Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuóta quota
" Chuile sheans freisin go dteipfeadh ar an Lucht Taistil cuóta a bhaint amach.
cuótaí quotas
" Tá na mílte duine óg ag tréigean a gceantracha féin de bharr an scriosta atá déanta ag cuid cuótaí an Aontais Eorpaigh ar thionscal na hiascaireachta agus na talmhaíochta.
chuóta iascaireachta fishing quota
" Cé gur le hÉirinn an ceathrú cuid nó mar sin d'fharraigí na hEorpa, níl ach thart ar 4% de chuóta iascaireachta na hEorpa ag an stát seo.
na cuótaí ciondála the ration quotas
" Agus de réir mar a éireoidh an breosla níos gainne, ísleofar na cuótaí ciondála, agus beagán ar bheagán, éireoidh an geilleagar níos lú.
cuótaí bainne milk quotas
" Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra tá scríofa *Up The Dubs*! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh sé logainm úr a bheas inghlactha don dá thaobh: *Dingle Uí Chúis!* Do Mháire Ní Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, tá bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollag – cúpla cloch meáchain de shiúcra candaí.
móramh mór os cionn an chuóta a big majority above the quota
" Más ar an teilifís a chloistear sin, seans gur ar an tríú gloine, nó, déanta na fírinne, ar a gcaid iomlán atáid! Sa chás áirithe seo – comhaireamh na vótaí i ndáilcheantar Dhún Laoghaire – faoi leathuair tar éis a naoi feictear dom go dtoghfar Mary Halpin le móramh mór os cionn an chuóta ar an gcéad chomhaireamh.
cuóta na mac léinn eachtrannach quota of foreign students
" “Bhí an t-ádh liom nach raibh cuóta na mac léinn eachtrannach líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus d’éirigh liom áit a fháil ansin.
cuótaí quotas
" Maidir le cuótaí agus a leithéid, tá siad maslach.