Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
critéir criteria
" Ba mhaith liom iarracht a dhéanamh arís na critéir aitheantais a fheabhsú i gcóir gaelscoileanna a bhunú i mbailte beaga.
chritéir criteria
" Déanann na hinstitiúidí breithmheas infheistíochta bunaithe ar chritéir ar nós ioncaim agus ráta fáis.
critéir aitheantais recognition criteria
" 75m ach d'ísligh sé na critéir aitheantais do Ghaelscoileanna go suntasach, rud a bhain ar shiúl an bac éagórach a bhí ar Ghaelscoileanna go dtí sin.
critéir aitheantais recognition criteria
" 75m ach d'ísligh sé na critéir aitheantais do Ghaelscoileanna go suntasach, rud a bhain ar shiúl an bac éagórach a bhí ar Ghaelscoileanna go dtí sin.
critéir criteria
" Bíonn critéir faoi leith againn agus muid ag earcú fostaithe: ní mór dóibh a bheith cliste, ní gá go mbeadh taithí acu ach go mbeadh meon agus dearcadh faoi leith acu ar an saol.
Critéir teanga linguistic criteria
" Critéir teanga Scéim Thithíochta Roinn na Gaeltachta a bheas mar shlat tomhais agus ní bheifear ábalta na tithe a dhíol nó a ligean amach ar cíos le daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu.
má chomhlíonann siad critéir na Roinne Oideachais if they fulfil the criteria of the Department of Education
" Tá foinsí maoinithe ann do na naíscoileanna má chomhlíonann siad critéir na Roinne Oideachais fríd an “Grúpa Comhairleach Réamhscoile” (GCR) agus tá go leor ag an ghrúpa seo ach na scoileanna a bheith aitheanta ag na Seirbhísí Sóisialta, rud a tharlaíonn 99% den am.
de réir na gcritéar according to the criteria
" Agus nár éirigh go breá leis an fheachtas de réir na gcritéar a leag Enda Álainn Aoibhiúil síos: fuair sé cúig vóta is fiche, agus sa mhéid sin – dar le hEnda – bhuaigh sé, nó fuair sé níos mó vótaí ná mar a fuair sé riamh roimhe.
critéir dhiana strict criteria
" Nuair a labhair mé leis an Roinn faoi seo, dúirt urlabhraí liom go bhfuil critéir dhiana ann le haghaidh Limistéar Caomhantais Speisialta: “But these do not rule out development,” a dúirt sé.
critéir criteria
" Iarradh ar an dá staidéar critéir theangeolaíochta a leagan síos do phobail ag a dtabharfaí stádas Gaeltachta.
Critéir Cháilitheachta qualification criteria
" Na Critéir Cháilitheachta ========== Cé hiad na daoine mar sin ar féidir leo cur isteach ar an scéim a d’fhógair Obama i mí an Mheithimh? Tá ar iarratasóirí a bheith os cionn 15 bliain agus faoi bhun 30 bliain.
chritéir theangeolaíocha linguistic criteria
" Gheall tú féin go dtabharfadh Acht na Gaeltachta ‘sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha’ ach is a mhalairt a tharla.