Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dámh faculty
" Dúirt sé go raibh cúrsaí spóirt i gcónaí tábhachtach i saol an choláiste agus go raibh siad i ndiaidh dámh nua leighis i gcúrsaí spóirt a bhunú i gcomhpháirtíocht le Coláiste Ríoga na Lianna.
ag daingniú na dáimhe atá aige cheana strengthening the fellow-feeling it already has
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
ó dhámha eile from other faculties
" Níl ach leath de na mic léinn ónár roinn féin - tá an chuid eile ó dhámha eile agus tá roinnt acu nach mic léinn ollscoile iad ar chor ar bith.
a sceimhliú na ndámh léinn terrorising the faculties
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
comhaltacht Dhámh na nEalaíon Faculty of Arts fellowship
" CÓCC: Tar éis céim BA a dhéanamh sa nGaeilge agus sa Tíreolaíocht i nGaillimh, fuaireas comhaltacht Dhámh na nEalaíon i Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
dámha faculties
" " Lena chois sin, tá go leor cainte sna nuachtáin le gairid ar struchtúir na n-ollscoileanna féin agus ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag na húdaráis na dámha agus ranna a athrú ó bhonn.
dámh human warmth
" Ba shin an léiriú is fearr ar dhaonnacht a d’fhéadfaí a fháil i gceann de fhorais mhóra na tíre nach samhlófaí le dámh ná le daonnacht.
nDámh na nDán arts faculty
" Chuir sé suim mhór sa stair, agus tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh i mbun staidéir ar an Eacnamaíocht, glacadh leis i nDámh na nDán in Ollscoil Sheárlais i mí Lúnasa na bliana 1968, faoi mar a theastaigh uaidh i gcónaí.