Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Fear déanta cíoracha comb maker
" Fear déanta cíoracha cuir i gcás, an teaghlach ag gabháilt den cheird chéanna le 15 glúin anuas.
Tá sé ina bhróis déanta he's a total mess
" "A Dhia mór na glóire, an bhfeiceann tú Tadhg? Tá sé ina bhróis déanta," arsa Siobhán.
ina chlabhstar déanta a right stupid person
" Ach ní raibh Stiofán ina chlabhstar déanta ar chor ar bith nó bhí sé ina sheasamh ar chúl dhoras an tseomra ag éisteacht le deireadh agus bhí plean aige.
ní bhíonn tada eile déanta nothing else is done
" Agus nuair a thagann nuachtáin an Domhnaigh isteach sa teach ní bhíonn tada eile déanta an chuid eile den lá! Tharla go raibh mé ag déanamh ceardlainne sna Sceirí i gContae Átha Cliath ar lá an olltoghcháin i mí na Bealtaine anuraidh, agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé formhór an deireadh seachtaine sa leaba ag faire ar na torthaí agus iad ag teacht isteach.
níl cent rua déanta againn we haven't earned a cent
" Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo níl cent rua déanta againn.
Amadáin déanta right ejits
" "Amadáin déanta," arsa Seán ach ní raibh mórán a thiocfadh leo a dhéanamh faoi anois agus thiontaigh siad ar an obair arís.
Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson if Pauline Hanson has done nothing else
" Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson, léirigh sí go bhfuil féith an chiníochais beo bríomhar san Astráil go fóill agus go mbeidh.
lucht déanta dlí lawmakers
" Ach ag deireadh 2003, chinn roinnt den lucht déanta dlí ar dhul i ngleic le fadhb a raibh baint aici le leithris.
Is ar éigean a bhí an ráiteas déanta aige he had barely made the statement
" Is ar éigean a bhí an ráiteas déanta aige go raibh ionadaithe ó Bhord Chontae Chorcaí ag éileamh go n-éireodh sé as oifig.
Bróis déanta fat mess (referring back to her stomach)
" "Bróis déanta," arsa Ingrid agus chroith sí a ceann.
lucht déanta na gcuimhneachán seo the makers of these souvenirs
" " An pisreoga iad na reiligiúin? "Ní hea, ach go bhfuil gaol aisteach idir foinsí an chreidimh agus an tslí ina ndéileálann lucht déanta na gcuimhneachán seo leo.
a bhfuil níos mó ná a chion déanta aige who has done more than his bit
" Craobh na hÉireann sa dornálaíocht ======= Duine amháin a bhfuil níos mó ná a chion déanta aige ar son aos óg na háite agus ar son na peile agus na dornálaíochta i gCamus is ea Colmán Ó Flatharta.
lucht déanta na coire perpetrators
" "Ní íospartaigh muid anois ach lucht déanta na coire, nó lucht féachana nach bhfuil sásta focal a rá.
seál déanta as lása bán agus bláthanna bándearga fabraice a white lace shawl with pink fabric flowers
" Duine beag bídeach atá inti, gléasta i ngúna turcaidghorm agus seál déanta as lása bán agus bláthanna bándearga fabraice air.
Amadán déanta a total fool
" Amadán déanta é Denis.
bhí deireadh déanta it was the end of the world
" Deir siad go n-éiríonn daoine níos réchúisí sna daichidí – cad é bhain duitse!?” Ar an drochuair, nuair a shuigh siad síos bhí Bríd agus Kate buailte ar a chéile agus bhí deireadh déanta.
lucht déanta scannán film-makers
" Bhí scáileáin mhóra ar an bPlatz, ag taispeáint agallamh le haisteoirí agus lucht déanta scannán.
ina déagóir déanta a fully-fledged teenager
" Bhí Aoife ina déagóir déanta anois agus níorbh eagla don bheirt chéanna a bheith ar an phort amháin fá na gnóthaí seo.
lucht déanta scannán film-makers
" Bhí scáileáin mhóra ar an bPlatz, ag taispeáint agallamh le haisteoirí agus lucht déanta scannán.
lucht déanta scannán film-makers
" Bhí scáileáin mhóra ar an bPlatz, ag taispeáint agallamh le haisteoirí agus lucht déanta scannán.
líon ollmhór suíomh déanta coinní a huge number of dating sites
" Réimse suíomh ======= Tá líon ollmhór suíomh déanta coinní ar an idirlíon, ag freastal ar gach cineál custaiméara, ina measc suímh d’fheoilséantóirí, úinéirí peataí, Poblachtánaigh, Daonlathaigh, céimithe de chuid an Ivy League, milliúnaithe, Giúdaigh, Críostaithe, Moslamaigh, daoine arda, daoine méithe, agus daoine atá buailte ag an abhcacht.
d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach the makers of the documentary programme 'Tonight' refurbished an old house
" “Seafóid,” a deir siad sin atá i gcoinne an phlean agus, leis sin a chruthú, d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach in Dingle taobh istigh de cheithre seachtainí ar chostas £18,000 (www.
ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige depending on how bad the foul that he had committed was
" Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorn nó camán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.
Déanta na fírinne indeed
" Déanta na fírinne, bhí téarma príosúnachta curtha isteach ag Jimmy as róbáil nuair a chuir sé féin agus drong beag coirpeach neamhspleách Gael-Mheiricéanach agus Iodálach plean le chéile a bhí an-bhrabúsach ach thar a bheith dainséarach.
chan fhuil an cinneadh déanta the decision has not been made
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
níl iarracht ar bith déanta no attempt has been made
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
níl iarracht ar bith déanta no attempt has been made
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
cistí a bhíonn déanta sa bhaile homemade cakes
" Tá caife deas ann, a dhíolann cistí a bhíonn déanta sa bhaile.
níl a dhath déanta acu faoi they've done nothing about it
" Tá a fhios ag uachtarán na Fraince go bhfuil sé seo ag titim amach, leoga tá an t-eolas ag an rialtas le 30 bliain ach níl a dhath déanta acu faoi.
dul chun cinn déanta progress made
" Tá a fhios ag chuile dhuine le dhá scór bliain gur mar sin atá an scéal ach níl aon dul chun cinn déanta lena leigheas.
bhíomar déanta suas ar fad we were doing very well
" Idir theilifís RTÉ agus chuairt an Uachtaráin Uí Chinnéide ar Éirinn, bhíomar déanta suas ar fad.
lucht déanta lón cogaidh the makers of munitions
" Agus ar lucht déanta lón cogaidh a bhfuil margadh nua luachmhar aimsithe acu dá gcuid earraí.
níl aon chinneadh déanta no decision has been made
" Agus seinneadh! *AÓF: An ndearna sibh an cheolchoirm a thaifeadadh? An bhfuil sé i gceist agaibh sin a eisiúint ar dlúthdhiosca amach anseo?*TÓU: Rinneamar taifeadadh ceart go leor ach níl aon chinneadh déanta faoi é a eisiúint go poiblí.
tigín traidisiúnta déanta de thuí. a traditional house made of straw.
" Trasna ón halla beag tá tigín traidisiúnta déanta de thuí.
déanta as cré made of earth
" Balla mór déanta as cré a bhí i gceist, agus tá cuid de le feiceáil go fóill.
lucht déanta an chláir, the makers of the programme,
" Craoladh an clár ar an Déardaoin, 18 Eanáir agus déarfainn go raibh agus go bhfuil lucht déanta an chláir, Telegael, an-sásta leis an fhreagairt a tháinig ó dhaoine a chonaic é ar fud na tíre.
déanta de shliogán muirín. made of a scallop shell.
" Tá a chuid gruaige in aimhréidh agus gan air ach cóta barrchaite, clóca ar a bharr agus é ceangailte le fáiscín déanta de shliogán muirín.
lár-chomhairle déanta cinntí. the decision-making central council.
" Ba mhaith leis an Chomhairle Inmheánach, atá faoi stiúir Jackie McDonald ó dheisceart Bhéal Feirste, bheith mar lár-chomhairle déanta cinntí.
an socrú ba cheart a bheith déanta i mbliana the arrangement that should have been made this year
" Dá réir sin, an socrú ba cheart a bheith déanta i mbliana ná Luimneach v Cill Chainnigh, Port Láirge v Loch Garman, Laighin i gcoinne na Mumhan.
tá an damáiste déanta the damage has been done.
" Ar bhealach, is cuma faoi thoradh an bhinse fiosraithe – tá an damáiste déanta.
má tá taifeadadh déanta díbh. if they have been recorded.
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? An mbíonn sé deacair iad a fhoghlaim? LMacM: Is dócha go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil anois ná mar a bhí, agus bím ag éisteacht le hamhránaithe iontacha ó chuile cheantar den tír, ní hamháin ón tréimhse seo, ach ón aimsir atá thart chomh maith má tá taifeadadh déanta díbh.
go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin that humankind has forgotten that warning
" Is léir go bhfuil dearmad déanta ag an gcine daonna ar an rabhadh sin breis is uair amháin ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, ach b’fhéidir nach cóir iontas a dhéanamh de sin nuair is deacair do shamhlaíocht agus d’intinn an duine meabhair a bhaint as a leithéid d’oilc.
