Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
turasóireachta cultúrtha cultural tourism
" com/), tionscadal turasóireachta cultúrtha, faoi lán seoil.
híomhá chultúrtha cultural image
" D'aontaigh an lucht gnó go raibh an eagraíocht tábhachtach i bhforbairt shaol na Gaillimhe agus go raibh sí ag cur go mór le híomhá chultúrtha na cathrach.
eagraíocht chultúrtha cultural organisation
" Bhí an t-ádh orainn go raibh eagraíocht chultúrtha darb ainm Cantref gníomhach sa cheantar agus le cúpla bliain anuas tá muid ag comhoibriú leosan agus leis an chomhairleoir áitiúil Elwyn Edwards (Plaid Cymru) sa scéim chun leacht cuimhneacháin cuí a thógáil.
Oidhreachtaí Cultúrtha cultural heritages
" Thosaigh clár spéisiúil imeachtaí ar an 29 Meán Fómhair chun bunú Acadamh Oidhreachtaí Cultúrtha na hÉireann, foras nua ollscoile sa Tuaisceart, a cheiliúradh.
cultúrtha cultúrtha
" Roinnt míonna ó shin chonaic mé cuairteoirí a bhí ag fanacht san óstán i nGort an Choirce ag dul ar bord bus chuig teach ceoil Leo breis is deich míle ar shiúl de bharr nach raibh rud ar bith cultúrtha ag tarlú ar an sráidbhaile.
impiriúlachas cultúrtha na Rúise Russian cultural imperialism
" An té a labhraíonn le hinimircaigh ó oirthear na hEorpa tabharfaidh sé/sí faoi deara go bhfuil dearcadh báúil agus tuisceanach acu i leith cheist na teanga sa tír seo de bharr a dtaithí ar impiriúlachas cultúrtha na Rúise.
príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha the main entertainment and cultural centre
" Is beag cumann áitiúil nach bhfuil áras dá chuid féin aige agus is minic gurb é áras an CLG príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha an pharóiste nó an bhaile bhig.
oifigeach ceangail cultúrtha cultural liaison
" Ach mar a deir Adrian Flannelly, an pearsa raidió atá ina oifigeach ceangail cultúrtha ar an tionscadal: "I ndáiríre, d'fhéadfadh seo a bheith ina bhallóg áit ar bith in Éirinn.
fhéiniúlacht chultúrtha cultural identity
" Agus an tionscal sin tite i léig, thuig comhairleoirí na cathrach ar bhealach aibí, nach minic a thuigeann daoine a bhíonn i gcumhacht, go dtagann forbairt eacnamaíoch go minic sna sála ar fhorbairt agus ar fhéiniúlacht chultúrtha.
ionad cultúrtha breá nua a fine new cultural centre
" Cúpla lá ó shin, chuaigh mé go dtí An Droichead, ionad cultúrtha breá nua i ndeisceart Bhéal Feirste, le páirt a ghlacadh in oíche chomhrá.
turasóireacht chultúrtha cultural tourism
" Measann sé go bhfuil sé sin bainte amach ag a ionad féin, go bhfuil "léann ag an leibhéal is airde" i gceist, seachas cúrsaí ar an "turasóireacht chultúrtha".
fhréamhacha cultúrtha cultural roots
" Ach, in ainneoin na béime láidre seo ar fhréamhacha cultúrtha, is náisiún gan fréamhacha é Meiriceá ar go leor slite.
ceangail chultúrtha cultural ties
" Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan agus, ag an am céanna, ceangail chultúrtha, agus go háirithe ceangail teanga, a dhaingniú idir daoine gur suim leo cultúr agus teanga na Gaeilge.
ceardlanna cultúrtha cultural workshops
" Lasmuigh de mo ghrúpa ceoil agus den teanga, tá dúil mhór agam ceardlanna cultúrtha, feiseanna ceoil srl.
héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch cultural and linguistic diversity
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
saibhreas cultúrtha cultural richness
" Ní hamháin sin ach tá saibhreas cultúrtha ar dóigh ann.
ionaid chultúrtha cultural centres
" Is é príomhaidhm MBT ná ionaid chultúrtha agus spáis phoiblí a chothú sa cheantar, maoirseacht a dhéanamh orthu agus iad a chur ar fáil d'ealaíontóirí.
