Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leacht cuimhneacháin memorial
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
leacht cuimhneacháin memorial
" Easpa suime na bpóilíní ======= I 1995 agus i 1999 rinne siad ionsaí ar leacht cuimhneacháin de chuid na bhFíníní sa reilig Chaitliceach i Learpholl, áit a bhfuil trí dhuine dhéag ó éirí amach 1867 curtha.
leachtanna cuimhneacháin memorials
"leachtanna cuimhneacháin do Thomas Addis Emmet agus William J.
chuimhneachán memorial
" "Ba mhaith liom go mbeadh an saothar seo mar chuimhneachán ar na mairbh.
leacht cuimhneacháin monument, memorial
" Bhí áthas orainne i gConradh na Gaeilge i Learpholl i mí Dheireadh Fómhair nuair a fuair muid cead pleanála ó Pháirc Náisiúnta Snowdonia do leacht cuimhneacháin i bhFrongoch, Gwynedd sa Bhreatain Bheag.
seirbhís chuimhneacháin memorial service
" "Táimid ag cineál teacht chugainn féin," a dúirt Driscoll, as Lake Carmel, Nua-Eabhrac liom, le linn cumarsáide giorra a bhí agam léi roimh dheireadh seachtaine Lá na Máithreacha, agus í tar éis bheith ag seirbhís chuimhneacháin in Albany.
leaca cuimhneacháin memorial stones
" Cúpla seachtain ó shin, pháirceáil fear a bhfuil aithne agam air a Mini nua in aice leis an tseanreilig thart an coirnéal, mar go raibh sé ag déanamh staidéir ar na leaca cuimhneacháin ansin.
tionscadal cuimhneacháin commemoration project
" Tá pictiúir bailithe aici ó ghaolta, ó chairde agus fiú ó strainséirí a léigh faoina tionscadal, agus tá sí dochásach go n-éireoidh léi a bheith mar chuid den tionscadal cuimhneacháin atá tosaithe i Nua-Eabhrac.
leacht cuimhneacháin memorial
" Is dócha go mbeidh deacrachtaí móra ag údaráis Nua-Eabhrac cinneadh a dhéanamh faoin iarratas is fearr ó na mílte atá faighte acu le smaointe faoin leacht cuimhneacháin is oiriúnaí do na mairbh.
hócáidí cuimhneacháin commemorations
" Ag tarraingt ar an lá féin, ní fhéadfá na hócáidí cuimhneacháin a sheachaint, ná cur síos caointeach theaghlaigh agus chairde na ndaoine a cailleadh san uafás, agus na bhfear dóiteáin a d'éalaigh ar éigean.
Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir The Great Famine Commemoration Committee
" Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste.
leacht cuí cuimhneacháin fitting memorial
" Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste.
leacht cuimhneacháin memorial
" Ach tháinig drochscéala ón Bhreatain Bheag sular fhág mé an baile - bhíothas i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar an leacht cuimhneacháin i bhFrongoch do na príosúnaigh Éireannacha a bhí i ngéibheann ansin i ndiaidh Éirí Amach 1916 (cf.
crois chuimhneacháin commemorative cross
"crois chuimhneacháin dóibh siúd i gCeann Droma.
leac cuimhneacháin memorials
" Tá go leor coimisiún tábhachtach poiblí faighte aige, ar nós portráidí, múrmhaisiú, póstaer, priontaí, dearadh cúlstáitse, clúdach leabhar, agus leac cuimhneacháin.
chóisir chuimhneacháin remembrance party
" Ach an rachaidh sé seo i bhfeidhm ar Éireannaigh Nua-Eabhrac? Tá go leor de bhunadh Rockaway go fóill ar buile faoin dóigh ar gearradh fíneáil orthu siúd a bhí i láthair ag an chóisir chuimhneacháin do 9/11 an mhí seo caite de bharr iad a bheith ag ól go poiblí.
a leac cuimhneacháin his memorial stone
" Ach nach é Bertie Búistéir na Bóinne? Is éard a bheas scríofa ar a leac cuimhneacháin ná gur scrios sé Gleann na Bóinne.
leac chuimhneacháin memorial stone
" Tréna gcuid iarrachtaí siúd tá áit Éamonn Mhic Gearailt i measc laochra spóirt na hÉireann buanaithe agus tá a uaigh marcáilte go hálainn inniu le leac chuimhneacháin athmhaisithe i Reilig Ghráinseach an Déin i mBaile Átha Cliath.
lucht déanta na gcuimhneachán seo the makers of these souvenirs
" " An pisreoga iad na reiligiúin? "Ní hea, ach go bhfuil gaol aisteach idir foinsí an chreidimh agus an tslí ina ndéileálann lucht déanta na gcuimhneachán seo leo.
cuimhneachán buan permanent commemoration
" Bhí ócáidí móra againn i gCaisleán Átha Cliath, mar shampla, agus bhí Féile Ghael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, ach imíonn na rudaí sin agus theastaigh uaimse go mbeadh cuimhneachán buan agus comóradh ar an mbliain.
