Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur a ladhair isteach intervening
" Tá na Stáit Aontaithe ag cur a ladhair isteach i saol an Mheánoirthir le fada an lá agus is beag tuiscint atá ag an saol mór san Iarthar ar an gceist.
Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal fate intervened in matters
" Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil.
cur isteach ar a bpríobháideacht intrusions into their privacy
" Beidh na Meiriceánaigh níos toilteanaí cur suas le faire leictreonach, cur isteach ar a bpríobháideacht agus laghdú ar a gcearta bunreachtúla más féidir leo brath níos sábháilte.
Níor chuir an brú isteach ná amach orm The pressure didn't bother me at all
" * Níor chuir an brú isteach ná amach orm.
cur isteach interference
" " Thosaigh Mícheál ag úsáid an chórais teilea-oibre thart ar dhá bhliain ó shin - cad iad buntáistí na teilea-oibre dar leis? "Is féidir liom obair a chríochnú gan éinne a bheith ag cur isteach orm.
ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí interfering in their affairs
" Tá sé de cheart ag saoránaigh gach tíre a dtodhchaí féin a shocrú gan tíortha eile a bheith ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí.
ag cur isteach nó amach air not bothering him
" Bhí culaith éadaí oifige air agus ní raibh cuma air go raibh an aimsir ag cur isteach nó amach air.
ag cur isteach ort bothering you
" Ach, arís, is deas an rud é sciurd a thabhairt timpeall air gan na mílte turasóir a bheith ag cur isteach ort.
nár chuir sé isteach orm that it didn't bother me
" Caithfidh mé a rá nár chuir sé isteach orm ag an am.
ag cur iarratais isteach making an application
an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne this disturbed brain activity
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit a famous enemy of State interference
" Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein.
an choisíocht chrua a chur isteach to do the hard slogging
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
ag cur isteach orainn bothering us
" Is breá linn bheith ag ceol le chéile; is é an t-aon rud a bhí ag cur isteach orainn ná bheith as baile an oiread sin.
níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo it didn't bother these little horses
" Ní smaoineoinn riamh ar dhul suas nó síos aill ar chapall in Éirinn, ach níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo.
printíseacht a chur isteach to put in an apprenticeship
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, interfering with the freedom of the citizens of the country,
" Tá sé á mhaíomh ag lucht an tobac sa nGearmáin go mbeadh a leithéid de chosc in aghaidh an bhunreachta, go mbeadh an rialtas ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, go rachadh tithe tábhairne as gnó agus go gcaillfí na mílte post de dheasca an choisc.
ag cur isteach orm interupting me
" Bhí mé ag teacht chuige sin, agus bheinn i ndiaidh a insint duit ach go b’é go bhfuil tú i ndiaidh a bheith ag cur isteach orm gan stad.
ag cur isteach ar mo pháistí-se. bothering my children.
" Nach mbeidh na saighdiúirí ag cur isteach ar mo pháistí-se.
ag cur isteach ar chomórtais entering competitions
" AÓF: An mbíonn tú ag cur isteach ar chomórtais le do chuid uirlisí? YB: Bhuel, níor chuir go dtí seo.
ag cur isteach ar an amhrán interfering with the song
" Sin rud atá tábhachtach sa tionscadal seo: an ceol a sheinm gan é a bheith ag cur isteach ar an amhrán agus gan cruth na n-amhrán a aistriú leis na teicnící agus na modhanna tionlacain atá ar fáil anois.
cur isteach ar an gheilleagar, interfere with the economy,
" Cheap na hairgeadaithe nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, seachas laghdú dífhostaíochta.
a chur isteach i gciste to put in the fund
" Rinne Wallace bocht dearmad go raibh cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phrotastúnach Phádraig i mBaile Átha Cliath, agus go raibh cead ag an Déan MacCarthy paidríní a chur ar díol ann ar mhaithe le cúpla euro a chur isteach i gciste na hArdeaglaise, dá mba mhaith leis.
nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt. that politicans should be sticking their oar into sporting matters
" Is amhlaidh go mbeidís ag fógairt go hard nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt.
ar chuir an t-agallamh isteach uirthi did the interview upset her
" Nuair a bhí an t-agallamh thart, d’fhiafraigh mé di ar chuir an t-agallamh isteach uirthi an uair seo.
agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh and that nothing interfered with the landing of the spacecraft
" Tá a fhios againn anois gur éirigh go han-mhaith le Phoenix agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh.
cur isteach ar apply for
" Is féidir cur isteach ar an MSc agus an MA ar an gcóras ar líne: www.
chuir siad a ladar isteach sa scéal. they interfered with things
" Bhí go leor airgid acu – bhí leithéidí Frankie Goes to Hollywood i measc a gcuid cliant – ach níor thug siad aon tacaíocht dúinn agus chuir siad a ladar isteach sa scéal.
ar féidir le muintir an oileáin amháin cur isteach orthu which only the people of the island can enter
" Ach bíonn comórtais ar leith ar siúl chomh maith ar féidir le muintir an oileáin amháin cur isteach orthu.
ag cur isteach orthu. annoying them
" "Teorainn dheireanach"Ar ndóigh, is é sin an fáth a bhfuil Palin tarraingteach do thoghthóirí bochta tuaithe i stáit mar Wyoming agus North Dakota: ba mhaith leo maireachtáil mar a mhaireann na hAlascaigh ar an "teorainn dheireannach" – mar a thugtar ar an stát sin – gan rialacha, póilíní ná cáin a bheith ag cur isteach orthu.
chuir an mheánaicme a ladhar isteach the middle class stuck their nose in
" Ach an rud a rinne muid ná ionad a bhunú i mBéal Feirste, Art and Research Exchange, agus ba é an fhealsúnacht a bhí taobh thiar de, gur áit a bheadh ann a dtiocfadh le gach duine i measc an lucht oibre theacht isteach agus úsáid a bhaint as an ábhar - bhí ábhair phéintéireachta ann, seomra dorcha do na grianghrafadóirí, bhí mise ag iarraidh áit ar leith a chruthú do lucht na Gaeilge agus an ealaíon a theagasc fríd an Ghaeilge - agus chuaigh muid chuig taispeántas mór a bhí cosúil leis an Venice Biennale agus bhí mise ag dul thart ag déanamh amharclainne sráide agus dá réir, ach mar a tharlaíonn go minic, chuir an mheánaicme a ladhar isteach agus ghlac siad smacht ar an ait.
cur a ladar isteach involving themselves
" Dar leo, ba cheart don ról sin a bheith beag; ní cheart dó, mar shampla, a bheith ag cur srian ar ghunnaí sa tír, ná ag cur a ladar isteach i gcúrsaí oideachais na stát (tá córas oideachais faoi leith ag gach stát i Meiriceá).
chuir isteach go mór orm greatly upset me
" ‘Blanketmen’, leabhar a chuir isteach go mór orm, leabhar a scríobh Richard O Rawe.
ag cur cistine isteach fitting a kitchen
" Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha! Díbirt an Uaignis ======== Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad.
cur isteach ar to enter
" Socraíonn sé cur isteach ar Chomórtas Eolaí Óg na Bliana ach ní fada go bhfaigheann sé amach gur leacht ar leith atá déanta aige! Is ansin a thosaíonn an spórt! Eachtra spleodrach eile ó pheann oilte Liam Mhic Uistín.
