Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá bhrí sin as a result of that
" Ach bíonn smaointe nua ag daoine i gcónaí - agus an t-uafás oibre le déanamh againn dá bhrí sin.
dá bhrí sin because of that
" Creideann muid go raibh baint ag Bríd leis agus, dá bhrí sin, gur áit speisialta é.
dá bhrí sin for that reason
" Sílim gurb iad na hamhráin dúshraith an cheoil rince agus gurb iad is tábhachtaí, dá bhrí sin! B'fhéidir nach n-aontódh go leor daoine liom faoi sin ach sin mo thuairim phearsanta féin.
dá bhrí sin because of that
" Is é an ghné de na torthaí is mó gur údar imní í ná go dtugann siad le fios go bhfuil ceithre chontae i bhfad taobh thiar den chuid eile agus, dá bhrí sin, nach bhfuil ach ocht gcontae *ar a mhéid* ann dáiríre atá in ann dul in iomaíocht ag an leibhéal is airde.
dá bhrí sin because of that
" ) Daonra níos lú ======= Bhíodh páirc Chamuis dubh le gasúir sna 60í agus 70í, ach níl an daonra chomh mór anois is a bhíodh sé agus, dá bhrí sin, tá sé níos deacra foirne a chur chun páirce.
dá bhrí sin for that reason
" An bhfuil sé ceart go mbeadh fear óg (níl a fhios agam an mbaineann an fhadhb seo le mná óga nó nach mbaineann) ag traenáil agus ag imirt lena chlub, lena choláiste agus lena chontae ag an am céanna? Táim ag tagairt do na himreoirí is fearr, is é sin an dream atá ag imirt ag an ngrád is airde agus, dá bhrí sin, atá faoi bhrú an-mhór a bheith i mbarr a maitheasa i gcónaí.
dá bhrí sin as a result of that
" dá bhrí sin, b'fhéidir nach cóir go mbeadh siad ann ar chor ar bith.
dá bhrí sin because of that
" dá bhrí sin ní mór dúinn cinntiú nach gcaillfear an ceangal idir teanga agus leanúnachas na hoidhreachta choíche (mar tá oidhreacht dá déanamh againn i gcónaí) i dtreo is nach gcaillfimíd an radharc ar nádúr agus feidhm na teanga.
dá bhrí sin because of that
" dá bhrí sin ní mór dúinn cinntiú nach gcaillfear an ceangal idir teanga agus leanúnachas na hoidhreachta choíche (mar tá oidhreacht dá déanamh againn i gcónaí) i dtreo is nach gcaillfimíd an radharc ar nádúr agus feidhm na teanga.
Dá bhrí sin therefore
" Dá bhrí sin, níl aon mhaith ann agus níl téarma eile mar bhainisteoir á thairiscint dó ag cumann sacair na hÉireann, an FAI.
dá bhrí sin therefore
" Is cathair nach bhfuil rómhór é Flórans agus, dá bhrí sin, tá sé furasta do bhealach a dhéanamh thart timpeall.
Dá bhrí sin, Because of that,
" Dá bhrí sin, beidh an tionchar céanna ag bua Phádraig ar dhaoine, idir óg agus aosta, is a bhí ag bua Ronnie Delaney nó bua Stephen Roche.
dá bhrí sin because of that
" Ní raibh CLG iontach eagraithe agus ní bhíodh cluiche peile agam gach Satharn, dá bhrí sin d’imir mé neart cluichí rugbaí agus d’imrímís go minic ar an Domhnach freisin.
dá bhrí sin because of that
" Mheas mé go mbeinn ag coinneáil Planxty siar agus dá bhrí sin chinn mé ar an ghrúpa a fhágáil.
Dá bhrí sin hence
" Dá bhrí sin, is annamh nach ndéanann siad an réamhullmúchán oiriúnach lena dtithe agus lena ngiuirléidí a chosaint.
dá bhrí sin as a result
" 09) gur ann do marché noir in áiteanna éagsúla san ardchathair ina mbíonn tairgí bia ar díol (iógart, liamhás srl) atá imithe ó mhaith de réir an dáta ar an bpacáiste nó torthaí agus glasraí atá idir maothlaithe is meathlaithe agus nach bhfuil, dá bhrí sin, indíolta a thuilleadh.
Dá bhrí sin therefore
" Dá bhrí sin, is gá rud éigin a dhéanamh faoi agus cúnamh a thabhairt don réiteoir.
dá bhrí sin therefore
" Tá an réileán salainn cúig mhéadar déag faoi bhun cothrom farraige, an áit is ísle ar an ilchríoch, agus fanfaidh an t-uisce ann dá bhrí sin go dtí go ngalófar é.
dá bhrí sin for that reason
" Agus tá gluaiseacht na Gaeilge sa tír seo lag dá bhrí sin.
dá bhrí sin therefore
" Guagacht na Gaoithe Léirítear nach féidir a bheith cinnte riamh, cuir i gcás, go séidfidh an ghaoth ag an tráth díreach is mó spíonadh na haibhléise agus, dá bhrí sin, gur gá an dara córas ginte aibhléise a bheith ann mar chúltaca.
dá bhrí sin therefore
" Ní eisceacht dá bhrí sin cúrsaí spóirt i gcoitinne ná cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael go háirithe.
