Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá fhostaí dhéag twelve employees
" $250,000 a bhí mar bhuiséad ag Mary's Center nuair a thosaigh sé i 1988, díreach go leor leis an dá fhostaí dhéag a íoc.
sna déaga in the teens
" Nuair a bhí sí sna déaga, phill siad ar an tír chéanna agus chuir siad fúthu i Milano.
trí bliana déag agus ceithre scór eighty-four years of age
" Agus tá sí trí bliana déag agus ceithre scór! "Bhí sé d'ádh orm ansin go raibh Caitlín Ní Dhomhnaill, a bhfuil clú agus cáil uirthi sa lá atá inniu ann, sa darna doras domh.
an naoú comhlacht déag is mó the nineteenth biggest company
" Dá mbeadh Aer Árann i Meiriceá Thuaidh, bheadh muidne ar an naoú comhlacht déag is mó ansin ó thaobh líon paisinéirí de.
An t-aonú stailceoir déag the eleventh hunger striker
" An t-aonú stailceoir déag a tugadh air mar gur ghlac sé páirt i stailc ocrais 1981, nuair a fuair deichniúr poblachtánach bás.
sna déaga in his teens
" "Dá mbeadh a fhios agam go raibh sé chomh simplí sin scríobh i mBéarla," a deir sé, ag spochadh as an dream seo, "is fadó riamh a bheinn tar éis tabhairt faoi!" Deir de Paor go bhfuair sé tacaíocht i gcónaí ó fhilí na Gaeilge, go háirithe nuair a bhí sé ag dul i mbun pinn agus é fós sna déaga.
sna naoi déag daichidí in the nineteen forties
" Bhí an curaclam bunaithe ar rud inteacht a bhí ann sna naoi déag daichidí.
sna déaga in the teens
" Toraigh ======= Thug Lillis cuairt ar Thoraigh ar dtús nuair a bhí sé sna déaga agus tá sé ag tarraingt ar an áit ó shin.
ceithre Churdach déag fourteen Kurds
" Tháinig bád i dtír ar Oileán Melville in aice le Darwin ag tús mhí na Samhna agus ceithre Churdach déag air, agus d'iarr siad go dtabharfaí dídean dóibh san Astráil.
go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige until he had reached sixteen
" Creid é nó ná creid, socraíodh sa gcúirt dhúiche i Longfort go gcuirfí an buachaill óg isteach sa scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige, ar an údar sin amháin.
sna déaga in the teens
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
sna déaga in his teens
" Ag an chruinniú céanna, labhair Rose Gentle, máthair Gordon Gentle, saighdiúir Albanach sna déaga a fuair bás ar dualgas san Iaráic i mbliana, agus Azmar Begg, athair Moazzam Begg, atá i ngéibheann i gCampa X Ray i mBá Guantanamo.
sna déaga in the teens
" Tá comhlacht amháin Meiriceánach, Firefly Mobile, ag díriú ar mhargadh na bpáistí nach bhfuil sna déaga go fóill, agus tá sé beartaithe acu guthán póca a chur ar an mhargadh a dearadh go speisialta do pháistí níos óige.
an aonú táirge déag is tábhachtaí the eleventh most important product
" Maidir le luach onnmhairithe de, tá fíon anois ar an aonú táirge déag is tábhachtaí ón Astráil.
naoi gcléireach déag nineteen clerics
" Bhí méadú i mbliana ar líon na ndaoine a chuaigh isteach sa chliarscoil i Má Nuad den chéad uair le fada (tá naoi gcléireach déag sa chéad bhliain ansin agus 75 sa choláiste ar fad, i gcomparáid le 75 an bhliain seo caite), ach seans gur laghdú a bheas i gceist má chuirtear an treoir nua seo i bhfeidhm.
agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air and that he was jailed for twelve months
" D'inis sé dom go raibh an feirmeoir, Martin Leigh, os comhair na cúirte i Chester an tseachtain sular bhuail mé leis agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air as trí chúis is fiche.
