Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
den dearadh is déanaí state of the art
" Mar sin féin, le linn turais phríobháidigh ar an ionad, dúirt oifigigh gur cheart do bhunadh Nua-Eabhrac a bheith bródúil go bhfuil ionad cuimhneacháin den scoth agus den dearadh is déanaí ar leic an dorais acu.
an bruíon is déanaí the latest scrap
" Chonaic daoine áirithe é seo mar an bruíon is déanaí idir an FDNY agus an NYPD, a bhíonn, dar le daoine áirithe, i mbun síorchoimhlinte faoi chúrsaí limistéir.
na gcríoch déanach the last state
" Tá an Ghaeilge i bhfad níos fearr as ná mar a shíltear, ach tá feidhm le hatmaisféar na gcríoch déanach, nó coinníonn sé an sracadh sa chuid is gníomhaí de ghluaiseacht na Gaeilge.
go dtí le déanaí until recently
" Baineann na hathruithe sin ar fad le fadhbanna uirbeacha ar nós meathlú lárchathrach, ach ba cheantar láidir iománaíochta é lár chathair Chorcaí go dtí le déanaí.
na bréaga is déanaí the latest lies
" De ghnáth is thart ar an am céanna chuile thráthnóna a thagann na bréaga is déanaí amach.
an ardteicneolaíocht is déanaí the latest hi-technology
" Na láidreachtaí: Foireann mhaith atá sáite san obair; neamhspleáchas Bhard na nGleann mar ghnó; an ardteicneolaíocht is déanaí; tacaíocht agus anam croíúil na nGael ar fud an domhain.
ar thángthas air le déanaí recently discovered
" Hatch (The Quantuck Lane Press) - cuntas beathaisnéise ón naoú haois déag ar thángthas air le déanaí - ar thuras uafásach amháin den chineál seo.
an leagan is déanaí the latest version
" Ní fhaca mé an leagan is déanaí fós, ach d'ainneoin sin tá fíormhórtas orm faoi bheith páirteach ina bhreith an oíche gheimhridh sin agus tá mé buíoch go raibh bearna sa bhuidéal.
an bac is déanaí the latest barrier
an ceann is déanaí the latest
" Bhuaigh an ceann is déanaí uaidh, Sruth Teangacha/Stream of Tongues, gradaim in Éirinn, i Sasana agus i Meiriceá agus mhol an iris mór le rá *The Bloomsbury Review *go hard é.
déanach late
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
an ola dhéanach extreme unction
" Chuir na sagairt an ola dhéanach ar gach duine, agus fuair deichniúr acu bás le tífeas dá bharr.
na tionscadail is déanaí the latest projects
" Anois tuigeann sibh mo chás! In oifigí Telegael sa Spidéal atá ceanncheathrú Mhic Dhonnagáin agus is ann a bhuail mé leis ar na mallaibh le labhairt leis faoi na tionscadail is déanaí atá idir lámha aige.
an iarracht is déanaí the latest attempt
" Tá buaireamh ar chuid mhór ball de Chumann Lúthchleas Gael (CLG) nach mbeidh de thoradh ar an iarracht is déanaí Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí idirnáisiúnta neamhdhúchasacha, ach céim eile i dtreo dhíghaelú an chumainn, a chuid acmhainní agus a chuid imeachtaí éagsúla.
a foilsíodh le déanaí which was recently published
" Tá na fógraí ríomhphoist sin mar chuid chomh lárnach sin den saol ríomhaireachta go bhfuil téarma oifigiúil Gaeilge ann do *spam *anois agus é i gcló in *Foclóir Fiontar *(áis iontach atá lán de théarmaí nua-aimseartha, a foilsíodh le déanaí).
an lipéad faiseanta is déanaí the latest fashion label
" Deirtear go minic go bhfuil an tsaint i réim in Éirinn na linne seo, go bhfuil radharc caillte ar na seanluachanna agus nach spéis leis an dream óg ach an lipéad faiseanta is déanaí.
ola dhéanach extreme unction
" Tugadh an ola dhéanach dó san eaglais agus, cé gur tháinig an t-otharcharr go gasta, ní raibh leigheas ar bith ar an scéal.
ní ba déanaí later on
" Bhí mé i mo chónaí sa chathair iontach álainn sin ar feadh ceithre bliana agus, cé nár fhoghlaim mé focal amháin Gaeilge sular fhág mé Bostún, d'aimsigh mé an splanc a spreagfadh an tine i bhfad ní ba déanaí: an ceol Éireannach.
