Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dáta foilsithe the date of publication
" Díolachán leabhar a mhéadú ionas go ndíolfaí ar a laghad míle cóip de gach leabhar nua taobh istigh de bhliain ón dáta foilsithe.
an dáta is fóirsteanaí the most suitable date
" An 13 Samhain an dáta is fóirsteanaí, meastar.
suas chun dáta up to date
" Tá teicneolaíocht suas chun dáta á húsáid ag seandálaithe ina gcuid oibre le fada.
ganntanas dátaí scarcity of dates
" Ceann acu ná go mbíonn ganntanas dátaí a bhíonn saor le haghaidh cluichí breise agus toisc go bhfuil sé an-chostasach ar dhaoine filleadh arís chun cluiche athimeartha a fheiceáil.
Baineann sí greann as an dáta breithe seo. She finds humour in this date of birth.
" Baineann sí greann as an dáta breithe seo.
dátaí taispeántais a dhearbhú. to confirm exhibition dates.
" ” Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
dátaí cúlaithe don arm withdrawl dates for the army
" D’éirigh leis na Daonlathaigh an ruaig iomlán a chur ar an Uachtarán Bush le déanaí nuair a sheoladar bille cogaidh chuige agus dátaí cúlaithe don arm luaite ann.
dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór the dates of nearly all the gigs
" Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.
an dáta a aimsiú. to find the date.
" Fuair na seandálaithe rianta d'fhoirgnimh a léirigh go raibh lonnaíocht luath ann, ach ní raibh siad ábalta an dáta a aimsiú.
mar chomóradh ar a dáta breithe to mark her date of birth
" Saolaíodh Plath i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1932 i mBostún - bheadh sí 75 bliain d’aois dá mbeadh sí beo léi - agus ba mar chomóradh ar a dáta breithe a foilsíodh an leabhar speisialta seo, a bhfuil *Eye Rhymes: Sylvia Plath’s Art of the Visual * (Oxford University Press) mar theideal air, cúpla seachtain ó shin.
an dáta is tábhachtaí. the most important date
" Ach is é an 5 Feabhra an dáta is tábhachtaí.
atá suas chun dáta which are up to date
" Tá Google Earth agus na híomhánna satailíte atá mar chuid den phacáiste sin á n-úsáid in am éigeandála cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfaí teacht go tapa ar íomhánna atá suas chun dáta agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach.
agus é a thabhairt cothrom le dáta and to update it
" Tá an cur chuige foinse oscailte seo radacach ó thaobh léarscáileanna de toisc go dtugann sé deis do dhaoine eagarthóireacht a dhéanamh ar an eolas agus é a thabhairt cothrom le dáta go tapa.
Cothrom 45 bliain an dáta it was the 45th anniversary of the date
" Cothrom 45 bliain an dáta a thug an tUrramach Martin Luther King a óráid cháiliúil "*I have a Dream"* ab ea é, agus ar ndóigh, cé bhí gualainn ar ghualainn le Obama ach Martin Luther King III, mac an fhir chlúitigh.
chnap dátaí block of dates
" Sciúird níos mó ná turas, ba léir ar an chnap dátaí a bhí leagtha amach rompu.
dáta reatha inghlactha current date acceptable
" Dúirt sé chomh maith gur mhian leis comhrá náisiúnta a chur ar siúl arís i dtaca le dáta an lae náisiúnta, go háirithe mar nach bhfuil an dáta reatha inghlactha ag bundúchasaigh na tíre, a mheasann gur lá an dobróin é.
cothrom le dáta up to date
" Tuigim go bhfuil sé deacair suíomh mór lán d’eolas a choinneáil cothrom le dáta.
aníos cothrom le dáta up to date
" ) Níl mórán idir na teachtaireachtaí seo agus stádas a thabhairt aníos cothrom le dáta ar *Twitter*, nó ar *Facebook*, le difríocht tábhachtach amháin: láithreacht an úsáideora.
cothrom le dáta up to date
" Coinnigh an phróifíl seo cothrom le dáta: aon uair a fhaigheann tú ardú céime nó a n-athraíonn tú do phost bí cinnte é seo a chur in iúl láithreach sa phróifíl agus líon isteach gach réimse arís le haon eolas nua.
cothrom le dáta up to date
" Tá súil agam go dtugann siad ábhar an tsuímh cothrom le dáta nó beidh a fhios ag an bpáiste is sine againn go bhfuil rud éigin cearr.
gan dáta air that there was no date on it
" B’iontach liom gan dáta air.
mheamram dar dáta a memorandum dated
" Seo mar a scríobh sé sa mheamram dar dáta 6 Bealtaine 1974 a chuir sé ag an Aire don tSeirbhís Poiblí, Richie Ryan, faoin moladh: “*It must be recognised that abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first language of the state and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so*.
dáta nó teideal date nor title
" Níl dáta nó teideal ag dul leis na pictiúir agus mar gheall ar an easpa eolais seo, mar aon leis an chur i láthair drámatúil, tá tréith chóir a bheith bíobalta ag baint leis an saothar.