éagsúlacht chultúrtha cultural diversity
" Mar sin, de réir mar atá saibhreas agus éagsúlacht chultúrtha á scrios ag na comhlachtaí móra ceirníní d'aon turas, tá géarghá le dlí a chuirfeadh iallach ar na stáisiúin raidió dóthain ama a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha.
ócáidí cultúrtha cultural occasions
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
oidhreacht chultúrtha na tíre the cultural heritage of the country
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
acmhainn chultúrtha cultural resource
" Higgins ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus bhreathnaigh sé, cosúil linne, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha.
athbheochan chultúrtha na hÉireann the cultural revival of Ireland
" Labhraíomar faoi stair na teanga agus faoi ról an Cheilteachais in athbheochan chultúrtha na hÉireann sa chéad chuid den fhichiú haois.
tionscnamh cultúrtha cultural initiative
" Bhí múinteoir sa séú rang sa bhunscoil aici a léigh gearrscéalta an Phiarsaigh don rang; duine í an múinteoir, dar le hAngela, "a bhí meallta go huile is go hiomlán ag an tionscnamh cultúrtha a bhí ar bun ag an bPiarsach".
hoidhreacht chultúrtha cultural heritage
" Rinne mé amhlaidh toisc gur Ceanadach bródúil mé, duine de shliocht na nGael a tháinig go Ceanada agus a chuir le hoidhreacht chultúrtha na tíre sin.
d'eagrais chultúrtha to cultural organizations
" Soláthraíonn muid seirbhísí riaracháin/tacaíochta d'eagrais chultúrtha, ina measc Conradh na Gaeilge Thrá Lí - Oirthear Dhuibhneach, Coiste Dúiche Chiarraí, Abhainn an Scáil, Ógras Thrá Lí, Glór na nGael Thrá Lí, agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann Thrá Lí.
eispéireas cultúrtha cultural experience
" " Seal i Sasana ======= Chinn Anna ar an mhúinteoireacht a fhágáil ina diaidh agus roinnt blianta a chaitheamh i Sasana ar mhaithe le taithí úr a fháil agus "eispéireas cultúrtha" a bheith aici.
phríomhócáid chultúrtha na bliana the main annual cultural event
" Go díreach mar atá Oireachtas na Gaeilge ag Gaeil na hÉireann mar phríomhócáid chultúrtha na bliana, tá a mhacasamhail ag na Breatnaigh fosta, is é sin an tEisteddfod.
níos coimeádaí go polaitiúil agus go cultúrtha more politically and culturally conservative
" Ní cúis iontais ar bith é, is dócha, go léiríonn an taighde atá déanta aige go dtí seo go bhfuil na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha, go ginearálta, níos coimeádaí go polaitiúil agus go cultúrtha ná an t-aos óg atá lonnaithe in Éirinn féin.
acmhainn chultúrtha cultural resource
" Maíonn Géaróidín Ní Ghioballáin, an duine atá freagrach as margaíocht a dhéanamh ar an bhféile, gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar "acmhainn chultúrtha agus acmhainn a bheadh páirteach i bhforbairt bhuan an cheantair".
droichid chultúrtha cultural bridges
" droichid chultúrtha ======= Chomh maith le foirgnimh mar an Pearl Tower (an dara foirgneamh is airde ar domhan) agus damba an Yangtse, tá droichid chultúrtha á bhforbairt acu chomh maith.
