Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuspóirí objectives
" Is mian léi saghas plean gnó a leagan síos do scoileanna agus fostaithe a íoc de réir an líon uaireanta a oibríonn siad, an méid a tháirgíonn siad agus na cuspóirí a éiríonn leo a bhaint amach faoi dheireadh gach míosa.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá acu ná daoine óga ó Shasana, na Sé Chontae agus an Phoblacht a thabhairt le chéile agus tuiscint agus cairdeas a chruthú eatarthu.
cuspóir objective
" Dúshraith an-solúbtha ======= Cad é an cuspóir atá ag an UUP? Tógadh an próiseas síochána seo ar dhúshraith an-solúbtha ó thaobh moráltachta de.
chuspóir objective
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
cuspóirí objectives
" Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.
cuspóir objective
" Beidh glór na n-óg níos gliondraí fós má bhaintear an cuspóir sin amach.
leis an gcuspóir sin a bhaint amach to achieve that objective
" Teastaíonn obair - agus obair a bhfuil réimse scileanna ag baint léi - leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
cuspóir objective
" Bhuel, is rud maith é cuspóir a bheith ag duine, agus rinne mé féin an-iarracht ar an teanga a fhoghlaim.
chuspóir lárnach central objective
" Níl sé mar chuspóir lárnach ag de Paor an Ghaeilge a chur chun cinn, ach measann sé go n-éireoidh leis féin agus foireann an Ionaid an dearcadh diúltach a bhíonn ag go leor daoine i leith na teanga a athrú.
cuspóir objective
" An cuspóir atá aige ná oiliúint agus eolas a chur ar fáil, chomh maith le taispeántais gharraíodóireachta orgánacha, fáis agus feirmeoireachta.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá ag an taispeántas seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad, chultúr agus stair na tíre agus ag an am céanna turasóirí agus daoine áitiúla a mhealladh chun na ba sainiúla seo a fheiceáil.
cuspóir objective
" Agus, cé gur maith an rud é comparáid a dhéanamh, b'fhéidir, cén cuspóir atá agat agus tú ag déanamh na comparáide sin?" Ghoill sé ar Lillis go raibh lucht an tsean-nóis i nGaeltachtaí eile na tíre, go háirithe i gConamara, claonta i gcoinne stíl Dhún na nGall ar feadh i bhfad.
chuspóir objective
" Tá comhghuaillíocht láidir curtha le chéile faoi scáth na heagraíochta nua aonaidhme, STÁDAS, agus feachtas á thionscnamh a bhfuil sé mar chuspóir aige dul i bhfeidhm ar an Rialtas faoi seo.
chuspóir objective
" Tá sé molta i gcáinaisnéis Bush go gcuirfí $270 milliún ar fáil do chláracha a bhfuil sé mar chuspóir acu cur ina luí ar dhéagóirí gur cheart dóibh staonadh ó ghnéas - sin dhá oiread is a cuireadh ar fáil do na cláracha seo anuraidh.
chuspóir objective
" Ba chóir díriú ar aon chuspóir amháin, is é sin cur chun cinn na gcluichí Gaelacha.
dhá chuspóir two objectives
" An t-údar a roghnaíonn na focail a chuirtear os comhair an léitheora, agus cuireann friotal pearsanta sin an údair dhá chuspóir i gcrích ag aon am amháin.
chuspóir objectives
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí dhá chuspóir i gceist: pobal na Gaeilge a mhéadú i gceantar Leath Chathail, Contae an Dúin; freastal a dhéanamh ar riachtanaisí phobal na Gaeilge.
cuspóir objective
" Bhí thart fá thríocha againn ar an bhád agus an cuspóir a bhí ann ná amharc ar éin agus ar ainmhithe na mara.
cuspóir objective
" Is é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.
cuspóirí objectives
" Bhí simplíocht ag baint lena gcuspóirí go pointe, mar is léir ó na díospóireachtaí a tharla sa phríosún agus a ndéantar cur síos orthu sa leabhar.
