Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chumadóir amhrán songwriter
" Tá Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar chumadóir amhrán le blianta fada anois agus deir sé nár éirigh leis ach fíorbheagán airgid a dhéanamh riamh.
cumadóir amhrán song writer
" " Chuir Peadar Tadhg Mac Dhonnagáin as Maigh Eo, cumadóir amhrán do dhaoine fásta agus do leanaí, i dteagmháil le Nikki i 1998.
chumadóirí amhrán songwriters
" Fuair sé tairiscint ón gcomhlacht ceirníní ollmhór Sony tar éis dó a bheith ag seinm ag ceann d'oícheanta Dave Murphy do chumadóirí amhrán san International Bar i mBaile Átha Cliath.
cumadóirí composers
" Ansin rinne mé píosaí clasaiceacha nua-aimseartha ar na píobaí, ceol le cumadóirí *avant garde *mar Mhícheál Ó Súilleabháin, agus, ag obair le ceolfhoirne, nochtadh an domhan úr ceoil seo nár thaisteal duine ar bith eile fríd dom, ach níl mé ach ag scríobadh an dromchla, mar a déarfá.
cumadóir Caitliceach Catholic composer
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
Cumadóir composer
" Cén ceol is fearr leat? Cumadóirí amhrán: Paul Simon, John Spillane, Randy Newman.
cumadóir amhrán composer of songs
" Labhair **Colm Ó Dúlacháin** leis an mhúinteoir ceoil, fidléir cáiliúil, cumadóir amhrán, agus scríbhneoir drámaí agus geamaireachtaí seo le gairid.
cumadóirí composers
" I measc na gcumadóirí a bhfuil an-tóir orthu tá Mozart, a thug cuairt ar Phrág ceithre huaire, agus ar ndóigh an cumadóir mór le rá Seiceach, Dvorák.
cumadóirí composers
" Bím ag ceannach dlúthdhioscaí go minic - ceol dúchasach as gach sórt áite agus ceoltóirí agus cumadóirí amhrán den chuid is mó.
cumadóir amhrán song-writer
" Nuair a bhí an feachtas toghchánaíochta deireanach ar siúl ag an SEA, chuir McCann féin dlúthdhiosca amach leis an cheoltóir/cumadóir amhrán Peter O'Hanlon.
cumadóir composer
" Le déanaí, rinne an t-amhránaí agus cumadóir Tim Dennehy “Cumha” a aistriú go Béarla agus beidh léiriú agus coiriú nua den amhrán ag Mary MacPartlan, in éineacht le Con Tempo, i mír de chuid Fhéile Ealaíon na Gaillimhe i mbliana.
cumadóir composer
" Tá sé ag rá go ndúirt an cumadóir (duine de mhuintir Dhálaigh, ó Inis Mhiceáláin) gur thug na sióga an fonn dó oíche amháin agus é ina shuí cois tine ag seinnt a veidhlín lena uaigneas a cheansú.
i dteannta leis an gcumadóir Ross Harris. along with the musician Ross Harris.
" Nach bhfásann na carachtair as a stuaim féin?”Ach pé scéal é, d’fhill Ihimaera blianta níos deireanaí ar Waituhi chun *libretto* a scríobh i dteannta leis an gcumadóir Ross Harris.
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, by the well known writer
" Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.
cumadóir den chéad scoth first-class composer
" Is oideachasóir é, seinneann sé an bosca ceoil agus is cumadóir den chéad scoth é.
cumadóir composer
" Píosa simplí comhairle is ea é, ach oibríonn sé! Ciallaíonn sé gurb é is tábhachtaí faoin amhrán ná an scéal nó na focail, nó an rún a bhí ag an gcumadóir agus an t-amhrán á chumadh aige.
cumadóirí mór le rá well known composers
" * Bhí cúig ainmniúchán san iomlán i gceist i gcatagóir na n-amhrán, trí cinn acu a bhí faighte ag na cumadóirí mór le rá Alan Menken agus Stephen Schwartz as ucht na n-amhrán a chum siad don scannán *Enchanted.
oilithreacht na gcumadóirí the pilgrimmage of the composers
" Nuair a thuig muid oilithreacht na gcumadóirí agus an ré lenar bhain siad, bhain mé féin rud iomlán eile as a gcuid ceoil.
cumadóir composer
" Dá mbeadh orm cur síos a dhéanamh air, déarfainn go bhfuil an ceol áit éigin idir Philip Glass (an cumadóir comhaimseartha) agus Planxty.
cumadóirí composers
" Bhí cuid ceoil Bizet, Saint-Saëns, Lalo, Massenet, Ravel léirithe anseo agus bhí cumadóirí dhálta Tchaikovsky, Grieg, Richard Strauss agus Debussy le feiceáil ann ag stiúradh a gcuid saothar ceoil féin.
cumadóirí composers
" Agus ar ndóigh, bhí na cumadóirí ann ar nós Tom a’ tSeoighe, Ciarán Ó Fatharta agus Seán Cheoinín a chur an t-ábhar ar fáil.
rinne cumadóirí finscéal bunaidh an Stáit ó thuaidh the progenitors of the northern state’s founding myths
" Sin ráite, rinne cumadóirí finscéal bunaidh an Stáit ó thuaidh jab chomh maith sin is go bhfuil daoine anois ann atá sásta *Northern Irish* a thabhairt orthu féin mar fhéiniúlacht.
cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge contemporary music composers in Irish
" Ní raibh mórán thart ag an am sin go bhféadfainn tagairt dó i dtaobh cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge, seachas léithidí Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Na Fíréin – thaitin a gcuid ceoil go mór liom agus de réir a chéile thosaigh mé ag scríobh i mo theanga féin, ar mo stíl féin.
a leanann saol duine de na cumadóirí móra which follows the life of one of the great composers
" Téim ar thuras gach bliain a leanann saol duine de na cumadóirí móra ar an Mór-Roinn- Beethoven a bhí ann anuraidh.
cumadóir amhrán songwriter
" Tá clú ar Chon “Fada” Ó Drisceoil mar bhoscadóir sa ghrúpa The Four Star Trio ach is amhránaí agus cumadóir amhrán é chomh maith.
cumadóir composer
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.