nascadh cultúrtha cultural twinning
" Ina theannta sin, tá Comhairle Chathair Chorcaí ag obair i gcomhar leis na húdaráis i Shanghai chun nascadh cultúrtha a shocrú.
sa ghluaiseacht pholaitiúil agus chultúrtha in the political and cultural movement
" Bhog sé go Baile Átha Cliath in earrach na bliana 1905 chun a bheith páirteach sa ghluaiseacht pholaitiúil agus chultúrtha in Éirinn.
chúlra cultúrtha cultural background
" Grúpa deas bríomhar atá ann, gan leisce dá laghad orthu labhairt amach am ar bith! Is ar chothú scileanna cumarsáide agus ar chúlra cultúrtha na Gaeilge a chuirim an bhéim.
ionad cultúrtha agus sóisialta cultural and social centre
" I 1987, tháinig grúpa oibre áitiúil le chéile chun an teach a shábháil agus chun ionad cultúrtha agus sóisialta, a reáchtálfaí trí mheán na Gaeilge, a chur ar fáil don phobal don todhchaí.
ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair historical, cultural and economic questions
" Ardaíonn an fógra a rinneadh le déanaí go bhfuil breis is fiche scoil Chaitliceach i gCathair Nua-Eabhrac le dúnadh nó le nascadh go leor ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair.
seasamh cultúrtha cultural standing
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Tá seasamh cultúrtha an-tábhachtach ag an nGaeilge.
i gcomhthéacs cultúrtha in a cultural context
" ” Breathnaíonn Ó Muirí ar an nGaeilge i gcomhthéacs cultúrtha, in ionad comhthéacs pholaitiúil amháin.
seasamh cultúrtha cultural standing
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Tá seasamh cultúrtha an-tábhachtach ag an nGaeilge.
Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa European Cultural Capital
" Ach anois tá imní sa chathair go bhfuil dochar déanta ag *Léargas *don turasóireacht áitiúil, mar bíonn a lán Éireannach ag an *Grand National *i mí an Aibreáin de ghnáth, agus bhí dóchas ann go dtiocfadh níos mó daoine trasna i 2008, nuair a bheidh Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
ríshliocht cultúrtha cultural dynasty
"ríshliocht cultúrtha bunaithe aige féin agus Eithne.
san earnáil chultúrtha in the cultural sector
" Tá comhdháil á reáchtáil i gCaernarfon, i dtuaisceart na Breataine Bige, ar an 5 agus 6 Deireadh Fómhair ina mbeifear ag plé na bhféidearthachtaí atá ann d’ealaíontóirí (chomh maith le heagraíochtaí a bhíonn ag obair san earnáil chultúrtha) ón mBreatain Bheag agus ó oileán na hÉireann sna blianta atá romhainn.
Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha Cultural Co-operation And Touring
" Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Ealaíona Deonacha Éireann agus Voluntary Arts Wales/Celfyddydau Gwirfoddol Cymru, le tacaíocht ó CCAT (Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha), an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.
le himeachtaí cultúrtha a eagrú to organise cultural events
" Cuirfear béim sa phlé ar chomhoibriú idir grúpaí ón dá thír, go háirithe anois agus gan i bhfad ann go mbeidh deireadh le tréimhse INTERREG, agus scéimeanna eile cultúrtha a bhíonn á reáchtáil ag an gComhairle Eorpach, a chuireann deontais ar fáil le himeachtaí cultúrtha a eagrú.
cleachtóirí cultúrtha cultural practitioners
" Más rud é gur mian leat féin nó le d’eagraíocht bheith páirteach sa phlé agus sa mhalartú smaointe lenár gcomharsana a tharlóidh i gCaernarfon, bí linn! Clár de chuid INTERREG IIIa is ea CCAT @ Ionad Ealaíon Aberystwyth agus Barra an Teampaill, a dearadh chun gaol a chothú idir cleachtóirí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann agus chun an phróifíl atá ag ealaíona na Breataine Bige agus na hÉireann a ardú, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.
