Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líon na gcustaiméirí the number of customers
" Tá an dlí céanna tar éis neart trioblóide agus conspóide a chothú i Meiriceá, go háirithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil go leor úinéirí beár, óstán agus bialann ag maíomh go bhfuil líon na gcustaiméirí agus an brabús atá á dhéanamh acu tite go mór ó cuireadh tús leis an chosc ansin.
custaiméirí rialta regular customers
" Bhí sé deacair a rá le custaiméirí rialta agus le custaiméirí nua nach raibh cead acu caitheamh níos mó," arsa Jones.
líon na gcustaiméirí the number of customers
" Tá fógraí acu i bh*Foinse* gach seachtain faoi láthair agus tá líon na gcustaiméirí ag fás an t-am ar fad.
ag mealladh custaiméirí na mbanc mór attracting the customers of the big banks
" Anuas air sin, tá teachtaireachtaí á scaipeadh anois atá ag mealladh custaiméirí na mbanc mór chuig suímh ghréasáin bréige.
a lán custaiméirí breise a lot more customers
" Bhí RTÉ ábalta an *graffiti *a sheachaint, buíochas do Dhia, agus mar gheall ar an sárjab a rinne Jimmy Taig mar threoraí bhí píosa breá faoinár gcúrsa ar an teilifis agus fuair muid a lán custaiméirí breise dá bharr.
bainistiú caidrimh chustaiméara the management of customer relations
" Ní hamháin go mbreathnaíonn daoine ar an idirlíon mar inneall cuardaigh nó mar uirlis taighde sa lá atá inniu ann, ach úsáidtear é chun réimse leathan gníomhachtaí a chur i gcrích: bainistiú caidrimh chustaiméara, seachadadh, déanamh orduithe, agus ag tabhairt tacaíochta do chianúsáideoirí an chomhlachta.
Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara Tailored Language Training in Customer Service
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara Tailored Language Training in Customer Service
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, tionscadal eile d’ár gcuid, Oiliúint Teanga Oiriúnaithe i Seirbhís Custaiméara, a sheoladh.
cuid mhaith dár gcustaiméirí a great number of our customers
" Is éard a bhí le léamh ar fhógra sa teach tábhairne céanna ná "Ós rud é gur iarr cuid mhaith dár gcustaiméirí orainn é, beidh an seomra seo saor ó ghal tobac ón 20 Samhain amach".
le custaiméirí a mhealladh isteach. to attract in customers.
" Sa bhreis ar sin, íocann tábhairneoirí airgead le ceoltóirí le custaiméirí a mhealladh isteach.
mothaíonn na custaiméirí the customers feel
" Cé nach mbeidh an chuid is mó de chuid cótaí The North Face ar an Aghaidh Thuaidh riamh, mothaíonn na custaiméirí go bhfuil siad ag caitheamh “an fhíor-ruda”.
agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, while they are seeking out customers,
" Ach tarlaíonn an rud céanna do bheoir is a tharlaíonn do pháirtithe polaitíochta - athraíonn na grúdlanna an táirge agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, agus éiríonn an táirge níos leimhe dá bharr.
custaiméirí inmheánacha internal customers
" Beidh custaiméirí inmheánacha i gceist – beidh Forbairt Naíonraí Teo in ann úsáid a bhaint as an naíolann le haghaidh cúrsaí traenála, cuir i gcás, agus beidh an tOireachtas agus an Coimisiún le Rincí Gaelacha in ann úsáid a bhaint as na seomraí ceardlainne.
custaiméirí féideartha possible customers
" Léirigh 89% díobh gurb iad custaiméirí féideartha a bhí ar an bpríomh-spriocmhargadh a bhí acu agus iad ag blagáil.
Ní gá fiú a bheith mar chustaiméir you don’t even have to be a customer
" Ní gá fiú a bheith mar chustaiméir le *Barclays* - a fhad is atá cónaí ort sa Bhreatain, agus cuntas bainc agat sa tír agus a fhad is atá an feidhmchláirín agat is féidir do sporán *Pingit* a líonadh in aon chraobh de *Barclays* agus é a úsáid díreach mar sparán chun airgead a chur chuig do theagmhálaí nuair is gá.
a seirbhís custaiméara their customer service
" Ar an drochuair, cosúil le han-chuid a dteipeann orthu ar na saolta seo, is mar gheall ar a gcuid margaíochta agus a seirbhís custaiméara gur theip orthu.
luach a gcuid airgid dá gcustaiméirí value for money to their customers
" Bhí titim an-mhór i líon na dturasóirí i go leor ceantar in Éirinn an samhradh seo agus ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go dtosóidh lucht gnó ag tabhairt luach a gcuid airgid dá gcustaiméirí.
chustaiméara customer's
" Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.