an togra is déanaí the latest proposal
" Cad é dearfaidh aontachtaithe liobrálacha má theipeann ar an togra is déanaí.
an nuacht is déanaí the latest news
" ie)) mar a bhfuil eolas faoi gach gné den chumann agus de na cluichí maidir le stair, cluichí le theacht, an nuacht is déanaí faoi fhoirne agus imreoirí, eolas ar pheil agus iománaíocht, forbairt na gcluichí agus mar sin de.
an líomhain is déanaí the latest allegation
" Cé nach aon chruthúnas an líomhain is déanaí go bhféadfadh Seirbhísí Rúnda na Breataine buamáil na hÓmaí a stopadh, ní hé sin le rá nach raibh a leithéid ar a gcumas.
ní ba dhéanaí later
" Ghlac mé síntiús leis agus bhain mé leas as an bpáipéar sin (agus as *Lá *agus *Saol,* agus *Foinse *ní ba dhéanaí) chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
an creimeadh is déanaí the latest erosion
" Níl ansin ach an creimeadh is déanaí atá déanta ar an Acht le blianta beaga anuas.
an líomhain is déanaí the latest allegation
" Cé nach aon chruthúnas an líomhain is déanaí go bhféadfadh Seirbhísí Rúnda na Breataine buamáil na hÓmaí a stopadh, ní hé sin le rá nach raibh a leithéid ar a gcumas.
a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí who was recently indicted by a Congress tribunal of inquiry
" Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt.
den chamchuairt is déanaí dá chuid of his latest tour
" Mar chuid den chamchuairt is déanaí dá chuid, casfaidh Morrissey i mBaile Átha Cliath ar an dara lá fichead den mhí seo.
ach tá dlús curtha leis le déanaí. but it has speeded up recently.
" Sílim gur thosaigh an t-athrú seo thart ar scór bliain ó shin, ach tá dlús curtha leis le déanaí.
na pobalbhreitheanna is déanaí the latest opinion polls
" Deir na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil siad fós gob ar ghob.
alt a léigh mé le déanaí an article I read recently
" An rud a chuir an méid sin i mo cheann ná alt a léigh mé le déanaí faoi chúrsaí óil agus cúrsaí spóirt sa tír seo agus an nasc láidir atá idir an dá rud.
sa ghlúin is déanaí in the latest generation
" Tá teicneolaíocht den scoth sa ghlúin is déanaí de sheinnteoirí ceoil MP3 – teicneolaíocht a bhfuil dlúthbhaint aici le heolaíocht, agus go háirithe le nanaitheicneolaíocht.
do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny. the documentary on RTE recently about Dónal Lunny failed totally.
" Ar an ábhar sin do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny.
an sléacht is déanaí. the latest massacre
" I bhfírinne, gan ach coicís thart, tá dearmad déanta ag an gcuid is mó de phobal Mheiriceá ar an sléacht is déanaí.
bunaithe ar an eolas is déanaí based on the latest information
" Tá gá le measúnú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar pholasaithe agus ar thorthaí na bpolasaithe, bunaithe ar an eolas is déanaí faoi rannpháirtíocht sa spórt.
ionsaí fisiciúil, déanach a late physical challenge
" Bhí na craoltóirí mícheart ar fad, dar liom, nuair a cháin siad cinneadh an réiteora mar bhí sé soiléir (domsa ar aon nós) go ndearna John Carroll ionsaí fisiciúil, déanach lena ghualainn ar imreoir eile a bhí tar éis a sliotar a imirt gar don taobhlíne ar bhealach a bhí an-chontúirteach.
a athchóiríodh le déanaí. which was recently restored
" Sa seanam, bhí dhá sheomra caidéil ann: ceann mór, nach bhfuil ann anois, agus ceann beag, a athchóiríodh le déanaí.
an chonspóid is déanaí the latest controversy
" Is é an plódú tráchta an chonspóid is déanaí i Nua-Eabhrac.
a athchóiríodh le déanaí. which was recently converted.
" Stop mé sa bhrú, atá suite i seanscoil a athchóiríodh le déanaí.
tá sé tagtha chun solais le déanaí it has come to light recently
" Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings.