lárioand cultúrtha cultural centre
" Ansin tógadh an lárioand cultúrtha, Lárionad an Droichid, sa bhliain 2000.
buntáistí geilleagracha, sóisialta agus cultúrtha economic, social and cultural advantages
" ======= Ar an taobh eile den scéal, b’fhéidir go bhfeicfeadh siad gur lena leas a bheadh an comhoibriú seo, go mbeadh buntáistí geilleagracha, sóisialta agus cultúrtha ag baint le teagmháil a dhéanamh leis an taobh ó dheas den teorainn.
imeachtaí cultúrtha cultural events
" Ní bhíonn go leor imeachtaí cultúrtha ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge lag acu ach suim acu í a fheabhsú.
chnámha spairne cultúrtha cultural bones of contention
" Cartún é ar coimriú ar chonspóidí reiligiúnacha agus ar chnámha spairne cultúrtha na linne seo é.
teorainneacha cultúrtha agus polaitiúla cultural and political boundaries
" Is beag duine a d’easaontódh leis an tuairim gur gaiscígh spóirt ar leith iad an bheirt sin a bhfuil a gcáil is a n-éachtaí i ndiaidh teorainneacha cultúrtha agus polaitiúla an domhain mhóir a thrasnú.
mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta as part of our national cultural identity
" Agus mé ag fás aníos bhí ardmheas ag an teaghlach ar an Ghaeilge - tugadh ómós di mar mhodh cumarsáide agus mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta.
ár n-oidhreacht chultúrtha a loit to destroy our cultural heritage
" Agus dream ar bith atá sásta áilleacht na tíre a mhilleadh bí geall nach mbeadh drogall ar bith orthu ár n-oidhreacht chultúrtha a loit fosta.
tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta the musical, geographical, cultural and social influences
" Dhírigh mé mo chuid taighde ar a stíl seinnte agus ar ghnéithe dá shaol, mar a tógadh é, agus ar na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta a imríodh air agus a raibh mar thoradh orthu gur éirigh leis barr feabhais a bhaint amach sa cheol agus go ndeachaigh sé féin ar aghaidh le bheith ina thionchar mór ar cheol dúchasach na hÉireann.
ceiliúradh cultúrtha cultural celebration
" Sa bhliain 2007 beidh ceiliúradh cultúrtha ar siúl ar fud Gharbhchríocha na hAlban agus, mar chuid den fhéile sin, cuirfidh Groam House Museum taispeántas speisialta ar siúl faoi George Bain.
na tionchair shóisialta agus chultúrtha the social and cultural influences
" Beidh mé ag féachaint go speisialta ar na tionchair shóisialta agus chultúrtha ar an gceol traidisiúnta sa tréimhse seo, ag tosú le toradh an Ghorta Mhóir agus ag críochnú le Riverdance agus an Tíogar Ceilteach! AÓF: Beidh staidéar agus taighde le déanamh agat féin ann freisin, nach mbeidh? Cén treo ina mbeidh do chuid staidéir féin ag dul? TC: Nuair a rinne mé Máistreacht in Ollscoil Luimnigh rinne mé staidéar ar cheol oirthear na Gaillimhe, go speisialta ar cheol Bhanna Céilí Eachroime.
mar chuid de chroílár shaol cultúrtha na príomhchathrach. as part of the heart of the cultural life of the city.
