Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
déarfainn I'd say
" Bhuel, dá gcuirfeá ceist ormsa, déarfainn gurb í an Ghaeilge atá ag an ríomhaire thar aon teanga eile.
Arbhar nó cruithneacht, déarfainn. Corn or wheat, I'd say.
" Arbhar nó cruithneacht, déarfainn.
Margadh maith déarfainn! A bargain I'd say!
" Margadh maith déarfainn! *AÓF:* Cén áit ar féidir iad a fháil? TMU: Tá siad ar fáil ag www.
déarfainn, I'd say,
" Bheadh daoine ag tabhairt neamhairde ar an scéal, déarfainn, ach go bhfuil an tsonóg úd, The Duck, á húsáid ag Ollscoil Oregon le cead ó Disney.
déarfainn gurb é, I would say so
" An é gur réiteach na faidhbe é níos mó arm a thabhairt do na póilíní? Dá mbeinn i mo phóilín, déarfainn gurb é, ach ar ndóigh tá léamh eile ag lucht na gcearta sibhialta air seo.
Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, anything I would have said would have been on the front pages
" Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, mar sin choinnigh mé mo bhéal dúnta agus mo chloigeann cromtha.
déarfainn I'd say
" , f***** Jesus, déarfainn go bhfuil sé ar Wikipedia gach dara f***** lá ag athrú na hiontrála atá ann fúm.
Déarfainn I'd say
" Déarfainn féin gur achar ón tír dhúchais is cúis le móréileamh an chultúir ghaelaigh i Meiriceá.
déarfainn I'd say
" Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort in d’óige? Múinteoir thall is abhus, déarfainn.
déarfainn I'd say
Déarfainn I'd say
" ” Ach cad a déarfadh sí dá dtiocfadh Eamon Gilmore féin anuas ar a dhá ghlúin ag achainí uirthi glacadh le hainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre mar iarrthóir? “Déarfainn nach bhfuil suim agam ann.
Déarfainn I would say
" Déarfainn féin nach aithne cheart go haon bhliain.
déarfainn I'd say
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
déarfainn I’d say
" Áit éigin im’ intinn tá fhios agam nach bhfuil sé rómhoch, déarfainn thart fán seacht a chlog.
Déarfainn measaracht a dhéanamh I’d say to be moderate
" ” An bhfuil aon comhairle ag Darach d’imreoirí óga in Éirinn, ó thaobh traenála, aiste bia, dearcaidh agus mar sin de? “Déarfainn measaracht a dhéanamh ar rudaí (bia) – gan foracan a ithe.
Déarfainn I’d say
" Déarfainn gurb é Cian an t-aon láithritheoir raidió in go leor tíortha atá ag déanamh an tseóirt sin chláir agus ag craoladh an chineáil sin cheoil.
déarfainn I’d say
" (gáire sásta deimhneach) **SMM: An raibh sé deacair Gaeilg na hAlban a fhoghlaim?** AW: Chan fhuil sí chomh furasta leis an Spáinnis, ach ag an am chéanna, déarfainn go dtaitníonn sí go mór liom agus gach rud a thaitníonn leat, éascaíonn sé sin é.
Seans faoin spéir déarfainn I’d say not a chance in the world
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
Déarfainn gur díoladh níos mó iPods I’d say more iPods were sold
" Caithfidh nach raibh Apple róshásta leis? “Déarfainn gur díoladh níos mó iPods ina dhiaidh sin toisc gur cheannaigh bradaithe eile iad.
déarfainn I’d say
" Tugann an *‘Guy’* (Dawaele) cosaint di - a slánaitheoir? Ach nárbh eisean an péidifíleach le hiníon comharsan, agus nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta a bhain di le fonn dó? Ar bheart dhíbeartha dheamhanta an tsuirí sa dá chás sin, nó sealbhú deamhanta? Sealbhú deamhanta, déarfainn.
déarfainn I’d say
" Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla "A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!" Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra "Mí Stair an Chine Ghoirm" i Meiriceá.
déarfainn I’d say
" Is suíomh é atá in úsáid agam ó 1999, déarfainn, agus bím mé ar mo shuaimhneas leis mar sin.
déarfainn I’d say
" Seo an pháirc peile is gránna ar domhan, déarfainn, mar tá sé sáite i lár oibreacha ceimiceach agus bhí sé go maith go raibh an taobh eile den scéal ann.
déarfainn I’d say
" Dlí na nImeallchríocha, déarfainn - sna laethanta buile sin nuair ba threise seilbh ná páipéar.
Déarfainn I’d say
" Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste? Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil.
déarfainn I’d say
" **SMM: Cén t-achar blianta faoin am seo a bhfuil tú ag scríobh don teilifís a Ailbhe?** ANGBh: Tá mé ag scríobh don teilifís, déarfainn, corradh ar scór bliain.
déarfainn I’d say
" Drochscéala ‘Eugene Goostman’ ============= Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí muiníne acu cheana, déarfainn gur chuir an nuacht is déanaí faoi Dhuais Turing soir in iomlán iad.
déarfainn I’d say
" uk mar eolas duit!) agus ó shin i leith déarfainn go bhfuil trí nó ceithre péire bróg ceannaithe agam ón gcomhlacht céanna.
déarfainn I’d say
" Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! (gáire) Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.