Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuidithe help
" Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh? Níl go dtí seo, cé go bhfaighimid roinnt cuidithe ó dhreamanna éagsúla le hábhar a chur i gcló - leithéidí an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh, agus foilsitheoirí Gaeilge.
cuidiú a dhiúltú refuse help
" Tuigeann na caimiléirí seo nach bhfaigheadh siad féin cead dul i dtír go deo san Iodáil ach nach féidir leis an Capitaneria di Porto cuidiú a dhiúltú do na daoine eile ar an long.
rud a chuideoidh leis an cheantar which will help the area
" Rinne na foraoiseacha dochar mór do na locha agus na haibhneacha le fiche bliain anuas ach anois tá rialacha níos déine ann, rud a chuideoidh leis an cheantar.
chuideodh sin leo feabhsú that would help them improve
" Dhéanfadh roinnt chluichí samhraidh leas na n-imreoirí óga agus chuideodh sin leo feabhsú.
cuidímis leo let us help them
" Tá daoine ar bís leis na forbairtí a chur chun cinn - cuidímis leo!
mó cuidithe more help
" Cén fhís atá agat féin don eagraíocht agus don Ghaeilge? Go leanfaidh sí ag fás agus ag láidriú mar eagraíocht atá ag cur na Gaeilge chun cinn agus go mbeidh níos mó cuidithe ar fáil ón stát d'eagraíochtaí mar seo.
dá gcuidiú for their help
" Ina dhiaidh sin tugadh an t-oileán agus cuid mhór den talamh thart fá na Rosa do Chlann Conyngham, mar chomhartha buíochais ó Chromaill dá gcuidiú.
cuidiú help
" Mhothaigh mé go minic go raibh spiorad na ndaoine a mhúscail mé ag brú isteach orm; ag impí orm a scéal a insint; ag cuidiú liom, ar ndóigh.
thug sé an-chuidiú domhsa he gave me a lot of help
" Múinteoir fisice ab ea é san ollscoil anseo, ach bhí rang oíche Gaeilge aige fosta agus thug sé an-chuidiú domhsa.
chuidiú mór big help
" Caithfidh go bhfuil seo ina chuidiú mór, nuair a smaoiníonn tú go bhfuil na ranganna á dtabhairt gan táille.
chuidiú help
" " Coláiste na Tríonóide ======= Nuair a shroich McLaughlin Coláiste na Tríonóide i 1979, ba chuidiú é a thuiscint leathan ar an nGaeilge, mar thosaigh sé ag plé leis an tSean- agus leis an Nua-Ghaeilge ag an am sin.
cuidiú mór a great help
" " Deir sé gur cuidiú mór a bhí ann fosta eagarthóirí cumasacha a bheith ag plé leis an saothar.
ag iarraidh cuidithe looking for help
" Bliain amháin, bhí an Dr Conn McCluskey, duine de bhunaitheoirí Chumann na gCearta Sibhialta ó thuaidh, ag bailiú staitisticí ar an bhail a bhí ar Chaitlicigh sa Tuaisceart agus ní raibh sé ábalta duine ar bith a fháil ar an Lorgain a chuideodh leis - go dtí go ndeachaigh sé tigh Rodgers ag iarraidh cuidithe.
le cuidiú an chabhlaigh with the help of the navy
" In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
le cuidiú satailíte with the help of a satellite
" Tá sé an-deacair é a aimsiú, ach bhí gléas ag David Thompson, maor an Iontabhais Náisiúnta, a aimsíonn rudaí le cuidiú satailíte.
tuilleadh cuidithe more help
" Tá sé ag cuartú tuilleadh cuidithe lena chuid pleananna d’Erectus Dhoire 2006 a chur i gcrích.
cuidiú mór a great help
" Bhíodh clár Gaeilge á chraoladh ar an raidió anseo, uair an chloig in aghaidh na seachtaine, agus cuidiú mór ab ae é sin chomh maith.
cuidiú, oiliúint agus treoir help, training and guidance
" Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.
cuidiú le bunadh an tuaiscirt to help the people of the north
" Measann an tUasal Canavan go dtig leis na hAlbanaigh cuidiú le bunadh an tuaiscirt an tseanbhiogóideacht a chaitheamh uathu.
ag cuidiú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn. helping them promote their products.