Seirbhís chuimhneacháin memorial service
" Seirbhís chuimhneacháin 15 bliana tar éis na tubaiste a spreag na hiníonacha le ceangal a dhéanamh idir an corp agus a n-athair.
ag nochtadh leacht cuimhneacháin unveiling a memorial
" Beidh an tOllamh Pádraig Ó Siadhail ó Ollscoil Mhuire Naofa, Alba Nua, Ceanada, ag nochtadh leacht cuimhneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus réabhlóidí Piaras Béaslaí i 1881.
sraith léitheoireachta cuimhneacháin a memorial reading series
" Ina dhiaidh sin, cuireadh tús le sraith léitheoireachta cuimhneacháin faoina ainm, an onóir, thar aon cheann eile, b'fhéidir, a mbeadh sé féin an-tógtha léi.
chuimhneacháin commemoration
" Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d'fhág sé ar anam an chine dhaonna.
leacht cuimhneacháin memorial stone
" ) Sa ghrianghraf a tháinig leis an ráiteas, tá an t-aisteoir óg Caoimhin Ó Conghaile le feiceáil ina sheasamh in aice leis an leacht cuimhneacháin a thóg muid i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (cf.
gairdín cuimhneacháin sealadach a temporary garden of remembrance
" In aice le *Checkpoint Charlie*, tá gairdín cuimhneacháin sealadach ina bhfuil na céadta crois ard dorcha.
gairdín cuimhneacháin sealadach a temporary garden of remembrance
" In aice le *Checkpoint Charlie*, tá gairdín cuimhneacháin sealadach ina bhfuil na céadta crois ard dorcha.
gairdín cuimhneacháin sealadach a temporary garden of remembrance
" In aice le *Checkpoint Charlie*, tá gairdín cuimhneacháin sealadach ina bhfuil na céadta crois ard dorcha.
tionscadal cuimhneacháin memorial project
" Ar na hiarrachtaí eile a cuireadh chun tosaigh bhí tionscadal cuimhneacháin ar mháthair na Banríona.
chúig chuimhneachán five memorials
" Thugamar cuairt ar dhá reilig agus ar chúig chuimhneachán i rith an lae, Geata Menin san áireamh, áit a ndéantar an “Last Post” gach uile lá, ar a bhfuil 54,000 ainm scríofa d’fhir atá caillte, gan tásc ná tuairisc, áit éigin i bhFlanders, na céadta Éireannach ina measc.
crosa móra agus leaca cuimhneacháin big crosses and memorial stones
" Rinne siad clocha snoite áille – crosa móra agus leaca cuimhneacháin – agus bhí ceardlanna acu ina ndearna siad pár as seithí do lámhscríbhinní, agus ina d’oibrigh siad le hór, airgead, cré-umha agus gloine.
corradh agus 1,600 leacht cuimhneacháin over 1,600 memorials
"corradh agus 1,600 leacht cuimhneacháin ar an mblár i gcuimhne stát, reisimintí, oifigeach, agus pé rud eile gur féidir leat smaoineamh air.
leacht cuimhneachán memorial
" Bhí Jack Jones ina Ardrúnaí ar an TGWU ar feadh na mblianta agus é féin a nocht an leacht cuimhneachán don scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Walton, Learpholl i 1977 (*Beo!*, eagrán 25, Bealtaine 2003) nuair a bhain sé úsáid as focail Wolfe Tone, “If the men of property will not, then we must depend upon that numerous and respectable class, the men of no property”.
leacht cuimhneacháin memorial
" I 1959 tógadh leacht cuimhneacháin ar an mbaile agus ní raibh ar a bharr ach dealbh de cheann de na Fergusons.
