Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhéagóirí teenagers
" Agus mé ar cuairt aici ina teach cónaithe ar Shráid Líosain i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag deireadh mhí na Bealtaine, rith sé liom nár chúis iontais ar bith é spiorad chomh hóg a bheith aici agus meascán bríomhar de dhéagóirí agus de pháistí óga - a clann féin agus a gcairde - i gcónaí timpeall uirthi.
Bhagair déagóirí teenagers threatened
" Bhagair déagóirí istigh go gcuirfeadh siad lámh ina mbás féin, chaith fear amháin é féin isteach sa tsreang rásúir atá timpeall ar na hionaid agus gortaíodh go dona é dá bharr.
déagóirí teenagers
" Bhí clár á chraoladh againn mar gheall ar Choláiste na bhFiann - bhí mise á léiriú agus ag ligean do na déagóirí an chaint a dhéanamh.
déagóir teenager
" Baran an teideal atá air agus scéal grá atá ann a bhaineann le déagóir atá ag obair ar shuíomh tógála i gcuideachta oibrithe as achan pháirt den Iaráin, teifigh ón Afganastáin ina measc.
dhéagóir teenager
" Agus mé i mo dhéagóir, bhí cónaí orm i ndeisceart na cathrach agus théinn go rialta le mo chol ceathrair chuig Páirc an Chrócaigh.
an ghlúin déagóirí the generation of teenagers
" Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí *Beo!* a machnamh a dhéanamh orthu: Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga? Níl iontu seo a trí cheist shimplí.
dhéagóirí teenagers
" Chomh maith le hÁras Mháirtín Uí Chadhain, bíonn dhá choláiste samhraidh ag feidhmiú ar an mbaile chun freastal a dhéanamh ar dhéagóirí na tíre.
dhéagóir teenager
" Chuir Gearóid suim sna "hIndiaigh" agus é ag léamh leabhar fúthu nuair a bhí sé ina dhéagóir.
déagóirí teenagers
" Tagann páistí, déagóirí, daoine proifisiúnta agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre.
déagóir teenager
" D'fhoghlaim sí an teanga labhartha ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht agus í ina déagóir.
déagóirí a spreagadh to motivate teenagers
" Is fada múinteoirí ag gearán faoi chomh deacair is atá sé déagóirí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ach tá "Ros na Rún" ina chuidiú mór anois acu siúd ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga.
dhéagóir teenager
" Thosaigh mé á léamh agus mé i mo dhéagóir, rud a spreag mo shuim sa teanga, sílim.
déagóirí teenagers
" Mar sin de, agus na daoine óga seo ar fad chomh corraithe sin, agus iad breá sásta a bheith ag crostacht leo, an bhféadfadh saothar Sheridan dul i bhfeidhm orthu, gona scéal casta grá, faoin streachailt a bhíonn le déanamh ag tuismitheoirí, agus faoi chruálacht an bháis? An bhféadfadh scéal Éireannach an croí a bhogadh ag na déagóirí seo, as áiteanna ar fud an domhain mar Háití, Boisnia, an Cholóim agus Portó Ríce ina bhfuil saol an-chorrach ag daoine? An-tógtha leis ======= Múchadh na soilse, agus tosaíodh ag taispeáint an scannáin, agus roimh i bhfad ba léir go raibh na daoine óga seo as Manhattan an-tógtha le scannán an stiúrthóra Éireannaigh.
déagóirí teenagers
" Cén obair a dhéantar san Áras ó lá go lá? Tá réimsí éagsúla oibre i gceist in Áras na nGael, ina measc: ranganna Gaeilge do dhaoine fásta agus déagóirí; seirbhísí Gaeilge (aistriúchán, etc.
dhéagóir teenager
" Agus seachtain roimh an Nollaig, cuireadh tuilleadh "uisce glan gorm" idir an DUP agus an UUP nuair a d'fhág Jeffrey Donaldson an páirtí a raibh sé ina bhall de ó bhí sé ina dhéagóir.
dhéagóir cantalach crank teenager
" Agus mé i mo dhéagóir cantalach ag freastal ar scoil mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath 4, chuaigh cumha an fhile ón iarthar "ar imirce" sa bpríomhchathair i bhfeidhm go mór orm: Thóg an fear seo teach Is an fear úd Claí nó fál A mhair ina dhiaidh Is a choinnigh a chuimhne buan.