" Ba mhaith le stiúrthóirí IMRAM go mbeadh scríbhneoirí na Gaeilge mar chuid de chroílár shaol cultúrtha na príomhchathrach.
ag eagrú imeachtaí cultúrtha organising cultural events
" ” Tá an-taithí ag Risteard ar a bheith ag eagrú imeachtaí cultúrtha i nDoire cheana féin.
cleachtas cultúrtha culture practice
" Níor léirigh sé seo easpa measa ar a theaghlach – cleachtas cultúrtha a bhí ann a bhí préamhaithe i saol na tuaithe sa tír seo le fada an lá.
mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa as cultural capital of Europe
" Ach ná déan dearmad gur leagadh an sean-Cavern Club sna 1970í, agus in ainneoin go mbeidh Learpholl mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa in 2008, bíonn deacrachtaí go fóill ag láithreacha ceoil san áit – Parr Street Studios, mar shampla.
tionscadail oideachasúla agus chultúrtha educational and cultural projects
" Cabhraíonn siad le daoine atá ina gcónaí ar na sráideanna san Afraic agus le tionscadail oideachasúla agus chultúrtha sa Tibéid agus i Neipeal, ag múineadh amhrán agus damhsa agus ag caomhnú cultúr.
traidisiúin chultúrtha cultural traditions
" D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
an saibhreas cultúrtha sin that cultural richness
" Glacann sé leis an tábhacht a bhaineann leis an saibhreas cultúrtha sin – ach tá sé mar mhisean anois aige an dara leath den idirmhalartú sin a chur i gcrích, agus a chultúr Maorach a thaispeáint do na Pākehā.
na hambasáid agus na hinstitiúidí cultúrtha. the embassies and the cultural institutions.
" Bím ag feidhmiú mar chomhordaitheoir idir Comhairle Ealaíon na hÉireann agus na Comhairlí Ealaíon ar fud an domhain, na hambasáid agus na hinstitiúidí cultúrtha.
ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha on the loss of linguistic, intellectual and cultural diversity
" Níl daoine ag smaoineamh ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha – níl daoine den tuairim gur tubaiste a bheas ansin.
má chaillimid ár n-ilghnéitheacht chultúrtha. if we lose our cultural diversity.
" “Tá go leor ceachtanna le foghlaim againn ó na caomhantóirí, na comhshaolaithe, agus d’fhéadfaimis fiú bheith ag obair as lámh a chéile agus cur ar a súile do dhaoine céard a tharlóidh má chaillimid ár n-ilghnéitheacht chultúrtha.
réimse iontach imeachtaí cultúrtha a great range of cultural events
" Mairfidh Féile Cholm Chille 2007 ar feadh trí lá, 8 – 10 Meitheamh, agus beidh réimse iontach imeachtaí cultúrtha ar siúl ar dhá oileán.
imeachtaí sóisialta agus cultúrtha social and cultural events
" ” Déanann Gráinne imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a eagrú go rialta leis an Ghaeilge a chur chun cinn i nGlaschú.
deireadh seachtaine cultúrtha a cultural weekend
" I lár mhí na Samhna, beidh Conradh Ghlaschú ag eagrú deireadh seachtaine cultúrtha sa chathair, i gcomhar leis an Lochràn (www.
díospóireacht chultúrtha éigin some cultural debate
" Creideann Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh gur “beag fóram atá ar fáil chun dea-iriseoireacht, dea-scríbhneoireacht agus fiú díospóireacht chultúrtha éigin a thionscnamh i nGaeilge”.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa as European Capital of Culture
" ” Is maith le Derek saol na healaíne i Learpholl, “an chathair is cóngaraí d’Éirinn”, mar a thug sé air, agus tá sé ar an choiste atá ag ullmhú do thréimhse Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa in 2008.
nasc cultúrtha cultural link
" Cé go bhfuil an Nua-Shéalainn scoite amach ón Eoraip, tá nasc cultúrtha aici fós leis na hEorpaigh.
mar shatailít chultúrtha as a cultural satellite
" Ar ndóigh, is teanga dhomhanda é an Béarla ach nach bhfuil Sasana anois mar shatailít chultúrtha de Mheiriceá, a fhiafraím den Ollamh Welch? Nach bhfuair cultúr na Stát Aontaithe greim ar an domhan trí na cineálacha éagsúla popcheoil? Ní aontaíonn An Dr Welch leis an dearcadh sin.
mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa as the main cultural city of Europe
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla to stick to cultural and historic subject-matter
" “Níor phéinteáil mé gunnadóirí riamh; rinne mé iarracht cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla i gcónaí,” a dúirt Ervine.
réimse fairsing de thionscnaimh chultúrtha agus oideachasúla a wide range of cultural and educational initiatives
" Thionscain sé réimse fairsing de thionscnaimh chultúrtha agus oideachasúla a mheall tacaíocht ón mhórphobal.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. as European Capital of Culture.
