Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis freisin ar an gcaoi a raibh ar mhuintir na hÉireann imeacht thar sáile nuair a bhí cúrsaí go dona sa tír.
a chuimhníonn Keough Keough remembers
" Dúirt mise leis, 'Féach, níl ach áit amháin ar fiú duit a dhul,'" a chuimhníonn Keough.
go gcuimhneodh daoine uirthi that people would remember her
" Mar fhocal scoir agus mé ag siúl amach an doras, d'fhiafraigh mé di conas gur mhaith léi go gcuimhneodh daoine uirthi.
chuimhní memories
" Ceann de na chéad chuimhní atá ag Bill ná col ceathrair dá chuid á thabhairt go leabharlann phoiblí Brooklyn chun a chéad chárta leabharlainne a fháil.
nuair a chuimhníodar when they remembered
" Ach léimeadar de gheit nuair a chuimhníodar go raibh ráite agam cúpla lá roimhe sin gur fearr liomsa pláta ceart - ach bhí an dochar déanta, bhí Alan Alda agus bibí na Nollag i réim.
chuimhní cinn memoirs
" * Agus sna míonna atá romhainn, coinnigh do shúil amach do chuimhní cinn John “Red” Shea, a bhfuiltear ag súil go mór leo, agus a bhfuil an teideal *Rat Bastards: The True Story of the South Boston Irish Mob by the Only Insider Who Never Informed *orthu.
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis go bhfuil Trevor Sergeant, ionadaithe ó Shinn Féin agus ón Lucht Oibre, an tAire Éamon Ó Cuív, Joe Higgins agus tuilleadh nach iad tar éis a rá sa Dáil go bhfuil fadhb ann maidir le teagasc na Gaeilge.
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis go séanann Connolly gurb é féin atá sa ghrianghraf agus nár tugadh ach fótachóip mhíshoiléir do Sam Smyth a bhí méadaithe go tomhas A4.
Cuimhnímis let's not forget
" Cuimhnímis go mbíodh an Roinn sin ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol! Ach anois tá an Roinn sin (atá i bhfeighil scoileanna na tíre) tar éis a admháil nach bhfuil aon líofacht teanga ag 97% dá foireann, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta.
an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin whether I'll remember the country itself
" Cuimhneoidh mé ar na rudaí a rinne mé sa Namaib, ach nílim cinnte an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin.
na dea-chuimhní ar fad all the good memories
" Cairde agus féile Thóg Duncan agus Lawrence amach ag rince muid oíche amháin agus b’iontach an taithí é – bíonn sé deacair go leor coinneáil suas leis na hAfracaigh agus iad ag rince! Chuir an cairdeas agus an fhéile a taispeánadh dúinn na laethanta sin meangadh mór millteach ar m’aghaidh, agus ní bhaineann na dea-chuimhní ar fad atá agam ar Livingstone le Victoria Falls nó leis na cóisirí sa bhrú óige, ach leis na daoine a casadh orm sa mhargadh sin.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
dea-chuimhní good memories
" Níor chuala mé ach dea-scéalta den chuid is mó faoi na hÉireannaigh, go háirithe sa tSaimbia, áit a raibh dea-chuimhní ag go leor daoine ar mhúinteoirí Éireannacha a bhí acu.
a chuimhní féin his own memories
" Thosaigh Tommy féin ag freastal ar chruinnithe de chuid Chomhairle na Breataine sa bhliain 1949, agus baineann sé úsáid as a chuimhní féin chun an scéal a insint.
Cuimhnigh anois remember now
" Cén fáth go gceanglaím an bheirt sin le chéile i m’aigne? Cuimhnigh anois a Bhaloir! I bhfad siar! Ard Fheis Fhine Gael! Ó sea! Ach níl cead againn labhairt faoi sin níos mó.
Tá a haigne báite i gcuimhní. her mind is drowned in memories
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh gurbh é seo an chéad bhliain a bhí tuairisciú beo iomlán á dhéanamh ag na stáisiúin teilifíse ar a leithéid d’ócáid.
