Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cumtha made up
" Cinnte, cuirimis fáilte roimh an díchoimisiúnú ach, mar a leanann an lá an oíche, fanaimis ansin leis an chéad bhac polaitiúil eile agus leis an chéad éagóir eile, fíor nó cumtha, a fhanfaidh go deo i gcuimhne na ndaoine i sráideanna cúnga Bhéal Feirste.
cumtha made up
" Ní ghlacann Trimble agus an UUP gur ann dá leithéid, ach cad é mar a thig leis an IRA, a tchí é féin mar chosantóir na gCaitliceach, scor nuair atá ionsaithe á ndéanamh ar Chaitlicigh ar bhonn laethúil? Ba chirte go mbeadh Trimble ag tabhairt aghaidhe ar lucht caite na mbuamaí píopa - chan in áit, ach oiread éagóracha, fíora nó cumtha, an IRA.
cumtha composed
" Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
cumtha composed
" AÓF: An bhfuil mórán ceoil cumtha agat? SJW: Píosa nó dhó.
cumtha composed
" AÓF: Cén chaoi a dtosaíonn tú ansin? An dtagann an ceol nó na focail chugat ar dtús? CÓD: Ní féidir liom focal a scríobh gan fonn a bheith roghnaithe nó cumtha agam i dtosach.
cumtha made up
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
cumtha composed
" Chuir sí damhsa i láthair a bhí cumtha ag a deirfiúr Liz, a bhí ar an ardán in éineacht léi i rith an tseó.
a bhí díreach cumtha agam. which I had just composed
" An lá áirithe seo, agus é ar tí imeacht abhaile, d'iarras air éisteacht le píosa ceoil a bhí díreach cumtha agam.
cumtha designed
" Chuirfeadh an áit féin bialann de chuid McDonalds i gcuimhne duit, gairéadach agus míchompordach, cumtha agus curtha le chéile sa bhealach a chuirfeadh an ruaig ar dhuine.
cumtha designed, made
" Is dlí é a mbaintear drochúsáid as, dlí a chuireann i gcuimhne dó na ruathair a dhéantaí ar an bpobal Giúdach i rith an Dara Cogadh Domhanda, dlí atá cumtha chun eagla a chur ar an ngnáthdhuine gan aon bhaint a bheith aige le duine sans papiers.
cumtha composed
" Ach ar scor ar bith, cá háit a bhfuair tú an Ghaeilge aisteach sin atá agat? Tá an chuma uirthi go bhfuil leath de na focail agus na leaganacha cainte cumtha agat féin.
bhí cumtha agam which I’d composed
" Lig mé do chodanna den amhrán a bhí cumtha agam eitilt thart ar an teach inar tógadh mé, mar bíonn atmasféar nó mothú ar leith ag baint le do bhaile féin.
le ceol agus fuaimrian cumtha ag music and soundtrack composed by
" Dánta a chum Nellie Nic Giolla Bhríde le ceol agus fuaimrian cumtha ag Doimnic Mac Giolla Bhríde.
coincheap atá cumtha leis an Éireannachas a cheilt a concept composed to hide Irishness
" Tá an oiread sin brú ag teacht ó gach taobh glacadh leis an Éireannachas Tuaisceartach coincheap atá cumtha leis an Éireannachas a cheilt, déanta na firinne.
cumtha composed
" Tá amhrán cumtha ag Balor leis an phobal a chur ar an eolas faoi na hathruithe radacacha atá á gcur i bhfeidhm ag an Uachtarán Mary Mac.