" Is cinnte go n-oibríonn sé ó thaobh na gcumann spóirt agus na gcomhlachtaí ach an bhfuil an teachtaireacht cheart á cur chun cinn ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus ag lucht an rugbaí? Is léir go gcreideann na comhlachtaí go bhfuil an urraíocht ag cuidiú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn.
ag cuidiú puinn. helping in any way.
" Tá mo cheann suaite faoi nithe eile agus níl an ócáid seo ag cuidiú puinn.
ní chuidíonn an córas leis an scéal, the system doesn't help matters,
" Níl sin go maith, agus ní chuidíonn an córas leis an scéal, córas atá éagórach agus míchothrom ar go leor bealaí, dar liom.
theastaigh uaidh cuidiú leosan he wanted to help them
" Bhí albam úr ag The Thrills chomh maith agus theastaigh uaidh cuidiú leosan chomh maith le cuidiú linne, agus bhí téama de dhíth air don eagrán a bhí le teacht.
cuidíonn siad leat they help you
" “Coinníonn buíonta siar thú, ach cuidíonn siad leat chomh maith.
aon chuidiú dóibh any help to them
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
an-chuidiú do théamh domhanda, a lot of help to global warming,
" Thug an gníomh seo an-chuidiú do théamh domhanda, gan trácht ar an damáiste a rinne sé do chomhphobail ar fud na tíre.
Chuidigh cinneadh Shinn Féin Sinn Féin's decision
" Chuidigh cinneadh Shinn Féin maidir le tacaíocht a thabhairt do chúrsaí póilíneachta le Tony Blair toghchán tionóil a ghairm ar 7 Márta.
ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol. helping the children to go the right way in life
" Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe, chreid a bhformhór go raibh siad ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol.
le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, with the help of the Freedom of Information Act,
" Is léir, áfach, ó shuirbhé atá déanta agam, le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, nach bhfuil comhsheasmhacht ar bith ann maidir le cur i bhfeidhm an choinníll ó chontae go contae.
cuidiú agus tacaíocht help and support
" ***Cairde *Lá Nua*:*** Murach cuidiú agus tacaíocht na n-eagras agus na n-institiúid Gaeilge – ó Fhoras na Gaeilge go Conradh na Gaeilge, an Gaeláras, Gaelscoileanna agus go leor eagras eile – ní bheadh *Lá Nua* ann ar chor ar bith.
cuidiú help
" Is le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) an tsatailít Mars Express, agus seo an chéad uair riamh a d’iarr muintir NASA ar fhoireann GSE cuidiú agus tacaíocht oibre a chur ar fáil dóibh.
cuidiú ollmhór a great help
" Is seirbhís phraiticiúil í seo; acmhainn is ea í a mbeidh fáil ag an phobal trí chéile uirthi agus a bheidh ina cuidiú ollmhór d’fhoghlaimeoirí na teanga agus do mhúinteoirí.
le cuidiú leis na himeachtaí ar fad. to help with all of the events
" “Thug Raidió na Life gach tacaíocht dó agus bhí muid ar lámh ar feadh an deireadh seachtaine le cuidiú leis na himeachtaí ar fad.
go dtabharfadh sé cuidiú he would help
" Bhí trua agam don chréatúr ach dúirt fear an tí go dtabharfadh sé cuidiú dó.
chuidiú a help
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
cuidiú to help
" Tá daoine ag súil go bhfaighidh an rialtas réiteach na faidhbe, ach i ndáiríre, tá cumhacht an rialtais teorannta go maith agus beidh ar mhuintir na tíre, mar dhuine aonair, mar theaghlaigh, agus mar phobal, an cruatan a fhulaingt agus beidh ar chách a ndícheall a dhéanamh cuidiú lena chéile mar chomharsana agus mar náisiún.
