Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach for fear that they would do something wrong
" Ní hamháin sin ach tá teagascóirí, bainisteoirí agus lucht eagraithe foirne faoi bhagairt agus faoi bhrú le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach, cuma cé chomh beag.
rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí the literature environment was poisoned by the deadly gas of ideology
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
Rinne Eilís taca le Cormac Eilís supported herself on Cormac
" " Rinne Eilís taca le Cormac agus bhain siad doras tosaigh an tí amach taobh istigh de chúpla bomaite.
buíochas le Dia nár dhein. thank God we didn't do that.
" Bhíomar ag cuimhneamh ar na seanamhráin a chur amach mar a bhíodar – buíochas le Dia nár dhein.
chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton it scapped an arrangement it has made with the Clinton regime
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú nothing was done to guide me
" Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas.
níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam I don't, as a rule, listen to things that I have done
" Níor éist mé le cuid albam an Bothy Band ar feadh deich mbliana nó níos faide – níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam – ach d’éist mé leis na halbaim sa deireadh agus thuig mé gur éirigh linn an fuinneamh a bhaineann le bheith ag seinm beo a athchruthú sa stiúideo.
Rinneadh iarracht bac a chur le he attempted to stop
" Rinneadh iarracht bac a chur le mórshiúl Éireannach i Mí Iúil i Learpholl (Irish Times 23/7/12) ach theip orthu agus labhair Billy Steel, Ardrúnaí *The Communication Workers Union* ag slógadh ag an deireadh.
ndéantar iad a lámhach le luaidhe they’re shot with lead bullets
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
déanann a gcuid pictiúirí réalaíocha nasc le their pictures make a link with
" Rinne na healaíontóirí Antonio Tempesta agus Niccolo Circignani don Phápa Gréagóir XIII (1572-85) iad agus déanann a gcuid pictiúirí réalaíocha nasc le mairtíreacht Naomh Stíofán.
dhéanfá féin le sneachta a chartadh you’d make yourself to shovel snow
" (brzeg = bruach, kraj = críoch, krowa = bó (féach crú 7 cró), młynek = muileann, morze = muir, niebo = néal, źródło = sruth, łapa do sniegu (lapa do sneachta) = sluasaid adhmaid a dhéanfá féin le sneachta a chartadh, srl.
atá déanta nó á ndéanamh ag tíortha athbhaile is cúis le which are done or being done by the host/receiving countries which cause
" Tá a fhios againn gur minic rudaí atá déanta nó á ndéanamh ag tíortha athbhaile is cúis le himircigh aghaidh a thabhairt ar na stáit sin.
Déan teagmháil le make contact
" Déan teagmháil le duine díobh seo a bhíos le feiceáil sna sráideanna i rith an lae nó san oíche.
rinne sé an mana sin a nascadh le he linked that motto with
" Mar mhíniú ar an ráiteas lom sin rinne sé an mana sin a nascadh le gnéithe eile den ghnáthshaol laethúil.
cinneadh déanta deireadh a chur le decision made to end
" Ba mar dhea-scéal don Ghaeilge a chuir Aire na Gaeltachta an fógra i láthair an phobail i mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh cinneadh déanta deireadh a chur le córas na bpointí bónais as Gaeilge a bhronnadh i gcomórtais d’arduithe céime agus earcaíochta sa Státseirbhís.