Ba é an mheancóg ba dhéanaí The most recent mistake was
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
san iris is déanaí in the latest magazine
" An mbeadh na Sasanaigh sásta dá mbeadh ceiliúradh mór ar siúl sa Normainn sa bhliain 2066? Léigh mé faoi phíosa beag den bhrúidiúlacht seo san iris is déanaí ón chumann staire in Walton, mo cheantar féin i Learpholl.
Ní ba dhéanaí sa lá, Later in the day,
" Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin.
go déanach istoíche. late at night.
" Is píosa mór ceoil é, ach conas a thiocfaidh na píosaí úra tríd má fhágann muid é i lár baill? Chomh maith leis sin, bíonn sos de dhíth ar phíosaí ceoil freisin! Bhí na smaointe úd i m’intinn agus mé ag tiomáint ar ais ón bhféile i gCill Chaoi go déanach istoíche.
na cinn is déanaí, the most recent ones,
" Más fíor na cinn is déanaí, leoga, bainfidh an freasúra ollbua amach.
athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh is déanaí to reconsider their latest decision
" De réir cosúlachta, sampla eile de phatuaire an Stáit i leith an Iathair Láir atá san easpa tola atá léirithe ag an Rialtas maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh is déanaí i dtaobh na Sionainne.
an cor is déanaí sa scéal, the most recent turn of events
" Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin.
níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe. later than the time which had been decided
" In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe.
Le déanaí, recently
" Bíonn ceolchoirmeacha á n-eagrú acu i gcónaí, mar sin cén fáth nach mbeadh siad ag díol ceirníní chomh maith? Agus níos tábhachtaí fós, cén fáth nach ndíolfaidís féin na ceirníní a bheadh eisithe acu? Ceol ar líne Le déanaí, bhí obair ar siúl agam sa stiúideo agus rith smaoineamh liom i dtaobh tionlacain a bheadh oiriúnach do phort a scríobh Rossa.
Baineadh geit as go leor daoine le déanaí A lot of people were astounded
" Baineadh geit as go leor daoine le déanaí nuair a d’fhógair Google go raibh siad chun níos mó béime a chur ar sheirbhísí soghluaiste.
ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, which the company TNS MRBI undertook recently
" Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
Baineadh siar as go leor daoine le déanaí a lot of people were taken aback recently
" Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá cinneadh ceann dá satailítí féin a scrios.
de réir an eolais is déanaí. according to the most recent information
" html ) - á phleanáil agus beidh sé i bhfeidhm thart ar 2013, de réir an eolais is déanaí.
sna líomhaintí is déanaí in the latest allegations
" Murar leor é sin, bhí cúrsaí airgid chun tosaigh sna líomhaintí is déanaí a rinne dochar do Paisley Jnr – agus dá athair.
déanach late
" Bhíodh sé lá nó dhó déanach i gcónaí agus ní bhíodh ann ach cúpla leathanach dubh agus bán ach ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor.
dhéanach late
" Is é an mhaith dhéanach an mhaith i gcónaí, deir siad.
déanach late
" Más déanach féin a fuarthas amach é, tá a fhios ag an ngnáthdhuine gur chreach lucht an airgid é, gur seoladh a phost thar lear, agus nár fágadh aige ach bréagáin déanta sa tSín.
le déanaí recently
" ’ Seo mar a dúirt Jacques Séguéla, duine a bhain clú amach dó féin i dtionscal na fógraíochta, ar chainéal teilifíse France 2 le déanaí.
ní ba dhéanaí later
" ” Ainmníodh 26 Eanáir mar ‘Lá na hAstráile’ go hoifigiúil sa bhliain 1946, agus ceithre bliana déag ní ba dhéanaí, ainmníodh an chéad duine mar ‘Astrálach na Bliana’ ar an lá.
is déanaí seo this latest
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
réimhaisnéise is déanaí the latest forecast
" Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
is déanaí latest
" Níos déanaí isteach sa scéal, nuair nach bhfuil a fhios fós ag Oskar gur vaimpír í - ‘*If I wasn’t a girl would you still like me anyway?*’ Agus iad beirt ina luí ar leaba le chéile, ise croíbhriste tar éis di fear a mharú d’fhonn go mairfeadh sí féin, eisean i ndólás na maistíneachta is déanaí a imríodh ar scoil air – ‘*’I’m not a girl.
le déanaí lately
" Measaim féin go gcaithfidh foireann iarracht a dhéanamh an cluiche a imirt ar bhealach nach bhfeilfidh sé do Chill Chainnigh - an sliotar a choinneáil ag gluaiseacht go híseal agus go tapa ó thaobh go taobh agus i dtreo na gcúinní agus síos fan na gcliathán, nó, mar a rinneadh ó am go ham cheana, imreoir a thógáil as na tosaithe agus a chur ag imirt taobh thiar dá leathchúlaí láir mar a rinne Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí.
