Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dínit na tragóide the dignity of tragedy
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
dínit chiúin quiet dignity
" Le dínit chiúin, d'fhág Calvin agus a chairde an stáitse.
dínit dignity
" Is cinnte go bhfuil an Stát ag déanamh faillí ina dhualgais i leith seandaoine ach b’fhéidir go bhféadfadh teaghlaigh níos mó a dhéanamh le cinntiú go mbeadh dínit ag pinsinéirí na tíre agus iad ag deireadh a saoil.
géilleadh le dínit to surrender with dignity
" Mar a dúirt an staraí aontachtach Donald Akenson liom: “Tá an bua ag na Caitlicigh agus tá cead á thabhairt do na Protastúnaithe géilleadh le dínit.
dínit dignity
" “Nuair a smaoiníonn tú ar an drochbhail a bhí ar dhaoine mar Paddy Kavanagh, agus daoine mar sin, dá mba rud é go raibh a leithéid ann bheadh saol níos compordaí acu agus dínit éigin.
a dhínit a choinneáil to keep his dignity
" Ach, bhí agus tá ardmheas agam ar an obair atá déanta aige ar son na hAfraice; ar an gcaoi ar éirigh leis a dhínit a choinneáil nuair a d’fhág a bhean, Paula Yates, é le bheith le hamhránaí INXS, Michael Hutchence, agus nuair a chuir sí lámh ina bás féin; ar an gcaoi nár chaill sé a bhlas riamh.
seans go n-éireodh leis cuid dá dhínit a choimeád. maybe he would be able to retain some of his dignity.
" Dá n-éireodh sé as a oifig anois, seans go n-éireodh leis cuid dá dhínit a choimeád.
dínit dignity
" Táthar ag súil go mór go maolóidh sé a bpian agus go dtabharfar dínit ar ais dóibh siúd a aistríodh go teaghlaigh eile agus institiúidí in éadan thoil a muintire.
dínit dignity
" Is í an sprioc atá ag Roche, ag a heagraíocht agus ag na 5,000 oibrí deonach a dhéanann obair leo ná faoiseamh, dínit agus cúnamh a thabhairt do na páistí sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur.
dhínit dignity
" Dán grinn faoi dhínit an fhear oibre.
a dínit linbh seo this unspoiled human dignity
" Tugann a dínit linbh seo bealach éalaithe di ó na huafáis doshamhlaithe atá ag brú isteach uirthi, agus bronnann eochair uirthi, i ngan fhios di féin ar deireadh, eochair isteach i ngort álainn na filíochta.
le dínit cuideachtúil with an accompanying dignity
" Iompraíonn Georges agus Anne fallaing an ghrá le dínit cuideachtúil.
dínit an inimircigh neamhiarrtha the unwanted immigrant’s dignity
" Tá an chuma ar an scéal, leis, gur tábhachtaí le Stáit an rialú inimirce ná cearta an duine agus dínit an inimircigh neamhiarrtha.