dhéagóir teenager
" Bhí a mháthair agus a teaghlach úr ina gcónaí cúpla míle suas an bóthar agus ó 1955 ar aghaidh léirigh sí níos mó suime ina mac, a bhí anois ina dhéagóir.
cur ina luí ar dhéagóirí to convince teenagers
" Is feachtas idirnáisiúnta é seo, a tosaíodh i 1993 agus a bhfuil Life Way Christian Resources mar urra aige, agus tá sé mar chuspóir aige cur ina luí ar dhéagóirí agus ar mhic léinn coláiste gan gnéas a bheith acu go bpósann siad.
cur ina luí ar dhéagóirí to persuade teenagers
" Tá sé molta i gcáinaisnéis Bush go gcuirfí $270 milliún ar fáil do chláracha a bhfuil sé mar chuspóir acu cur ina luí ar dhéagóirí gur cheart dóibh staonadh ó ghnéas - sin dhá oiread is a cuireadh ar fáil do na cláracha seo anuraidh.
an ráta toirchis i measc déagóirí teen pregnancy rate
" asp) Cuid 1 den alt anseo Ó thosaigh an curaclam ina gcuirtear béim ar staonadh ó ghnéas amháin i 1995, tá an ráta toirchis i measc déagóirí tar éis titim in Texas i gcoitinne - agus i Lubbock County go háirithe - ach ní chomh sciobtha is atá sé ag titim ar bhonn náisiúnta.
déagóir teenager
" Maraíodh roinnt daoine ar an dá thaobh den chath, déagóir ina measc.
dhéagóirí teenagers
" Tríd a chomhlacht, Seirbhís Spóirt Chonamara, teastaíonn uaidh deiseanna spóirt agus oiliúint de gach cineál a chur ar fáil do ghasúir agus do dhéagóirí Chonamara.
dhéagóir teenager
" Sílim go raibh an caighdeán acadúil níos fearr i gClochar Louis ach sílim go raibh mise ábalta saol níos fearr a bheith agam mar dhéagóir i mBaile Átha Cliath, ag dul ar scoil lae, agus thaitin sin liom.
dhéagóir teenager
" Is cuimhneach liom, agus mé i mo dhéagóir óg strampáilte i nDún Laoghaire, m'athair Vincent an scéilín seo leanas a inseacht dom faoi cheann de na postanna beaga a bhí aige féin agus eisean ina dhéagóir sa Tuaisceart sna 1940í.
déagóir teenager
" D’fhill mé ar an fhorhalla, áit ar chas mé ar an déagóir ón *rave*, agus cuma eaglach ar a aghaidh.
ina déagóir déanta a fully-fledged teenager
" Bhí Aoife ina déagóir déanta anois agus níorbh eagla don bheirt chéanna a bheith ar an phort amháin fá na gnóthaí seo.
Bhí sé ag siúl le déagóirí it was crawling with teenagers
" Bhí sé ag siúl le déagóirí agus bhí an ceol chomh hard sin go dócha go mbeadh gach duine dearg acu bodhar sula mbeadh siad daichead.
déagóirí teenagers
" Ní féidir le duine ar bith a rá a thuilleadh gurb í an príomh-theanga labhartha í i measc an aoisghrúpa ar a dtugtar déagóirí.
dhéagóirí teenagers
" Faoi láthair, tá Abú Media (comhlacht as Gaillimh) i nDoire ag obair ar shraith drámaíochta do dhéagóirí, agus beidh comhlacht eile as an iarthar, Magma, i mbun scannánaíochta go luath i gContae Ard Mhacha ar shraith eile drámaíochta.
déagóir teenager
" Ábhar dorcha atá sa leabhar seo ina ríomhtar scéal Sarah, déagóir a bhfuil an galar anoireicse uirthi.
déagóra teenager
" “Tá an t-ádh orm go bhfuil cúigear páistí agam nach ndeachaigh fríd thrioblóidí an déagóra,” ar seisean liom, ag gáire, agus mé ina chuideachta le gairid sa teach tábhairne is fearr leis i mBéal Feirste, The John Hewitt.
déagóir teenager
" Ábhar dorcha atá sa leabhar seo ina ríomhtar scéal Sarah, déagóir a bhfuil an galar anoireicse uirthi.
