Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chur in eagar to edit
" Ní hé sin le rá nach féidir le gnáthdhaoine altanna a chur ar fáil do Vicipéid nó cinn atá ann cheana a chur in eagar.
curtha in eagar edited
" Cúig imleabhar atá i gceist, a fhoilseoidh Oxford University Press, agus tá an chéad cheann foilsithe cheana, Imleabhar III, a phléann an leabhar i mBéarla ó 1550 – 1800, é curtha in eagar ag Andrew Hadfield agus Raymond Gillespie.
a chur in eagar edit
" B’éigean dóibh a gcuid áiseanna eagarthóireachta féin a cheannach leis an tsraith a léiriú mar go raibh orthu na buaicphointí a chur in eagar agus an clár á chur le chéile go gasta le go mbeadh sé “eisiach”.
a chur in eagar. to edit.
" Fágadh faoi na páistí iad féin é ábhar na míreanna a roghnú agus rinne lucht Raidió na Life an t-ábhar sin a thaifeadadh agus a chur in eagar.
é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach edit it in an understanding way
" "Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl.
chuir na dánta in eagar edited the poems
" Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar.
Curtha in eagar ag edited by
" Curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus Máire Ní Neachtain.
na díospóireachta is tábhachtaí a chur in eagar to organize the most important debates
" Ach is dóigh liom féin go bhfuil ag teip ar pháirtithe agus ar “ghluaiseachtaí” na heite clé na díospóireachta is tábhachtaí a chur in eagar.
curtha in eagar edited
" Scéalta John Ghráinne Uí Dhuibheannaigh, an seanchaí Conallach, atá le léamh agus le cloisteáil sa phacáiste (i)An áit a n-ólann an t-uan an bainne(/i), atá curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí agus a bhfuil leabhar agus DVD mar chuid de.