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh gur mac, deirfiúr, iníon nó mac le duine éigin é an rothaí An pointe tábhachtach anseo do dhuine ar bith i gcarr: má bhuaileann tú isteach i nduine atá ag siúl, nó i nduine atá ar rothar, ní thiocfaidh a dhath ortsa, beidh tú slán, ach seans go bhfaighidh an duine eile bás, nó go bhfágfar craplaithe é.
cuimhnigh ar remember
" Tá seans i gcónaí ann lena chois sin, go dtarlóidh sé, gan súil ag duine ar bith leis, go n-imreoidh foireann éigin eile thar barr ar fad ar lá áirithe - cuimhnigh ar Ghaillimh in 05 – agus go mbeifí á rá ansin go bhfuil Cill Chainnigh róshean, nó seafóid éigin mar sin.
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh gur deichniúr atá sa rása.
Cuimhnímis let's remember
" Cuimhnímis ar an seanfhocal Gaeilge, ‘cáin an choill is taithigh í, mol an mhóin is seachain í’.
Ar chuimhnigh tú did you consider
" com/watch?v=L2GaCnAiuvo) Post Eile? SMM: Ar chuimhnigh tú ariamh cén post eile ab fhearr leat dá scarfá le RTÉ nó leis an gcraoltóireacht/obair físe ar fad? BNC: Ag plé leis an bpobal cheapfainn.
chuimhníonn tú you consider
" Nuair a chuimhníonn tú ar an obair a dhein an fear san ó thaobh thuaisceart na tíre, sin an fear a chuir an síol agus sin fear a raibh meas ag an ndá thraidisiún ó thuaidh air.
cuimhnítear is brought to memory
" Ach a luaithe is a luaitear ‘stáisiún eithneach’, cuimhnítear láithreach ar na heachtraí a tharla i Three Mile Island in 1979 agus i Chernobyl in 1986 nó ar an gconspóid ar fad faoin stáisiún eithneach i Sellafield (sea, < Windscale) ar chósta thiar Shasana.
Chuimhnigh tú you thought
" Céard é féin? Chuimhnigh tú ar an ngréasán féin, gan amhras, nó ar fheidhmchlár ar an ngréasán, nó ar ndóigh, ar an r-phost.
Cuimhnigh remember
"Cuimhnigh gur mhaígh Greenspan ar Democracy Now gur ionsaigh SAM an Iaráic mar gheall ar ola.
Cuimhnímis let us remember
" Cuimhnímis go raibh an Dáil ar scor agus formhór na comhaireachta ar saoire ag an am agus nach dócha go raibh gá aige pilleadh go gasta.
chuimhní geala happy memories
" Cad iad na cuimhní is fearr atá agat le linn an ama seo? Uachtarán na hÉireann: Tá liosta fada de chuimhní geala agam, ach dá mbeadh orm ceann amháin a roghnú as a measc, bheadh orm searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta i bPáirc an Chrócaigh a lua.
Cé chuimhnigh ar who thought of
" An Iris Idirlín, BEO === **Cé chuimhnigh ar BEO.
Cuimhnímis leis let’s remember also
" Cuimhnímis leis, go bhfilleann an plaisteach ar an bplaistire!
an cú a bhuailtear sa cheann, cuimhníonn sé a dog stroke in the head remembers
" Tiocfaidh an dúpholl sna sála ar siúd, ach beidh a fhios againn an chéad iarraidh eile; - an cú a bhuailtear sa cheann, cuimhníonn sé.
chuimhní cinn memories
" Chomh maith leis an méid sin, labhraíonn Úna Ó Callanáin, gariníon le Michael Mallin faoi chuimhní cinn a athar, Séamus Mallin.
Cuimhnigh remember
" Cuimhnigh go raibh Enda Kenny agus Fine Gael ag iarraidh go gcuirfí gach gnó eile ar cheal don lá, mar go raibh tábhacht chomh mór sin leis an míniú a thabharfadh Brian Lenihan.
cuimhním I remember
" **SMM: Carachtar a bhí i Joe Greenberg, is cosúil?** SÓD: (Gáire croíúil) Fear an-chineálta! An-scoláire, an-chineálta, ach carachtar ar bhealach, mar cuimhním ar an bhfear bocht agus é ag teacht amach as an leabharlann mhór ar an gcampas in Ollscoil Stanford.
