Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níor chuir an brú isteach ná amach orm The pressure didn't bother me at all
" * Níor chuir an brú isteach ná amach orm.
Níor cheart go gcuirfeadh an Bolognaise amach the Bolognaise shouldn't boil over
" "Níor cheart go gcuirfeadh an Bolognaise amach sula bpillfidh muid.
chuir seisean amach uirthise he vomited on her
" I ndiaidh do Chearbhall Coal Woman cur isteach ar an Íochtarán le linn an agallaimh chlúitigh sin, chuir seisean amach uirthise le teann déistine agus bréantais.
cuir do shoc amach stick your head out
" Cas anuas an fhuinneog sin agus cuir do shoc amach agus fiafraigh den bhean sin atá ag tarraingt orainn cá bhfuil an t-ionad siopadóireachta seo nó tá mé i mbarr mo chéille agat.
níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo it didn't bother these little horses
" Ní smaoineoinn riamh ar dhul suas nó síos aill ar chapall in Éirinn, ach níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo.
Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire it doesn't bother Daire
"Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire nach bhfuil éirithe ach le cúpla grúpa go dtí seo (na cinn a luadh thuas, mar shampla) slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóirí lánaimseartha traidisiúnta.
a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach. took out anything which would detract from listeners' enjoyment
" D’úsáid siad speisialtóirí chun na taifeadtaí a ghlanadh suas agus aon rud a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach.
a cuireadh amach which was released
" Caithfidh gur cheannaigh siad gach rud a cuireadh amach ar na lipéid Gael Linn, Cladagh, Outlet agus araile.
ní chuireann siad isteach nó amach orm. they don't bother me at all
" Ar ndóigh, táim dulta i dtaithí ar na hionsaithe anois, agus ní chuireann siad isteach nó amach orm.
nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach an Irish speaking camera man wasn’t sent out
" Thuig mé go maith nach í an tuairisceoir ba chúis leis an iompar náireach seo agus dúras leí go mba é an trua nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach in éindí leí chun an scéal a thaifeadadh.
chuir i bhfeidhm as seo amach to use from now on
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
gcuirfeadh sinn brú mór uainn amach we’d put on a bit of pressure
" Ní hé amháin Gaeltacht Iorrais anseobh, ach go dtiocfadh sinn uilig le chéile is go gcuirfeadh sinn brú mór uainn amach.
gcuirfeadh sinn podcastannaí amach we’d post podcasts
" com, agus táimid ag iarraidh, b’fhéidir, go gcuirfeadh sinn podcastannaí amach.
chuireann bailitheoirí eolais amach send out information gatherers
" Sin í an difríocht idir iadsan agus an CIA, a dhéanann spiaireacht ar bhonn gníomhach, agus a chuireann bailitheoirí eolais amach chun ábhar a ghineadh.
go gcuirfear le cumas COGG aon cheo breise a bhaint amach that the ability of COGG to achieve anything extra shall be increased
" Níl duine ar bith i saol na Gaeilge ag ceapadh go gcuirfear le cumas COGG aon cheo breise a bhaint amach, má dhéantar é a shá isteach faoin NCCA, dream a rinne praiseach iomlán de churaclam Ghaeilge na hArdteiste.
míshásta faoi agus curtha amach unhappy and disturbed
" Ag Snámh in Aghaidh na Meán ============= In Éirinn tá daoine míshásta faoi agus curtha amach go bhfuil a leithéid de chomórtas againn anseo anois.
an-churtha amach faoi very upset about it
" De réir úinéara na háite in agallamh le The Northern Standard, bhí sé an-churtha amach faoi: ‘Dá mbeadh sé ar eolas agam an cineál comórtais a bhí i gceist leis - ní ligfinn cead ar bith leo teacht chomh fada le doras na háite.
Ní chuireann tú romhat amach riamh you never plan to
" **CB: An raibh sé mar aidhm agat i gcónaí Páirc an Chrócaigh a bhaint amach?** DÓC: Ní chuireann tú romhat amach riamh a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh – is sórt aisling í.
níor chuir sé isteach ná amach orm it didn’t bother me one way or the other
" Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm.
Ar chuir sé isteach ná amach ar did it bother
" Ar chuir sé isteach ná amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir, ná baol air.
Cuireann an leagan amach seo olc ar this set up frustrates
" Cuireann an leagan amach seo olc ar Dhara ach níl fhios aige cad is féidir leis nó lena chomhghleacaithe a dhéanamh faoi.
chuir sé an clár amach he put the board out
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
Níor chuir sé sin isteach ná amach ar that didn’t bother in the slightest
" Níor chuir sé sin isteach ná amach ar Mhichael Dee ná ar Bheití féin ach oiread, agus as go brách leis an bheirt acu sa chóiste, le Pilib na Gréige ag gíománaíocht ar suíochán ard taobh amuigh.
lear leabhar curtha amach many books published
"lear leabhar curtha amach ag an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh in imeacht na mblianta.