Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cruthúnas proof
" " Measann sí go bhfuil toil an phobail i bhfad níos mó laistiar den Ghaeilge inniu agus an cruthúnas is mó atá ann di ná an méid daoine a d'fhéach ar an gclár "Léargas" gach Máirt - "suas leis an gceathrú cuid de lucht féachana na tíre, a raibh rogha go leor stáisiún ag a lán acu, ag roghnú féachaint ar chlár as Gaeilge.
chruthúnas proof
" Níor cuireadh aon chruthúnas ar fáil riamh, áfach, go bhfuil an ceart acu siúd a úsáideann an dá argóint thuas mar chosaint ar an phionós báis.
cruthúnas proof
" Nuair atá an gnáthphobal sásta a lámh a chur isteach ina phóca féin bliain i ndiaidh bliana mar seo is cruthúnas eile é sin, má tá a leithéid ag teastáil, gur rud fiúntach é an rud atá ar bun agus is mó seans go mairfidh sé deich mbliana eile.
cruthúnas proof, evidence
" Ba léir ag an am gur beag cruthúnas a bhí ag an rialtas leis na líomhaintí seo, agus nuair a ceistíodh iad, tugadh dhá ghrianghraf do na meáin chumarsáide in éineacht le físeán ar dhrochchaighdeán chun an scéal a dheimhniú.
cruthúnais proof, evidence
" Tá aontachtaithe frith-Chomhaontaithe oiread sin ar bís ag iarraidh cruthúnais go bhfuil an IRA - agus an IRA amháin, chan na dílseoirí - ag briseadh a shosa cogaidh, go gcreidfidh siad rud ar bith.
cruthúnas cinnte definite proof
" Ach is iad an Garda Síochána an t-aon eagraíocht stáit go bhfuil cruthúnas cinnte againn gur éirigh le MI6 insíothlú a dhéanamh uirthi.
cruthúnas proof
" Anuas air sin, i bhformhór na gcásanna dlí sibhialta, glactar le cruthúnas faoi chúraim an chosantóra mar chosaint.
cruthúnas proof
" Ní féidir cruthúnas níos fearr a fháil maidir le do chuid oibre ná Emmy a ghnóthú.
cruthúnas evidence
" Tá dhá chineál eolais ann: cinnteacht (fíricí, cruthúnas) agus oscailteacht (féidearthachtaí, samhlaíocht), agus cuidíonn an ealaín leis an dara cineál sin.
cruthúnas proof
" Má chuirtear an beartas i gcrích, cruthúnas a bheas ann go bhfuil athrú intinne tagtha ar Údarás na Gaeltachta ag gach leibhéal den eagraíocht.
chruthúnas proof
" Cluiche saighdiúirí Shasana ab ea an sacar dar léi agus mar chruthúnas air sin ba leor a rá go raibh foireann sacair aon áit in Éirinn ina raibh beairic ag arm Shasana – Baile Átha Luain, Longfort, Luimneach agus araile.
chruthúnas proof
" Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo.
cruthúnas proof
"cruthúnas den mhéid seo (má bhí a leithéid de dhíth) le fáil i dTuarascáil Harris, nár foilsíodh go fóill ach a ndearnadh cur síos beacht uirthi san *Irish Independent* le gairid.
chruthúnas proof
" Cé nach aon chruthúnas an líomhain is déanaí go bhféadfadh Seirbhísí Rúnda na Breataine buamáil na hÓmaí a stopadh, ní hé sin le rá nach raibh a leithéid ar a gcumas.
chruthúnas proof
" Cé nach aon chruthúnas an líomhain is déanaí go bhféadfadh Seirbhísí Rúnda na Breataine buamáil na hÓmaí a stopadh, ní hé sin le rá nach raibh a leithéid ar a gcumas.
an bhfuil aon chruthúnas ann if there's any proof
" Níl a fhios agam an bhfuil aon chruthúnas ann go bhfuil baill CLG ag ól níos mó beorach de bharr urraíocht comhlachta áirithe, ach má tá seans ar bith ann go bhfuil daoine óga faoi thionchar na fógraíochta agus a ghabhann leis, ba chóir é a stopadh láithreach.
cruthúnas evidence
" Ba í an Príomh-Aire Helen Clark a sheol an rás – sin cruthúnas ar an meas atá acu ar spórt de gach aon sórt anseo i dtír na *All Blacks*.
cruthúnas proof
" An chéad uair riamh a tharla a leithéid, is cosúil, agus cruthúnas ar chomh lag is atá an tUasal Bush anois.
cruthúnas proof
" Agus níl cruthúnas níos fearr air sin ná *corpus* a chuid saothar, go háirithe an obair a rinne sé i mbarr a mhaitheasa, idir na caogaidí agus na seachtóidí.
cruthúnas na tuairime sin proof of that opinion
" Agus tá cruthúnas na tuairime sin le feiceáil ar fud chathair Bhaile Átha Cliath.