mar chuspóir an uile dhuine as the objective for everyone
" Cuirtear an tomhaltóireacht gan staonadh chun tosaigh mar chuspóir an uile dhuine.
chuspóir objective
" Cén fáth ar bunaíodh é? Tá sé mar chuspóir ag an Acadamh cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus tabhairt faoi thaighde a threiseoidh forás na bpobal sin.
chuspóir objective
" Bhí an t-aerfort ar cheann de thrí aerfort a bhí luaite go sonrach sa tuarascáil – chomh maith le haerfort Frankfurt agus Mallorca – a mbaintear úsáid astu go rialta don chuspóir seo.
go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir that the first one would fulfill an objective
" Leoga, b’fhéidir go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir nach dtiocfadh leis an dara ceann a chur i gcrích.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
chuspóir objective
" D’fhógair Rialtas na Sualainne roinnt míonna ó shin go raibh sé mar chuspóir aige deireadh a chur le spleáchas na tíre ar an ola roimh an bhliain 2020.
chuspóir objective
" Agus lá amháin tar éis óráid an Uachtaráin faoin chuspóir seo, bhí a Rúnaí Fuinnimh féin ag rá, “Ní sin an rud a bhí i gceist aige go liteartha.
cuspóir objective
" Is é an cuspóir atá ag an ghrúpa ná taithí idirghníomhach a chur ar fáil do lucht leanúna na healaíne.
cuspóir na féile the objective of the festival
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
an chéad chuspóir the first objective
" “D’éirigh linn an chéad chuspóir a bhí againn a bhaint amach: coirmeacha ceoil d’ardchaighdeán a chur ar siúl i suíomh a thugann urraim don cheol agus don cheoltóir.
a bhfuil sé mar chuspóir aige which has as its objective
" Tá taighde Eorpach ar siúl faoi láthair a bhfuil sé mar chuspóir aige teicneolaíocht a fhorbairt d’aerlinéar hipearsonach a dhéanfadh an turas ó Londain go Sydney i gceithre huaire.
mar chuspóir as an objective
" (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu.
go mbainfeadh siad a gcuspóir amach that they would achieve their objective
" ” Thug an páirtí ról do na fir chrua ina measc, chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart agus go mbainfeadh siad a gcuspóir amach trí mheán na polaitíochta.
ár gcuspóirí our objectives
" ” “Táimid ag baint feidhme as teicneolaíocht nua ár n-aoise féin chun ár gcuspóirí a bhaint amach,” a deir Séamas Ó Neachtain, stiúrthóir gréasáin Chumann Carad na Gaeilge, “go díreach mar a bhain ár mbunaitheoir feidhm as teicneolaíocht a aoise siúd.
cuma, cuspóirí agus cur chuige the appearance, objectives and approach
" Caithfidh mé a rá go gcuireann cuma, cuspóirí agus cur chuige* An Ród seo Romham *leabhar a scríobh mé féin ar Sheosamh Mac Grianna, *A Flight From Shadow*, i gcuimhne dom.
mar chuspóir as an objective
" Agus figiúirí den chineál sin i gceist, bheadh sé ionann is dodhéanta d’Albain neamhspleách dul i bpáirt leis an Euro mar atá mar chuspóir ag an SNP.
mar chuspóir as an objective
" Bhí Hirst bainteach leis an ghrúpa YBAs (Young British Artists), grúpa a raibh sé mar chuspóir aige ealaín gháifeach a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile.
cuspóirí aims
" Caithfear a rá gur eagraíocht nuála a bhí i nGael Linn san am, (nílim á rá nach bhfuil i gcónaí), ach siar san am sin, fadó, bhí siad chun cinn ar a lán slite maidir le teicneolaíocht na linne a úsáid ar mhaithe le cuspóirí dá gcuid a bhaint amach i réimsí an cheoil, na scannánaíochta agus an spóirt trí mheán na Gaeilge.
