Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
codanna eile other parts
" Dúnadh an t-ionad cuimhneacháin i mí an Aibreáin chun an cosán agus codanna eile de a bhí "dainséarach" do thurasóirí a dheisiú, a dúirt oifigigh de chuid an BPCA.
an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol the horror that ruined the rest of his life
" Ba ansin a thosaigh an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol.
go maith chun deiridh ar an chuid eile way behind the others
" Ní raibh mórán ar an liosta, ach go dtí an lá inniu bhí Dónall go maith chun deiridh ar an chuid eile.
nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca that not many disciples in the rest of the world worship the great god of hockey
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, similar to another work of his,
" ” Agus mé ar tí fágáil, thaispeáin Tadhg an tionscadal atá idir lámha anois aige dom, leabhar nua do dhaoine fásta, ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, *Gugalaí Gug*, a foilsíodh do pháistí.
cúpla péarla eile dá chuid a few more pearls of his
" Is fiú cúpla péarla eile dá chuid a chur ar a chloch chinn: “I write scripts to serve as skeletons awaiting the flesh and sinew of images.
nochtadh an chuid eile den bhaile the rest of the town was uncoved
" Cuireadh tús le tochailt seandálaíochta an bhliain ina dhiaidh sin, agus nochtadh an chuid eile den bhaile a bhí i ndiaidh a bheith clúdaithe faoin talamh ar feadh níos mó ná caoga bliain.
bhog an chuid eile de dhaonra an bhaile the rest of the population of the town
" Cailleadh 153 duine an oíche sin, agus bhog an chuid eile de dhaonra an bhaile go háiteanna eile.
agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile and that a lot of other flights would be transferred
" Thóg Aer Lingus an cinneadh i rith an tsamhraidh go gcuirfí deireadh leis na heitiltí díreacha idir an tSionainn agus Heathrow, agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile go mol nua i mBéal Feirste.
is cuid den stair an chuid eile den scéal. the rest is history
" Ach thosaigh muid a sheinm ceoil le chéile sa deireadh agus is cuid den stair an chuid eile den scéal.
le hais na coda eile as against the other part
" An bhfuil tú dóchasach, leathdóchasach nó an-dóchasach i leith a bhfuil i ndán don tír seo le hais na coda eile den domhan san am atá le teacht? Táim an-dóchasach.
na coda eile the other group
" Cén fáth go gceadaítear do dhream an mhíchruinnis obair mhaith na coda eile a mhilleadh? An samhlaítear nach dtugtar an míchruinneas faoi deara, go forleathan? Cén fáth nach gcuidítear le craoltóir an mhíchruinnis i ndiaidh cláir, nó an mhaidin dár gcionn? Sin, nó a bhaint d'obair an chraolacháin! Ní hé go mbeifí ag súil le cruinneas chuile lá den saol ag duine, ach tá roinnt a chaithfear cuidiú leo.
cuid nach beag eile a sizeable group besides
" Measann daoine go leor abhus gur laoch é, ach tá cuid nach beag eile den tuairim láidir gur chladhaire a bhí ann.
chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair another sister lost her reason
" Bhí a athair ina sheanmóirí mire, fuair a mháthair agus a dheirfiúr bás nuair a bhí seisean óg agus chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair.
cuid áirithe eile den chléir another particular section of clergy
" Tá a fhios ag an saol mór gur sagairt iad seo a bhfuil meas ag an phobal orthu, agus gur sagairt iad a sheasann i lomchodarsnacht le cuid áirithe eile den chléir.
cur síos sna codanna eile a description in the other parts
" Déanann Noone cur síos sna codanna eile ar an bhaint a bhí ag Astrálaigh le gluaiseacht na hathbheochana, agus leis an mbaint leanúnach atá acu faoi láthair leis an teanga.
cuid eile urchóideach others are hurtfall
" Cearrbhaigh nach mBearrfadh go Domhain ================= Tá cuid eile urchóideach, binbeach, áirím cinneadh Chomhairle Lios na gCearrbhach saoirse an bhaile a thabhairt don Ord Bhuí mar shampla.
ag spreagadh na coda eile againn encouraging the rest of us
" Saor-Raidió Chonamara, Teilifís na Gaeltachta/Gaeilge agus tá daoine ag spreagadh na coda eile againn i rith an ama.
Ach an oiread leis an chuid eile no more than any other part
" Ach an oiread leis an chuid eile den tír, áfach, níl aon chosaint ag pobal na Gaeltachta ón doineann geilleagair agus tá a sciar féin de chiorruithe á n-iompar acu.
dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain like many other groups in world history
" 
Tá mise i bhfách le leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil, ach tá seo ag dul thar fóir dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain, tá na Gaeil á ndíbirt ón taifead oifigiúil.
ní gá don chuid eile againn glacadh leis the rest of us don’t have to accept it
" Tá an Seoiníneachas ceart go leor ina áit féin – i bhfad uainn - agus ní gá don chuid eile againn glacadh leis aníos faoin ghaosán, sna meáin chumarsáide.
fad is nach bhfuil i gcuid eile acu ach smaointe fánacha while others are just ideas
" Táim cinnte go bhfuil bunús le cuid de na míniúcháin seo fad is nach bhfuil i gcuid eile acu ach smaointe fánacha.
an chuid eile dá saol a chaitheamh istigh i monarchain to spend the rest of their lives in a factory
" Ach bhí glúin nua tríú leibhéal ag teacht ar aghaidh nach raibh ag iarraidh an chuid eile dá saol a chaitheamh istigh i monarchain.
Freastalaíonn an chuid eile the others attend
" Freastalaíonn an chuid eile ó am go ham ar chluichí agus ar imeachtaí éagsúla an chumainn.
Fágadh an chuid eile ar lár the others were left out on a limb
" Fágadh an chuid eile ar lár ón bhorradh gheilleagair.
Ní hé nach bhfaca cuid eile againn the rest of us are aware of
" Ní hé nach bhfaca cuid eile againn an nimh san fheoil sin ina gcoinne a eascraíonn as aineolas an mhóraimh go bunúsach.
ba mhithid don chuid eile againn it would be time for the rest of us
" Tharla scaifte áirithe den mhuintir dílseach /aontachtach a bheith múscailte le spéis sa Ghaeilg, ba cheart agus ba mhithid don chuid eile againn cuidiú leo ar aon bhealach a thig linn.
ba mhór ab fhiú don chuid eile againn it’d be of great benefit to the rest of us
" Dá gcuirfidís an tríú ceist orthu féin agus dul ag lorg na bhfreagraí, ba mhór ab fhiú don chuid eile againn iad a bheith inár measc.