dhéagóir teenager
" Bhí sé fós ina dhéagóir nuair a bhuaigh sé a chéad Chraobh le Gaillimh agus é ag imirt i lár na páirce ar an bhfoireann chéanna le Purcell agus Stockwell.
dúnmharú déagóir dubh eile the murder of another black teenager
" uk)), mhol Tuarascáil Lawrence i 1998, a foilsíodh tar éis dúnmharú déagóir dubh eile i Londain, Stephen Lawrence, gur chóir go mbeadh líne ghutháin éigeandála neamhspleách ann le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh an chiaptha agus na n-ionsaithe ciníocha.
dhéagóirí teenagers
" An ar fhoghlaimeoirí atá sé dírithe, mar sin? “Tá sé dírithe ar gach aon léitheoir ach is dócha gur ar dhéagóirí is mó atá sé dírithe.
dhéagóir teenager
" Bhí mé i mo dhéagóir, seacht mbliana déag d’aois ag an am, agus b’in é an t-aon turas amháin a bhí déanta agam go Ceantar na nOileán, an áit ar rugadh agus ar tógadh m’athair, grásta Dé ar a anam.
déagóirí teenagers
" Is léir go bhfuil déagóirí agus daoine óga áirithe ag glacadh seilbhe ar cheisteanna cearta teanga agus go bhfuil dreamanna mar na Gaeil Óga, eagraíocht réasúnta nua, chun dul i ngleic leis na dúshláin nár éirigh leis an ghlúin a tháinig rompu a shárú.
lán de dhéagóirí full of teenagers
" Bíonn na busanna móra le feiceáil lán de dhéagóirí, ó gach cearn den oileán, iad ar a mbealach chuig na coláistí samhraidh.
aicne ar éadan déagóra acne on a teenager's face
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go leanfaidh a leithéid de thurasóir air ag teacht anseo ar mhaithe leis na hóstáin mhóra atá ag gobadh aníos go flúirseach ar fud na tíre mar a bheadh aicne ar éadan déagóra.
do dhéagóirí for teenagers
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Bunaíodh é le go mbeadh seirbhís náisiúnta ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí a bheadh ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, go háirithe iad siúd a bheadh tar éis freastal ar chúrsaí samhraidh Choláiste na bhFiann.
caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí the teenagers' standard of spoken Irish
" Go mbeadh caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí ag feabhsú i gcónaí.
agus í ina déagóir. when she was a teenager.
" "Is cuimhin le hAlf gur tharla uair amháin gur thug sí cuairt ar dhá reilig in aon lá amháin ar Lá na Naomh Uile agus í ina déagóir.
gnó déagóra a teenager's business
" ” “Tá tú ceithre bliana déag d’aois,” a dúirt a hathair, “ní gnó déagóra é dul ag máirseáil.
go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh that teenagers would be reluctant to write abuse messages
" Tá mé cinnte go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh ar an idirlíon nó a sheoladh óna nguthán dá mbeadh an baol ann go mbéarfaí orthu.
déagóirí teenagers
" Ansin tháinig mé ar ghrúpa déagóirí agus iad ag damhsa agus ag canadh i stíl na hAfraice Theas.
mar ghnáthchuid de shaol déagóirí as a regular part of teenagers' lives
" Tá a fhios ag an saol mór go mbíonn daoine óga – sé bliana déag, seacht mbliana déag agus níos óige – ag ól go rialta agus go mbíonn an t-ól mar ghnáthchuid de shaol déagóirí timpeall na tíre agus ní taise d’ócáidí spóirt.
beagnach gach déagóir nearly every teenager
" Ní raibh sé i bhfad go raibh beagnach gach déagóir i Learpholl ag caitheamh anarac dubh The North Face agus cochall air, agus iad ina seasamh thart fán ionad siopadóireachta.
Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil noisy teenagers under the influence of alcohol
" Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil (agus rudaí nach é, b’fhéidir) ar fud na páirce.
Déagóir ainrianta unruly teenager
" Déagóir ainrianta ab ea John; agus é ocht mbliana déag d’aois, chuir Henry II go Éirinn é le troid in aghaidh na nGael.
agus mé fós i mo dhéagóir tútach, when I was still an awkward teenager,
" Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air.
Déagóirí iad a bhformhór. Most of them are teenagers.
" Déagóirí iad a bhformhór.
agus mé i mo dhéagóir. when I was a teenager.
