Ach an bhfuil duine beo taobh thiar den bhéaloideas seo nó an é nach bhfuil ann sa deireadh ach toradh samhlaíochta nó, níos measa arís,
íomhá a cruthaíodh le dlús a chur le cúrsaí siopadóireachta aimsir na Nollag?
Creidtear gurb é an comhlacht Coca-Cola a thug ar an saol sna 1930aí an íomhá is coitianta atá againn anois den phearsa seo, nuair a léirigh an maisitheoir trádála Haddon Sundblom Daidí na Nollag i ndathanna an chomhlachta (bán agus dearg) mar chuid d’fheachtas fógraíochta an gheimhridh - tréimhse a bhí thar a bheith deacair ó thaobh díolacháin ag Coca-Cola, is cosúil.