Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curiarrachtaí records
" Ghlac Guinness World Records leis gurbh é an iarracht ba dheireanaí seo an chéad turas aonair timpeall an domhain i mbalún agus bhain sé amach curiarrachtaí eile freisin - an turas ab fhaide i mbalún agus an méid ab fhaide ama.
curiarracht an domhain a shárú world record
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
curiarrachtaí seanbhunaithe long-established records
" Fear é a sháraigh na curiarrachtaí seanbhunaithe uilig ó thaobh scórála de sna blianta a chaith sé i dtosach leis na Edmonton Oilers, agus le foirne éagsúla sna Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin.
curiarracht record
" Is dócha go raibh curiarracht aige ó thaobh an mhéid coimhlintí a raibh sé páirteach iontu.
na curiarrachtaí go léir all the records
" Tá ré mhór na cispheile thart le tamall anois, tar éis gur bhris na Chicago Bulls na curiarrachtaí go léir sna nóchaidí, agus ó shin i leith tá meath beag tagtha ar an spórt sin.
Ba churiarracht é sin áit ar bith ar domhan, that would be a record anywhere in the world,
" Ba churiarracht é sin áit ar bith ar domhan, déarfainn, ach i gcás na hÉireann de is údar iontais é, ag cur san áireamh gur tír bheag le daonra beag í Éire.
curiarracht nua. a new record.
" Ar an drochuair, ámh, is minic eachtraí mar seo ag tarlú sna Stáit Aontaithe – níl i sléacht Virginia ach curiarracht nua.
Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht there is a good chance that that achievement will be a record
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
churiarracht championship title game
" Ba é an duine ab óige a rinne an t-éacht sin go dtí gur sháraigh Stephen Hendry an churiarracht sin in aois bliain is fiche.
curiarracht nua a new record
" Má ‘cailleadh’ airgead mór le déanaí i scéimeanna Ponzi nó i ngadaíocht (agus, dar fia, is curiarracht nua an méid a chaill Bernard Madoff), ní rud nua é, ach is suntasaí go mór chomh héasca agus a bhí sé le roinnt blianta anuas caimiléireacht airgeadais a dhéanamh gan aird ar bith an lucht rialaithe a tharraingt.
churiarracht domhanda world record attempt
" Bhíodh cáil ar an réileán tráth mar an áit inar sháraigh daoine éagsúla an churiarracht domhanda luais ar thalamh.
churiarracht record
" Níor luaigh sí liom a cuid éachtaí ar an oighear liom go dtí gur chuir mé ceist uirthi faoi an samhradh seo chuaigh thart agus fuair mé amach go raibh sí ina curadh domhanda! D'inis sí dom gurb í an chéad Éireannach a ghlac páirt sa Craobh Domhanda Luas-scátála san Olympic Oval, Calgary, Ceanada, i Feabhra 2007, áit ar bhris sí an churiarracht domhanda 1500 méadar agus fuair sí bonn airgid dá bharr.
curiarracht ann féin a record in itself
" D’imir Stynes in 244 cluiche i ndiaidh a chéile idir 1987 agus 1998 leis na Demons – curiarracht ann féin.
an churiarracht dhomhanda the world record
" 83 soicind, an churiarracht dhomhanda agus tá am Norman, 20.
an churiarracht is mó ar fad díobh the greatest record of them all
" Is liosta le háireamh a bhfuil buaite ag Manchester United ó shin i leith faoi cheannas agus faoi stiúir Alex Ferguson, ach is dóigh gurb é Príomhroinn Shasana a bheith buaite trí huaire déag (agus a bheith cúig uaire sa dara háit) an churiarracht is mó ar fad díobh.
Curiarracht a record attempt
" Curiarracht ar féidir bheith sásta leis, ach ceann a bheidh mé ag iarraidh a shárú an bhliain seo chugainn!