gcuideoidh shall help
" Cé go gcuideoidh PIGWS leis na ceithre thír a bhí roghnaithe le bheith páirteach ann, is ríléir go mbeidh an-chabhair eile ag teastáil uathu, má tá siad le dul i ngleic lena bhfadhbanna dífhostaithe agus tearcfhostaíochta.
chaithfeas tú cuidiú you have to help
" nuair a chaithfeas tú cuidiú a thabhairt do dhaoine eile duds a roghnú, níl doghrainn ar bith ar an domhan mhór ann atá níos measa domhsa.
cuidiú assistance
" Chuir sé ina luí ar dhaoine cén cuidiú a bheadh de dhíth ón phobal féin agus cé hiad na spriocanna a bheadh i gceist chun feabhas a chur ar an gheilleagar.
cuidiú assistance
" Deir sí liom fosta gur áit ar dóigh atá in Oideas Gael agus go bhfuil gach cuidiú a fhaigheann an stiúrthóir ón Rialtas tuillte go maith aige.
bhféadfaí cuidiú could be helped
" I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.
cuidiú leo to help them
" I measc na nithe a thug sé faoi deara ná go raibh deacrachtaí éisteachta ag daoine le fadhbanna foghlamtha agus go bhféadfaí cuidiú leo ach díriú ar chúrsaí éisteachta.
Cuidiú an Idirlín the internet assistance
" Cuidiú an Idirlín Is cabhair an-mhór an t-idirlíon agus mé ag tabhairt faoin dtóraíocht seo.
Chuidigh an tsaoire the holiday helped
" Chuidigh an tsaoire bheag dheas a fuair mé chomh maith, íoctha as ag ERASMUS agus an EU i gcathair bheag álainn, píosa fada ó thuaidh san Iorua.
chuidiú a help
" Bheadh an t-idirlíon ina chuidiú do thionscadal na nuachtán, ní bheadh ann ach bealach eile chun na scéalta móra a scaipeadh agus, go bunusach, bhaileofaí an nuacht féin ar an bhealach chéanna.
chuidigh helped
" Caitheadh amhras ar iontaofacht an phictiúir roimhe seo, 34 bliain ó shin nuair a mheabhraigh Philip Kingsley ina leabhar, The First Casualty, gur chuidigh saighdiúirí poblachtacha leis an pictiúr a chruthú nuair a bhí siad i bhfad ar shiúl ón chath.
chuidigh helped
" Cionn is gur die-hard fan an rince atá ionam, bheinn ag iarraidh dul ar scor ar bith, ach chuidigh an clár a bhí ar siúl acu le mé a mhealladh isteach.
Chuidigh assisted
" Cad a bhí taobh thiar de bhunú an CLG a Chuidigh leis na bunaitheoirí pobal na tíre a mhealladh chuige agus a choinneáil dílis dó suas go dtí an lá inniu féin? An Drochbhail Is gá cúrsaí na tíre sa dara leath den 19ú aois agus an bhail a bhí ar mhuintir na hÉireann a mheas.
chuidiú help
" Déan sin agus b’fhéidir go mbeidh sé ina chuidiú don eagras mhaoinithe agus dóibh siúd atá ag seoladh tairisceana chucu.
cuidiú mór a great help
" Sin agaibh ceithre phíosa eolais a bhailigh mé ó Twitter inné, cuid de gur cuma ann nó as é, ach cuid eile de gur cuidiú mór agam é.
cuidiú assistance
" Dhreap siad an aill ard agus chuaigh siad ó dheas go Gleann Cholm Cille, áit a bhfuair siad cuidiú agus dídean.
cuidiú helping
" Bhí mé ag cuidiú le cara de mo chuid a raibh iris aige i Leitir Cheanainn, ag scríobh thall is abhus.