cuspóirí na heagraíochta aspirations of the organization
" Is é sin, thar aon rud eile, atá á spreagadh, deir sé, agus tugann a cháil mar rothaí ardán dó chun cuspóirí na heagraíochta a chur chun cinn.
gcuspóra aims
" Ba d’fhonn stát na gCarann a bhaint amach a bunaíodh Aontas Náisiúnta na gCarann (KNU) sna daichidí agus bíodh is go bhfuil sciathán armtha ag an KNU, is é sin an KNLA, tá an chuma ar an scéal gur faide ó na Carainn cur i gcrích a gcuspóra inniu ná mar a bhí sé trí scór bliain ó shin.
cuspóirí aims
" Bhí mé ábalta díriú isteach ar an jab a bhí os mo choinnese agus neamhaird a dhéanamh de dhaoine eile agus de na cuspóirí a bhí acusan – i.
chuspóir aim
" org/html/) De réir a ráiteas misin, is “droichead intleachtach idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach” í an institiúid a bhfuil sé mar chuspóir aici ‘naisc tras-Atlantacha a dhaingniú.
cuspóir aim
" Anuas ar sin, cé go raibh an rialtas náisiúnta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh an STA a chur i bhfeidhm, ba é ceannaire an fhreasúra choimeádaigh a chaill a phost dá bharr! Ba é cuspóir an STA ná astaíochtaí carbóin as tionscail a laghdú tríd praghas a ghearradh ar gháis cheaptha teasa.
cuspóir ideal
" Creideann cuid mhór daoine - mé féin ina measc - gur cuspóir uasal é sin ach go bhfuil sé faoi smál ag modhanna suaracha lucht an fhoréigin.
cuspóirí aims
" >“Tá cuspóirí ar leith ag mo chuid oibre; a bheith ag coimhlint in aghaidh taomanna imeagla de réir mar a thagann siad orm.
Cuspóir aim
" Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag amach 13 Cuspóir ó thaobh beartais maidir leis sin.
cuspóir object
" Cuireann an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr na habairtí ann a bheith roinnte ina ainmní-briathar-cuspóir.
cuspóir target
" Sprioc Uí Chuív ======= Méadú suntasach ar líon na ndaoine a usáideann Gaeilge ina saol laethúil, an cuspóir atá ag an Straitéis agus is inmholta an cuspóir é.
chuspóirí aims
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
chuspóir aim
" Bhí sé seo ró-aisteach dom, agus b'éigean dom éalú go tapa! Tá an tsiopalann chomh mór sin go bhféadfá dearmad a dhéanamh ar chuspóir na háite: miondíol.
chuspóra seo this line of business
" Leanfaidh sé liodán d'iar-Theachtaí ó Bhaile Átha Cliath Theas - ar nós John Kelly, Séamus Brennan agus Tom Kitt - a bhí i mbun an chuspóra seo.
chuspóir target
" Tá an clár LEADER ann, atá á mhaoiniú ag an AE, agus a bhfuil sé mar chuspóir aige dreamanna aicsin áitiúla um fhorbairt tuaithe a bhunú; tá na ranna rialtais a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, Tuaithe, Iascaireachta, Fuinnimh, agus Talmhaíochta ann; tá Gréasán Náisiúnta na Tuaithe ann fosta; tá roinnt mhaith eagraíochta eile ann nach iad, ach ní fiú tada iad seo do na pobail bheaga imeallacha nach bhfuil aon ghuth acu.
mar chuspóir acu who have aimed to
" Tá scéalaithe ag teacht chun cinn sa Lucht Siúil féin le tamall beag anuas, scríbhneoirí agus staraithe agus é mar chuspóir acu bréagnú a dhéanamh ar chuid den chineshamhlú.
beag beann ar chuspóirí uilíocha blinded to universal aims
" Dar leis, thainig sruthanna intleachtúla éagsúla i dteannta a chéile gan choinne ná chiall, go fiú díreach tar éis na Muirthéachta, iad araon ar thóir phríomhnamhaid an chomhphobail nua-aimseartha úrnua acu, an Gealt arís, na daoine sin gan smacht, gan anam, gan soineantacht, iad ar aon beag beann ar chuspóirí uilíocha na Jacobins.