" Bhí cairde agam sa dá áit agus ba mhinic go mbíodh mé féin iontu agus mé i mo dhéagóir.
agus é ina dhéagóir when he was a teenager
" Bhí sé ina bhall de CLG agus é ina dhéagóir i Learpholl agus tríd an bhallraíocht sin tharla gur roghnaíodh é mar bhall de Chomhairle na Breataine.
agus mé i mo dhéagóir, when I was a teenager
" Nuair a thosaigh mé ag dul go Rann na Feirste agus mé i mo dhéagóir, bhí mé sa rang ceoil ag Hiúdaí Pheaidí Hiúdaí agus chuir mé spéis mhór in amhráin an cheantair sin – na cinn a thug Hiúdaí dúinn, d'fhoghlaim mé de ghlanmheabhair iad.
dírithe ar dhéagóirí, aimed at teenagers,
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
mar dhéagóirí míshocra as uneasy teenagers
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann. he was like a spoiled teenager
" Dímhúinte, droch-dhearcadh – bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann.
nuair a sháigh déagóir scriúire when a teenager stuck a screwdriver
" Tharla sé seo cúpla mí i ndiaidh do Harry Holland bás a fháil nuair a sháigh déagóir scriúire isteach ina chloigeann.
an déagóir Meiriceánach the American teenager
" ”* Ba é sin an teachtaireacht dheireanach a fuair an déagóir Meiriceánach Megan Meier ar a leathanach Bebo in 2006.
fós ina dhéagóir still a teenager
" Mura bhfuil stíl mhaireachtála na meánaicme saibhre inbhuanaithe, is cinnte nach bhfuil stíl mhaireachtála leithéidí Maurice Strong amhlaidh! Ach cá bhfuair Strong a chuid airgid leis na tithe uile agus an rainse ollmhór a cheannach? **Tionscal fuinnimh**Rugadh Strong i gCeanada sa bhliain 1929 agus thosaigh sé ag obair sa tionscal fuinnimh agus é fós ina dhéagóir.
dhéagóirí teenagers
" Cé go bhfuil na ranganna seo dírithe ar dhaoine fásta, cuirtear fáilte roimh dhéagóirí agus roimh pháistí má thagann siad in éineacht le duine fásta.
ndéagóirí caillte lost teenagers
" Stiúrthóirí ar suim leo saol agus sícé na ndéagóirí caillte a mhaireann ar faobharimeall shochaí bhriste, dhíluachaithe na linne seo.
scread na ndéagóirí the teens claims
" Dein ‘I’m going to explode’ a ghúgláil agus beidh sé le léamh agat ó scread na ndéagóirí sna blagspotaí, na bhfóram agus na gclárchainte éagsúla go bhfuil méar Neranjo ar chuisle na n-óg.
dhéagóir teenager
" Bhí mé ag cur eagair ar mo stór leabhar cúpla mí ó shin agus tháinig mé ar leabhar réalteolaíochta a bhí agam nuair a bhí mé i mo dhéagóir.
dhéagóir teenager
" Fuair mé smitín ó paratrooper uair eile agus mé i mo dhéagóir cionn is go raibh pas Éireannach agam.
dhéagóirí teenagers
" TromluíISBN 978 1 901176 95 6€10 Úrscéal nua do dhéagóirí ó Cois Life Is é Tromluí le hÁine Ní Ghlinn an t-úrscéal is déanaí ón gcomhlacht foilsitheoireachta Cois Life.
a iníon óg déagóra his young teenage daughter
" Tá caidreamh mí-oiriúnach idir an Dochtúir agus a iníon óg déagóra.
dhéagóir teenager
" Bhí mé i gcónaí tugtha dom féin, mar dhéagóir, ach chuir an chuairt sin deireadh le mo chuid gearáin.
dhéagóirí teenagers
" An easpa is mó a fheicim féin b’fhéidir ná litríocht do dhéagóirí agus ceann de na fadhbanna a bhíonn le sin ná go mbíonn sé ag athrú in aghaidh na bliana beagnach.
déagóirí teenagers
" Faraor, tá bearna eatarthu go léir agus na déagóirí.
déagóirí teenagers
" Tá beirt déagóirí, Déaglán agus Ciara ag iarraidh plé leis an saol agus lena gcuid múinteoirí nuair a thosaíonn na heachtraí.
déagóirí teenagers
" ** Le fada tá déagóirí ag diúltú don Ghaeilge mar theanga chumarsáide lena gcomhaoisigh agus go deimhin tá an galar sin leathnaithe chuig an té atá breis is fiche bliain d’aois chomh maith.
déagóirí teenagers
" Le hairgead a fháil chun costas oideachais a íoc, téann roinnt déagóirí isteach sa *Territorial Army* (Arm páirtaimseartha).
agus í ina déagóir while she was a teenager
" Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.