Agus an jab déanta acu, When they had done the job,
" Agus an jab déanta acu, d’imíodh siad.
ealaín déanta scannán. art of film making.
" Mar sin, tá taithí fhada ag an Choileánach ar an ealaín déanta scannán.
atá déanta as rís ghinchóirithe which is made from genetically modified rice
" Le fada bhí, agus tá go fóill, lucht ólta Mheiriceá ag éirí písín tuirseach den leacht leamh buí atá déanta as rís ghinchóirithe agus atá ar fáil i ngach tábhairne agus siopa eischeadúnais sa tír.
nach raibh aon chinneadh déanta acu go fóill that they hadn't made any decision yet
" Dúirt 62 faoin chéad den phobal nach raibh aon chinneadh déanta acu go fóill ina leith.
a bhfuil cion mná déanta acu ina n-earnálacha féin. who have had a woman's accomplishment in their own sector
" Aithneoidh mórán léitheoirí go leor de na hainmneacha nó is daoine iad seo a bhfuil cion mná déanta acu ina n-earnálacha féin.
nó bhí dearmad déanta agam because I had forgotten
" Ba rud é sin a bhain preab asam féin nó bhí dearmad déanta agam go bhfuil an tuairim sin ag Fianna Fáil díobh féin – gur mó na páirtí polaitíochta iad.
mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi because of an hour long programme being made about him
" Ach níl sé ceart, ach an oiread, saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.
nach raibh aon chinneadh déanta agam go fóill, that I had not made a decision yet
" Dúirt mé leis nach raibh aon chinneadh déanta agam go fóill, ach go ndéanfainn mo mhachnamh air thar oíche.
trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh. by offering them false dating services
" Agus an t-alt seo á scríobh agam, tá clár faisnéise ar an teilifís faoi chaimiléirí sa Nigéir a mheallann daoine aonaránacha ar fud an domhain trí sheirbhísí bréagacha déanta coinní a thairiscint dóibh.
shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis a society in which a decision has been made by the authorities
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
ní gá go mbeadh aon cheo as bealach déanta acu, they don't need to have done something wrong,
" Mo ghraidhin iad! Tarraingíonn bainisteoirí aird agus raic orthu féin go minic, agus ní gá go mbeadh aon cheo as bealach déanta acu, fiú.
nach raibh dada as bealach déanta aige. that he had done nothing wrong.
" Iarradh ar Teddy éirí as a phost, ach dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige.
níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam I don't, as a rule, listen to things that I have done
" Níor éist mé le cuid albam an Bothy Band ar feadh deich mbliana nó níos faide – níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam – ach d’éist mé leis na halbaim sa deireadh agus thuig mé gur éirigh linn an fuinneamh a bhaineann le bheith ag seinm beo a athchruthú sa stiúideo.
Ciontaíodh Park as comhcheilg a bheith déanta aige Park was convicted of conspiracy
" Ciontaíodh Park as comhcheilg a bheith déanta aige le linn scéime de chuid na Náisiún Aontaithe ar ar tugadh Oil-for-Food a bhí ar siúl san Iaráic.
gan machnamh ar bith a bheith déanta air without any thought having gone into it
" Chuir sé díomá ar Bhreandán Delap fosta: “Míofar!” a dúirt sé liom, “caite le chéile gan machnamh ar bith a bheith déanta air.
urlár déanta as reoiteoir. a floor made out of a freezer
" Ba éard a bhí ann ná cillín déanta as barraí iarainn agus urlár déanta as reoiteoir.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Ina dhírbheathaisnéis ‘Lá an Phaoraigh’, a scríobh sé i dteannta a dheirféar, Aoife, (Cló Iar-Chonnachta 2007) deir Seán Óg de Paor: “Déanta na fírinne, ní raibh tada eile i mo shaol chomh tábhachtach céanna leis an bpeil”.
tá brachán déanta agam I've messed up
" Tá mé róshean agus tá brachán déanta agam de m’intinn le fiche bliain! Ansin tá an GPA rud seo acu! Sin marc a thig leat a fháil ó neamhní go ceathair, áit a seasann ‘neamhní’ do ‘bómánta’, agus ‘a ceathair’ do ‘Stephen Hawking’.
spior spear déanta aige he belittled
" ”Tugaim faoi deara, áfach, nach polaiteoir é Fergus Finlay is go bhfuil spior spear déanta aige den tábhacht a bhí ag baint le ról Harris sa toghchán.
bréagáin déanta sa tSín toys make in China
" Más déanach féin a fuarthas amach é, tá a fhios ag an ngnáthdhuine gur chreach lucht an airgid é, gur seoladh a phost thar lear, agus nár fágadh aige ach bréagáin déanta sa tSín.