" Reáchtálfaidh Conradh na Gaeilge ócáid ar leith i mí Feabhra mar chuid den cheiliúradh a bheas ar siúl i gcaitheamh na bliana le linn do Learpholl a bheith mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
cultúrtha cultural
" Léiríonn na tionscadail teilifíse atá roghnaithe aige go gcuireann sé roimhe ceisteanna agus fadhbanna móra sóisialta agus cultúrtha a phlé.
oidhreacht chultúrtha cultural heritage
" Tar éis an tsaoil, níl aon chúis go mbeadh na húdaráis a cheadaigh scrios chomhshaol agus áilleacht na tíre róbhuartha faoin oidhreacht chultúrtha ach chomh beag.
náisiúnachas cultúrtha cultural nationalism
" Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, in every economic, cultural, development organisation,
" Níl sé féaráilte an locht a chur ar pholaiteoir amháin – agus admhaíonn Squinter nach bhfuil aon duine gan locht – ach seo páirtí a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil as sé cinn in Iarthar Bhéal Feirste; tá siad gach áit, i ngach grúpa, i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, cibé.
mar Chathair Chultúrtha na hEorpa as European City of Culture
" Nuair a fuair mé scairt gutháin ó Eoghan Ó Néill, iriseoir ar Raidió Fáilte, Béal Feirste, ag tús mhí an Mhárta, shíl mé go raibh sé ag iarraidh labhairt liom faoi Learpholl a bheith mar Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008, mar bhí agallamh déanta agam faoin ábhar ar Raidió na Gaeltachta cúpla lá roimhe sin.
Cumann Gaelach Cultúrtha cultural Gaelic Society
"Cumann Gaelach Cultúrtha Montana ag tabhairt thraidisiún láidir na Gaeilge ar aghaidh sa stát álainn iargúlta sin.
nasc cultúrtha a chothú to foster a cultural link
" Nasc cultúrthaBhí teorainn lena raibh siad ábalta a rá lena chéile i mBéarla nó in Araibis; ba trí na leabhair agus na pictiúir a d'éirigh leo nasc cultúrtha a chothú agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa as European Capital of Culture
" Gan amhras, d’Éireannaigh na cathrach seo, ba í cuairt Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, buaicphointe na bliana seo ina bhfuil Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha. the study of global dance in a cultural context
" Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha.
níor smaoinigh mé ar an chomhthéacs cultúrtha eile I didn't think about the other cultural context
" Tá go leor imní orm faoi sin, ach níor smaoinigh mé ar an chomhthéacs cultúrtha eile a bhí romham: bhí mé le bheith mo mhac léinn arís, agus ní hamháin sin, bhí mé le bheith i measc mac léinn atá in aois chuí le bheith ina mic léinn.
oifigeach cultúrtha cultural officer
" Dúirt Derek Hannon, ar oifigeach cultúrtha é le hAmbasáid na hÉireann in Londain: "Is deis iontach é seo ceiliúradh a dhéanamh ar na ceangail idir Éire agus Learpholl, go háirithe i mbliana agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa agus na sluaite móra cuairteoirí ag tarraingt ar an áit.
náisiúnachais chultúrtha of cultural nationalism
" Ball foirne a bhí inti i ngréasán idirspleách an náisiúnachais chultúrtha agus tá aitheantas poiblí den chineál seo tuillte ag cuid mhaith dá comhghleacaithe.