gan cur isteach ar not to interfere
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
ag cur isteach orm interrupting me
" ” An Taoscach ‘ag Taoscadh an Scartaire’ =========== **Balor: “Áááá, bhuel, ceist a haon, a Thaoisigh thaoscaigh: caidé an chéad rud atá ar intinn agat a dhéanamh mar Thaoiseach?** Enda: “Taobh istigh de chéad lá cuirfear críoch agus clabhsúr agus conclúid le …” **Balor: “Leis an Seanad, a Thaoisigh?”** Enda: “Ní hea! Raiméis! Seafóid! Tá tú chomh holc leis an bheirt a bhí ag cur isteach orm gan stad ar TG4.
ag cur isteach ar bothering
" In ainneoin simplíocht agus iargúltacht an oileáin féin, níor léir go raibh bochtanas millteanach ag cur isteach ar bhunadh na háite in aon chor.
ag cur mo ladar isteach stick my nose in
" * Iompó Creidimh mar Réiteach ar an Scéal ===================== Tá sé scathamh fada ó d’éirigh mise as a bheith ag cleachtadh an chreidimh lenar tógadh mé agus b’fhéidir gur dána an mhaise domsa a bheith ag cur mo ladar isteach sa scéal, ag moladh réitigh do dhaoine a bhfuil an creideamh fós acu.
chur isteach an ghnáthshaoil intrusion of everyday life
" Áit shuaimhneach, i bhfad ó chur isteach an ghnáthshaoil atá ann.
ag cur isteach ar annoying
" Is cuimhim liom nuair a bhí mé ar scoil bhí duine de na cailíní ag cur isteach ar an múinteoir.
níor chuir sé isteach air in aon chor it didn’t bother him at all
" Imeacht ó Phost ======= **CF: Caithfidh go raibh dúil mhór aige san aisteoireacht ón chéad lá, an raibh?** PNC: Á, bhí sé fiáin agus sa deireadh, bhí Áine óg, is dóigh liom, bhí obráid croí aige, *murmur*, ach níor chuir sé isteach air in aon chor… Bhí sé ag obair sa *Bonding Company*, ach bhí *The Full Shilling* (dráma le Lee Dunne, Joe McPartland sa phríomhpháirt) ar siúl i 1971.
ag cur isteach ort troubling you
" Nuair a bhíonn rudaí ag cur isteach ort (agus tarlaíonn sin go minic duit sa tír seo), is mór an faoiseamh é go dtig leat dul síos go dtí an Pier Head, éalú ar an Chat Mara agus a bheith ar ais in Éirinn taobh istigh de cheithre huaire.
Cur isteach ar an intrusion
" Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála! Laghdú Foirne ===== Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
ag cur isteach ar a gcumas le díríu interfering with their ability to concentrate
" Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí *Facebook, Twitter* agus *MySpace* ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga.
chun cur isteach ar adhradh idirnáisiúnta to spike the international adoration
" Mencken in aistí polaitiúla Vidal, ach go háirithe an j’accuse cáiliúil dár chum sé chun cur isteach ar adhradh idirnáisiúnta mhuintir Uí Chinnéide.
ba ghnách liom cur isteach ar I usually entered
" Bhí an ceol agamsa, bhí an Ghaeilg agam agus bhí spéis agam i gcúrsaí staire agus ba ghnách liom cur isteach ar na comórtais sin.
ag cur isteach ar entering
" Dúshlán Comórtais ======= **SMM: Is annamh a fheicfeas tú duine as an Ghalltacht ag cur isteach ar chomórtas scéalaíochta.
a d’fhéadfadh cur isteach ar an scéim seo who could apply
" Meastar gurb ann do bhreis is milliún go leith inimirceach a d’fhéadfadh cur isteach ar an scéim seo agus cé go bhfuil na céadta míle Éireannach i measc na n-iarratasóirí, is ó Mheiriceá Laidineach, go háirithe ó Mheicsiceo, a bhformhór.
cur isteach ar an interference
" Go bunúsach, tá an rialtas ag moladh go nglacfaí le hathrú bunreachtúil a thabharfadh cead don stát cur isteach ar shaol an teaghlaigh níos furasta maidir le ceisteanna a bhaineann le cúram páistí.