Dá bhrí sin so
" Dá bhrí sin, is í canúint mo sheanathar atá a’m anois, cé nár leag mé súil riamh ar an bhfear céanna.
dá bhrí sin therefore
" Bíonn sé i bhfad níos deacra greim bia a cheapadh i rith an gheimhridh agus dá bhrí sin, bailíonn roinnt ainmhithe bia cosúil le sméara, cnónna agus a leithéid.
dá bhrí sin therefore
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
dá bhrí sin therefore
" Cuireadh athleasú na bhforas daonlathach go barr an chláir oibre dá bhrí sin.
dá bhrí sin as a result of that
" Is i Maigh Eo is mó a bhím ag obair ar na saolta seo agus dá bhrí sin bím ag plé le cúrsaí réiteoireachta agus oiliúna sa chontae sin.
dá bhrí sin as a result of that
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
dá bhrí sin therefore
dá bhrí sin therefore
" Tá daoine in Éirinn ag íoc morgáistí móra ar thithe agus árasáin nach fiú oiread is leath an airgid a íocadh orthu agus tá fearg ar dhaoine dá bhrí sin.
Dá bhrí sin so
" Dá bhrí sin, bhíos beagnach ag rith agus na lusanna spíonacha ag gearradh m’éadaí is mo chraicinn.
nár mhiste dá bhrí sin it’d be no harm therefore
" ) agus nár mhiste dá bhrí sin na daoine atá freagrach as ullmhú foirne a íoc freisin.
ina shaothar dá bhrí sin in his work because of that
" D’admhaigh sé in agallamh leis an Hollywood Reporter go mbíonn an lionn dubh air agus b’fhéidir nach bhfuil an dóchas céanna ina shaothar dá bhrí sin, is a bhí ag a leitheidí Gene Roddenberry, cruthaitheoir saincheadúnas *Star Trek*, cuirim i gcás.
an choimhlint níos géire dá bhrí sin the competition more intense for that reason
" Bheadh an choimhlint níos géire dá bhrí sin, rud a bhí, agus bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh brú nó tinneallaí, mí-ádh nó leochaileacht dhaonna beartais agus taicticí Katie a chur ó mhaith in am ar bith.
dá bhrí sin for that reason
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
dá bhrí sin for that reason
" Tharla an stoirm seo déanach go leor i mbiaiste na spéirlingí agus dá bhrí sin bhí seans ann go meascfadh sí le stoirmeacha geimhridh agus go neartódh sí dá réir.
dá bhrí sin therefore
" Níor bhuail mé riamh le Páidí Ó Sé agus ní raibh aithne phearsanta agam air dá bhrí sin.
dá bhrí sin therefore
dá bhrí sin for that reason
" Is cosúil nach bhfuil an cineál gnímh atá curtha i leith imreoir Átha Cliath luaite go sonrach sna rialacha (ba dheacair gach cineál drochghníomh a shonrú is dóigh) agus dá bhrí sin níl tréimhse fionraíochta shonrach luaite.
Ba scéal mór é dá bhrí sin it was big news then
" Ba scéal mór é dá bhrí sin ar na meáin in Éirinn nuair a d’éirigh Alex Ferguson as a phost mar bhainisteoir ar Manchester United agus caithfidh mé a rá gur chuir mé suim sna cuntais agus sna léirmheasanna a scríobhadh agus a craoladh faoi.
Ní iontas ar bith dá bhrí sin so it’s no wonder
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhuaigh Manchester United cluichí sna nóiméid dheireanacha go minic.
dá bhrí sin so
" ) Ghlac mé staidéar domhain orthu go léir dá bhrí sin.
dá bhrí sin in ann able therefore
" Ní raibh cuid mhaith den na hÉireannaigh i Learpholl dá bhrí sin in ann dul chuig faoistin os rud é nach raibh mórán Béarla acu.
Dá bhrí sin so
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
dá bhrí sin therefore
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
dá bhrí sin for that reason
" Is beag spórt a bhí le feiceáil ar an teilifís dá bhrí sin ach bhí an raidió againn agus bhímis in ann na himeachtaí móra spóirt a ‘fheiceáil’ trí shúile agus glórtha tráchtairí spóirt na linne ar nós Mícheál Ó hEithir, Philip Greene, Liam Cambell, Mick Dunne, Noel Andrews agus eile.
dá bhrí sin for that reason
" Sílim nach ionann an cineál lucht féachana, agus dá bhrí sin an t-atmaisféar, a bhíonn ag cluichí Chorn an Domhain agus a macasamhail ag cluichí sraithe Phríomhroinn Shasana nó Sraith na gCuradh san Eoraip nó a leithéidí sin.