Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-dílis very loyal
" D'éirigh ár bhfeisire áitiúil, Peter Kilfoyle, a bhí an-dílis do Tony Blair, as a phost mar aire fiú, ag rá go raibh an páirtí ag briseadh an cheangail leis na gnáthdhaoine.
dílis loyal
" Tá lucht éisteachta dílis anois ag an gclub seo, ach chomh maith leis sin, bíonn daoine nua ag teacht isteach an t-am ar fad, rud atá sláintiúil.
lucht éisteachta dílis loyal audience
" Bhí Danú, grúpa a bhfuil ceangal aige le Gaeltacht na Rinne, ag casadh ceoil do lucht éisteachta dílis agus Robbie Hannon agus Paddy Glackin ag seinm ó dhubh go geal.
dílis loyal
" Ó thaobh margaidh de, tá pobal suntasach, dílis ag an stáisiún, daoine a cheannaíonn gluaisteáin, earraí tí, bia agus agus deoch agus a théann ar saoire.
Dílis loyal
" Gheobhadh Pobal Dílis Thuaisceart Bhéal Feirste bábóga gléasta in éide Scoil Cailíní Ard Eoin le go dtiocfadh leo seilí a chaitheamh leo i rith laethanta saoire na Nollag, ar eagla na n-airíonna aistarraingte agus an scoil druidte.
dílis loyal
" *Láidreachtaí:* Tá muid dílis don fhís a bhí againn ón tús mar go bhfuil muid neamhspleách.
dílse faithful
" Cé nach féidir liom dul go hÉirinn ach uair nó dhó sa bhliain - agus is mór an trua é sin - faighim cóip de *Foinse *gach seachtain, in éindí le teachtaireachtaí ríomphoist ó mo chairde dílse.
dílis loyal
" Bhí sé deacair a dúirt sí ach measann sí "go gcaithfidh tú a bheith dílis don rud a gcreideann tú ann".
dílis loyal
" Tá sé i mbun an chláir sin le tuairim is ceithre bliana anuas anois agus tá lucht éisteachta dílis aige, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne, a bhuí sin don idirlíon.
dílis loyal
" Cé go raibh lucht leanúna dílis agus mór ann i gcónaí agus Áth Cliath ag imirt i bPáirc an Chrócaigh, feictear dom go bhfuil i bhfad níos mó daoine ann anois ag taispeáint go poiblí trí na dathanna a chaitheamh go pearsanta nó ar a gcuid carranna go bhfuil siad mórálach astu féin mar *Dubs*agus as foireann pheile na hArdchathrach.
dílis dó loyal to him
" I ndiaidh ceolchoirme tráth, chroith McEvoy lámh de Valera, an fear a mheastar ar mharaigh fórsaí a bhí dílis dó Collins.
dílis loyal
" D'fhan seisean dílis do na hamhráin áitiúla a chuala sé ina óige.
dílis loyal
" Tá lucht éisteachta dílis agus forleathan ag Raidió na Gaeltachta agus meas as cuimse ag daoine ar TG4 de bharr an chaighdéain cláracha atá bainte amach le buiséad an-bheag.
dílis true
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
a léitheoirí dílse loyal readers
" Cuimhnigí, a léitheoirí dílse, gur i m*Beo Ar Éigean* a léigh sibh an scúp seo ar dtús!" Léaráid: Seán Ó Domhnaill ((www.
dílis loyal
" Sa bhliain sin, dúnmharaíodh tacaí óg de chuid Cheiltigh Ghlaschú, Mark Scott, i mBridgeton (ceantar "dílis" Ghlaschú, a dtugtar "Little Shankill" air).
cairde dílse loyal friends
" Bhí spiorad na ndaoine a chuaigh romham i gcónaí mar sholas in aice liom; bhí cantaireacht m'fhear céile, Len Graham, "Sure, you're nearly there", i gcónaí i mo chluasa agus bhí cairde dílse agam - leithéidí Dhónaill Mhic Dhónaill - fear mór eolaíochta as Coláiste na Tríonóide; Diarmaid Ó Doibhlin as Ollscoil Uladh agus Antain Mag Shamhráin, seanchara atá anois sa Ghúm - bhí siadsan iontach dílis don obair a bhí idir lámha agam.