Cuidígí help
" Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, bonneagair agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht Is cúis dóchais dúinn é go bhfuil an Ghaeilge Beo ar an idirlíon! Cuidígí linn an Ghaeltacht a shábháil.
chuidigh helped
" ” Luaigh sé an obair cheannrodaíochta a bhí déanta ag An Ghaeláras sa chathair le seirbhísí agus áiseanna teanga a thairiscint go háitiúil agus gurb é an spiorad fiontraíochta seo agus an fhís fhadtéarmach a chuidigh go mór le suim agus le páirtíocht sa Ghaeilge sa chathair a mhéadú.
chuidiú assistance
" (Cuntas mar chuidiú anseo http://www.
cuidiú to help
" Ach fiú má tá daoine ann ar féidir le Treiber brath orthu chun cuidiú leis agus é ar a theitheadh - bia agus athrú éadaí a thabhairt dó - is uaigneach aonarach an áit ina bhfuil sé anois ó thaobh na síceolaíochta de.
cuidiú helping
" Ní hamháin sin, ach deir sé go bhfuil a fhios sin ag na réiteoirí, ach go bhfuil faitíos orthu dada a dhéanamh faoin scéal ar eagla go gcuirfí ina leith nach bhfuil siad ag cuidiú le saorghluaiseacht an chluiche.
chuidigh help
" - SMM: Mar a chéile, leis an dath gruaige, ar chuidigh sé leat go raibh is go bhfuil d’ainm i nGaeilge agat, nó a mhalairt, ar chonstaic ort d’ainm féin a bheith i nGaeilge agus tú ag saothrú agus lonnaithe anseo i gCúige Laighean mar a bhfuair Normannaigh is Sasanaigh talamh go leor dóibh féin? BNC: Mm, mm.
Níor chuidigh didn't help
" Níor chuidigh sin le mo dhearcadh, a bhí paranóideach agus daorbhreithiúnach.
cuidiú help
" html) D'aithin sé go dtiocfadh leis an turasóireacht cuidiú le forbairt an cheantair ach í a bheith ag teacht leis an timpeallacht agus le cultúr an phobail.
chuidiú help
" Éacht ollmhór é seo atá ag feidhmiú gan aon chuidiú foirmiúil stáit.
nach gcuideodh wouldn't compensate
" ” Dúirt sé freisin nach gcuideodh naomhainmniú Mary MacKillop leis an bhfeachtas ar son oirniú na mban mar nach raibh sise i bhfabhar a n-oirnithe.
chuidiú assistance
" D’iompair muintir na Gaeltachta an t-ualach rófhada gan chuidiú fiúntach ó mhóramh mhuintir na hÉireann i rith an ama go dtí seo.
cuidiú help
" Ach arís eile, ba iad gnáthmhuintir na hÉireann a sheas sa bhearna bhaoil le cuidiú agus le comhpháirtíocht le go dtiocfadh daoine tríd an uafaireacht.
cuidíonn helps
" **CMS: Mar dhornálaí amaitéarach lán-aimseartha conas a mhaireann tú – conas a choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail?** KT: Tá deontas ón Chomhairle Náisiúnta Spóirt agam agus cuidíonn sé sin liom maidir le costais mhaireachtála a íoc.
