Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cumadóireachta composition
" Ar cheann de na rudaí sin is mian léi a chur i gcrích go luath tá albam dá cuid cumadóireachta féin.
cumadóireachta composing
" Antaine: Tá traidisiún dátheangach sa gceantar maidir leis na hamhráin, nach bhfuil? Éilís: Tá, ach is dócha gur tháinig sin ón taobh eile den teorainn, ó Chiarraí, ó Chill Gharbháin, mar bhí traidisiún ana-láidir cumadóireachta acu ansan.
bua na cumadóireachta talent for writing
" Lance, mar shampla, níl bua na cumadóireachta aige - cumann sé roinnt amhrán, ach píosaí ceoil, ní hé sin a rud.
Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? what prompts you to write?
" AÓF: Cumann tú amhráin freisin, nach gcumann? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? DNíS: Is cumadóir mé ceart go leor.
bpróiseas cumadóireachta the composing process
" AÓF: Inis dúinn faoin bpróiseas cumadóireachta.
an caighdeán cumadóireachta the standard of composing
" An bhfuil sé deacair nó éasca? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? OMD: Is iontach an rud é an caighdeán cumadóireachta atá ag cuid de na cumadóirí sa cheol traidisiúnta sa lá atá inniu ann.
dá chuid cumadóireachta féin of his own compositions
" Tá cúpla albam déanta aige dá chuid cumadóireachta féin agus d'eisigh sé ceann nua le déanaí.
cumadóireachta writing, composing
" Tá mé ag obair chomh maith ar thaifeadadh de mo chuid cumadóireachta amhrán féin i nGaeilge le Steve Cooney.
Saothar cumadóireachta work of fiction
" Saothar cumadóireachta é, cruthúchán liteartha, réaltacht fhíorúil; réaltacht a bheadh cosúil le réaltacht a bheadh fíor.
le linn an phróiseis cumadóireachta during the composing process
" An bhfuil sé deacair tiún maith a chumadh? LK: Táim ag ceapadh go n-athraíonn na tiúin cuid mhaith le linn an phróiseis cumadóireachta.
dá chuid cumadóireachta of his composing
" D’fhoghlaim mé freisin conas an clár ríomhaireachta Sibelius a úsáid agus d’éirigh liom seasca píosa dá chuid cumadóireachta nár foilsíodh roimhe seo a thras-scríobh mar chuid den staidéar taighde seo.
staidéar roghnach cumadóireachta optional study in composition
" EO’B: Chum mé an fonn mall “The Silvermines Mountains” agus an damhsa seite “Keeper Hill” mar chuid den staidéar roghnach cumadóireachta le linn an chúrsa in Ollscoil Luimnigh.
comórtas cumadóireachta amhrán. a songwriting contest.
" Is dócha gur thuigeas go rabhas ábalta amhráin a chumadh nuair a bhíos trí bliana déag, nuair bhuaigh mé comórtas cumadóireachta amhrán.
leis an bpróiseas cumadóireachta. with the composing process.
" Tuigeann muid go bhfuil gach seans ann nach rachaidh muid ar aghaidh leis an bpíosa ceoil níos faide ná an fhorbairt atá déanta an tráthnóna seo, ach tuigeann muid freisin go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas cumadóireachta.
i mbun ceolchoirmeacha agus cumadóireachta doing concerts and writing music
" Bíonn sé iontach deacair a bheith i mbun ceolchoirmeacha agus cumadóireachta ag an am céanna.
cumadóireachta of creativity
" Creidim fós, leis an gceol ar an albam seo, gur thit U2 isteach i saol agus i sruth cumadóireachta nár shroicheadar riamh ó shoin.
adhradh ina chuid cumadóireachta féin adore ... in his own creative work
" Na Srutháin Inmheánacha a Mheas ============== Más ea, ní dhéanfadh an Cadhnach toil Dé, ná an tírdhreach ná an fómhar bliantúil a adhradh ina chuid cumadóireachta féin.
Tháinig fuinneamh nua cumadóireachta a new creative energy emerged
" Tháinig fuinneamh nua cumadóireachta sa nGaeilge féin agus chuir sé postanna sármhaithe ar fáil do dhaoine óga sa nGaeltacht.
gan dul i mbun cumadóireachta without resorting to invention
" Tá neart le ceiliúradh againn, dar liom, gan dul i mbun cumadóireachta.
amhránaíochta agus cumadóireachta of song and composition
" Is mórócáid cheoil, rince, amhránaíochta agus cumadóireachta í an Fhéile Pan-Cheilteach ach, chomh maith leis sin, bíonn deis ag gach tír sain-taispeántas a dhéanamh ar a saíocht féin agus bhí sé seo le feiceáil agus le cloisteáil go fairsing ar shráideanna Dhoire i rith na seachtaine.