dílis loyal
" Cé nach raibh an Ghaeilge riamh chomh láidir leis na teangacha eile a bhí á labhairt sa tír, bhíodh méid áirithe daoine dúthrachtacha ann i gcónaí a bhíodh dílis di.
dílis loyal
" Is breá liom siúlóidí fada leis an seinnteoir miondioscaí! AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de? SJW: Ar leibhéal pearsanta, ba mhaith liom níos mó forbartha a dhéanamh ar an stíl atá agam agus a bheith dílis don traidisiún ag an am céanna.
dílis true
" "Ach is cuma cén t-aistriúchán a dheintear, dá fheabhas é, tá sé ciotrúnta, tá sé bacach, níl sé dílis.
dílis loyal, true
" Níl uaim ach a bheith dílis don cheol, is dom féin! AÓF: An éiríonn tú tuirseach den cheol ariamh? MNA: Ní éiríonn.
léitheoir dílis loyal reader
" Má tá léitheoir dílis ar bith de chuid *Beo Ar Éigean *amuigh ansin a bheadh sásta Balor bocht a ligean thar an tairseach isteach, díreach le lóistín saor in aisce a thabhairt dó ar feadh cúpla mí, ní gá ach d'ainm agus do sheoladh a fhágáil le heagarthóir na liarlóige, Éamonn Ó Doornail, agus an chuid eile a fhágáil faoi féin.
a léitheoirí dílse loyal readers
" Tá scéala ar leith againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, agallamh eisiach a chuir Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne, ar Sheoirse Óg Mac Sceiche, Íochtarán Uncail Sam.
dílis don údar loyal to the author
" Bíonn ag an eagarthóir le foilseachán fiúntach a dhéanamh as a bhfaigheann sé roimhe de shaothar duine eile, agus sin a dhéanamh i gcuid téarmaí an ábhair féin ar bhealach a fhanann dílis don údar.
dílis dá thraidisiún féin loyal to his own tradition
" Fear óg oscailte é Ciarán Ó Maonaigh, ach fear é atá dílis dá thraidisiún féin agus a thuigeann an dualgas atá air maidir leis an traidisiún sin.
réasúnta dílis reasonably loyal
" Bhí sé i gcónaí báúil leis an Socialist Workers Party agus chuaigh sé isteach sa pháirtí sin i 1983 mar gur mhothaigh sé go raibh "níos mó céille ag baint leis ná mar a bhí ag baint le páirtithe eile" agus, cé go n-admhaíonn sé nach dtiocfaí a rá gurb é an réabhlóidí a bhfuil an féinsmacht is fearr aige, gur ball "réasúnta dílis" é .
dílis loyal
" Tá daoine eile ann a bhfuil íomhá an-rómansúil den Ghaeltacht ina n-intinn: áit a bhfuil teanga bhinn na nGael beo beathach, ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí agus nach bhfuil cead ag éinne bogadh isteach ann nó cónaí ansin ach iad siúd atá dílis don Ghaeilge agus a chaitheann an fáinne óir.
ba dhílse most loyal
" Fuair duine de na daoine ba dhílse don Ghaeilge bás ar Lá Coille 2005.
mo chomh-Ghaeilgeoir dílis my loyal fellow Irish speaker
" Chuir mé tús maith le caidreamh nua freisin agus, tar éis bliana de shuirí, lán de thurais eitleáin agus glaonna teileafóin go mall san oíche, d'fhág mé mo shaol míshásúil i Meiriceá agus bhog mé go Sasana chun mo chomh-Ghaeilgeoir dílis a phósadh.
dílis loyal
" Bhí sé dílis dó sin i gcónaí agus beidh muide, amhránaithe Bhaile Átha Cliath go speisialta, buíoch de go deo as an méid sin.
an-dílis very loyal
" Cé gur pobal an-bheag pobal na Cornaise bíonn siad i gcónaí an-dílis don gComhdháil.
dílis loyal
" Bhí sé dílis dó sin i gcónaí agus beidh muide, amhránaithe Bhaile Átha Cliath go speisialta, buíoch de go deo as an méid sin.
dílis loyal
" Bhí sé dílis dó sin i gcónaí agus beidh muide, amhránaithe Bhaile Átha Cliath go speisialta, buíoch de go deo as an méid sin.