Cuimhnímis let's remember
" Cuimhnímis gur chinneadh rialtais a bhí sa Phlean Chaipitil úd agus ba threise go mór é ná moltaí na dréachtstraitéise.
nuair a chuimhneoidh tú when you consider
" Is deacair a shamhlú nach mbeidh port Assange seinnte go luath ar shlí amháin nó eile, nuair a chuimhneoidh tú a chumhachtaí is atá na naimhde ina choinne.
cuimhnigh ar remember
" Mar bharr ar an gcos ar bolg ar na Pailistínigh, cuimhnigh ar na hionsaithe ar an Liobáin, an Iordáin, an tSiria, an Éigipt, an Iaráic agus an Túinéis – agus go leor gníomhartha ceilte nach iad.
cuimhníodh uirthi it was thought of
" Tar éis an chogaidh, chas go leor Briotánach ón dteanga, mar cuimhníodh uirthi mar urlabhra na bhfealltóirí, nó ‘collabos’ - lucht tréasa.
Cuimhnímis let’s remember
" Is é mo chomhairle duit, caith an t-airgead go luath agus ceannaigh talamh, bó/arbhar, ór, carr nó rud ar bith! Cuimhnímis go bhfuil an domhan ar fad i bhfiacha deich n-oiread d'olltáirgeacht an domhain.
Cuimhnítear fós it’s still remembered
" Cuimhnítear fós ar an gcur is ar an gcúiteamh roimh chluiche ceannais Iomána na hÉireann anuraidh a bhain leis an ngortú do bhallnasc croiseach Henry Shefflin agus John Tennyson araon de chuid Chill Chainnigh agus an ‘mhiorúilt’ a cheadaigh dóibh dul chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann.
Cé chuimhnigh ar who thought of
" (Gáire) **SMM: Cé chuimhnigh ar Ghaillimh le Gaeilge a chur ar bun an chéad lá, nó bhí Gael-Taca ar an bhfód ó dheas agus b’fhéidir gurbh shin é a spreag sibh?** BNC: Níl a fhios agam.
Chuimhnigh mé ar I remembered
" Millte ag Muilte? ========= Chuimhnigh mé ar an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha agus mé ag éisteacht leis an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mhí an Mhárta.
Cuimhnímis let’s remember
" Cuimhnímis gur tharraing an Coimisinéir aird ina chéad tuarascáil ar an easpa luacha a bhí an cáiníocóir ag fáil as an infheistíocht mhór atá á déanamh ag an stát i múineadh na Gaeilge.
Cuimhnímis let’s remember
" Cuimhnímis go bhfuil sinsear an Phreispitéirigh leis na céadta bliain.
cuimhneofar ar shall be remembered
" Más gá marbhna a scríobh ar stair ildánach an tigh, cuimhneofar ar Sheanadóirí feidhmiúla ar nós an Dr Noel Browne, T.
cuimhneoidh siad they think
" Nuair a smaoiníonn daoine ar ealaín sna mórbhailte agus sna cathracha i dtuaisceart Shasana, cuimhneoidh siad gan amhras ar chuid de shaothar LS Lowry(1887-1976), inar tharraing sé an tírdhreach tionsclaíoch in áiteanna mar Salford, cóngarach dá theach féin i Pendlebury, Manchain.
Cé chuimhnigh ar who thought of
" Cé chuimhnigh ar Bhaile an Droichid a athchruthú is a chraoladh arís?** ENíCh: Tháinig scéala chugam anuraidh go raibh spéis ag Joe Steve cuairt a thabhairt ar Bhaile an Droichid arís.
nuair a chuimhnítear when one considers
" Eolas fíorspéisiúl atá ann nuair a chuimhnítear nach raibh a leithéid de sheirbhís ann 5 bliana ó shin.
má chuimhnítear ar an fhód iathghlas if the emerald isle is remembered
" ) Ba mhaith leis an Éireannach a cheapadh gur thréithe deasa a shamhlófaí leis thar lear, má chuimhnítear ar an fhód iathghlas thar lear ar chor ar bith.
cuimhnímis let’s remember
" Caint Roy ==== Tuigfear do Roy Keane a mhíchéadfa oíche theip na hÉireann ach cuimhnímis gur thacaigh sé ina chaint chéanna le lucht tacaíochta na foirne chomh maith.
gcuimhníonn muintir na hÉireann orthu mar the Irish think of them as
" Is dócha go bhfuil an chanúint atá agaibhse anseo níos foisce le hÍle ná mar atá canúint Leodhais! **SMM: Dúirt tú rud spéisiúil roimhe seo, faoi na hoileáin go léir in Inse Gall, go gcuimhníonn muintir na hÉireann orthu mar oileáin bheaga anseo is ansiúd, ach níl sé fíor.
