Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dháilcheantar constituency
" Dá mba rud é gur fheirmeoir mé as a dháilcheantar a raibh deacrachtaí agam ag líonadh foirme éigin a bhain le scéim Eorpach, is cinnte go mbeadh a mhalairt de scéal i gceist.
dáilcheantar constituency
" Bí ag faire amach do Vincent Mac Dowell - m'athair féin - i nDún Laoghaire, atá ag seasamh mar neamhspleách toisc gur imir na glasaigh feall air trí pharaisiút a chur isteach sa dáilcheantar.
ina dháilcheantar Muimhneach féin in his own Munster constituency
" Agus leathshúil aige ar na feirmeoirí ina dháilcheantar Muimhneach féin, bhí seisean i bhfad níos cáintí mar gheall ar an socrú nua ná mar a bhí na hurlabhraithe talmhaíochta Mary Upton ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Martin Ferris de chuid Shinn Féin.
dáilcheantar constituency
" Tuigeann Niall Andrews, dar ndóigh, gur fearr go mór an seans a bheidh ag a mhac féin, Chris, suíochán Dála a bhuachan an chéad uair eile más rud é nach gcaithfidh sé dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan, atá faoi láthair ina TD sa dáilcheantar céanna.
ina dháilcheantar féin in his own constituency
" **C** John O’Donoghue, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta: Ciste deas le dáileadh aige agus é fial flaithiúil le heagraíochtaí spóirt ina dháilcheantar féin.
na dáilcheantair imeallacha the marginal constituencies
" Gnóthaigh siad na dáilcheantair imeallacha le dornán beag vótaí.
i go leor dáilcheantar imeallach in many marginal constituencies
" Is dócha go dtiocfaidh méadú beag ar ionadaíocht an pháirtí sa 30ú Dáil, ach de thairbhe iad a bheith ag iomrascáil le Fine Gael i go leor dáilcheantar imeallach, ní dócha go sáróidh líon suíochán an LO 25 nó 26.
dáilcheantar úr a new constituency
" Cheistigh TNS/MRBI 500 duine i 50 ionad éagsúil ar fud Chontae Shligigh agus thuaisceart Chontae Liatroma – dáilcheantar úr a bhfuil meascán mór de cheantair thuaithe agus uirbeacha ann.
i ndáilcheantar seo na seanmheasúlachta. in this constinuency of respectability.
" Náiríodh ann iad sa bhliain 2002, nuair a theip glan orthu oiread agus suíochán amháin a bhuachaint i ndáilcheantar seo na seanmheasúlachta.
trí dháilcheantar three constituencies
" Beidh trí dháilcheantar nua sa tír: Oileán Thoraí (cúig shuíochán), Droim Conrach i mBaile Átha Cliath (seacht suíochán) agus Baile Bhúirne (trí stól).
dáilcheantair national election area
" Cúig Mholadh * Tosóidh mé le costas na státseirbhíseach atá fostaithe in oifigí dáilcheantair agus príobháideacha ár n-Airí Rialtas le hobair dáilcheantair a dhéanamh dóibh.
ndáilcheantair national electoral areas
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
dáilcheantair election areas
" Is coir, b'fhéidir, cuid de na Teachtaí Dála a thoghadh sna dáilcheantair agus cuid eile a thoghadh go náisiúnta.
ndáilcheantar constituency
" San fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lárnach i mí an Mheithimh níor toghadh chun na Dála í agus í curtha ar aghaidh mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre ar an suíochán a d’fhág Tony Gregory ina dhiaidh nuair a fuair sé bás mí Eanáir.
dháilcheantair electoral area
" Ba mhinic Liam Adams ag obair le daoine óga i mBéal Feirste agus i nDún Dealgan, ach deir Gerry gur inis sé do na húdaráis go raibh amhras faoi Liam nuair a bhí a dheartháir óg ag obair i gCumann Óige i gceantar Chluain Ard in iarthar na cathrach, ina dháilcheantair féin.
thoghlach/dáilcheantar electoral area
" Tá a fhios acu go smaoineoidh daoine anseo as seo amach go bhfuil siad mar a gcéanna leis na Coimeádaigh agus ní bheidh deis ar bith acu dul ar ais i gcumhacht i Halla na Cathrach, gan trácht ar thoghlach/dáilcheantar anseo.
Dáilcheantair electoral areas
" Le meastúchán a dhéanamh ar chomhdhéanamh na chéad Dála eile, chaith mé súil ar na 43 Dáilcheantair.
Dáilcheantar úd that constituency
" Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
dáilcheantar electoral region
" Troid go hImirt Anama ========== Ach, mar is eol dúinn, tá olltoghchán ag drannadh linn agus tuigeann iarrthóirí Fhianna Fáil gur troid go himirt anama atá rompu i ngach aon dáilcheantar.
dáilcheantar electoral area
" Ní bheidh siad ach ag seasamh in aon dáilcheantar amháin sa toghchán don tionól agus gan ach ochtar sna toghcháin áitiúla ach cad é mar a fheiceann Ervine a a pháirtí i gceann cúig bliana? “Ba mhaith liom go mbeadh suíocháin againn ar fud Thuaisceart Éireann,” ar sé agus ansin dúirt sé rud éigin thar a bheith suimiúil.
Dháilcheantair electoral division
" Bhí baill an pháirtí eagraithe isteach i gcumainn áitiúla agus chuir na cumainn teachtaí ag Comhairle Dháilcheantair, a thagadh le chéile go rialta.
Dháilcheantair electoral division
" Bhí baill an pháirtí eagraithe isteach i gcumainn áitiúla agus chuir na cumainn teachtaí ag Comhairle Dháilcheantair, a thagadh le chéile go rialta.
Dháilcheantar electoral division
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
mhuintir a dháilcheantair the people of his electoral district
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
nDáilcheantar coiméadach a conservative electoral area
" Is in aghaidh an tsrutha a bhí sé ag snámh nuair a bheartaigh sé dul le polaitíocht i nDáilcheantar coiméadach cosúil le Gaillimh Thiar.
dháilcheantar electoral area
" Bhí Tír Aodha ina chuid de dháilcheantar Dhún na nGall sa chéad Dáil agus ina chuid den dáilcheantar Dún na nGall Thiar Theas ó roinneadh an chontae ina dhá chuid.
ina dháilcheantar féin in his own electoral area
" Go deimhin chuir an tAire Gaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, brú ar an gComhdháil éirí as an obair seo, obair ar cheart a bheith ar siúl ag a Roinn féin ó cheart ach ní raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív, in ainneoin a bhladair faoin nGaeilge, dul in éadan na bhforbróirí ina dháilcheantar féin.
ina dháilcheantar in his electoral division
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.