Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
agus a chuireann fáilte roimh aíonna. and which welcomes guests.
" Is pobal éacúiméineach Críostaí é, atá beo go fóill, agus a chuireann fáilte roimh aíonna.
go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht that the welcome the proposal regarding the republic
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
cuireadh fáilte chroíúil roimh was warmly welcomed
" Cén t-iontas mar sin gur cuireadh fáilte chroíúil roimh dea-scéala an Aire McGinley gur éirigh leis an Údarás na cosa a thabhairt leis ón tua a bhí ar tí titim? Ach díol suntais gur dhúirt an tAire Stáit McGinley go mbeadh cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta 'ar an Údarás' seachas go mbeadh an eagraíocht ag coinneáil na cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta a bhí aige ó am a bhunaithe.
Chuirfinn fáilte roimh tuairimí daoine eile I’d welcome other opinions
" Chuirfinn fáilte roimh tuairimí daoine eile.
chuir sí fáilte roimh she welcomed
" “Is maith an rud é go bhfuil duine acadúil eile tofa mar Uachtarán na hÉireann,” a dúirt an tOllamh Marianne Elliot nuair a chuir sí fáilte roimh Mícheál D.
Cuirtear fáilte roimh are welcomed
" Cuirtear fáilte roimh ghnólachtaí úra ó gach cearn den domhan both taispeántais a ghlacadh ann agus tá comórtas, *Spark of Genius*, a bhronnann €25,000 ar an ngnó nua is fearr i measc 30.
gur beag fáilte a chuir baill den chomh-aireacht roimh members of the cabinet didn't welcome
" Léiríonn cáipéisí ó Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin Riail 30 Bliain gur beag fáilte a chuir baill den chomh-aireacht roimh an phlean agus go raibh an Roinn Airgeadais ach go háirithe, go mór ina éadan.
Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh used to be always greatly welcomed
" Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh ridirí an bhóthair: bhídís le cloisteáil ag gach ócáid a mbeadh daoine bailithe le chéile ann ar nós lá aonaigh, margaí, cluichí peile agus iománaíochta agus mar sin de.
cuireadh oiread fáilte roimh were welcomed just as much
" Protastúnaigh na hAirgintíne ========== Cé gur tír Chaitliceach í an Airgintín, seasann Guillermo air gur cuireadh oiread fáilte roimh Phrotastúnaigh is a cuireadh roimh an mhóramh Chaitliceach a tháinig chun na tíre ach de réir a chéile, phós na Protastúnaigh Caitlicigh agus tógadh na páistí mar Chaitlicigh agus thit líon na bProtastúnach dá réir.
cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar the book got a great reception
" Bhí a fhios agam ar bhealach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine, ó tharla go raibh mé ag magadh faoi chuid de na fíor-Ghaeil, más maith leat, ach ag an am chéanna, cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar.
cuirim fáilte roimh aiseolas I welcome feedback
" Éisteann muid lenár léitheoirí i gcónaí agus cuirim fáilte roimh aiseolas ón phobal.
Cuireadh fáilte chroíúil roimh was warmly welcomed
" Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla:** Cuireadh fáilte chroíúil roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny Mc Ginley, ag an Oireachtas i 2011, go raibh an tAcht le leasú agus go mbeadh ról ag an phobal ins an phróiseas chomhairliúcháin.