Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuidithe help
" Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh? Níl go dtí seo, cé go bhfaighimid roinnt cuidithe ó dhreamanna éagsúla le hábhar a chur i gcló - leithéidí an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh, agus foilsitheoirí Gaeilge.
cuidiú a dhiúltú refuse help
" Tuigeann na caimiléirí seo nach bhfaigheadh siad féin cead dul i dtír go deo san Iodáil ach nach féidir leis an Capitaneria di Porto cuidiú a dhiúltú do na daoine eile ar an long.
mó cuidithe more help
" Cén fhís atá agat féin don eagraíocht agus don Ghaeilge? Go leanfaidh sí ag fás agus ag láidriú mar eagraíocht atá ag cur na Gaeilge chun cinn agus go mbeidh níos mó cuidithe ar fáil ón stát d'eagraíochtaí mar seo.
dá gcuidiú for their help
" Ina dhiaidh sin tugadh an t-oileán agus cuid mhór den talamh thart fá na Rosa do Chlann Conyngham, mar chomhartha buíochais ó Chromaill dá gcuidiú.
cuidiú help
" Mhothaigh mé go minic go raibh spiorad na ndaoine a mhúscail mé ag brú isteach orm; ag impí orm a scéal a insint; ag cuidiú liom, ar ndóigh.
thug sé an-chuidiú domhsa he gave me a lot of help
" Múinteoir fisice ab ea é san ollscoil anseo, ach bhí rang oíche Gaeilge aige fosta agus thug sé an-chuidiú domhsa.
chuidiú mór big help
" Caithfidh go bhfuil seo ina chuidiú mór, nuair a smaoiníonn tú go bhfuil na ranganna á dtabhairt gan táille.
chuidiú help
" " Coláiste na Tríonóide ======= Nuair a shroich McLaughlin Coláiste na Tríonóide i 1979, ba chuidiú é a thuiscint leathan ar an nGaeilge, mar thosaigh sé ag plé leis an tSean- agus leis an Nua-Ghaeilge ag an am sin.
cuidiú mór a great help
" " Deir sé gur cuidiú mór a bhí ann fosta eagarthóirí cumasacha a bheith ag plé leis an saothar.
ag iarraidh cuidithe looking for help
" Bliain amháin, bhí an Dr Conn McCluskey, duine de bhunaitheoirí Chumann na gCearta Sibhialta ó thuaidh, ag bailiú staitisticí ar an bhail a bhí ar Chaitlicigh sa Tuaisceart agus ní raibh sé ábalta duine ar bith a fháil ar an Lorgain a chuideodh leis - go dtí go ndeachaigh sé tigh Rodgers ag iarraidh cuidithe.
le cuidiú an chabhlaigh with the help of the navy
" In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
le cuidiú satailíte with the help of a satellite
" Tá sé an-deacair é a aimsiú, ach bhí gléas ag David Thompson, maor an Iontabhais Náisiúnta, a aimsíonn rudaí le cuidiú satailíte.
tuilleadh cuidithe more help
" Tá sé ag cuartú tuilleadh cuidithe lena chuid pleananna d’Erectus Dhoire 2006 a chur i gcrích.
cuidiú mór a great help
" Bhíodh clár Gaeilge á chraoladh ar an raidió anseo, uair an chloig in aghaidh na seachtaine, agus cuidiú mór ab ae é sin chomh maith.
cuidiú, oiliúint agus treoir help, training and guidance
" Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.
cuidiú le bunadh an tuaiscirt to help the people of the north
" Measann an tUasal Canavan go dtig leis na hAlbanaigh cuidiú le bunadh an tuaiscirt an tseanbhiogóideacht a chaitheamh uathu.
ag cuidiú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn. helping them promote their products.
" Is cinnte go n-oibríonn sé ó thaobh na gcumann spóirt agus na gcomhlachtaí ach an bhfuil an teachtaireacht cheart á cur chun cinn ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus ag lucht an rugbaí? Is léir go gcreideann na comhlachtaí go bhfuil an urraíocht ag cuidiú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn.
ag cuidiú puinn. helping in any way.
" Tá mo cheann suaite faoi nithe eile agus níl an ócáid seo ag cuidiú puinn.
theastaigh uaidh cuidiú leosan he wanted to help them
" Bhí albam úr ag The Thrills chomh maith agus theastaigh uaidh cuidiú leosan chomh maith le cuidiú linne, agus bhí téama de dhíth air don eagrán a bhí le teacht.
aon chuidiú dóibh any help to them
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
an-chuidiú do théamh domhanda, a lot of help to global warming,
" Thug an gníomh seo an-chuidiú do théamh domhanda, gan trácht ar an damáiste a rinne sé do chomhphobail ar fud na tíre.
ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol. helping the children to go the right way in life
" Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe, chreid a bhformhór go raibh siad ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol.
le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, with the help of the Freedom of Information Act,
" Is léir, áfach, ó shuirbhé atá déanta agam, le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, nach bhfuil comhsheasmhacht ar bith ann maidir le cur i bhfeidhm an choinníll ó chontae go contae.
cuidiú agus tacaíocht help and support
" ***Cairde *Lá Nua*:*** Murach cuidiú agus tacaíocht na n-eagras agus na n-institiúid Gaeilge – ó Fhoras na Gaeilge go Conradh na Gaeilge, an Gaeláras, Gaelscoileanna agus go leor eagras eile – ní bheadh *Lá Nua* ann ar chor ar bith.
cuidiú help
" Is le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) an tsatailít Mars Express, agus seo an chéad uair riamh a d’iarr muintir NASA ar fhoireann GSE cuidiú agus tacaíocht oibre a chur ar fáil dóibh.
cuidiú ollmhór a great help
" Is seirbhís phraiticiúil í seo; acmhainn is ea í a mbeidh fáil ag an phobal trí chéile uirthi agus a bheidh ina cuidiú ollmhór d’fhoghlaimeoirí na teanga agus do mhúinteoirí.
le cuidiú leis na himeachtaí ar fad. to help with all of the events
" “Thug Raidió na Life gach tacaíocht dó agus bhí muid ar lámh ar feadh an deireadh seachtaine le cuidiú leis na himeachtaí ar fad.
go dtabharfadh sé cuidiú he would help
" Bhí trua agam don chréatúr ach dúirt fear an tí go dtabharfadh sé cuidiú dó.
chuidiú a help
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
cuidiú to help
" Tá daoine ag súil go bhfaighidh an rialtas réiteach na faidhbe, ach i ndáiríre, tá cumhacht an rialtais teorannta go maith agus beidh ar mhuintir na tíre, mar dhuine aonair, mar theaghlaigh, agus mar phobal, an cruatan a fhulaingt agus beidh ar chách a ndícheall a dhéanamh cuidiú lena chéile mar chomharsana agus mar náisiún.
chaithfeas tú cuidiú you have to help
" nuair a chaithfeas tú cuidiú a thabhairt do dhaoine eile duds a roghnú, níl doghrainn ar bith ar an domhan mhór ann atá níos measa domhsa.
cuidiú assistance
" Chuir sé ina luí ar dhaoine cén cuidiú a bheadh de dhíth ón phobal féin agus cé hiad na spriocanna a bheadh i gceist chun feabhas a chur ar an gheilleagar.
cuidiú assistance
" Deir sí liom fosta gur áit ar dóigh atá in Oideas Gael agus go bhfuil gach cuidiú a fhaigheann an stiúrthóir ón Rialtas tuillte go maith aige.
bhféadfaí cuidiú could be helped
" I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.
cuidiú leo to help them
" I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.
Cuidiú an Idirlín the internet assistance
" Cuidiú an Idirlín Is cabhair an-mhór an t-idirlíon agus mé ag tabhairt faoin dtóraíocht seo.
chuidiú a help
" Bheadh an t-idirlíon ina chuidiú do thionscadal na nuachtán, ní bheadh ann ach bealach eile chun na scéalta móra a scaipeadh agus, go bunusach, bhaileofaí an nuacht féin ar an bhealach chéanna.
chuidiú help
" Déan sin agus b’fhéidir go mbeidh sé ina chuidiú don eagras mhaoinithe agus dóibh siúd atá ag seoladh tairisceana chucu.
cuidiú mór a great help
" Sin agaibh ceithre phíosa eolais a bhailigh mé ó Twitter inné, cuid de gur cuma ann nó as é, ach cuid eile de gur cuidiú mór agam é.
cuidiú assistance
" Dhreap siad an aill ard agus chuaigh siad ó dheas go Gleann Cholm Cille, áit a bhfuair siad cuidiú agus dídean.
cuidiú helping
" Bhí mé ag cuidiú le cara de mo chuid a raibh iris aige i Leitir Cheanainn, ag scríobh thall is abhus.
chuidiú assistance
" (Cuntas mar chuidiú anseo http://www.