leacht cuimhneachán memorial
" Ach tá scéal na nua-aoise le feiceáil fosta, idir an leacht cuimhneachán breá don óglach áitiúil, an Ceannfort Donnchadh Mac Niallais (1897-1954) atá suite in aice le sráidbhaile an Chaisil, an Chros Cheilteach ar uaigh an Fholeifteanaint Thomas Stokes Curry ó fhoireann an HMS Wasp, a scriosadh i dToraigh in 1884, agus, in aice leis, i reilig Eaglais na hÉireann, na leaca cuimhneacháin de chuid Arm Shasana ar uaigheanna an tSaighdiúra F.
mar chuimhneacháin as souvenirs
" Thug daoine píosaí den raic abhaile leo mar chuimhneacháin anuas trí na blianta, ach bhí a fhios agam go raibh píosa mór amháin alúmanaim fágtha ar an bharr agus shocraigh muid grianghraf d’Aodhán agus den ghrúpa a ghlacadh in aice leis.
cuimhneachán commemoration
" Ach tá scéal na nua-aoise le feiceáil fosta, idir an leacht cuimhneachán breá don óglach áitiúil, an Ceannfort Donnchadh Mac Niallais (1897-1954) atá suite in aice le sráidbhaile an Chaisil, an Chros Cheilteach ar uaigh an Fholeifteanaint Thomas Stokes Curry ó fhoireann an HMS Wasp, a scriosadh i dToraigh in 1884, agus, in aice leis, i reilig Eaglais na hÉireann, na leaca cuimhneacháin de chuid Arm Shasana ar uaigheanna an tSaighdiúra F.
leacht cuimhneacháin memorial
" Is beag sráid sa chathair seo nach bhfuil plaic nó leacht cuimhneacháin éigin i gcuimhne Polannach a fuair bás i rith an Dara Cogadh Domhanda.
leacht cuimhneacháin memorial
" ) Tá grúpa sa cheantar darb ainm The North West Spanish Civil War Project agus tá siad ag iarraidh leacht cuimhneacháin a thógáil do Phadaí Rua agus a chomrádaithe.
cosc a chur ar shearmanais chuimhneacháin ag uaigh Franco to ban memorial ceremonies at Franco's grave
" Ba mhaith leo cosc a chur ar shearmanais chuimhneacháin ag uaigh Franco agus níos mó aitheantais a thabhairt dóibh siúd a d’fhulaing bás agus céasadh le linn 40 bliain den deachtóireacht fhaisisteach.
cuimhneachán memorial
" ” Lena chois sin, tá Craobh Phádraig Mhic Phiarais ag obair i gcomhar le Coiste Áitiúil Oileán Acla le cuimhneachán a eagrú ar an tragóid a tharla i gCathair Cheann Tulaich ar 16 Meán Fómhair 1937, áit ar maraíodh deichniúr de mhuintir Acla nuair chuaigh a n-áit chónaithe le thine.
cárta cuimhneacháin memorial card
" Bhí muid ag déanamh cárta cuimhneacháin do mo mháthair (a fuair bás cúpla mí sular cailleadh Mícheál) agus shocraigh muid nach dtiocfadh linn sin a dhéanamh do Mhícheál – mheas muid gurbh fhearr i bhfad rud inteacht mar an choirm cheoil seo a dhéanamh.
leachtanna cuimhneacháin suimiúla. interesting monuments.
" Iarsmaí sa cheantar Istigh sa reilig, tá iarsmaí séipéil le feiceáil agus leachtanna cuimhneacháin suimiúla.
Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir. the Great Famine Memorial.
" Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
Shnoigh Hugh leac chuimhneacháin di, Hugh sculpted a memorial for her,
" Shnoigh Hugh leac chuimhneacháin di, atá le feiceáil i reilig Naomh Regulus, seanreilig chrannmhar ar imeall an tsráidbhaile.
lá cuimhneacháin day of remembrance
" Bhí lá cuimhneacháin ar siúl sa chathair ar an 23 Lúnasa mar chomóradh ar an daoirse agus osclaíodh The International Slavery Museum sa chathair an lá céanna sin.
leac chuimhneacháin memorial
" Nach mbeadh sé cuí in 2007 í féin a aithint agus leac chuimhneacháin a chur san áit a bhfuair sí bás? Bheadh sé mar aitheantas fosta ar an bhrúidiúlacht a bhí ar siúl ag na Sasanaigh i gcoinne na nÉireannach ar feadh 800 bliain agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé deireadh leis an boggart in Walton.
