Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuir in aghaidh na gcumannach who opposed the communists
" Tháinig na cumannaigh i gcumhacht de bharr toghcháin mhímhacánta bheith eagraithe acu agus tugadh daoine a chuir in aghaidh na gcumannach chun trialach nó cuireadh chun báis iad.
gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha that Poland would go against the treaty
" Agus comhráite ar siúl le déanaí chun conradh a chur le chéile a fheidhmeodh in ionad an Bhunreachta Eorpaigh nár éirigh leis, ba í an Pholainn an t-aon tír amháin a chothaigh trioblóid nuair a mhaígh PiS go gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha mar nach raibh siad sásta le gné amháin de.
Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta He opposes general consensus
" Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta agus i gcoinne dioscúrsa atá san fhaisean.
dá gcuirfeadh sé in aghaidh an reachtaithe were he to oppose its enactment
" Faoin am sin, bhí Teach na nIonadaithe agus an Seanad caillte ag na Daonlathaigh, agus bhí a fhios ag an Uachtarán Clinton, go háirithe agus chomh fonnmhar agus a ritheadh an dlí i dtithe na Comhdhála, nach dtarraingeofaí ach raic dá gcuirfeadh sé in aghaidh an reachtaithe.
chuir sí in aghaidh an aistrithe she opposed the removal
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.