ag cur isteach orainn obstructing us
" “Roimh i bhfad, bhí na saighdiúir ag cur isteach orainn, ár stopadh agus ár gcur in éadan an bhalla lenár gcuardach agus b'ag an am sin a chinn mé ar dhul isteach i nGluaiseacht na Poblachta.
ag cur airgead mór isteach betting big time in
" Ach is beag a rinne Buerkle sa dhá bhliain a chaith sí san Ardchathair, agus tá an Páirtí Daonlathach ag cur airgead mór isteach sa rás seo, agus iad den tuairim go bhfuil seans acu an suíochán a sciobadh ar ais.
cur isteach ar interfere with
" Uaireanta is féidir le hoideachas ardléinn cur isteach ar fhorbairt nádúrtha na pearsantachta.
chuir an lucht slándála isteach uirthi chomh mór sin the security men upset her so much
" Cé go raibh cárta an tseomra ina lámh aici, chuir an lucht slándála isteach uirthi chomh mór sin nach raibh cuimhne aici cén uimhir a bhí ar a seomra, agus ní raibh siad sásta í a ligean tharstu le dul a luí.
dá dhaorbhreith a chur isteach to do the rest of his conviction
" ”* Moladh mar sin nach mbeadh ar an Uasal Ó Monacháin an chuid eile dá dhaorbhreith a chur isteach agus go gcuirfí na Gardaí agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ar an eolas faoi seo.
gur chuir sé isteach rómhór orthu they were too bothered by it
" Ní dóigh liom mar sin gur chuir sé isteach rómhór orthu”, a deir sé.
go díreach d’fhonn cur isteach air just to annoy him
" Bhíodh sé de nós agam é a fhreagairt i mBéarla go díreach d’fhonn cur isteach air.
a chur isteach go tubaisteach ar who interfered disastrously with
" B’eisean, dar leo, an duine a chur isteach go tubaisteach ar na comhdhálacha príobháideacha a bhí ar siúl i gcónaí idir ceannaire Katanga, Moise Tshombe agus ceannairí an Rialtais Lárnaigh sa Chongó.
cur isteach orthu interfere with them
" Faoi Choim na Gaeilge ======= Scríobhadh Cruise O Brien abhaile gach seachtain dá bhean chéile, Máire Mhac an tSaoi, agus b’éigean dó a chuid litreacha a bhreacadh as Gaeilge ionas ná féadfadh cinsirí áitiúla cur isteach orthu.
bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta the nuns were affected with blindness
" Má bhí na páistí bodhar, bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta St.
am a chur isteach in spending a while
" Tá Wii agus tá PSP againn agus d’éirígh leis na gasúir am a chur isteach ag imirt cluiche ar an meaisín DVD fiú! B’fhearr i bhfad leo suí siar le cluiche in ionad clár teilifíse agus go dtí seo tá níos mó spéis acu i gcluichí ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu nó sprioc ar leith in ionad cluichí “*shoot-em-up*”.
ag cur isteach go mór greatly upsetting
" Bhailigh na sluaite le chéile os comhair na Dála agus shiúil siad trí shráideanna na cathrach, ag cur isteach go mór ar chúrsaí tráchta agus tráchtála.
cur isteach ort to disturb you
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
de dheascaibh chur isteach tubaisteach due to the disastrous interruption
" Roghnaíonn sé “*My Indian Red*” ó Danny Barker, agus tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo do gach aon saoránach nach raibh in ann iad féin a ghléasadh i gceart i gcóir ceiliúradh *St Joseph’s Night* de dheascaibh chur isteach tubaisteach Katrina.
huirlísí ag cur isteach ar an chumarsáid instruments interrupting communication
" Tá na huirlísí ag cur isteach ar an chumarsáid eadrainn.
nár chóir don rialtas cur isteach ar government ought not interfere with
" Cheap siadsan nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, in ionad a chur ar laghdú dífhostaíochta.
