanann na meáin neamhaird ar a chuid coireanna), dul isteach sa tSomáil, rud a rinne ar an 24 Nollaig, 2006.
coir an Diamhaslú the crime of Blasphemy
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
choiriúlacht crime, criminality
" Cuimsíonn mo liosta beag féin teaghlaigh i gCorcaigh, i Luimneach agus san ardchathair a bhí i mbéal an phobail as an choiriúlacht go minic.
coirpeachta eagraithe organised crime
" Creideadh go forleathan abhus ag an am gur d’aon ghnó a nimhíodh Phar Lap agus go raibh lucht na coirpeachta eagraithe freagrach as.
Shuirbhé Coiriúlachta crime survey
" D’fhulaing Cuid Mhór Daoine De réir Shuirbhé Coiriúlachta Thuaisceart Éireann a foilsíodh an mhí seo, d’fhulaing 20% de mhuintir na Sé Chontae drochíde nó foréigean gnéasúil uair amháin ar a laghad ina saol.
coireanna crimes
" In áit leithscéal a ghabháil faoina gcuid coireanna in aghaidh na bPailistíneach, cuireann Iosrael é féin i láthair mar chosantóir na sibhialtachta i goinne fhorrántacht Ioslamach.
choiriúlacht crime
" Raibh an choiriúlacht á ghlóiriú sa scannán? Gan trácht ar bhlas na réamhphoiblíochta – ‘*They’re young.
choireanna crimes
" Anuas ar choireanna den saghas seo, tuairiscíodh go ndearnadh an-chuid ban a éigniú.
Choir crime
" An Cion ina Choir in Arizona === An ghné is suntasaí de thionscadal Arizona, is dócha, ná go ndéanann sé coir den inimirce neamhdhleathach den chéad uair sna Stáit.