ionad suntasach cultúrtha a cultural centre of note
" Táthar ag súil go mbeidh idir 70,000 agus 90,000 cuairteoir ag tarraingt ar an chathair le linn an chomórtais seo, rud a dhéanfaidh maith mhór do gheilleagar na háite agus a dhaingneoidh clú na cathrach mar ionad suntasach cultúrtha.
nithe cultúrtha cultural matters
" Má tharraingíonn siad le chéile, na coistí áitiúla atá ag feidhmniú ansin, agus iarratas amháin a dhéanamh, tá potaí óir ag Fáilte Ireland chun tacú le féilte áitiúla nó chun nithe cultúrtha a fhorbairt.
chruthaigh an naimhdeas cultúrtha sin that cultural enmity caused
" Gaeilgeoir diongbháilte ab ea a athair, Seán, fear nár ghéill riamh don bhéarlachas, fiú nuair a chruthaigh an naimhdeas cultúrtha sin achrann dá chlann.
ualach cultúrtha cultural burden
" D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’.
gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha movement and cultural historical changes gcultúr ceannais leading cultures
" Rinne an saineolaí Corcaíoch béaloidis Gearóid Ó Crualaoich scrúdú ar an dtraidisíun seo ina léacht Uí Chadhain i 1988, agus mhaígh “Is fearr is dóigh liom a thuigfimís gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha againn féin i dtéarmaí seo na gcultúr ceannais agus na gcultúr íochtarach ná i dtéarmaí an rud dúchais Gaelach versus an nuashaol Bhéarla mar nach mbíonn cúrsaí dúchais agus cúrsaí an nuashaoil socair iontu féin ach iad ag malartú de réír mar atá comórtas ar cheannas, ar údarás agus ar ghradam.
cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
" Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe ==================== Ba é Doire an chéad chathair ar ar bronnadh an teideal Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe agus beidh sé aici don bhliain 2013 agus beidh an Fhleadh ar an imeacht is suntasaí i measc lear mór imeachtaí cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
léarscáil chultúrtha den domhan a cultural map of the world
" Chun go mbeadh meas ceart againn ar ár dteanga féin, caithfimid léarscáil chultúrtha den domhan a bheith againn.
chruth cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre the country’s cultural, social and economic fabric
" Tugtar siar muid chuig an am nuair a bhain an Ísíltír saoirse amach ó Theallach Habsburg agus ón Eaglais Chaitlíceach i ndiaidh tréimhse fhada chogaíochta, agus feictear an t-athrú céadach dá bharr seo a tháinig ar chruth cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre.
na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha the non-material cultural heritage
" an coinbhinsean um chosaint na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha dar cuireadh i dteannta a chéile i bPáras i 2003.
na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha the internal cultural and intellectual weaknesses
" ” B’shin croílár leabhair tábhachtaigh Tom Garvin cúpla bliain ó shin, Preventing the future: why was Ireland so poor for so long? (2004), leabhar a rinne cur síos ar na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha a chuireadh bac roimh an bhforbairt náisiúnta.
d'athbheochan cultúrtha cultural revival
" Seolaimid an Chairt seo sa bhliain chinniúnach seo ina bhfuiltear le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 Bliain d'athbheochan cultúrtha an 19ú Aois, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus sa Bhliain Comórtha seo ar Chairt Bhaile Bhéal Feirste a bronnadh ag Rí Shasana Séamas a hAon sa bhliain 1613.
An cur síos cultúrtha is it a cultural description
" Ceist eile a rith liom, iad sin ó dheas den teorainn ar fearr leo *Eastenders, Manchester United, One Direction* ná Ros na Rún, a gcumann áitiúil CLG agus Planxty, an "*Northern Irish*” atá iontu siúd? An cur síos cultúrtha nó cur síos polaitiúil atá i gceist? An stuif dáiríre anois.
Tobsmaointeoireacht Chultúrtha sudden cultural thoughts
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.