ag cur isteach ar níos mó fír in aghaidh an lae affecting more men each day
" Ach sna laethanta seo, leis an méid béime atá curtha ar an aclaíocht agus ‘*six packs*’ i measc na bhfear tá an galar seo ag cur isteach ar níos mó fír in aghaidh an lae” a dúirt Simon.
ní ligfinn dó sin chur isteach orm I wouldn’t let that stop me
" Níl an taobh istigh den charr rótharraingteach, ach ní ligfinn dó sin chur isteach orm ceann a cheannach.
athbheochan a chur isteach to re-invigorate
" Tá neart cúiseanna leis an athrú seo, ach an tsiocair is mó atá ann, athbheochan a chur isteach i dtionscal na gcarranna.
a chur isteach go mór ar which greatly bothered
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
cur isteach ar dhaoine interfering with people
" Tréimhse an heavy gang, tréimhse na cinsireachta, éisteacht le glaonna gutháin, cur isteach ar dhaoine.
chuir sí iarratas isteach she put in an application
" Faoi cheann tamaill, bhí sí ag iarraidh bogadh go Baile Átha Cliath agus chuir sí iarratas isteach do RTÉ mar aisteoir glór.
ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi she doesn’t allow reporters to bother her in the least
" Tuigeann sí nach gá di a bheith sa nuacht i gcónaí agus ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi.
níor chuir sé isteach ná amach orm it didn’t bother me one way or the other
" Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm.
a chur isteach go rómhór uirthi which bothered her too much
" Robert Armstrong ========= Ó thaobh smaointí teibí de, ba léir do Moore fé dheireadh an leabhair seo nárbh iad siúd na rudaí a chur isteach go rómhór uirthi.
ag cur isteach ar aerthaisteal affecting air travel
" Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010.
nár chuir an ailse isteach ar cancer didn't upset
" Más ea, ní haon ábhar iontais dá lucht léite nár chuir an ailse isteach ar a chuid síorabhcóidíochta.
chuir sé isteach ina chlab mór iad he put them in his big mouth
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
gortú nár chuir isteach orm an injury which hasn’t bothered me
" 2 mhíle? Aontaíonn mo láirig gur mise a rith an maratón, agus anois tá mo rúitín ag cur as dom freisin, gortú nár chuir isteach orm le cúig bliana.
Ar chuir sé isteach ná amach ar did it bother
" Ar chuir sé isteach ná amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir, ná baol air.
chuir mé isteach ar an bpost I applied for the job
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
Níor chuir sé sin isteach ná amach ar that didn’t bother in the slightest
" Níor chuir sé sin isteach ná amach ar Mhichael Dee ná ar Bheití féin ach oiread, agus as go brách leis an bheirt acu sa chóiste, le Pilib na Gréige ag gíománaíocht ar suíochán ard taobh amuigh.
gan cur isteach ó fhadhbanna gearrthéarmacha without being influenced by short term difficulties
" B’é sin an bua ba thábhachtaí sa pholaitíocht dar le Bagehot, agus is é a bhí i gceist aige leis an gcoincheap sin ná gné ar leith den intleacht atá neamhspleách ó himeachtaí laethúla chóras na polaitíochta, gné a dhéanann fadhbanna teibí a scagadh gan cur isteach ó fhadhbanna gearrthéarmacha.
cur isteach ar phostanna to apply for jobs
" Nuair a ghlac Meiriceá seilbh ar an Iaráic, scoir siad an t-arm uilig agus chuir iachall ar na saighdiúirí cur isteach ar phostanna ann as an nua.
ag cur a ladair isteach intervening
" Tá an Astráil ag cur a ladair isteach i ngnóthaí tíortha eile de chuid an Aigéin Chiúin a bhfuil fadhbanna polaitiúla ag teacht chun cinn iontu.
níor chuir sé isteach air it didn’t affect him
" D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.