Lucht déanta those who make
" Lucht déanta agus lucht briste rialtais.
dúrud déanta an awful lot done
" An dúrud déanta ag an uachtarán cheana féin, mar sin, ach, tá Obama ag obair ar mhórthogra amháin eile - árachas sláinte a chur ar fáil don chuid is mó den phobal.
Gnaithe maith déanta done the business well
" Grád:E John Gormley (An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) Gnaithe maith déanta aige ach tá coimheá leochailleach le socrú idir a dhílseacht chomhghuallaíoch don Rialtas agus mianta a chúlbhinseoirí féin a shásamh.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, aon uair a théim chuig an margadh chun rí uaineola nó bradán a cheannach, tugann an díoltóir le fios go mbíonn beagáinín leisce air an táirge a thabhairt uaidh agus é cinnte de nach mbeidh sé ar mo chumas agam é a réiteach i gceart.
lucht déanta fíona wine makers
" Dála lucht déanta fíona, bíonn blianta níos fearr ná a chéile ag lucht cheist na Gaeilge ach bíodh nach bhfuil 2010 ach ina tús fós, tá an chuma ar an scéal gur bliain den scoth a bheidh ann dóibh siúd a choiméadann beo an traidisiún ársa seo.
Déanta na firínne as a matter of fact
" Is cuimhin liom blianta ó shin gur léirigh mo dhearthair a mhíshásamh leis an idirlíon, ag rá faoin mbealach a dtaispeántaí sna meáin é: “Cén fáth go léirítear i gcónaí é le daoine i mbun gníomhaíochta? Ag léimt san aeir? Le cuma ridirí rollercoaster orthu? Ag baint taitnimh as an saol amuigh faoin aer?” Déanta na firínne, dar leis, is i seomraí beaga sa dorchadas a tharla na miongníomhartha a bhain leis an saol seo ar líne.
déanta na fírinne as a matter of fact
" Murach pobal *YouTube*, (lena bhfuil siad ag gabháil buíochais sa bhfíseán seo, déanta na fírinne), ní bheadh *YouTube* ar bith ann.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, thug sé seo cumhacht níos mó don rialtas feidearálach agus meastar nach mbeidís in ann *New Deal* de chuid Roosevelt a chur i gcrích i gceart murach na cumhachtaí nua seo.
déanta na fírinne in fact
" Ach déanta na fírinne, tá cúis shimplí taobh thiar den tubaiste seo: tá an ola ar éasca í a bhaint as an talamh bainte amach againn cheana féin.
déanta na fírinne to tell the truth
" Cáineadh eile atá ar a chuid scríbhneoireachta ná go mbíonn saol i mbruachbhailte mar Chill Bharróg leadránach go maith, déanta na fírinne, agus ní bhíonn sé chomh ‘sciobtha’ agus a mbíonn sé ina chuid leabhar.
a bhfuil déanta acu all they’ve done
" Tá a fhios ag Dia a bhfuil déanta acu le glúin agus le leath glúine anuas agus treise leo.
déanta na fírinne in actual fact
" ’Bhfuil an bhunobair i gcónaí níos fearr ná an chóip? Nach bhfuil an chóip díreach chomh hálainn leis an mbunobair go dtí go dtuigimid gur chóip í? In aeráid atá ar tinneall le débhrí, ní fios dúinn cá bhfuil seo ag dul, nó, déanta na fírinne, cad as a dtáinig sé ach oiread.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, is geall le faoiseamh é go bhfuil contae eile anois ag fógairt go bhfuilid fós beo agus go bhfuil an cluiche ársa fós á imirt le croí is le fuinneamh i gcontaetha eile.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, san am a chuaigh thart, b’annamh a théadh cainteoirí Gaeilge i muinín an tsloinne ar chor ar bith.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, níl ach dornán beag de Theachtaí Dála na tíre a d’fhéadfaí a rá fúthu go bhfuil siad den déanamh ceart.