lucht leanúna dílis loyal following
" AÓF: Céard iad na hócáidi is mó éilimh? LÓM: Na comórtais amhránaíochta ar an sean-nóis, an damhsa ar an sean-nós, na hagallaimh bheirte agus na lúibíní, ach tá lucht leanúna dílis, mar shampla, ag leithéidí an chomórtais d'amhráin nua-chumtha agus is breá le daoine na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do na daoine óga.
dílis loyal
" Níl suim dá laghad agam féin i gcúrsaí piseog ach mhothaigh mé ar an lá sin gurbh áit faoi leith an tigín sin agus gur duine cneasta, cineálta, dílis a bhíodh ina chónaí ann.
dílis loyal
" ” Cainteoir dúchais as Dún na nGall ======= Is dócha nach cúis iontais é go bhfuil Éilís chomh dílis sin don Ghaeilge; ba chainteoir dúchais as Gleann Bhairr, Gaeltacht bheag i dtuaisceart Dhún na nGall, é a hathair agus fuair sí a cuid scolaíochta ar fad trí Ghaeilge.
dílis loyal
" Ceist eile ar fad é ar cheart go gcaithfí daoine a d’fhan dílis don teanga, fad is a bhí a gcomharsana á tréigean, amach as an Ghaeltacht.
dílis loyal
" Smaoineamh mór de chuid Tony Blair atá anseo, agus tá a Aire Oideachais dílis, Ruth Kelly MP, ag brú an pholasaí nua ar aghaidh, in ainneoin na ceardchumainn a bheith ag cur ina aghaidh, mar aon le cuid mhaith de Pháirtí an Lucht Oibre féin, daoine mar Neil Kinnock, mar shampla, a bhí dílis i gcónaí do Tony Blair go dtí seo.
Dílseoirí Dílse Truacánta Piteous Loyal Loyalists
" “Ní scliúchas a bhí ann ar an chéad dul síos,” a d’fhreagair Cosantóir na Bearna, “Ní ná scliúchas! Círéib, ionsaí seicteach, forrán fíochmhar ar na Dílseoirí Dílse Truacánta – sin a bhí ann.
lucht leanúna dílis loyal followers
" Ach bhí a lucht leanúna dílis ag CJ.
na mílte léitheoir dil dílis the thousands of beloved and loyal readers
" Tá mé iontach buíoch fosta de na mílte léitheoir dil dílis a rinne gearán mar gheall ar nár cuireadh alt na míosa seo a chuaigh thart i gcló.
dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar loyal to the art spirit and the Ainu spirit of his father
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar – é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
níos dílse fós more loyal still
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar – é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
ár gcairde dílse our loyal friends
" *Londonderry* a thugann ár gcairde dílse ar an áit, agus iad ag iarraidh a bheith dílis do na daoine nach bhfuil ag iarraidh a bheith dílis dóibh, ach atá ag iarraidh na dílseoirí dílse a fhágáil sa chac.
na dílseoirí dílse the loyal loyalists
" *Londonderry* a thugann ár gcairde dílse ar an áit, agus iad ag iarraidh a bheith dílis do na daoine nach bhfuil ag iarraidh a bheith dílis dóibh, ach atá ag iarraidh na dílseoirí dílse a fhágáil sa chac.
dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume loyal to the position adopted by John Hume
" An chuid is mó den phobal, d’fhan siad dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume – fuair Hume i gcónaí tacaíocht mhór.
dílis loyal
" An bhfuil a dhath níos simplí, níos sothuigthe ná an coincheap go gcaithfidh saoránaigh bheith dílis don stát ina bhfuil siad beo? Dá mhéad daoine atá dílis don stát, is amhlaidh is buaine a bheidh sé.
