Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Braithim go bhfuil droch-chomaoin curtha orainne Meiriceánaigh I feel we have been disserviced as Americans
" "Braithim go bhfuil droch-chomaoin curtha orainne Meiriceánaigh ag na leabhair sin go léir atá tar éis miotas Camelot a chothú.
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu the pretence that each of them is doing well is chased away
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa. that the whole thing has been put to bed
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
go bhfuil an saol curtha as aithne that life has changed beyond recognition
" Is cinnte go dtuigeann daoine gur bhain an tír seo tairbhe as a bheith ina ballstát den Aontas Eorpach, ach tuigeann siad freisin go bhfuil an saol curtha as aithne.
an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm the way in which it is implemented
" Costais ardaCaithfidh mé a admháil go bhfuil an prionsabal taobh thiar den chóras nua go maith, ach ní maith liom an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm agus na costais arda a bhaineann leis.
an áit a gcuirfear an fhuil is deirge where the reddest blood is spilt
" Tá toghchán fíochmhar ar siúl sa Seanad, agus is é seo blár catha na bliana, an áit a gcuirfear an fhuil is deirge agus an t-allas is goirte.
bhfuil an síol curtha anois the seed is planted now
" Is léir áfach go bhfuil an síol curtha anois agus go bhfuil borradh idirnáisiúnta faoin ngluaiseacht.
bhfuil togra eile curtha i gcrích acu they’ve another project finished
" Tugaim faoi deara gach uair a dtéim ar ais ansin go bhfuil togra eile curtha i gcrích acu.
bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar that the Senate has placed some impediment on
" Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr! Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad ================ Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille.
cruthúnas go bhfuil cuireadh proof of an invitation
" Tá roinnt bailte, fiú, nach ligtear daoine isteach iontu gan chárta aitheantais agus cruthúnas go bhfuil cuireadh faighte ag an duine.
bhfuil éacht curtha i gcrích ag CIC have done something remarkable
" Is cinnte go bhfuil éacht curtha i gcrích ag Cló Iar-Chonnacht le foilsiú an leabhair mhórthaibhsigh seo agus go háirithe ag eagarthóirí an leabhair – Mícheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin.
nach bhfuil cuireadh tugtha who haven’t received an invite (from us)
" Tá an-chuid déanta ó na nóchaidí ar aghaidh d’fhonn teorainneacha an Aontais a dhaingniú agus daoine nach bhfuil cuireadh tugtha againn dóibh a choimeád amach.
Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag it’s amazing what has been achieved by
" Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag náisiúntóirí agus ag poblachtaigh ó thuaidh agus ó dheas le glúin.
chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é not because of what has already been done
" Beidh baint níos dlúithe ag Cathair Dhoire le saol na healaíne feasta, chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é, ach as ucht a bhfuil ar na bacáin, faoi cheann dhá bhliana go háirithe, nuair a lonnófar Duais Turner sa chathair sin.