Tá an beart déanta the job is done
dearmad déanta forgot
" ” "Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phriomh-Aire Tony Blair agus ag a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin," a dúirt mé féin ag deireadh an ailt, ach is léir go raibh, agus cuireann sé díomá orm go bhfuil Barack Obama agus David Cameron ag leanúint den dúnghaois mhícheart chéanna.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, ba bheag an aird a tugadh ar na horduithe seo (agus bhí go leor áiteacha ann nár chualathas fúthu go fiú).
Bhí an slad déanta the slaughter was done
bhí na cinní ar fad déanta all the decisions were made
" Bhí sé sé seo ar fad tosaithe blianta romham; bhí na cinní ar fad déanta.
déanta done
" Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" An gcuideoidh an borradh seo leis an pháirtí an Chéad Aireacht a bhaint amach agus cad é a dhéanfaidh na haontachtaithe sa chás sin? Déanta na fírinne, tá an mhaith agus an t-olc araon i dtorthaí an toghcháin ó dheas don DUP agus don UUP.
Déanta na fírinne as a matter of fact
" Déanta na fírinne, d’ísligh Ahern oifig an Taoisigh (agus íslíonn fós lena sheafóid ar leathanaigh spóirt nuachtáin Domhnaigh).
iarratas déanta request made
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
a bhfuil déanta what has been done
" Ar an taobh eile, áfach, d’fhéadfá a rá gurb é an t-aos óg is mó a bhfuil agus a mbeidh orthu imeacht as an tír sa tóir ar fhostaíocht mar gheall ar a bhfuil déanta ag an nglúin os a gcionn de dheasca díomailt airgid.
beart déanta job done
" An beart déanta, thug Banríon na Breataine trí choischéim bheaga i ndiaidh a cúil.
agóidí déanta complaints made
"agóidí déanta ar a shon ag rialtas na Gearmáine chomh maith le rialtais Shasana agus Mheiriceá.
feall déanta orainn we’ve been wronged
" Mar sin, nuair a fhaighimid amach go bhfuil laoch spóirt dár gcuid gan a bheith foirfe agus níos measa ná sin, é a bheith ina chladhaire nó ina rógaire, ina fhalcaire nó ina scabhaitéir, bíonn díomá agus fearg orainn, braithimid go bhfuil feall déanta orainn.
lucht déanta clár program producers
" “Silim go minic nach dtuigeann aos na hiriseoireachta ná lucht déanta clár go mbíonn ionad na cumhachta ag athrú agus thóg sé roinnt ama ó dheas a thuiscint go raibh an chumhacht caillte ag an Eaglais Chaitliceach agus go gcaithfí díriú ar réimsí eile den státchóras nó den phobal.
lucht déanta beartas policy makers
" ie/news/item/1794/critical-skills-retention-and-development-programme/> faoi easpa scileanna digiteacha sa tír seo ina chuireann siad brú ar lucht déanta beartas féachaint chuige beartais a dhéanamh a mheallfaidh níos mó oibrithe leis na scileanna seo go hÉirinn.
lucht déanta na coire sin those who committed that crime
" Is gnás sa Chóiré, is cosúil, má íoctar cúiteamh airgid a shásaíonn teaghlach íobartaigh, agus muna leagtar gearrán in éadan lucht déanta na coire sin ag éinne eile ar ball, nach gcuireann na póilíní a ladar isteach sa scéal.
tagairt déanta reference made
" Nach raibh tagairt déanta sa litir chonspóideach a sheol sé ag an mbreitheamh sa gcúirt in Iosrael go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh sé ina uachtarán ar Éirinn uair éicint! Más amhlaidh a bhí, cén fáth nár chaith sé beagán dúthrachta leis an nGaeilge a fhoghlaim? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Eabhrais aige, más fíor dhó féin.
dul chun cinn déanta progress made
" Ach cé go bhfuil dul chun cinn déanta acu in Albain ó thaobh fógraí de, tá cur in aghaidh go glórach ann fosta a deir sé.
go bhfuil a shaibhreas déanta he has it made
" Tarraingt na dTurasóirí =========== Cé go bhfuil a shaibhreas déanta le fada ag Paul, bíonn cumha air i ndiaidh Merseyside, áit a bhfuil Michael fós ina chónaí.
nead déanta made a nest
"nead déanta ag damhan alla inti.
Ní raibh néal codlata déanta aige he hadn’t a wink of sleep
" Ní raibh néal codlata déanta aige ach a éadan bán, tarraingthe agus na súile slogtha ina cheann.
seolta déanta as síoda sails made of silk
" Mar shampla, luann siad go raibh seolta déanta as síoda acu, agus sin mar a bheidh sé ar an DHF.