Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inneoin chrua the hard anvil
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
crann adhmaid chrua hardwood trees
" Tá comhlachtaí ilnáisiúnta foraoiseachta ag gearradh crann adhmaid chrua san fhoraois bháistí.
an pholaitíocht chrua eitneach hard-boiled ethnic politics
" " an pholaitíocht chrua eitneach ======= Bhí an dearg-ghráin, ar ndóigh, ag Nixon ar mhuintir Kennedy ar fad.
an choisíocht chrua a chur isteach to do the hard slogging
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
ag dul trí am an-chrua going through a very difficult time
" Tá na comhlachtaí go léir ag dul trí am an-chrua ar fad faoi láthair.
obair chrua ar bheagán airgid hard work for little money
" Bhí a fhios agam go mbeadh obair chrua ar bheagán airgid i gceist, ag déanamh ceapairí do na “Gaeilgeoirí” nó ag glanadh suas ina ndiaidh.
ba chrua hardest
" Duine de na tacaithe ba chrua agus ba dhiongbháilte ar fhoireann Chill Chainnigh ab ea Fan Larkin.
a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite which was a lot harder than his poor sick head
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
streachailt chrua hard struggle
" Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo, spreagadh Brownfield le teacht ar bhealach éigin le cuidiú leis na healaíontóirí seo a raibh streachailt chrua á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin.
a chrua how difficult
" Tá polasaithe maithe ann agus tugann sé le fios go dtuigeann an rialtas a chrua is atá an meathlú.
cruadh-bhearta eacnomaíochta difficult economic problems
" Cuid de na tíortha is neartmhaire ar Mhór-Roinn na hEorpa tá siad i gcogadh le chéile; agus, ins an am chéadna, tá ceisteanna troma poilitíochta agus cruadh-bhearta eacnomaíochta le réiteach againn féin annseo sa bhaile.
chrua severe
" Cáinaisnéis chrua, ag dul sa treo ceart, ach caithfear saoránaigh a chosaint ar an €80/90 billiún d’airgead nimhe na mBancannaí.
Leas an Cheachta Chrua the hard lesson's benefit
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
chrua hard
" Le linn an dá mhí den samhradh bíonn easpa nuacht chrua ar na meáin, gan na cúirteanna ná tithe an Oireachtais ina suí agus bíonn sé sách deacair goile na gclár cúrsaí reatha ar raidió is teilifís a shásamh.
cruachan to harden up
" B’fhearrde dúinn cruachan agus ár n-aghaidh a thabhairt ar an anachain agus dul i ngleic lenár gcuid fadhbanna go stuama.
cinnidh chrua hard decisions
" Ní bheadh an eagla chéanna air cinnidh chrua a ghlacadh an iarraidh seo, óir nach móide go seasóidh sé iarraidh eile don Dáil.
idir chrua is éadroma both hard and soft/light
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
Ba chrua an saol life was hard
" Dúshlán na Linne Seo ======= Ba chrua an saol a bhí ag muintir an oileáin sa tseanam.
tá cáil an fhir chrua ar has the reputation of a hard man
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
ach íocaíocht chothrom ar obair chrua just a payment for hard work
" Níl á fháil ag na mná tí ach íocaíocht chothrom ar obair chrua.
ag fulaingt faoi ualach chrua suffering the heavy burden
" Ní bhaineann ceisteanna an chiníochais leisean, dar leo, ach le sliocht na sclábhaithe a tháinig anseo na céadta bliain ó shin, atá fós ag fulaingt faoi ualach chrua na sclábhaíochta sna hiamhchríocha fud fad na tíre.
mba chóir an saol a chruachan life ought to be made as hard
" Obair Rialtais nó Mír Ghrinn? ============== D’fhógair Rúnaí Baile na Breataine, John Reid, i 2007 go mba chóir an saol a chruachan a mhéad agus ab fhéidir ar inimircigh a bhí sa Bhreatain gan chead.
agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide as she asks a street hardened man
" I ndráma eile, Glass House le Paul McMahon, feiceann muid Síneach eile agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide in oirthear na cathrach an *Union Jack* a bhaint anuas cionn is go ndéanann sé trup sa ghaoth istoíche agus ní thig lena hiníon codladh mar gheall air.
tabhairt faoin obair chrua face into the hard work
" “Níl aon rogha againn ach tabhairt faoin obair chrua le muinín an phobail a chothú arís agus déanfar sin má bhíonn eagraíochtaí trédhearcach, freagrach agus thar aon ní eile, feidhmiúil san obair a bhíonn ar siúl acu”, a deir Loretta Dignam.
rogha chrua ag had a hard choice
" Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair.
chruann hardens
" Nuair a chruann an easpa measa ina reacht, is deacair a shníomh ina cheart.