leacht cuimhneacháin millteach mór an extremely big memorial
" Gar don phríomhbhóthar a thugann cuairteoirí go dtí an sluachampa géibhinn seo tá leacht cuimhneacháin millteach mór a tógadh i 1969 chun comóradh a dhéanamh ar an bhfuascailt a rinne an tArm Dearg ar an áit 25 bliain roimhe sin.
leacht cuimhneachán memorial
" Níl an bhainis seo luaite i leabhar Belchem, cé go bhfuair sí a lán poiblíochta nuair a nocht Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht cuimhneachán i Meán Fómhair 1993 san eaglais inar phós siad.
léacht chuimhneacháin memorial lecture
" Níl an ócáid seo, i 1904, luaite sa leabhar, cé go raibh a lán cainte fúithi nuair a thug an tOllamh Pádraig Ó Siadhail léacht chuimhneacháin faoi Bhéaslaí sa leabharlann chéanna in 2004 (*Beo!*, eagrán 42).
leac chuimhneacháin memorial slab
" leac chuimhneacháinNuair a d'iarr craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge ar Paul Nener, ar biocáire é in Tuebrook faoi láthair, cead a thabhairt dúinn leac chuimhneacháin a chur ar an fhoirgneamh, dúirt sé go mbeadh sé lánsásta dá ndéanfaimis amhlaidh.
plaic chuimhneacháin memorial plaque
" Mar chuid de chomóradh céad bliain an Chonartha, a ceiliúradh sa bhliain 1993, rinne craobh Learphoill den Chonradh plaic chuimhneacháin a nochtadh ar an 10 Deireadh Fómhair, céad bliain – go dtí an lá – ó phós Dubhghlas de hÍde agus Lucy Kurtz ansin.
cuimhneacháin souvenirs
" Tharla go raibh sé amuigh sa cheantar céanna ag lorg carbhait dó féin nuair a tháinig sé ar shiopa ina raibh cuimhneacháin agus *bric-a-brac* ar díol agus thosaigh sé a chaint leis na húinéirí faoi chúrsaí ealaíne.
ionad cuimhneacháin commemorative centre
" Ní iarsmalann amháin é Auschwitz; is ionad cuimhneacháin é atá ann in ómós do na mílte duine a d’fhulaing agus a cuireadh chun báis ansin.
nocht sí leacht cuimhneacháin she unveiled a memorial
" Agus ansin sa bhliain 1997, nocht sí leacht cuimhneacháin in ómós do na mílte Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Ghorta Mhóir 150 bliain roimhe sin.
i gcuimhneachán ar in memory of
" Thug an fidléir Mick Brown ó Chartlann Cheoil Thir Chonaill, léacht ‘i gcuimhneachán ar James Byrne’ nuair a bhí mé ar thiar i nGleann Cholm Cille i Mí Aibreáin.
Cuimhneachán memorial
" Cuimhneachán ar Lucht an Éirí Amach Is in 1960 ar ordú de Gaulle a cuireadh ar bun an Mémorial de la France Combattante in aice leis an gcampa míleata ar an Mont Valérien, áit a ndéantar an Appel du 18 juin a chomóradh gach bliain i láthair Uachtarán na Poblachta.
leacht cuimhneacháin memorial stone
" ) Níl fhios agam cén sórt amadáin a scríosfadh áit álainn le teachtaireacht mar seo, ach guím drochrath ar an chleamhnas! An Camus Binne Tógadh leacht cuimhneacháin nua i mbliana in aice leis an chosán go Port, clachán tréigthe, álainn ar an taobh thuaidh de Ghleann Cholm Cille.
cuimhneacháin memorial
" Ar fud na tíre, ar imeall chuile bhaile, tá na heastáit fholamha mar a bheadh leachtanna cuimhneacháin don Tíogar Ceilteach.
leachtanna cuimhneacháin monuments
" Cuirtear tús le himeachtaí an lae le searmanas ar a dtugtar bigil bhreacadh an lae, a reáchtáiltear ag leachtanna cuimhneacháin de ghnáth.
cuimhneachán commemoration
" Nuair a mhol Conradh na Gaeilge i Learpholl cuimhneachán cuí a eagrú ar an Drochshaol i 1997, bhí Ian ina rúnaí don choiste agus nochtadh dealbh iontach de chuid Éamonn Uí Dhochartaigh sa chathair i 1998.
leacht cuimhneacháin commemorative plaque
" Cé gur tógadh an Titanic i mBéal Feirste, ba as Learpholl níos mó ná 100 ball den fhoireann - sin an fáth go bhfuil leacht cuimhneacháin do na *“Heroes of the Marine Engine Room”* ag an Pier Head anseo.
