Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dáiríreachta seriousness
" Ach an bhfuil an splanc speisialta sin ann a thabharfas ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dó agus dá pháirtí, beag beann ar a chuid polasaithe agus ar a chuid dáiríreachta? Tá an splanc sin ag Bertie.
dáiríreacht earnestness
" Ach níor mhór dáiríreacht an Aire faoin mholadh a cheistiú mura bhfuil oiread is comhad amháin laistigh dá Roinn féin a phléann leis an ábhar seo.
dáiríreacht freisin a serious side also
" Má tá greann i gceist leis an slógadh, tá dáiríreacht freisin - is comhartha é do Ghlenn Beck agus dá lucht leanúna nach féidir leis a shlógaí polaitiúla a eagrú gan freagra éigin.
dáiríreachta seriousness
" Mhaígh an tAire Ryan sa Dáil go fiú go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar an hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! Seans gur comhartha ab ea é sin ar a laghad machnaimh nó dáiríreachta a bhain leis an cheist ón tús.
dáiríreacht sincerity
" Scuabadh chun siúil pé míshó idir-eatarthach im’ chroíse le dáiríreacht a haithrí.
easpa dáiríreachta an rialtais reatha the current government’s lack of sincerity
" Is baolach fosta go bhfuil easpa dáiríreachta an rialtais reatha ar cheist na hearcaíochta le feiceáil ina laghad dul chun cinn atá déanta ag an Aire Howlin meitheal dhátheangach a bhunú le míonna beaga anuas.
dáiríreacht seriousness
" Mar a mhíníonn Liz Curtis, áfach, bíonn dáiríreacht agus crá croí i gceist fosta, chomh maith leis an spraoi.