cuspóirí soiléire clear targets
" Tá aidhmeanna agus cuspóirí soiléire aige agus tá rud éigin á rá liom go gcloisfear tuilleadh faoin bhfear óg seo amach anseo.
chuspóir aim
" Arsa Abdoulaye Dia, stiúrthóir an togra: “tá sé de chuspóir (ag an bhfál mór glas) srian a chur ar bhánú na tuaithe, beart a dhéanamh in aghaidh triomú na créafóige, an bhithéagsúlacht a chosaint, agus clár bia a thabhairt chun cinn”.
an ní is cuspóir duit your target
" Ó thaobh traenála de, déan do dhícheall i gcónaí agus creid ionat féin go mbainfidh tú amach an ní is cuspóir duit.
namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige an enemy which sought no other delight
" Ag Saothrú Meas Namhad ============ A fhad is a bhain sé liom féin áfach agus mé mar bhall de Arm Heffo (fonóta thíos) sna seachtóidí agus ochtóidí, ba é Páidí Ó Sé an namhaid, namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige agus ag a chomhghleacaithe mallaithe Ciarraíocha ach croí gach ‘Dub’ a bhriseadh chomh minic agus ab fhéidir.
D’fhonn an cuspóir seo a chur i gcrích in order to achieve this aim
" D’fhonn an cuspóir seo a chur i gcrích tá roinnt beartas sriantach á gcur i bhfeidhm atá chun aimhleasa, ní amháin daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad, ach sciar maith Briotanach, leis.
toradh an chuspóra sin the result of that target
" Bhí magnificentia mar sprioc lárnach in aimsir na hAthbheochana agus bhí toradh an chuspóra sin le feiceáil go mór mór sna míndana, san ailtíreacht agus sa léann.
cuspóirí pearsanta personal aims
" Mar a dúirt Eamon Phoenix, tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair, an cúlú geilleagair, cúrsaí oideachais, fadhbanna pearsanta agus feiceann siad gur féidir na cuspóirí pearsanta agus na gairm-mhianta atá acu a chomhlíonadh sa tuaisceart.
An cuspóir atá acu the aim they have
" An cuspóir atá acu ná, Gaeilge a thabhairt dá bpáistí, trí thumoideachas nó córas ina múintear gach ábhar tríd an sprioctheanga amháin.
Is é cuspóir the aim
" Bhí an méid seo le rá sa suirbhé: 'Is é cuspóir an tsuirbhé seo ná dearcadh na dtuismitheoirí áitiúla a fháil maidir leis an ngá atá le cineálacha scoileanna breise sa cheantar seo.
a chuspóir dúshlánach a bhaint amach to achieve his aims
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
mar chuspóir ann féin as an aim in itself
" Ach ar an dea-uair, tá daoine eile ann nach bhfuil ar a n-aird ach an ceol mar chuspóir ann féin, daoine a thuigeann a thábhacht agus an cúram atá orthu ina leith.
I measc cuspóirí an chumainn among the aims of the association
" I measc cuspóirí an chumainn más ea bhí seo: ‘*Generally to facilitate by all legitimate methods the restoration of the rural population to direct connection with the soil*’.
ar cuspóir di which has the purpose
" D’oir argóintí Allers cruth gruama cinniúnach na hÉireann dar le de Fréine: “Tá dhá phríomhábhar spreagtha sa duine, ‘mian na cumhachta’ agus ‘mian an chuideachtanais’ (ar cuspóir di duine a oiriúnt i gcomhair saoil mar bhall de phobal sóisialta.
cuspóir objective
" Mhínigh an péintéir Eamonn McAteer as Doire do Chiara Nic Gabhann cad é an cuspóir a bhíonn aige agus é ag dul i mbun na péintéireachta.
cuspóirí objectives
" Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ruairí Ó Néill, faoi na cuspóirí atá acu.
Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí C. supported the aims
" Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.