Dá mhéad daoine atá dílis don stát, the more people that are loyal to the state,
" An bhfuil a dhath níos simplí, níos sothuigthe ná an coincheap go gcaithfidh saoránaigh bheith dílis don stát ina bhfuil siad beo? Dá mhéad daoine atá dílis don stát, is amhlaidh is buaine a bheidh sé.
a sheanchara dílis his faithful old friend
" Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh: “Bhuel, a Bhaloir, *loike, ya know*, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús.
an sciar beag dílis den mhargadh the small loyal share of the market
" Is é an dúshlán is mó a bheas le sárú ag meáin chraolta na Gaeilge ná a chinntiú nach gcaillfidh siad an sciar beag dílis den mhargadh atá acu nuair a thiocfaidh rabharta cainéal breise teilifíse agus raidió ar an aer tríd an chóras digiteach.
lucht léitheoireachta dílis loyal readers
" Mheall ionracas agus stíl fhaoistineach a cuid scríbhneoireachta lucht léitheoireachta dílis chuig saothar Plath.
chomh dílis agus ab fhéidir as true as possible
" “Theastaigh uaim a bheith chomh dílis agus ab fhéidir do bhrí na véarsaí agus iad á n-aistriú agam.
ró-dhílis too loyal
" Ní thiocfadh le duine ar bith *dílseacht* a chur i leith Billy Budd, murab ionann agus Ian Mór, a bhíonn ró-dhílis in amanna.
a dheisceabail dhílse his loyal disciples
" Agus é ag fógairt a imeachta os comhair na meán an lá cinniúnach sin, bhí cuma bhíobalta ar an radharc – a dheisceabail dhílse lena thaobh agus an fhuinneog dhaite taobh thiar de.
dílis loyal
" Deirtear gur chóir do mhuintir na hÉireann a bheith buíoch agus dílis don AE de bharr an mhéid airgid a fuarthas uaidh thar na blianta agus tugtar le tuiscint go bhféadfaí Éire a bhrú amach nó a imeallú, ar a laghad, muna nglacfadh muintir na hÉireann leis an gConradh seo.
dílis dá náisiún loyal to its nation
" Tá gach pobal Eorpach dílis dá náisiún agus dá stát féin.
dílse loyal
" Bhuel, ní agallamh den chineál sin le bóiscéalaí boigéiseach atá againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó is é Balor Béimneach Béalchliste atá ag cur na gcruacheisteanna agus is é Beairic Uasal Uachtaránach Ó Bama a bheas sa suíochán te.
gcúltaca dílis a loyal support
" An dream sin is iondúil a bheith ina gcúltaca dílis dóibh.
léitheoirí dílse loyal readers
" Seo mar a shamhlaíonn muid An tSúil Nimhe in eagrán mhí Lúnasa 2014: Chósta del Lager Lout Bhí Balor Bocht ar shiúl ar fud na bhfud an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí dílse; laoch ár linne ag glacadh suaimhnis cibé ar bith áit a raibh sé le fáil agus é ar a chuid alcoholidays.
dílis faithful, beloved
" Sin ceann de na hathruithe is mó a tharla ó fuair mé m’iPhone dílis.
léitheoirí dílse loyal readers
" Tá Balor bocht brúite faoi bhuairt agus faoi chiach an mhí seo, a léitheoirí dílse.
dílse loyal
" Tá agallamh eisiach againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, mar atá agallamh leis an Taoiseach Smaoiseach Iarghaoiseach, Biffo Biata Bithnua.
dílis faithful
" Bhíodh an stíl scríbhneoireachta dílis do na canúintí Gaeltachta.
Dílse Ghaoil loyalty toward loved ones
" “Ní bhraithim go bhfuil aon ghá mo chuid Gaeilge a bhrú ar éinne, ach cén fáth nach labhróinn í nuair a bhíonn deis agam?” Dílse Ghaoil Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm orm le linn an agallaimh ná a thábhachtaí atá a muintir d’Étaoin.
dílis loyal
" Tá sí dílis go smior agus ní tharraingeofaí focal géar aisti mar gheall ar na daoine is tábhachtaí léi ar ór na cruinne.
dílse loyal
" Cé a chreidfeadh é, a léitheoirí dílse? Cé a chreidfeadh, in am seo an mheathlaithe, go dtabharfadh eagarthóir Beo Ar Éigean! cúpla Euro le dul chuig Féile na nGael i Milwaukee? Ach sin mar a tharla.
dílis loyal
" Mar sin féin, tá cuid mhór daoine atá dílis don Ghaeilg.
dílis loyal
" Deir sé go ndíolfaidh sé an bád spéire le Patsaí Dan Mac Ruairí in Oileán Thoraigh le go rachaidh Rí an Oileáin ar a chamchuairt laethúil thart ar a dhúiche le súil a choinneáil ar a phobal dílis, agus ar a chuid caorach féin.