ceithre iarshaighdiúir déag four former soldiers
" An turas seo, beidh ceithre iarshaighdiúir déag a throid san Iaráic ag seasamh mar iarrthóirí, dáréag acu thar ceann an pháirtí Dhaonlathaigh.
sna déaga in the teens
" Caithfidh tú tosú le páistí, caithfidh tú léitheoirí a dhéanamh as daoine ón uair a thosaíonn siad ag léamh, caithfidh tú coinneáil leis na daoine sin agus iad sna déaga agus caithfidh tú ansin féachaint chuige go leanfaidh siad ag léamh agus iad ina ndaoine fásta.
homhair mé trí cinn déag de chlubanna I counted thirteen clubs
" Chomhair mé trí cinn déag de chlubanna bainteach le foireann faoi 14 Choláiste Chiaráin a bhuaigh Craobh Laighean i gcoinne Choláistí Átha Cliath cúpla seachtain ó shin.
san ochtú haois déag in the eighteenth century
" PÓC:Filí a mhair san ochtú haois déag ba ea cuid díobh: Tomás Mac Craith ó cheantar Shliabh gCua (i gCo.
na hocht déag caogaidí the 1850s
" Bhí, ar bhealach – mar níor baisteadh an t-ainm úd ar an sliabh go dtí na hocht déag caogaidí, i gcuimhne ar Shasanach nach ndearna rud ar bith ach suí ar a thóin in oifig léarscáileanna.
dhá leon déag twelve lions
" Thar an dá lá, chonaiceamar dhá leon déag agus seacht srónbheannach dubh.
Aistríodh ceithre amhrasach déag fourteen suspects were transferred
" Aistríodh ceithre amhrasach déag ó phríosúin rúnda timpeall an domhain go campa géibhinn Chuan Guantánamo le déanaí, agus beart ag réimeas Bush iad a chúiseamh roimh na toghcháin lár téarma ar an 7 Samhain.
ceithre threibh déag na Gaillimhe the fourteen tribes of Galway
"ceithre threibh déag na Gaillimhe le sonrú sa mbuantrofaí seo agus treibh amháin sa mbreis ann chun buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a chur in iúl.
an naoú véarsa déag the nineteenth verse
" An tUrramach Willie McRay, MP, FP, VIP, DUP, agus P mór fada a bhí ann, seanchara dílis d’Erectus na Gaeilge, a bhí ag ceol an naoú véarsa déag dá leagan féin de “Tantum Ergo Sacramentum”, é á cheol sa Laidin bhinn a d’fhoghlaim sé in Ollscoil Bob Jones Mheiriceá.
ocht líne dhéag cóic eighteen lines of coke
" *Thóg cúig thab, ocht líne dhéag cóic agus cnocáinín *hash.
sna déaga; in his teens;
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
iarsmaí ón seachtú haois déag, remnants from the seventeenth century,
" Is beag áit atá fágtha i Meiriceá ina bhfuil iarsmaí ón seachtú haois déag, go háirithe agus cósta thoir Mheiriceá chomh plódaithe anois.
breis is aon mhilliún déag paisinéir over eleven million passengers
" Is é Aerfort Heathrow i Londain an bealach isteach trasatlantach is mó san Eoraip (bhí breis is aon mhilliún déag paisinéir ann anuraidh, ag dul go dtí nó ag teacht ó Mheiriceá), agus is pointe nasctha é do mhórán paisinéirí a bhíonn ag fáil eitilte eile.
na trí choilíneacht déag go léir all thirteen colonies
" Ní raibh bunreacht ag na Stáit Aontaithe go dtí 1787, agus thóg sé trí bliana eile sular ghlac na trí choilíneacht déag go léir leis.
ag tarraingt ar na déaga, approaching the teens,
" ” Nuair a bhí an chlann ag tarraingt ar na déaga, rinne an t-athair cinneadh iad a chur chuig an choláiste samhraidh i Rann na Feirste.
i dtréimhse ceithre bliana déag. in a fourteen-year period.