cruthúnas proof
" Ní gá ach leabhar iontach Danny Cassidy – *How the Irish Invented Slang* – a léamh le cruthúnas a fháil maidir leis an dóigh a ndeachaigh an Ghaeilge i bhfeidhm ar ghnáthchaint Mheiriceánaigh an lae inniu.
cruthúnas proof
" Cúpla bliain i ndiaidh a thurais chun na Tibéide bhí sé bainteach le turgnaimh in Auschwitz a raibh sé mar sprioc acu cruthúnas a chur ar fáil maidir le forlámhas na nGearmánach.
chruthúnas proof
" Mar bharántas ar na breithiúnais thuasluaite, agus mar chruthúnas, fiú muna mbíonn an ceart agam, go bhfuilim ar a laghad comhsheasamhach, luaim ‘Beo’, Eagrán 104, Nollaig 2009 (Das weisse Band); Eagrán 107, Márta 2010 ( Un prophete); agus Eagrán 97, Bealtaine 2009 (*Let the Right One In*).
Cruthúnas paiteanta solid proof
" Cruthúnas paiteanta é seo nár éirigh leis an chóras a bunaíodh in áit Gaeilge éigeantach sa státseirbhís.
chruthúnas prove
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
Cruthúnas proof
" Cruthúnas, b'fhéidir, go bhfuil deighilt shuntasach le feiceáil idir na glúinte.
ag éileamh cruthúnais demanding proof
" Le breis agus dhá bhliain, tá na daoine seo ag scríobh litreacha go dtí tithe cúirte agus parlaimintí stáit ag éileamh cruthúnais gur rugadh an tUachtarán ar thalamh Mheiriceánach.
cruthúnas proof
" Agus sin cruthúnas nach bhfuil airgead ar bith ar an mol thuaidh.
an cruthúnas proof
" Faoi Athmheas ======= Foilsíodh leabhair agus staidéir go leor thar na blianta a chuir faoi bhráid an phobail an cruthúnas go mbíodh bainistíocht úsáide talún ar siúl ag an mhuintir dhúchais ar feadh mílte bliain sular cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
Cruthúnas proof
" Cruthúnas is ea an chomhdháil seo go bhfuil saol Gaelach ar fáil i Nua-Eabhrac nach féidir le cathair ar bith eile i Meiriceá Thuaidh a shárú go fóill.
a chruthúnas sin the proof of that
"a chruthúnas sin sna pictiúir saitilíte, dar leis.
Mar chruthúnas as proof
" Mar chruthúnas nach bhfuil an réimeas ó thuaidh le leas na ndaoine, tá líon éilitheoirí óga 26 faoin chéad níos mó ná mar a bhí sé nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.
cruthúnais nua a sholáthar provide new proofs
" córas Tholamaeis, b’éigean d’aos léinn na hEorpa cruthúnais nua a sholáthar a bhréagnódh an teoiric seo agus a dhlisteanódh an t-údarás a bhí ag córas Thomalaeis roimhe sin.
chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe the scientists’ unsteady proofs
" Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
má tá cruthúnas ann if there’s proof
" Sílim go mbeadh sé tromchúiseach go leor má tá cruthúnas ann go raibh duine ag brathadóireacht ar son an stáit agus ansin gur ceileadh fianaise i gcás eile, bheadh sé thar a bheith tromchúiseach.
aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar any proof that the police played foul
" Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile.
raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo he had proof on these computers
" Bhí trí ríomhaire glúine ag Snowden, agus in ainneoin chomh hóg is a bhreathnaigh sé, níorbh fhada gur áitigh sé ar Greenwald go raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo go raibh rialtas Mheiriceá ag spiaireacht ar eachtrannaigh agus ar a shaoránaigh féin ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis.
cruthúnas go bhfuil cuireadh proof of an invitation
" Tá roinnt bailte, fiú, nach ligtear daoine isteach iontu gan chárta aitheantais agus cruthúnas go bhfuil cuireadh faighte ag an duine.
A chruthúnas air sin proof of that
" A chruthúnas air sin, líon mór na mbealaí raidió agus teilifíse a bhfuil fáidheadóireacht mar bhonn leo.
mar chruthúnas as proof
" Chuir sise ina leith gur léirigh a chuid iompair thar na blianta a ghnéasachas agus a chuid fuatha ar mhná, agus luaigh sí imeachtaí éagsúla go sonrach ina raibh sé páirteach mar chruthúnas.
cruthúnas doiciméadach documentary evidence
" Dúirt siad gur cruthúnas doiciméadach thar a bheith tábhachtach atá sna pictiúir sin – cruthúnas den Uileloscadh “ceilte” sin a rinneadh ar na mílte íospartach Roma, slad nach bhfuair aitheantas forleathan go fóill.