cuidiú to help
" Ach fiú má tá daoine ann ar féidir le Treiber brath orthu chun cuidiú leis agus é ar a theitheadh - bia agus athrú éadaí a thabhairt dó - is uaigneach aonarach an áit ina bhfuil sé anois ó thaobh na síceolaíochta de.
cuidiú helping
" Ní hamháin sin, ach deir sé go bhfuil a fhios sin ag na réiteoirí, ach go bhfuil faitíos orthu dada a dhéanamh faoin scéal ar eagla go gcuirfí ina leith nach bhfuil siad ag cuidiú le saorghluaiseacht an chluiche.
cuidiú help
" html) D'aithin sé go dtiocfadh leis an turasóireacht cuidiú le forbairt an cheantair ach í a bheith ag teacht leis an timpeallacht agus le cultúr an phobail.
chuidiú help
" Éacht ollmhór é seo atá ag feidhmiú gan aon chuidiú foirmiúil stáit.
chuidiú assistance
" D’iompair muintir na Gaeltachta an t-ualach rófhada gan chuidiú fiúntach ó mhóramh mhuintir na hÉireann i rith an ama go dtí seo.
cuidiú help
" Ach arís eile, ba iad gnáthmhuintir na hÉireann a sheas sa bhearna bhaoil le cuidiú agus le comhpháirtíocht le go dtiocfadh daoine tríd an uafaireacht.
cuidiú helping
" Kathleen Mavourneen a bhí uirthi agus bhí sí ag foghlaim Gaeilge (mar ba urlabhraí Gaeltacht í ag an am, b'fhéidir?) agus ag cuidiú leis na tuismitheoirí aire a thabhairt do Bhalor agus dá deirfiúr óg, Balorina.
cuidiú help
" Thóg sé trí seachtaine orthu beirt focal ar bith as béal a chéile a thuigbheáil, ach deirtear go bhfuiltear i ndiaidh an fhadhb sin a shárú le cuidiú ón aistritheoir idirnáisiúnta clúiteach Patsaí Dan Mac Ruairí.
chuidiú to help
" Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
Cuidiú na Gaoithe a helping breeze
" Cuidiú na Gaoithe ========= A mhalairt a thit amach sa dara leath áfach.
le cuidiú with help
" Bhí sí i ndiaidh ceachtanna príobháideacha a fháil Tigh Buck le Labhrás Sonaí Choilm Learaí, le cuidiú ó áis aistriúcháin chomhuainigh a chuir Patsaí Dan Mac Ruairí ar fáil.
ag cuidiú helping
" Tá airgead mór i saol na Gaeilge cheana féin agus nílimid ag cuidiú lena chéile i réimse an airgeadais.
ag cuidiú leo assisting them
" Tá a chion féin déanta aige in imeacht na mblianta ar son eagraíochtaí carthanacha abhus agus thar lear, ag cuidiú leo riarachán feidhmiúil a chur ar bun lena seirbhísí a fheabhsú.
cuidiú le to help
" Bhí sé buí ag an ngréin, dea-bhéasach agus réidh i dtólamh cuidiú le lucht snámha i sáinn, nó bhí cluiche spóirt éigin á imirt aige.
cuidiú chun cruinnis a helping hand toward accuracy
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
ag iarraidh cuidithe looking assistance
" Murach iad, cá mbeadh muid! An Modh Oibre ======= **SMM: An dtéann sibhse i dteagmháil leis na gnónna nó an é an chaoi go dtagann siadsan chugaibhse ag iarraidh cuidithe?** BNC: Ag an tús, théadh muid i dteangmháil leosan.
cuidiú liom to help me
" Mhínigh mé an scéal, agus shocraigh sé cuidiú liom.
teacht a chuidiú le to come to the assistance
" Fuair beirt Thaoiseach litreacha éagsúla a smuigleáileadh ó phríosún ardslándála i Sasana ag deireadh na seachtóidí agus tús ag na n-ochtóidí ag impí orthu teacht a chuidiú le beirt phríosúnach ó Ghaeltacht Dhún na nGall.
ag cuidiú leis helping
" Bhínn ina theannta sin ag cuidiú leis na cláracha sa choláiste tráchtála teanga ina raibh mé i mo chónaí.
Cuidiú le Dream an Ghustail assistance for the rich
" Cuidiú le Dream an Ghustail ============ Bhí conspóid ghéar ann gach uair a leathnaíodh an státchabhair seo agus tharla an chonspóid ba nimhní idir 1996-2007, nuair a bhí John Howard ina Phríomh-Aire.
a shaol caite aige ag cuidiú le spent his life helping
" Cár chuala muid a leithéid cheana? An cúigiú duine a balbhaíodh ar na mallaibh ná an tAthair Brian Mac Dorchaí, an sagart cáiliúil sin de chuid Ord na Croise agus na Páise, fear cróga, oscailte, Críostaí, a bhfuil a shaol caite aige ag cuidiú le daoine.
ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt doing their best in assisting
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
cuidiú leo help them
" Bhuel, rith sé liom go dtiocfadh le muintir Thoraigh cuidiú leo.
a bhí ag cuidiú leo who were assisting them
" " Mhair an cath ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo.
ina chuidiú mhór a great help
" ” Chuaigh Julie ar scoil chónaithe i dTuaim agus is dócha go raibh an struchtúr seo ina chuidiú mhór ag bean óg atá i dtólamh ag iarraidh cúram a thabhairt do gach rud ina saol oibre - canadh, cumadh, déanamh físeán, chomh maith le gnó an duine féinfhostaithe, srl.
Is mian liom cuidiú leo I try to help them
" Is mian liom cuidiú leo, an solas a ligean isteach.
le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil to help her handle the business side of things
" An Fuadar nach bhFeictear ========== Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
thug siad cuidiú do they helped
" Mhol sé na heagraíochtaí deonacha, mar Chúram Comhphobal Éireannach Merseyside, “Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine,” agus dúirt sé linn go raibh an tréithe sin feiceálach i measc na n-imirceach agus an dóigh ar thug siad cuidiú do sheandaoine nó do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu.
Thug muid cuidiú do we helped
" Thug muid cuidiú do Jim Larkin óg (nach maireann) agus é sa chathair i 1990 ag déanamh taighde ar a leabhar agus thaispeáin muid cóip den teastas dó.
chun comhairle cuidithe a thabhairt do to help with advising
" Tá Jim chun comhairle cuidithe a thabhairt do Mc Ginley mar chaptaen, faoi aigne foirne.
gheobhaidh sí cuidiú éicint she’ll be assisted in some way
" Ar an láimh eile, má dhíríonn sí aird ar ghné eile den scéal, an t-athrú aeráide, gheobhaidh sí cuidiú éicint ó thráchtálaithe na súdaireachta, lucht an bhrabaigh, cuidiú ar féidir a roinnt le lucht cabhrach an Treas Domhain.
cuidiú ar féidir a roinnt le assistance which can be shared with
" Ar an láimh eile, má dhíríonn sí aird ar ghné eile den scéal, an t-athrú aeráide, gheobhaidh sí cuidiú éicint ó thráchtálaithe na súdaireachta, lucht an bhrabaigh, cuidiú ar féidir a roinnt le lucht cabhrach an Treas Domhain.
bheartaigh mé siúl le cuidiú bata I planned to walk with a stick
" Don chéad uair i mo shaol bheartaigh mé siúl le cuidiú bata de bharr a ghéire is a bhí uillinn na malaí agus muid ag teacht anuas.
chun cuidiú liom mo chos a chur i dtaca to help me stay on my feet
" Buíoch go leor a bhí mé go raibh bata agam chun cuidiú liom mo chos a chur i dtaca.
as an chuidiú rialta for the regular support
" Meastar in árais chumhachta Mheiriceá agus na hEorpa anois gur féidir Libia a chreathadh, d’fhonn a nguagacht a léiriú do lucht a gcleithiúnais féin ann sa dóigh go mbeidh siad buíoch beannachtach i dtólamh as an chuidiú rialta agus as aon stiúir agus comhairle bhreise a chuirfear ar fáil dóibh feasta.
cuidiú leis na tíortha eile help the other countries
" Ba chóir do rialtais an iarthair cuidiú leis na tíortha eile an t-olc seo a chur ina cheart.
in ann cuidiú liom able to help me
" Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.
le cuidiú ó Theachtaí neamhspleácha with the help of independents
" B’fhéidir nach mbeadh go leor suíochán eatarthu fiú amháin le comhrialtas a bhunú le cuidiú ó Theachtaí neamhspleácha a bheadh báúil le go leor dá gcuid beartais pholaitíochta.
in ann cuidiú le able to help
" Sa chlár, bhí mná ag caint ar conas mar atá ag éirí leo éirí as agus, b'fhéidir, ar an gcaoi sin go mbeidh muid in ann cuidiú le duine nó beirt amuigh ansin atá ag dul fríd am an-chrua leis an ól agus atá ag streachailt.
lena gcuidiú siúd a fháil to obtain their support
" Theastódh gné dhearfach imshaoil lena gcuidiú siúd a fháil agus theastódh gné chúitimh le muintir bhaint na móna a bheith ar aon bhord amháin faoina mbeadh le déanamh.