" Bhailigh trí Fhiosrúchán John Stevens 10,391 doiciméad, 16,194 taispeántan, chuir siad agallamh ar 15,000 duine agus ghlac siad 9,256 ráiteas scríofa i dtréimhse ceithre bliana déag.
dhá mhúrmhaisiú dhéag twelve murals
" Ach is ar ábhar níos éadroime atá siad ag iarraidh díriú an t-am seo: ba mhaith leo dhá mhúrmhaisiú dhéag a dhéanamh i gceantair éagsúla i Learpholl, a léireoidh clúdaigh cheirníní na Beatles, leithéidí *Revolver*, *Yellow Submarine* agus *Sgt.
dhá shraithchomórtas ollscoile déag twelve university leagues
" Mar chomparáid, ní féidir ach le 82,000 duine a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus 90,000 i Staid Wembley! Tá dhá shraithchomórtas ollscoile déag ar leith sna Stáit Aontaithe, agus cothrom is deich mball i ngach ceann, gan trácht ar scór nó dhó sraithchomórtas beag idir na coláistí agus ollscoileanna beaga timpeall na tíre.
cúig scannán déag faisnéise fifteen documentaries
"cúig scannán déag faisnéise déanta aige agus is é “Teenage Kicks”, faoin bhanna ceoil The Undertones, an ceann is clúití acu.
le linn a déaga during her teens
" Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, on Cork's under-14 soccer team
" Tá mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, tá duine acu ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus tá staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal.
gearradh aon bhliain déag príosúnachta air. he was sentenced to eleven years in prison
" I ndeireadh na dála, ciontaíodh athair Barbara as a héigniú, agus gearradh aon bhliain déag príosúnachta air.
sna déaga, in their teens,
" Bhí an sagart a bhí i gceannas na scoile *in loco parentis* agus mídhiscréid bheag a bhí i gceist a dhéanfadh *lads* óga ar bith sna déaga, agus gan dochar mór ar bith déanta, ach d’éirigh an réimeas an-dian ina dhiaidh sin, deirtear liom.
ón ochtú haois déag from the eighteenth century
" Tá an saothar seo bunaithe ar dhán ón ochtú haois déag agus chaith Stevenson 40 bliain i mbun an tsiansa.
a chomhdhéanfaí de shé leathanach déag which would be comprised of 16 pages
" Sa bhliain 2002, d'iarr muintir an nuachtáin *The* *Irish News – *foilseachán a bhfuil a oifig lonnaithe i mBéal Feirste – €700,000 sa bhliain ó Fhoras na Gaeilge le forlíonadh seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú, a chomhdhéanfaí de shé leathanach déag agus a chuirfí isteach ina nuachtán féin.
aon mheisceoir déag eleven drunks
" Bhí an-oíche agam leo in O’Donoghue’s ar Shráid Bhagóid, i measc aon mheisceoir déag – iad uilig ag amhránaíocht go tréan agus ag éirí níos préachánaí de réir an amhráin agus an phionta.
duine amháin as gach aon dalta dhéag one in eleven pupils
" (Paragraf 8) I measc na dtorthaí eile a foilsíodh sa staidéar, fuarthas amach gur admhaigh buachaill amháin as gach ochtar go raibh sé thíos le cibirbhulaíocht le míonna beaga roimhe sin agus gur admhaigh duine amháin as gach aon dalta dhéag go ndearna sé cibirbhulaíocht é féin ar dhalta éigin eile le déanaí.
laghdú cúig déag faoin gcéad 15 per cent reduction
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
comóradh cúig bliana déag 15th anniversary
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
ceithre bhonn óir déag 14 gold medals
" Bhuaigh foireann na hAstráile 46 bonn ag na Cluichí i mbliana, ceithre bhonn óir déag san áireamh.
aon chúilín déag 11 points
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
naoú haoise déag 19th century
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
sna déaga in the(ir) teens
" Níl duine ar domhan nach cuimhin leo an uair sin sna déaga nuair a chéad chomhlíon leannán gach folús iontu.
naoú haois déag 19 cent.
" San India, feictear an chuid is fearr den fhichiú haois taobh le taobh leis an chuid is measa den naoú haois déag.
ochtú aois déag 18th cent.