Le déanaí lately
" Le déanaí, tá tíortha mar an tSín ag cur Meiriceá ar an eolas go bhfuil fiacha acu air, agus gur mó is dóichí go mbeidh siad ag lorg na bhfiacha seo ar ais sar i bhfad.
is déanaí latest
" Tá sé ag brath ar dhaoine an t-am seo leis an tionscadal is déanaí atá ar siúl aige ina mbeidh 2,400 duine den ghnáthphobal rannpháirteach in ealaín suiteála beo.
bhagairt is déanaí latest threat
" Foghlaithe Mara na Somáile is ea an bhagairt is déanaí don tsibhialtacht gur mithid don chomhphobal idirnáisiúnta tabhairt faoi, de réir insint na meán mór ar an scéal.
ní ba dhéanaí later
" D’éalaigh francaigh agus luchóga as na báid a tháinig i dtír ann, agus chuir na húdaráis cait isteach ní ba dhéanaí le smacht a choimeád ar líon na gcreimirí seo.
is déanaí latest
" Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh.
níos déanaí later
" Is faoi cheannas an Wehrmacht ceithre lá níos déanaí a thit an phríomhchathair.
ní ba dhéanaí later
" Toghadh rialtas náisiúnta nua abhus ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna, le Kevin Rudd mar phríomhaire.
le déanaí lately
" com/watch?v=E_BXG7HdaYk ) Namhaid as an Nua Tuigeann, go deimhin, an chuid is mó den dream de bhunadh Éireannach an fáth go bhfuil fáilte romhainn le déanaí - is iad na Moslamaigh an namhaid mór anois acu (Beo, eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001).
is déanaí latest
" Agus anois an coup de grace - ainmniúchán Nelson McCausland mar Aire Saíochta (an t-oscsamórón is déanaí i nGaeilg nó i mBéarla) sa Tionól ó thuaidh.
suntas ba dhéanaí the newest phenomenon
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
ní ba dhéanaí later
" Maraíodh é trí bliana ní ba dhéanaí agus é ag iarraidh an churiarracht luais ar uisce a shárú ar Coniston Waters, i Sasana.
le déanaí lately
" Iarradh orm le déanaí cúrsa Gaeilge a mhúineadh in Dallas, agus ghlacas go fonnmhar leis an iarratas.
le déanaí lately
" Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil.
le déanaí recently
" Bhuail mé le hIvana Bacik i dTeach Laighean ar Shráid Chill Dara le déanaí, áit a bhfuil sí ina Seanadóir neamhspleách ag Ollscoil Bhaile Átha Cliath ó 2007.
is déanaí latest
" au/) Eisíodh an tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún ar na mallaibh, leis an teideal Overcoming Indigenous Disadvantage, agus léirigh sí arís a dhonacht is atá caighdeán maireachtála na muintire dúchais: *Across virtually all the indicators in this report, there are wide gaps in outcomes between Indigenous and non-Indigenous Australians.
Dhéanach late
" com/watch?v=oScT3WhCk8w&feature=related An Mhaith Dhéanach (an mhaith i gcónaí) D’fhógair Kevin Rudd, príomhaire na hAstráile, i mí Aibreáin i mbliana go mbronnfaí boinn chomórtha ar na haingil, nó ar a mbaintreacha, le haitheantas oifigiúil a thabhairt dóibh.
le déanaí recently
" D’fhógair Facebook le déanaí go bhfuil 300 milliún úsáideoirí gníomhach acu.
le déanaí of late
" An Tiontú Teanga Mhaigh an tOllamh Declan Kiberd in aiste ar an Irish Times le déanaí go ndearna muintir na hÉireann margadh leis an todhchaí sna 1830í – go dtabharfaidís cúl dá dteanga is dá gcultúr mar mhalartú ar rath eacnamaíochta (rath nach bhfuair siad faraor géar!).
le déanaí recently
" "Ag dul go San Francisco?" a dúirt comhghleacaí as California liom le déanaí.
ní ba dhéanaí later
" Reáchtáladh comóradh eile san Astráil mí ní ba dhéanaí le haghaidh 10ú cothrom an lae inar cuireadh tús leis an bhfeachtas síochána sa Tíomór Thoir Meán Fómhair na bliana 1999, eachtra ina raibh arm na hAstráile lánpháirteach.
maith dhéanach a late good
" Deirtear faoin maith dhéanach, gurb í an mhaith i gcónaí í.