Déagóir a teenager
" Déagóir a bhí ionam nuair a chonaic mé an fhírinne i Londain agus chuir bás Ian Tomlinson na laethanta siúd i gcuimhne dom arís.
déagóir teenager
" (Is beag déagóir a bhfuil a fhios acu cad é an tslí bheatha atá rompu, ar ndóigh) ach i ndiaidh "sraith timpistí", tá Bob Collins ar na fir is mó tionchar ar dhá thaobh na teorann in dá réimse difriúla, mar Chathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) ó dheas, agus mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiúin Comhionannais ó thuaidh.
déagóir fireann a male teenager
" Níl mórán firinne in íomhá thraidisiúnta den imreoir cluichí ríomhaire: déagóir fireann le cluasáin air, gan mhórán cairde taobh amuigh de shaol an chluiche.
roinnt déagóirí a oiliúnt to train some teenagers
" Seo atá le tíocht ina áit: - (i) billeog eolais a scaipeadh ar mhná atá ag súil le páiste, chun na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge a chur os a gcomhair; - (ii) páistí níos óige a thógáil ar na campaí samhraidh; - (iii) roinnt déagóirí a oiliúnt is a chur ag obair mar chúntóirí sna Coláistí Ghaeilge; - (iv) forbairt a dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí teanga sna scoileanna Gaeltachta le go mbeidís in ann ‘freastal níos fearr a dhéanamh ar pháistí i scoileanna Gaeltachta chun a a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú’ agus - (v) ‘suíomh tairsí’ eile don Ghaeilge a fhorbairt ar an idirlíon.
dhéagóir teenager
" Duine fadradharcach ab ea Fuller gan aon agó, fear a chuaigh ar an mbád bán agus a d’oibrigh go crua ar láithreáin tógála Londan agus é fós ina dhéagóir.
agus é ina dhéagóir óg as a young teenager
" Aisteach go leor is i mBéarla a chum sé i dtosach agus é ina dhéagóir óg.
an déagóir suaite a mharaigh the disturbed teenager who killed
" In Le Fils, is de thaisme a bhuaileann fear, ar múinteoir adhmadóireachta é, leis an déagóir suaite a mharaigh a aonmhac.
agus é fós ina dhéagóir while he was still a teenager
" Nuair a d'éag athair Niocláis, agus é fós ina dhéagóir, shocraigh sé an t-airgead a thit leis mar oidhreacht a thabhairt do na daoine bochta ar an mbaile in ionad é a choimeád dó féin.
Ba dhéagóir (she) was a teenager
" Ba dhéagóir naoi mbliana déag d’aois í nuair a gabhadh í féin agus a máthair ag na Naitsithe.
bhí mé i mo dhéagóir I was a teenager
" Chaith mé seal sa Ghaeltacht i gCeathrú Thaidhg i Maigh Eo nuair a bhí mé i mo dhéagóir.
saol déagóirí go háirithe dírithe teenagers lives directed particularly
"saol déagóirí go háirithe dírithe go hiomlán ar ábhar Béarla agus ní haon ionadh é mar sin go bpléann siad a leithéid i mBéarla.
déagóirí araon and teenagers as well
" Anuas air sin, tá an tsraith úrscéalta, *Silver Brumby*, le Elyne Mitchell, ar na leabhair is mó a thaitníonn le daltaí bunscoile agus le déagóirí araon le corradh is seasca bliain anuas.
dírithe ar dhéagóirí óga aimed at young teenagers
" Tá an leabhar dírithe ar dhéagóirí óga agus ar fhoghlaimeoirí fásta.
dhéagóir teenager
" Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús.
a eagrú do dhéagóirí to organize for teenagers
" An bhfuil na Coláistí Samhraidh dírithe ar an dream mícheart? Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an mb’fhearr cuid den airgead a chaitear orthu a úsáid le campaí samhraidh a eagrú do dhéagóirí na Gaeltachta agus do dhéagóirí eile a bhfuil Gaeilge acu cheana.