dílis loyal
" ie/2009/10/28/caithfear-acmhainn-na-gaeilge-a-chosaint-o-chiorruithe-sna-20-bliain-romhainn-arsa-conradh-na-gaeilge-seiminear-oireachtais-chonradh-na-gaeilge-2009/) An Dóchas i dTosach Nuair a cuireadh cúraimí na Gaeltachta ar Éamonn Ó Cuív sa bhliain 1997, bhí an dóchas agam as, mar gur duine dílis díograiseach díocasach agus gaelach a bhí ann, a raibh sárthuiscint aige ar fhadhbanna na Gaeltachta.
nOrd Dílse Loyal Orders
" I dtuaisceart na hÉireann, tá mórshiúlta na nOrd Dílse againn, cuid acu a cheiliúrann bua an Rí Liam ar an Rí Séamus 319 bliain ó shin, cuid eile a cheiliúrann an Protastúnachas agus dílseacht do Mhonarcacht Shasana.
ba dhílse most loyal
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
dílse loyal
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
go dílis exactly
" Mar a tharlaíonn sé, sin é misean *Foursquare*: daoine a ghríosadh chun aithne a chur ar a gceantar agus ar a dtimpeallacht, rud a luíonn go dílis le misean gluaiseacht na Gaeilge.
dílis solid
" Beidh sé le caitheamh i gcoinne Fhianna Fáil, ar feadh i bhfad, go mba é ba chúis leis an gcliseadh geilleagair agus leis an bhfulaingt a bheas le seasamh ag cuid mhaith den dream a bhíodh ag tabhairt tacaíocht dílis don pháirtí a bhunaigh Dev.
gceantair dhílse heartlands
" An Bhagairt Níl aon amhras ach gur mhothaigh údaráis an dá chineál rugbaí go raibh siad faoi ionsaí ina gceantair dhílse féin, nuair a chuireadh tús leis an gcomórtas náisiúnta peile Astrálaí.
dílse loyal
" Bhí Balor na Súile Nimhe i Meiriceá arís ar an mhí seo caite, a léitheoirí dílse – é ar cuairt ar Fhéile na nGael sa chathair álainn sin cois locha: Milwaukee na beorach saoire agus na feola saorga.
dá anam dílis to his noble soul
" Conas is ceart onóir a thabhairt dá anam dílis? Doirtim uisce íonghlan ar a leac uaighe is cuirim paidir chiúin lena anam.
dílis loyal
" Tréigean an Dúchais =========== Creidim go láidir nár chaill pobal na hÉireann muinín ionainn siocair gur chloígh muid go dílis lenár seanluachanna.
dílse loyal
" Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois.
dílis dá gcreideamh loyal to their religion
" 
Tá an creideamh anois mar chlár bia à la carte agus ní fheiceann a lán Caitliceach fadhb ar bith a gcuid páistí a chur chuig scoil Stáit agus iad a bheith dílis dá gcreideamh ag an am chéanna.
dílis loyal
" Ansin smaoiním ar mo sheanchara dílis dea-chumtha deas, an t-eagarthóir atá ag smaoineamh ar ardú pá a thabhairt dom, agus géillim arís.
dílis loyal
" An tSochaí Iata ======= “Is gá dúinn a bheith dílis do na prionsabail sna doiciméid sin,” arsa Hessel in ‘Indignez-vous!’.
is dílse most loyalist
" Ba é Conn - a mhair idir 1480 - 1559 - céad Iarla Thir Eoghain ach tá an droichead áirithe seo inniu in iarthar Chathair Bhéal Feirste, ceann de na ceantracha is dílse dá bhfuil ann.