" Is ainmhí coimhthíoch é an camall, a scaoileadh saor sa lár i rith an ochtú aois déag.
dá iarann déag sa teallach aici too many irons in the fire
" mobi/ga/Tony_Gregory) An Aigne Choiteann Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
déaga teens
" Agus é sna déaga, d’fhoghlaim Lula léamh agus scríobh.
dhá bhliain déag twelve years
" Nó an scéal faoi ghasúr dhá bhliain déag d’aois, Oussmane Cissé, ar tugadh íde béil dó ar scoil toisc go rabhthas in amhras gurb é a scaoil aláram éigeandála na scoile le linn rang corpoideachais.
déaga aige his teens
" Phós a mháthair faoi dhó roimh na déaga aige, an dara huair le fear a bhí páirteach i gcultas aoise nua, darbh ainm *“The Great White Brotherhood”*.
sé bliana déag d’aois 16 yrs of age
" An Chéad Ghabháil ========== Agus an sé bliana déag d’aois slánaithe aige, chuaigh sé le ríomhaireacht, agus thug sé an t-ainm bréige “Mendax” air féin, a tháinig ó fhrása Laidine Horace - “splendide mendax”.
naoú céad déag 19th century
" Is i Sasana agus in Albain a cheapadh na chéad ghaltraenacha go luath sa naoú céad déag, ach go deimhin is i Meiriceá a cuireadh snas orthu ó na 1830aí amach.
deireadh na naoú aoise déag the end of the 19th century
" ”* Téann sé ar aghaidh agus míníonn sé go raibh feachtas láidir maidir le cúrsaí airgid idir Éirinn agus Sasana ar bun ag deireadh na naoú aoise déag.
deireadh an tséú haois déag the end of the 16th century
" Cé gur chuir na treibheanna dúchais fúthu sa cheantar seo thart ar 800AD, sna blianta deireanacha den Mhórimirce Pholainéiseach, ní fhaca aon Eorpach na hoileáin seo go dtí deireadh an tséú haois déag.
seachtú haois déag 17th century
" lao+aire) faoin rí Séamus I sa seachtú haois déag.
teacht ar chúigear fear déag aclaí to find 15 fit men
" Bhí imní air go rachadh sé rite leis teacht ar chúigear fear déag aclaí a bheadh in ann dul chun páirce do chéad chluiche an tséasúir nua.
cúig dhuine dhéag 15 people
" au/exhibitions/irish_in_australia/personal_stories/) Roghnaíodh cúig dhuine dhéag, meascán idir Éireannaigh a tháinig chun na hAstráile ar inimirce agus dhaoine de shliocht Éireannach, agus iarradh orthu a mbaint reatha le hÉirinn a insint.
naoi suíochán déag is fiche 39 seats
" Ach tá siad i mbéal lucht polaitíochta na hEorpa inniu mar gheall ar an naoi suíochán déag is fiche a bhain siad amach san olltoghchán cúpla seachtain ó shoin, rud a fhágann ar an tríú páirtí is mó sa tír iad.
naoú haois déag 19th cent.
" Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.
dara haois déag 12th cent.
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
nós na séú haoise déag 16th. Century style
" Ach tá an Globe, de réir nós na séú haoise déag, oscailte don spéir.
cúig chloigeann déag fifteen
" Thart ar dhoisín nó cúig chloigeann déag ansin.
sna déaga teenagers
" Bhí sí ag diúltú Béarla a labhairt agus bhí a cairde, sna déaga, ag gáire agus ag tathaint uirthi *“Ah come on (ainm), speak English to us, come on, please”*.
dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh thirty two of them on horseback
" Turas deich lá a bheadh sa dá chéad míle dóibhsean nuair a d’fhág siad An Lóbháin tamall ó thuaidh de Liège ar an 28ú Feabhra an bhliain úd, ‘dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh’ agus ‘cóiste ag a mnáibh uaisle,’ mar a deir Tadhg Ó Cianáin in Imeacht na nIarlaí.