Cuimhnímis ar let’s remember
" Cuimhnímis ar ar tharla i gCorcaigh ag deireadh an Mheithimh i mbliana nuair a scrios na tuillte ba mheasa leis na cianta siopaí agus tithe, agus níor den chéad uair é! Is beag faoiseamh a bhí ag an earnaíl mhiondíola ón drochaimsir ach oiread le haon dream eile.
chuimhní cinn memoirs
" Ó thaobh an athar ghairbh de ansin, ní foláir tagairt a dhéanamh do chuimhní cinn Denis Donoghue, Warrenpoint.
trí chuimhní brónacha a mháthar through his mother’s sad memories
" Jackson, príomh-abhchóid na Meiriceánach ag trialacha Nuremberg agus fás mall réidh na Naitsíoch á scagadh aige trí chuimhní brónacha a mháthar.
Cuimhnímis let’s remember
" Cuimhnímis go bhfuil aois an mhóraimh laghdaithe ó am dréachta an Bhunreachta ó 21 go 18 bliain d'aois.
Cuimhnímis freisin let’s remember also
" Cuimhnímis freisin nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub agus é féin a fháil faoi réir le haghaidh dhá nó trí chluiche mhóra ar a mhéid a imirt chun an deichiú bonn sin a bhaint amach.
nuair a chuimhnítear when one recalls
" Ní hé an cineál iompair a mbítear ag súil leis ar pháirc rugbaí nuair a chuimhnítear gurb é lucht na haicme uaisle a imríonn an rugbaí de réir an traidisiúin.
as chuimhní cinn from the memoirs
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig an sliocht íogair dianmhothaitheach seo as chuimhní cinn General Grant, fear eile a chuir spéis ghairmiúil i ndathanna na n-aibhneacha.
níor chuimhnigh sé ar it didn’t occur to him
" ) Fear díobh seo, bhí sé ag labhairt le Polannach sa tsráid tamall ó shin, i bPolannais, nuair a spalp Éireannach mná chucu “*why don’t you go back to your own country?*”! Is duine é an fear a bhfuil mé ag trácht air, atá níos séimhe ná mé féin, measaim, agus níor chuimhnigh sé ar aon ní maslach a ropadh ar ais chuici lom láithreach.
gcuimhneoidh siad gur chuir siad leas na tíre they’ll remember that they placed national wellbeing
" Beidh Páirtí an Lucht Oibre ach go háirithe ag súil go dtiocfaidh athrú intinne ar phobal na hÉireann mar thoradh ar fheabhas san aeráid idirnáisiúnta agus go gcuimhneoidh siad gur chuir siad leas na tíre chun cinn ar leas an pháirtí.
Nuair a chuimhnítear when one remembers
" Nuair a chuimhnítear gur Ghearmánach é Konrad Zuse, an fear a d’fhorbair an chéad ríomhaire dénártha riamh sa bhliain 1936, is íorónta go leor é go n-úsáidtear an fhoclaíocht Bhéarla i gcomhair na ríomhairí sa lá atá inniu ann.
cuimhnímis gur baill let's remember that it’s members
" ie agus a ‘dailyedge’, cuimhnímis gur baill den NUJ a scríobhann na hailt seafóideacha seo go tráthrialta a dhéanann díspeagadh ar mhuintir na Gaeilge.
seoladh a chuimhní cinn his memoirs was launched
" An tAthair Mc Spice ====== Bhog McGinley go Londain i 1962 ach seoladh a chuimhní cinn ‘*That Unearthly Valley- A Donegal Childhood*’ ag Oideas Gael anuraidh.
Cuimhnigh ar na Lusanna think of the plants
" Seo thíos na feidhmeanna is ansa liom féin: Ó a Thiarcais, Cuimhnigh ar na Lusanna (agus ar an gcat!) ================= Bhíomar thar lear le linn an bhrothaill mhóir níos luaithe sa bhliain agus bhí ár gcuid lusanna agus na glasraí go háirithe, sleabhctha nuair a d’fhilleamar.
Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair let us remind ourselves of how un-noticed
" Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair Seosamh Ó hÉanaí ina thír dhúchais féin agus an t-éamh ina choinne mar aoi ag coirm cheoil na Dubliners.
ina chuimhní cinn in his memoirs
" Luaigh Cheiro ina chuimhní cinn, a raibh an-tóir orthu tráth dá raibh, gur thaistil sé chun na hIndia agus é ina ógfhear chun snas a chur ar na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air.
nuair a chuimhnítear when it’s remembered
" Bhainfeadh sé siar as cuid mhaith de mhuintir na tíre nuair a chuimhnítear siar gur choir é a bheith aerach go dtí an bhliain 1993, nuair a thug an Seanadóir David Norris rialtas na hÉireann chun cúirte.
aon chuimhní agat ar na chéad lascaí a thugais ar chaid any memories of your first swipes at a football
" ie** DÓC: Go raibh míle maith agat a Chaitríona **CB: Inis dom a Dhara, an bhfuil aon chuimhní agat ar na chéad lascaí a thugais ar chaid?** DÓC: Bhí caid riamh sa tigh againn agus déarfainn go raibh caid romhainn amach ón gcéad choiscéim a thógamair! Ach go foirmiúil is dócha go dtosnaíomair ag imirt chaide i gceart i Scoil Naomh Eirc ar an bhFeothanaigh.
Cuimhním ar I remember
" Béal an Mhuirthead ========== Cuimhním ar an mbaile sin, Béal an Mhuirthead, mar gheall ar an ionsaí ba fíochmhaire a rinneadh orm in áit ar bith ar domhan faoi Ghaeilg a labhairt i gcuideachta daoine eile, breis is fiche bliain ó shin.
nuair a chuimhníonn duine ar when one considers
" Maíonn an cumann freisin go raibh níos mó daoine i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar lá cluichí Ceannais na hÉireann 2013 agus a craoladh beo ar TG4 ná mar a bhí i láthair ag aon imeacht spórt ban eile in áit ar bith ar domhan an lá áirithe sin rud atá deacair a thuiscint ná a mhíniú nuair a chuimhníonn duine ar cé chomh beag is atá daonra na hÉireann i gcomórtas le daonra na Síne nó na hIndia cuir i gcás.
Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid were enough people to consider such
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
a chuimhníonn agus an féin a mhaireann which remembers and the self which lives
" Cad is “sonas” ann? Deir sé go bhfuil dhá “fhéin” ann, an féin a chuimhníonn agus an féin a mhaireann.
sé an féin cuimhnithe it’s the remembering self
" Ach ’sé an féin cuimhnithe a thugann na cinnidh mhóra agus is minice atá i gceannas.
Chuimhnigh mé ó shin I’ve remembered in the interim
" Chuimhnigh mé ó shin ar phíosa seanchais a thóg RTÉ thart ar 1960 ó Mhícheál Ó Coincheanainn láimh le hEanach Cuain i gContae na Gaillimhe.
Cuimhnímis let’s remember
" Cuimhnímis nuair a sáinníodh na Giúdaigh in Iamhchrích Warzawa, ní raibh de chosaint acu ach na tolláin a thógadar.
ní chuimhneoidh shall not consider
" An té a mholfas duit an carr úr a cheannach, ní chuimhneoidh siad go brách gur féidir, más cuma leat do bheo nó más cuma leat do chúram i leith gach éinne eile ar bhóithre na tíre, leis an tseancharr 1.
nach gcuimhnítear air who is not remembered
" Beidh muintir na Fraince ag díriú a n-aird i mbliana ar an té sin sa chomharsain nach gcuimhnítear air de ghnáth.
Cuimhníonn recalls
" Cuimhníonn Breandán Delap ar na heachtraí brónacha a tharla i gceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe 130 bliain ó shin agus ar an chomóradh atá le déanamh orthu.
Cuimhneofar Laetha na Gaoithe Móire the days of the Great Wind
" Cuimhneofar Laetha na Gaoithe Móire ina measc go ceann fada an lá.