Dílis loyal
" Dílis do Fhine Gael ========= Mar gheall ar an gcíorthuathail ina bhfuil cúrsaí polaitíochta, tá deis iontach tugtha don Lucht Oibre, duine cumasach ón eite chlé a chur i gceannas an chéad rialtas eile.
a léitheoirí dílse oh loyal readers
" Cé atá i gceist agam, a léitheoirí dílse? Cé eile ach Balor Borrach an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil.
chomh dílis how loyal
" Tá sé intuigthe – de ghnáth is oibrithe deonacha iad, agus bíonn cúramaí an tsaoil ag cur isteach orthu an t-am ar fad, is cuma cé chomh dílis is a bheas siad ar dtús.
dílis loyal
" Rinne an páirtí iarracht, chomh maith le sin, a chinntiú go mbeadh smacht ag baill, a bhí dílis don pháirtí, ar eagraíochtaí pobail.
dílis loyal
" Rinne an páirtí iarracht, chomh maith le sin, a chinntiú go mbeadh smacht ag baill, a bhí dílis don pháirtí, ar eagraíochtaí pobail.
dílse loyal
" Tá Balor na Súile Nimhe ar bís lena scaob a chraobhscaoileadh le muintir na hÉireann ar fad, agus go speisialta le léitheoirí dílse Beo Ar Éigean (an cúigear acu).
léitheoirí dílse loyal readers
" Dúradh le Balor alt a scríobh faoi ionsaithe an mhí seo, a léitheoirí dílse: ionsaithe! Bhuel, tiocfaidh na hionsaithe ar ball, ach idir an dá linn, cúpla focal faoinár gcuid cuairteoirí clúiteacha iomráiteacha.
a géillsinigh dhílse her loyal subjects
" Nuair a thug Éilís II, Banríon na hAstráile, (nó Banríon Shasana/na Ríochta Aontaithe/na Breataine mar is fearr aithne uirthi i measc thomhaltóirí na meán Gaeilge) cuairt ar a géillsinigh dhílse sna Fritíortha sa bhliain 2006, bhí tráchtairí áirithe abhus den tuairim go raibh sí ag tabhairt a cuairte deiridh ar an Astráil.
pobal dílis loyal people
" Freastalaíonn pobal dílis Chill Mhantain Thuaidh - pobal atá meánaosta, méanaicmeach, agus ar an mórgóir, dea-mhúinte.
toisc gur chloígh sé go dílis le because he stuck rigidly to
" Ach níor bhain sé aon cheol nua as na foinsí seo toisc gur chloígh sé go dílis le cur chuige intleachtúil caomhnach.
chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh spend their lives loyally and outspokenly
" Ach is mór an meas atá aige orthu siúd a chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh de réir bhriathar agus shampla Saor Adhmaid Nasaireit, an Giúdach Palaistíneach a bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis ar an chros siocair nach raibh sé sásta a bhéal a choinneáil druidte.
d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha remained loyal to his Irish roots
" Fear ab ea é Fuller a d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha i gcónaí agus chreid sé go daingean go raibh Murphy neamhchiontach.
má fhanann siad dílis do if they stay loyal to
" An mór an baol dóibh má fhanann siad dílis do réimeas Al-Assad? Nó an ceart dóibh tacú leis trodairí an fhreasúra, nó an tír a fhágáil má tá ar a gcumas é sin a dhéanamh? Catacóm San Lorenzo di Beffi ============ Saoithiúil go leor - agus roinnt de na pobail Chríostaí is sine sa Mheán-Oirthear i mbaol a ndíothaithe, fuaireamar léargas nua ar luathstair na Críostaíochta san Eoraip nuair a thángthas ar na mallaibh ar iarsmaí seandálaíochta a bhaineann le cuid de na pobail Chríostaí is luaithe san Iodáil.
níl aon sampla glan, dílis eile no other perfect example
" Ach mura bhfuil dul amú orm, níl aon sampla glan, dílis eile le fáil ar an mór-roinn féin, mura gcuirfeadh muid Corsica agus Sardinia san áireamh, is é sin an Fhrainc agus an Iodáil faoi seach, nó oileán Rhodes na Gréige agus an Tuirc.
ainm dílis proper noun
" Ach oiread le Ros Comáin nó Eamhain Macha áfach, ní bhíonn séimhiú ar an ainm dílis ‘Mantán’ sa tuiseal ginideach i measc cainteoirí dúchais Chonnacht.
a léitheoirí dílse loyal readers
" Bhuel, tá an Nollaig thart go ceann bliana eile, a léitheoirí dílse, agus nach é Balor an Biatach Beathaithe atá thar a bheith sásta.
dílis loyal
" “Bhí sé dílis don gcultúr Gaelach, don dteanga, don gceol agus go háirithe don gcaid.