An Tríú Leasú Déag ar bhunreacht the Thirteenth amendment of the constitution
" An Tríú Leasú Déag ar bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá á mbrú chun vóta ag Abraham Lincoln.
Ciontaíodh ceithre fhear déag fourteen men were convicted
" Ciontaíodh ceithre fhear déag, an Rianach san áireamh, as an gcoir agus daoradh chun báis iad.
pianbhreith cheithre bliana déag fourteen years penal servitude
" Crochadh fear amháin acu, ach iomalartaíodh an bhreith bháis ar na fir eile agus daoradh pianbhreith cheithre bliana déag san Astráil orthu ina háit.
sna déaga luatha in her early teens
" Ag dul thart ar theach amháin, chonaic mé cailín sna déaga luatha ag bualadh sliotair in éadan ghiall an tí.
gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu they were sentenced to 15 yrs in jail
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag gives an account of the eleventh chapter
" Dúirt an Cairdinéal Ravasi, stiúrthóir saothar Biennale na Vatacáine, gur deis a bhí ann an caidreamh idir an ealaín agus an creideamh a ‘atógáil’ agus é ag caint faoin taispeántas a dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag de Leabhar Gheineasas.
gléasta in éadaí an ochtú haois déag dressed in 18th century clothing
" Sheol aon bhád déag suas an cuan agus daoine go leor orthu gléasta in éadaí an ochtú haois déag.
ocht slata déag ar airde lena linn eighteen yards high at the time
" Bhí ballaí an dúin ocht slata déag ar airde lena linn – teach sé stór.
cúig mhí dhéag caite fifteen months past
"cúig mhí dhéag caite ó fógraíodh go caithréimneach ‘go raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosnú láithreach’ leis an bpleanáil teanga.
is blianta deacra iad na déaga the teens are difficult years
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
i measc na naoi n-aire dhéag amongst the nineteen ministers
" Níl ach bean amháin i measc na naoi n-aire dhéag sa chomh-aireacht, fiche aire má chuirtear an Príomh-Aire san áireamh.
a chaith dhá bhliain déag who spent twelve years
" Is Ollanach é Hijmans a chaith dhá bhliain déag dá shaol ag cur faoi in Éirinn.
seachtú haois déag seventeenth century
" Deirtear gurb iad Athanasius Kircher, Gearmánach a mba Íosánach é agus Huygens Christiaan, Ísiltíreach, fear a mba scoláire freisin é a rinne na chéad teilgeoirí íomhánna sin i lár an seachtú haois déag.
naoi déag tríochaidí ar aghaidh 1930s on
" Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.
cúig troighe dhéag fifteen foot
" Bhí roinnt mhaith de na craobhacha seo cúig troighe dhéag ar airde agus breis.
cúig stad déag fifteen stations
" Déantar an turas seo de ghnáth ag meánoíche ar 9ú Meitheamh (Lá Fhéile Cholm Cille) nuair a shiúlann na hoilithrigh thart cúig stad déag atá scaipthe ar fud na Glinne.
thart ar na sé láithreán gréasáin dhéag around sixteen web sites
" Tá sé furasta teacht ar na coileáin ar díol ar thart ar na sé láithreán gréasáin dhéag is coitianta in Éirinn.
den dara huair déag for the twelfth time
" Beidh féile ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh den dara huair déag ag tús na míosa seo i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin, an t-amhránaí agus an craoltóir a cailleadh go tragóideach aon bhliain déag ó shin.
seacht déag faoin déag seventeen per cent
" Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.
sa naoú haois déag in the nineteenth century
" Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann.
sé dhuais déag sixteen prizes
"sé dhuais déag, ina measc ceann ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann ag deireadh na míosa seo caite, buaite ag Yu Ming Is Ainm Dom, gearrscannán Gaeilge leis an stiúrthóir Daniel O'Hara as Baile Átha Cliath.
tús an naoú haois déag the beginning of the 19th century
" Féachann Ciara Nic Gabhann ar an tslí a bhfuiltear tar éis Daidí na Nollag a léiriú ó bhí tús an naoú haois déag ann.
comóradh cúig bliana déag 15th anniversary
" Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!