Cuidíonn helps
" Cuidíonn sé liom na taomanna sin a thuigbheáil agus glacadh leo.
gcuideodh sé he’d help
" An ‘Smeadar Gàidhlige’ ======= Ag seoladh an phlean, dúirt Aire Cultúir agus Gnóthaí Eachtracha na hAlban, Fiona Hyslop, go gcuideodh sé le seasamh ‘níos suntasaí’ a thabhairt don teanga i measc an phobail agus go spreagfadh sé daoine chun í a fhoghlaim agus a labhairt.
cuidiú helping
" Kathleen Mavourneen a bhí uirthi agus bhí sí ag foghlaim Gaeilge (mar ba urlabhraí Gaeltacht í ag an am, b'fhéidir?) agus ag cuidiú leis na tuismitheoirí aire a thabhairt do Bhalor agus dá deirfiúr óg, Balorina.
gcuidítear le is helped
" Cén fáth go gceadaítear do dhream an mhíchruinnis obair mhaith na coda eile a mhilleadh? An samhlaítear nach dtugtar an míchruinneas faoi deara, go forleathan? Cén fáth nach gcuidítear le craoltóir an mhíchruinnis i ndiaidh cláir, nó an mhaidin dár gcionn? Sin, nó a bhaint d'obair an chraolacháin! Ní hé go mbeifí ag súil le cruinneas chuile lá den saol ag duine, ach tá roinnt a chaithfear cuidiú leo.
cuidíonn sé it helps
" Ach cuidíonn sé nuair a bhíonn eagarthóirí lán-aimseartha ann.
chuidíonn helps
" Is ceart do mhuintir na Gaeilge sean-nead a ndúchais i lár na hÉireann a athmheas, a athghabháil agus má chuidíonn an tSínis linn cuid den bhealach, níor bheag an méid sin.
cuidiú help
" Thóg sé trí seachtaine orthu beirt focal ar bith as béal a chéile a thuigbheáil, ach deirtear go bhfuiltear i ndiaidh an fhadhb sin a shárú le cuidiú ón aistritheoir idirnáisiúnta clúiteach Patsaí Dan Mac Ruairí.
chuidigh helped
" Rinneadh cuid mhór taighde eolaíochta ag na feirmeacha seo freisin a chuidigh go mór le cothú na gcrogall.
chuidiú to help
" Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
Cuidiú na Gaoithe a helping breeze
" Cuidiú na Gaoithe ========= A mhalairt a thit amach sa dara leath áfach.
le cuidiú with help
" Bhí sí i ndiaidh ceachtanna príobháideacha a fháil Tigh Buck le Labhrás Sonaí Choilm Learaí, le cuidiú ó áis aistriúcháin chomhuainigh a chuir Patsaí Dan Mac Ruairí ar fáil.
gcuideoidh shall help
" **“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
Cuidíonn helps
" Cuidíonn an raidió leis an gcomhrá Gaeilge sa teaghlach, ámh -- is é sin, Raidió na Gaeltachta.
cuidíonn helps
" Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na cannaí ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le cuid de na hailt aisteacha in Beo Ar Éigean a léamh.
ag cuidiú helping
" Tá airgead mór i saol na Gaeilge cheana féin agus nílimid ag cuidiú lena chéile i réimse an airgeadais.
ag cuidiú leo assisting them
" Tá a chion féin déanta aige in imeacht na mblianta ar son eagraíochtaí carthanacha abhus agus thar lear, ag cuidiú leo riarachán feidhmiúil a chur ar bun lena seirbhísí a fheabhsú.
An gcuideoidh an borradh seo shall this growth help
" An gcuideoidh an borradh seo leis an pháirtí an Chéad Aireacht a bhaint amach agus cad é a dhéanfaidh na haontachtaithe sa chás sin? Déanta na fírinne, tá an mhaith agus an t-olc araon i dtorthaí an toghcháin ó dheas don DUP agus don UUP.
chuidigh sí she helped
" 
 Bhí Ruane i Nicearagua in 1983, tráth a raibh na Sandanistas i réim agus chuidigh sí leis an fheachtas litearthachta agus uimhríochta a chuir an réimeas ar bun, feachtas a ghnóthaigh bonn ó UNESCO.
cuidiú le to help
" Bhí sé buí ag an ngréin, dea-bhéasach agus réidh i dtólamh cuidiú le lucht snámha i sáinn, nó bhí cluiche spóirt éigin á imirt aige.
cuidiú chun cruinnis a helping hand toward accuracy
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
ag iarraidh cuidithe looking assistance
" Murach iad, cá mbeadh muid! An Modh Oibre ======= **SMM: An dtéann sibhse i dteagmháil leis na gnónna nó an é an chaoi go dtagann siadsan chugaibhse ag iarraidh cuidithe?** BNC: Ag an tús, théadh muid i dteangmháil leosan.