cuimhneacháin memorial
" Tá leacht cuimhneacháin breá ar an uaigh anois, mar is laoch é Noonan do sóisialaithe i Learpholl agus ar fud an domhain.
leacht cuimhneacháin memorial
" Tá lár chathair Dhoire breá bríomhar agus tá codarsnacht mhór idir é agus ceantar Caitliceach an Bhogaigh, lena mhúrmhaisiúcháin shuntasacha agus a leacht cuimhneacháin don cheithre dhuine dhéag a maraíodh ar an 30 Eanáir 1972 - Domhnach na Fola mar a thugtar air anois.
Cuimhneacháin of commemoration
" Ansin tharla gnás na mbláthfhleasc sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta.
Ghairdín Cuimhneacháin garden of commemoration
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
leacht cuimhneacháin a commemorative plaque
" **SMM: A’b é an t-am a raibh siad ag iarraidh an leacht cuimhneacháin a chrochadh?** LÓD: Ba shin níos luaithe i ’68, sílim, ach ní raibh mé aige sin.
cárta cuimhneacháin a memoriam card
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
Leacht Cuimhneacháin commemorative plaque
" Seo mar a scríobh an Dochtúir George Douglas, Stiúrthóir ar Grosse Isle faoin bád seo, 25ú Bealtaine 1847: *"On mustering the passengers for inspection yesterday, it was found that 106 were ill of fever, including nine of the crew, and the large number of 158 had died on the passage, including the first and second officers and seven on the crew, and the master and the steward dying, the few that were able to come on deck were ghastly yellow looking spectres, unshaven and hollow cheeked, and, with exception, the worst looking passengers I have ever seen;"* (‘The Famine Ships’ le Edward Laxton, 1996) Leacht Cuimhneacháin ========== Ag an Leacht Cuimhneacháin a rinne Éamonn Ó Dochartaigh (nach maireann) a bhí an deasghnáth.
cuimhneacháin commemorations
" Ach tá fadhb chasta nó áiméar mór ar na gaobhair – cuimhneacháin.
Carn saibhir de chuimhneacháin a rich mound of memories
" Carn saibhir de chuimhneacháin idir ghrianghraif, litreacha agus shleamhnáin nach raibh am agam cíoradh tríothu i gceart go dtí seo.
ar a ainm ar an leac chuimhneacháin at his name on the commemorative plaque
" Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: *“A shiver runs down my spine.
Iontaobhas Cuimhneacháin na Briogáide Idirnáisiúnta International Brigade Memorial Trust
" Is iriseoir a mhac James fosta, agus tá sé ina rúnaí de Iontaobhas Cuimhneacháin na Briogáide Idirnáisiúnta agus labhair seisean ag an ócáid chomh maith.
an leacht cuimhneachán an Drochshaoil the ‘Famine’ commemorative plaque
" Ba é an chéad rud a rinne sé sa cathair ná fleasc bláthanna a leagan ag an leacht cuimhneachán an Drochshaoil i ngairdín Naomh Luke in éineacht leis an Ard-Mhéara Sharon Uí Shúilleabháin agus leis an Chomhairleoir Wendy Turner.
ar dualgas’ mar ball den Choiste Cuimhneachán on duty as a Commemoration Committee member
" Bhí mé féin ‘ar dualgas’ mar ball den Choiste Cuimhneachán agus bhí scaifte mór i láthair, áit ar sheinn na píobairí áitiúla Fáinne Geal an Lae.
Leac Chuimhneacháin a commemorative plaque
" ’* Leac Chuimhneacháin ======== Ach tá *James Larkin Way* i dtuaisceart na cathrach; ní raibh rian de Larkin sa tsráid inar rugadh é - Combermere Street, i ndeisceart na cathrach.
Choiste Cuimhneacháin an Drochshaoil the Great Hunger Commemoration Committee
" Bhí siad gníomhach ar Choiste Cuimhneacháin an Drochshaoil anseo ó bunaíodh é i 1994 agus ní raibh ionadh ar dhuine ar bith anseo Proinsias Mac Íomhair a fheiceáil ar chéad leathanach an Irish Times (22/11/2012) ina sheasamh taobh thiar d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D.
leacht cuimhneacháin an Drochshaoil the Great Hunger memorial stone
" Ó hUiginn, nuair a leag se fleasc ag leacht cuimhneacháin an Drochshaoil.
Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua the relatives erected a new memorial plaque
" Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua taobh le geata na reilige le cur in iúl go bhfuil muintir Uí Cheallaigh curtha inti.
T-léine cuimhneacháin a memorial t-shirt
" Beidh T-léine cuimhneacháin istigh leis an bpraghas – thart ar 30 euro an duine.
leachtanna cuimhneacháin memorial stones
" **Balor: Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann, a dúradh, i gcead duit, a Phápa; agus leachtanna cuimhneacháin a bhí i gceist aige seachas maoin shaolta.
is breá liom na cuimhneacháin I love the memories awakened
" Cé nach léiríonn an rogha sin leabhair é, is breá liom léamh agus is breá liom na cuimhneacháin a mhúsclaíonn gach leabhar ar an tseilf.
ar an leacht cuimhneacháin on the commemorative plaque
" Dhein sé iad san, agus dhein sé an scríbhneoireacht atá ar an leacht cuimhneacháin i gCeann Heilbhic.
De réir leacht cuimhneacháin according to a commemorative plaque
"De réir leacht cuimhneacháin ag Clarence Dock, Learpholl, tháinig 1,300,000 Éireannach i dtír ansin 1845-52, ag teitheadh ón Drochshaol in Éirinn, go mór mór ón iarthar - áiteanna mar An Clár, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo agus Sligeach.
mar chuimhneachán buan as a permanent reminder of
" Níor leagadh an fothrach tar éis an cogadh áfach; caomhnaíodh í mar chuimhneachán buan den chomhrac sin agus tá cáil ar an áit sa chathair anois mar ‘*the bombed-out church*.
Chuimhneacháin commemorative
" Is tráthúil mar a tharlaíonn sé go mbeidh an tUachtarán i Sasana i mBliain Chuimhneacháin thosach an Chéad Chogadh Domhanda.
cuimhneacháin mementos
" Bhí na comharthaí do na cuimhneacháin sna siopaí ar fad i Rúisís agus an áit lán le íocóin den Naomh sa stíl Rúiseach.
ag ócáid chuimhneacháin in ómós do on the occasion of paying respect to
" Thosaigh an lucht féachana ag feadaíl go drochmheasúil ar an uachtarán, Jacob Zuma, ag ócáid chuimhneacháin in ómós do Mandela féin.
earraí chuimhneacháin memorabilia
" Bíonn an-rachairt ar earraí chuimhneacháin le linn an Chorn Domhanda ach is beag earra a fhreastalaíonn ar fhaisean.
nochtadh leacht cuimhneacháin a memorial was unveiled
" Mhínigh sé dúinn gur chaith siad seal ar Eilean Íle le chéile i 2000 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do na hÉireannaigh a cailleadh ansin nuair a briseadh *The Exmouth of Newcastle* 28/4/1848.
Tógadh leac chuimhneacháin a memorial stone was erected
" Tógadh leac chuimhneacháin ansin i 2009 i gcuimhne ar 19 d’fhoireann loinge a fuair bás i 1870 nuair a briseadh an Sydney ar 16 Samhain.
bosca cuimhneacháin a memory box
" Nuair a tháinig deireadh le saol Robyn in am a breithe, sular cuireadh tús leis, bhronn Féileacáin bosca cuimhneacháin ar mo dheirfiúr, bosca lán earraí úsáideacha mar chúnamh le tuismitheoirí an linbh.
cuimhneacháin is comhairleoireachta memorial and counselling
" Bhí ceamaraí le grianghraif a tharraingt den pháiste, eolas faoi sheirbhísí cuimhneacháin is comhairleoireachta agus bhí súsa bán, nó pluid, don leanbh ann.
cuimhneachán commemoration
" Léiríonn an tslí ar chaith na póilíní leo siúd a bhí i láthair ag cuimhneachán Jim Larkin i Learpholl an mhí seo caite gur beag athrú atá tagtha ar a ndearcadh i leith na nÉireannach, dar le Tony Birtill.
chuimhneachán memorial
" Tá an tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl mar chuimhneachán ar na céadta míle de mhuintir na hÉireann a tháinig i dtír sa chathair, go háirithe le linn bhlianta an Ghorta Mhóir.
ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir Great Famine memorial
" Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh.
Choiste Cuimhneacháin commemoration committee
" Bhí Tony Birtill i láthair ag cruinniú den Choiste Cuimhneacháin.