Le blianta déanacha for some years now
" Le blianta déanacha tá lucht leagan crann, curadóirí tae agus tá oibrithe talmhaíochta nach iad tagtha chun na háite.
ní bá dhéanaí later on
" Fuarthas an-tinn é ina stábla cúpla seachtain ní bá dhéanaí agus fuair sé bás faoi imthosca amhrais.
déanach late
" Táid déanach don dinnéar.
déanach late
" Má thagann tú mar sin ar Tonn déanach, nó má tharraingtear isteach i gceann go déanach thú, is féidir gabháil siar ar an obair a rinneadh go dtí seo.
le déanaí recently
" Thaispeáin an tOllamh Cormac O Gráda agus Cathal Póirtéir le déanaí go bhfuil léargas ar an tubaiste le fáil i bhfoinsí béaloidis a bhfeictear seanteanga mháthartha na tíre go láidir iontu.
le déanaí of late
" Tír Fhuilteach Fhoréigneach Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Mandaean sa domhan sa lá atá inniu ann agus ba san Iaráic a bhí a bhformhór go dtí le déanaí.
déanach late
" Bhí an t-ádh ar a mhac agus a iníon chomh maith go raibh siad déanach don obair an mhaidin sin.
ionsaí déanach a late attack
" D’éirigh le foireann na Mí, mar is dual dóibh, ionsaí déanach a dhéanamh ar dhúnfort Lú, agus le teann díocais agus díograise, an liathróid a chur thar líne chúil Lú.
Mhaith Dhéanach belated good
" An Maith an Mhaith Dhéanach an Iarraidh Seo? =============== Ba iad na chéad sé mhí den bhliain seo an tréimhse is teo a taifeadadh riamh, agus ba dhána an mhaise d'aon duine a shéanadh go bhfuil iarmhairtí athrú aeráide á mbrath againn faoi láthair.
le déanaí recently
" Mhínigh Anna dom le déanaí an dúspéis atá aici i gcultúr is i dteanga dhúchais na hÉireann, agus an chúis atá aici le slán a fhágáil againn in ainneoin a bhfuil bainte amach aici in Éirinn.
le déanaí recently
" Bíonn tarraingt agus siamsaíocht sa nuacht, gan amhras, ach ar cheart don nuacht a bheith ina spórt, agus ar cheart tionchar a bheith aige ar thuairimíocht daoine? Bhí na meáin Éireannacha lán leis an scéal le déanaí go ndearnadh tagairt do Thaoiseach na hÉireann, Brian Cowen, mar phótaire ar chlár cainte oíche NBC, ‘The Tonight Show’.
le déanaí recently
" Rogha na coitiantachta de ghnáth, is ea go nglactar le John (“Johnny”) Giles, an ceannfort lár páirce, a ndearnadh a lá breithe seachtó bliain a chomóradh le déanaí.
le déanaí recently
" Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann.
le déanaí recently
" Bíodh sin mar atá, baineadh stangadh as go leor daoine nuair a fógraíodh an tairiscint is flaithiúla riamh le déanaí.
déanach late
" Is fiú go mór súil a chaitheamh ar roinnt suíomhanna miondíola Éireannacha chun na margaí sin a bhaint amach fiú chomh déanach leis an 22 lá Nollaig.
le déanaí recently
" com> mar shampla, a dúirt liom ar líne le déanaí go mbeidh siad ag bácáil is ag dáileadh leo go dtí sin.
le déanaí lately
" Uisce le do Chár ======== Chuaigh mé isteach i gcoill darbh ainm Kéroual gar do Brest in aimsir an tsneachta le déanaí.
treocht is déanaí latest tendency
" - (d)“Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” Bí cinnte go bhfuil a fhios ag do chustaiméirí go bhfuil ar a laghad smaointí úra le fáil sa siopa gach lá, bídís ina smaointí faoi conas béile ar leith a chur le chéile, nó an treocht is déanaí a chaitheamh, nó achoimre den phlé ar líne faoi tháirge nua atá ar fáil.