Cuidigh help
gcuidíonn sé sin leat that helps you
" Bhí meas i gcónaí agam ar an gcead a thug siad dom - bhí mise óg ag an am - a bheith ina gcomhluadar agus ceapaim go gcuidíonn sé sin leat mar dhuine óg, ag fás aníos.
gcuideoidh shall help
" Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
Cuidíonn sé seo this helps
" Cuidíonn sé seo go mór linn, agus insíonn na torthaí dúinn cad díreach ba thrúig báis don rón bocht.
chuideoidh shall help
" Tá téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna sa teanga gan a bheith ag síorthagairt don fhoclóir.
Chuidigh helped
" Chuidigh na daoine seo le bunú an stáit.
gcuideoidh shall help
" “Silim go gcuideoidh an droichead seo go mór le muintir Dhoire / Londonderry an sprioc seo a bhaint amach” a dúirt sé, ag rá fosta go raibh sé ag dúil go spreagfadh sé níos mó imeascadh trasphobail sa chathair agus go dtacódh sé leis an bhorradh chun athmhúintearais i measc phobal na cathrach, agus go mbeadh sé sin ina eiseamláir shuntasach do phobal an Tuaiscirt i gcoitinne.
gcuidíonn sé leis it helps
" Tuismitheoirí lán mórtais, lán fuinnimh, lán le hídéalachas, lán leis an tuiscint gur rud maith an Gaeloidechas agus go gcuidíonn sé leis na páistí a iomlánú.
ní chuidíonn doesn’t help
" Níl milleán orthu siúd atá bailithe leo i mbun oibre nó ag cuardach eachtraíochta – cuid de shaol na linne seo é – ach ní chuidíonn sé leis an bhfoireann a choinneáil beo.
cuidiú liom to help me
" Mhínigh mé an scéal, agus shocraigh sé cuidiú liom.
chuideoidh shall help
" A dhonacht is atá stádas na dteangacha dúchais, níl an scéal gan léaró dóchais, áfach, agus d’fhógair Leabharlann Stáit New South Wales (NSW) tionscnamh tábhachtach nua ar na mallaibh a chuideoidh go mór le marthanacht roinnt de na teangacha.
chuidíonn le assists with
" Is léir do nach do na daoine a oibríonn aon chóras polaitíochta a chuidíonn le hollmharú ar nós 1847-51 ná le hollbhradaíl na linne seo féin nuair a bhaintear na billiúin as an státchiste a chruthaigh oibrithe na tíre lena bhronnadh, lena bhronnadh, lena bhronnadh ar dhaoine is ar chomhlachtaí príobháideacha thar lear agus abhus.
chuidíonn help
" “Mar chuid dár bplean straitéise 2008-2010, agus arís, an beartas straitéise reatha, tá sprioc ag Glór na nGael áiseanna don fhoghlamóir agus don chainteoir Gaeilge araon, a chuidíonn le deiseanna labhartha i suíomhanna spraoi agus sóisialta a fhorbairt.
chuidigh sé seo this helped
" Deir Luke Syson, coimeádaí Dánlann Náisiúnta Londan, gur le linn na tréimhse seo a d’fhorbair da Vinci an nasc idir an eolaíocht agus an phéintéireacht agus gur chreid sé ‘gurb í an tsúil agus an rud a chonaic tú an tslí is cumhachtaí leis an saol a bhrath agus gur chuidigh sé seo le cur síos a dhéanamh ar achan rud a bhí infheicthe chomh maith leis an rud inmheánach dofheicthe sa phéintéireacht.