Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuir ar ceal who cancelled
" Tá turasóirí eile ann, áfach, a chuir ar ceal a saoire in Cogne (ionad scíála a dtarraingníonn na sluaite air), agus eagla orthu go bhfuil an dúnmharfóir fós ansin ag maireachtáil i measc ghnáthdhaoine na háite.
curtha ar ceal cancelled
" Gan ann ach fanacht agus fanacht go ciúin sa dorchadas ansin i bpluais neodrach, ina raibh an t-am reoite nó curtha ar ceal.
go gcuirfí na toghcháin ar ceal that the elections be cancelled
" Inniu (30 Aibreán) tá sé le bualadh le Príomh-Aire na Breataine Tony Blair agus meastar go n-iarrfaidh sé go gcuirfí na toghcháin ar ceal.
gur cuireadh cúl ar ceal that a goal was disallowed
" Déanann sé anailís ar an gcluiche agus taispeánann sé go raibh mí-ádh ar Aontroim gur cuireadh cúl ar ceal go luath sa chluiche , cúl nach raibh mórán mícheart leis dar leis.
curtha ar ceal cancelled
" Chomh maith leis sin, tá leabhar eile leis an údar a bhí le foilsiú níos deireanaí i mbliana curtha ar ceal.
curtha ar ceal cancelled
" An bhfuil mise corr nó an gcreideann sibhse fosta gurb é jab an rialtais é bheith ag tabhairt aire dá chuid saoránach? Páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag fanacht uair an chloig mar go bhfuil an tseirbhís tacsaí curtha ar ceal.
curtha ar ceal cancelled
" Bíonn fadhb ann i gcónaí leis an eitleán - bíonn sé mall nó bíonn an eitilt curtha ar ceal, mar shampla.
nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal that the impatient airlines won't cancel their orders
" Tá na hinnealtóirí ag iarraidh réiteach a fháil, agus tá an lucht díolacháin ag súil nach gcuirfidh na haerlínte mífhoighneacha a n-orduithe ar ceal.
a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal that Dublin County Council cancelled
" Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.
chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton it scapped an arrangement it has made with the Clinton regime
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
curtha ar ceal. cancelled.
" Níos measa ná sin, bhí an coláiste i dTeach Cholm Cille curtha ar ceal.
chuir siad ar ceal they cancelled
" Is léir gur thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
curtha ar ceal cancelled
" Níos measa ná sin, ní féidir an t-aitheantas Gaeltachta atá bronnta go héagóireach ar na heastáit tithíochta seo i gCathair na Gaillimhe a athrú, gan reachtaíocht nua! An chumhacht a bhíodh ag an rialtas, i dtaobh theorainneacha na Gaeltachta a athrú, do réir mar ba ghá, tá sé curtha ar ceal ag Mír 7 de Acht na Gaeltachta 2012.
cuireadh ar ceal an chumhacht the power was cancelled
" Ba shin a gheall Dinny Mc Ginley roimhré, ceart go leor, ach tá ’ fhios againn anois gur a mhalairt a rinne sé: deimhníodh san Acht na teorainneacha mar a bhí, fágadh 15,000 in eastáit tithíochta i gCathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht agus cuireadh ar ceal an chumhacht a bhíodh ag an Rialtas, faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm, aon cheo a dhéanamh faoi.
cuireadh reifrinn ar ceal referenda were set aside
" ”* Is léir do chách áfach nach bhfaigheann na haingil is uaisle an lámh in uachtar le linn reifrinn, agus sin a chúis gur cuireadh reifrinn ar ceal d’aon ghnó san Afraic Theas de chuid Mandela agus sa Ghearmáin tar éis 1945.
cuireadh an toghchán ar cheal the election was cancelled
" (Tá trí shuíochán le líonadh i Muineachán fós, áit ar cuireadh an toghchán ar cheal, de dheasca bás duine de na hiarrthóirí.