le cuidiú leo to help them
" Tá sé mar aidhm aige dearcadh an phobail a athrú i leith na ndaoine seo, nuair a fheiceann siad duine gan dídean ar an tsráid agus daoine a spreagadh le rud eigin a dheánamh le cuidiú leo.
le cuidiú na dteaghlach with the help of the families
" An Rock Bar ===== Ó cháipéisí a d'fhoilsigh an Historical Enquiries Team (HET) a bhailigh údar Lethal Allies, Ann Cadwallader agus foireann ó Ionad Pat Finucane, an fhianaise atá curtha i dtoll a chéile acu le cuidiú na dteaghlach, lucht dlí agus iarphóilíní de chuid an RUC féin.
an chuidiú sin that assistance
" Ghabh sí buíochas leis as an stocaireacht a rinne Liam ar a son, agus dúirt sí nach raibh sí ag smaoineamh ar an chuidiú sin ar chor ar bith nuair a cheap sí é mar Chathaoirleach.
cuidiú leo ar aon bhealach to help them in any way
" Tharla scaifte áirithe den mhuintir dílseach /aontachtach a bheith múscailte le spéis sa Ghaeilg, ba cheart agus ba mhithid don chuid eile againn cuidiú leo ar aon bhealach a thig linn.
ag lorg cuidiú oícheanta seeking night assistance
" Bíonn cumainn mar sin ag lorg cuidiú oícheanta go háirithe.
cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe help a mountain rescue group
" Bealaí Eile? ===== Más duine sách scafánta agus aclaí thú, thiocfadh leat cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe? Caillfidh tú cuid den am saor a bhí agat roimhe seo, agus caillfidh tú blaisín airgid leis sa mhéid go gcaithfidh tú tiomáint amach faoin tír in amannaí le teacht ar an ionad tionóil le haghaidh oiliúna, nó b’fhéidir le duine nó daoine a tharrtháil as glas binne nó as dorchadas agus fuacht sléibhe.
do chuidiú de dhíth ar your help needed by
" An bhfuil do chuidiú de dhíth ar an ghluaiseacht seo? Breathnaigh thart le do shúile cinn.
mhadraí cuidithe helping dogs
" Thug an carthanas Irish Dogs for the Disabled le fios go raibh orthu liostaí feithimh do mhadraí cuidithe a chur ar fionraí.
ina chuidiú mhór a great help
" D’fhoghlaim mé an dóigh le staidéar a dhéanamh, le hiniúchadh a dhéanamh agus bhí sin ina chuidiú mhór.
cuidiú ina reáchtáil to help in running it
" Ba í seo an chéad uair riamh don fhéile a bheith i nDoire nó fiú i dTuaisceart Éireann, agus ba mhór an onóir agus an t-ábhar pléisiúir a bhí ann do mhuintir na cathrach é fáiltiú rompu agus cuidiú ina reáchtáil.
le cuidiú liom an mhóin a ghróigeadh to help me to foot the turf
" Tháinig sé go Ros Comáin an bhliain seo a chuaigh thart le cuidiú liom an mhóin a ghróigeadh, ach i ndáiríre is ag ligean scile air féin a bhí sé agus é ag plé le móin.
le cuidiú leis an obair dhúshlánach to assist in the challenging work
" Tháinig capaill chun na hAstráile den chéaduair sa Chéad Chábhlach, thiar sa bhliain 1788, le cuidiú leis an obair dhúshlánach an choilíneacht a bhunú san fhiántas.
lámh chuidithe a helping hand
" ‘Ceart is cóir dó’ a deir Colm Mac Séalaigh, ‘ní raibh ann ach gur shin sé lámh chuidithe amach ar son a thíre’.
ag cuidiú leo féin helping themselves
" Níl siad ag cuidiú leo féin ach oiread le duine ar bith, dar leis.
ag iarraidh cuidiú le trying to help
" Chuir Lorna Ní Thomáin spéis i scéal Simon Metin, fear óg a tháinig slán ón ngalar troscaidh agus atá ag iarraidh cuidiú le daoine óga eile atá i nguais easláinte nó i gcontúirt an bháis féin.
so-aithnid as Conamara ag cuidiú leo a well-known C. person helping them
" Bhí Gael so-aithnid as Conamara ag cuidiú leo thall.
Ní cuidiú ar bith (they’re) of no assistance
" Ní cuidiú ar bith do na turasóirí an farasbarr comharthaí seo, ach a mhalairt.